Publications Office of the EU
Support services - EU Vocabularies
Seirbhísí tacaíochta – ábhar ar chlé – leathanach

Seirbhísí tacaíochta

Seirbhísí a ceapadh chun tacú le hinstitiúidí an Aontais agus iad ag tabhairt faoi shonraí tagartha, sonraí Oscailte Nasctha agus teicneolaíochtaí séimeantacha.

Soláthraíonn Oifig na bhFoilseachán seirbhísí éagsúla chun tacú le hinstitiúidí agus le gníomhaireachtaí an Aontais maidir le sonraí tagartha a chruthú agus a chothabháil. San áireamh leis na seirbhísí sin tá oiliúint, comhairle agus tacaíocht a bhaineann le foclóiríní rialaithe agus teicneolaíochtaí séimeantacha gréasáin:

  1. Bunchúrsaí ar theicneolaíochtaí SKOS/RDF/SPARQL
  2. Ailíniú (mapáil) na bhfoclóiríní
  3. Próifílí meiteashonraí a chruthú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha (DCAT, DCAT-AP, ADMS, VOID)
  4. Sonraí a aistriú go dtí formáidí séimeantacha
  5. Foclóiríní a óstáil i mbonneagar ard-infhaighteachta Oifig na bhFoilseachán agus críochphointe SPARQL a sholáthar
  6. Bainistiú na n-eisiúintí agus géarú le haghaidh Bhainistiú Corparáideach Sonraí Tagartha
  7. Deasc chabhrach maidir le sonraí tagartha