Tacaíocht ón Aontas le haghaidh digiteáil sna scoileanna
Infheistíochtaí suntasacha, ach gan fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas. Tuarascáil speisialta 11, 2023
Väljaande metaandmed
Forlíonann an tAontas agus tacaíonn sé le Ballstáit i ndigiteáil a scoileanna faoi chláir éagsúla agus bhearta a chistítear ó bhuiséad an Aontais. San iniúchadh seo, scrúdaíomar ar thacaigh gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas go maith le digiteáil sna scoileanna. Tagaimid ar an gconclúid, ar an iomlán, gur chuidigh sé le scoileanna ina n-iarrachtaí digiteála, ach nach raibh fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas. Thairis sin, in ainneoin sprioc uaillmhianach a bheith ag an Aontas gach scoil a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025, níl naisc thapa ach ag líon beag scoileanna chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainneacht oideachais dhigitgh. Molaimid gur cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí an Aontais a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí, agus an nasc idir cuspóirí an Aontais, straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha le haghaidh digiteáil sna scoileanna agus cistiú an Aontais le haghaidh scoileanna a neartú, in éineacht leis na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún freisin dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus iad a spreagadh chun gach scoil a nascadh le hidirlíon gigighiotáin faoi 2025. Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.