Le Chéile ar Mhaithe le Cearta
An Straitéis le haghaidh Cearta Daoine faoi Mhíchumas
Tá thart ar 87 milliún duine le míchumas de shaghas éigin san Aontas Eorpach.
Mar sin féin, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta i réimsí áirithe, tá bacainní suntasacha fós roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte, ar oideachas, ar fhostaíocht, ar ghníomhaíochtaí fóillíochta agus ar rannpháirtíocht sa saol polaitiúil.
Cuireann an feachtas Le Chéile ar mhaithe le Cearta Aontas Comhionannais fíor chun cinn ina bhfuil cearta ag gach duine faoi mhíchumas agus ina maireann siad ar aon chéim le daoine eile
Is í an sprioc atá againn caighdeán beatha daoine faoi mhíchumas a fheabhsú san AE agus níos faide i gcéin. Ní mór dúinn a gcearta a áirithiú, colún tábhachtach sa phróiseas chun Aontas comhionannais a bhaint amach.
28.4% de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta i gcomparáid le
18.4% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas
4x níos mó
daoine nach bhfuil freastal déanta ar riachtanais chúraim sláinte s’acu atá faoi mhíchumas ná daoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
Cabhróidh an straitéis seo agus bearnaí eile a dhúnadh.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas?
I mí an Mhárta 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas idir 2021 agus 2030. Tá sé mar aidhm aige a chinntiú maidir le gach duine atá faoi mhíchumas:
- Gur féidir leo lánúsáid a bhaint as a gcearta daonna.
- Comhdheiseanna agus rochtain chomhionann a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.
- cinneadh a dhéanamh cá háit, conas agus cé lena bhfuil cónaí orthu.
- gluaiseacht gan bhac san Aontas Eorpach.
- Nach ndéantar idirdhealú orthu a thuilleadh
Leis an straitéis, déanfar athruithe dearfacha ar shaol daoine faoi mhíchumas, mar shampla:
- Togra le haghaidh Chárta Míchumais Eorpach do gach tír san Aontas faoi dheireadh 2023. Éascóidh an cárta saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas, rud a éascóidh dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí cibé áit san AE atá siad.
- Lárionad Eorpach Acmhainní (AccessibleEU) a chruthú le go mbeidh tíortha na hEorpa in ann oibriú le chéile chun rudaí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Is í an straitéis sin creat an Aontais do ghníomhaíochtaí chun sochaí níos cothroime a chruthú. Tá gníomhaíochtaí nithiúla ann chun a chinntiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann a gcearta a éileamh. Ní féidir leis an gCoimisiún Eorpach é sin a bhaint amach leis féin; tá gá le tiomantas ó gach tír agus le tacaíocht uainn uile. Rud atá tábhachtach, ní thiocfaidh athrú ach amháin má tá na daoine a bhfuil tionchar díreach orthu páirteach, daoine faoi mhíchumas.
Shínigh an tAontas Eorpach agus a bhallstáit uile Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Ciallaíonn sé sin nach mór do gach tír san AE cearta daoine atá faoi mhíchumas a chosaint.
Ní mór dúinn oibriú le chéile lena chinntiú go mbeidh cearta agus deiseanna comhionanna ag daoine faoi mhíchumas
Eolas faoin bhfeachtas
Forbraíodh an tionscnamh Le Chéile ar mhaithe le Cearta i gcomhairle le lucht tacaíochta ó eagraíochtaí Eorpacha um mhíchumas agus a gcomhaltaí.
Cuirfear i bhfeidhm é ar líne go dtí mí an Mhárta 2023 i gcomhpháirtíocht le 27 saoránach (‘Cosantóirí’) ó gach cearn den Eoraip a bhfuil míchumais éagsúla orthu.
Tá an feachtas eagraithe mórthimpeall sé théama a thugann aghaidh ar shaincheisteanna ar leith a bhaineann le cearta míchumais.
- Le chéile ar mhaithe le cearta – tús a chur leis an bhfeachtas
- Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spóirt cuimsitheach
- Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus do dheiseanna oibre
- Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách
- Le chéile ar mhaithe le rannpháirtíocht – maidir leis an gceart chun vótála agus maidir le seasamh i dtoghchán
- Le chéile ar mhaithe le hinrochtaineacht – sa saol fíorúil nó fisiciúil
Bí linn!
Tá do rannpháirtíocht agus do thacaíocht ríthábhachtach. Is féidir leat solas a tharraingt ar na bacainní atá ann cheana do dhaoine faoi mhíchumas agus cabhrú iad a bhaint. Tá súil againn go mbeidh tú linn i gcur chun cinn chearta na ndaoine faoi mhíchumas trí leabharmharcáil a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an fheachtais, trí shíniú suas lenár liosta seachadta chun an nuacht is déanaí a fháil faoi bhfeachtas, agus trí ábhar ár gCosantóirí náisiúnta a roinnt agus trí thrácht a dhéanamh air ar na meáin shóisialta. Bí linn chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht shaoránaigh uile an Aontais!
Lean sinn ar na meáin shóisialta agus glac páirt sa chomhrá ag baint úsáid as na haischlibeanna #EUDisabilityRights agus #UnionOfEquality.