Tá feidhmiú Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi rialú an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, lena mbunaítear nach mór do gach táirge a chuirtear ar an margadh Eorpach a bheith sábháilte. Is crann taca fíor-riachtanach é an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate chun é sin a bhaint amach.

Cruthaíodh an córas mear-rabhaidh do tháirgí contúirteacha neamhbhia den chéad uair faoin Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, a glacadh in 2001. Ó 2003 i leith, tá údaráis náisiúnta ó Bhallstáit uile an Aontais agus LEE rannpháirteach sa chóras. Faoin Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ní mór do na Ballstáit eolas a chur isteach i gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate faoi bhearta a rinneadh i gcoinne táirgí contúirteacha a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo a aimsítear ar a margaí náisiúnta, agus ní mór dóibh freisin aon bheart leantach nó torthaí imscrúdaithe breise a thuairisciú. Is féidir leis na Ballstáit fógra a thabhairt freisin tríd an gcóras faoi bhearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo.

Is féidir leis na húdaráis náisiúnta na foláirimh a chur isteach 24/7 agus 365 lá in aghaidh na bliana, agus déantar an t-eolas sin a scaipeadh go huathoibríoch ar na húdaráis náisiúnta ar fad sna tíortha rannpháirteacha. Foilsítear achoimre de na foláirimh ar an Tairseach Safety Gate agus déantar aistriúchán uathoibríoch ó Bhéarla isteach i dteangacha uile na dtíortha atá rannpháirteach sa mhalartú eolais, agus isteach san Araibis agus san Úcráinis, chun go mbeidh an t-eolas ar fáil go tapa don phobal i gcoitinne.

Ansin, déanfaidh gach údarás náisiúnta a margadh féin a sheiceáil lena fheiceáil an bhfuil an táirge ar díol ansin freisin (i siopaí brící agus moirtéil nó ar líne), agus más amhlaidh an cás, déanfaidh siad bearta breise ina dtír féin.

Déanann an Coimisiún Eorpach an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate a bhainistiú. Is féidir le húdaráis náisiúnta nuashonruithe ar an eolas a chuir siad sa chóras a iarraidh ag am ar bith. D’fhéadfadh athrú ar an gcur síos ar an riosca nó ar an táirge a bheith i gceist leis sin, nó foláireamh a tharraingt siar. Is iad na húdaráis náisiúnta amháin atá in ann na hathruithe sin a iarraidh.

Is bunchloch é an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate chun tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha agus cuidíonn sé le táirgí contúirteacha a tharraingt siar go tapa ó mhargadh an Aontais.

Téigh go barr