Cearta maoine intleachtúla AE: Cosaint nach bhfuil go hiomlán fónta
Maidir leis an tuarascáil:San iniúchadh seo, rinneamar measúnú féachaint an bhfuil cearta maoine intleachtúla (CMI) i dtrádmharcanna an Aontais Eorpaigh (AE), dearaí AE agus tásca geografacha dea-chosanta laistigh den Mhargadh Aonair.
Go ginearálta, tá an chosaint stóinseach, in ainneoin roinnt easnamh reachtach agus d'uireasa modheolaíochta soiléire chun táillí an Aontais a chinneadh. Tá laigí i gcreat cuntasachta Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), ina bainistíocht ar Thionscadail Chomhair Eorpacha, agus sa chaoi a bhfuil tásca geografacha agus rialuithe forfheidhmithe custaim á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag údaráis na mBallstát.
Molaimid an méid seo a leanas don Choimisiún: creataí rialála a chomhlánú agus a nuashonrú; measúnú a dhéanamh ar na socruithe rialachais agus ar an modheolaíocht rialachais chun táillí a chinneadh; na córais do thásca geografacha a fheabhsú; agus an creat um fhorfheidhmiú a fheabhsú. Ba cheart d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh bainistíocht a Tionscadal Comhair Eorpach a fheabhsú freisin.
Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.
Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
I Tá ról ríthábhachtach ag Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh. Gineann tionscail atá dian ar CMI beagnach 45% d’olltáirgeacht intíre AE, ar fiú 6.6 trilliún euro agus 29% den fhostaíocht é. Oibríonn an Coimisiún Eorpach agus comhlachtaí eile an Aontais le húdaráis na mBallstát chun cosaint CMI a chinntiú, ar príomhghné í i rath an Mhargaidh Aonair.
II Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as tograí reachtacha a dhéanamh ar an bpróiseas agus ar na nósanna imeachta maidir le cearta maoine intleachtúla an Aontais a chlárú agus a fhorfheidhmiú. Tá sé freagrach freisin as a chinntiú go gcuirtear na bearta seo chun feidhme i gceart agus as treoir a sholáthar do na Ballstáit. Cláraíonn Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh trádmharcanna agus dearaí AE. Tá údaráis na mBallstát freagrach as iarrataí clárúcháin ar thásca geografacha an Aontais a fhormheas agus as rialuithe forfheidhmithe ar chearta maoine intleachtúla AE.
III San iniúchadh seo, rinneadh measúnú ar chosaint trádmharcanna, dearaí agus tásca geografacha an Aontais laistigh den Mhargadh Aonair ó 2017 go 2021. Rinneamar an t-iniúchadh seo toisc nach ndearnamar iniúchadh riamh ar chosaint CMI agus gur cheart go mbeadh mórthionscnaimh an Choimisiúin sa réimse seo críochnaithe faoi 2019. Bíonn tionchar ag droch-chosaint CMI ar iomaíochas AE sa gheilleagar domhanda. Déanaimid moltaí chun feabhas a chur ar an gcreat rialála CMI, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
IV D’fhéachamar ar cibé ar chuir nó nár chuir an Coimisiún na bearta reachtacha agus tacaíochta riachtanacha ar fáil chun na cearta maoine intleachtúla thuasluaite a chosaint. Thugamar cuairt ar an gCoimisiún, ar Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh agus ar chúig Bhallstát chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar chuir siad creat rialála an Aontais chun feidhme maidir le CMI agus cibé ar cuireadh nó nár cuireadh rialuithe forfheidhmithe CMI chun feidhme i gceart.
V Is é ár gconclúid fhoriomlán ná go bhfuil creat an Aontais chun cearta maoine intleachtúla a chosaint fónta agus stóinseach go ginearálta, cé go bhfuil easnaimh fós ann.
VI Fuaireamar go bhfuil bearta iomchuí reachtaíochta agus tacaíochta bunaithe ag an gCoimisiún chun trádmharcanna an Aontais a chosaint. Mar sin féin, tá an reachtaíocht maidir le dearaí AE neamhiomlán agus as dáta agus tá easnaimh ann sa reachtaíocht maidir le tásca geografacha. Ina theannta sin, thángamar ar an gconclúid nach bhfuil modheolaíocht shoiléir ann chun táillí AE a chinneadh maidir le trádmharcanna agus dearaí.
VII Cé go bhfuil bainistíocht Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh ar thrádmharcanna agus ar dhearaí AE fónta go ginearálta, d’aithníomar laigí ina creat cuntasachta agus ina córais mhaoinithe, rialaithe agus mheastóireachta. Ina theannta sin, bhí laigí i gcur chun feidhme an chreata do thásca geografacha an Aontais sna Ballstáit agus sa Choimisiún.
VIII Níor chuir na Ballstáit an Treoir um Fhorfheidhmiú Cearta Maoine Intleachtúla chun feidhme go haonfhoirmeach agus tá laigí ann i gcur chun feidhme rialuithe forfheidhmithe custaim.
IX Molaimid gur cheart don Choimisiún:
creataí rialála CMI an Aontais a chomhlánú agus a nuashonrú;
measúnú a dhéanamh ar na socruithe rialachais agus ar an modheolaíocht rialachais chun táillí a chinneadh;
tionscnaimh a fhorbairt chun córais thásca geografacha an Aontais a fheabhsú; agus
an creat forfheidhmithe CMI a fheabhsú.
X Molaimid gur cheart d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh:
córais mhaoinithe, rialaithe agus mheasúnaithe na dTionscadal um Chomhar Eorpach a fheabhsú.
Réamhrá
Cad iad cearta maoine intleachtúla?
01 Is éard atá i gceist le Cearta Maoine Intleachtúla (CMI) ná cearta a bhaineann le nithe atá cruthaithe ag an intinn, amhail aireagáin, saothair litríochta agus ealaíne, dearaí agus siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil1. Trí CMI a chosaint, féadfaidh cruthaitheoirí aitheantas a thuilleamh agus úsáid neamhúdaraithe a gcuid saothar nó tairbhí neamhúdaraithe d’éadail a gcuid saothar a chosc. Soláthraíonn sé ráthaíochtaí freisin d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí maidir le cáilíocht agus sábháilteacht na n-earraí.
02 Tá dhá chatagóir i gceist le maoin intleachtúil: (1) cóipcheart – e.g. ar shaothair liteartha, scannáin agus ceol, agus (2) cearta maoine tionsclaíche – lena n-áirítear paitinní, trádmharcanna, dearaí, tásca geografacha agus rúin cheirde. Déantar achoimre i bhFíor 1 ar phríomhghnéithe na dtrádmharcanna, na ndearaí agus na dtásc geografach, arbh iad fócas na hiniúchóireachta seo iad.
Fíor 1 – Príomhthréithe na dtrádmharcanna, na ndearaí agus na dtásc geografach
Foinse: CIE, bunaithe ar chreataí rialála AE.
03 Is príomhghné í cosaint CMI a chuireann ar chumas an Aontais dul san iomaíocht i ngeilleagar domhanda. Gineann tionscail a bhaineann úsáid an-mhór as CMI beagnach 45% de ghníomhaíocht eacnamaíoch iomlán an Aontais, ar fiú €6.6 trilliún é, agus soláthraíonn siad 29% d’fhostaíocht iomlán an Aontais. Meastar, áfach, gurb ionann táirgí góchumtha agus 6.8 % d’allmhairí iomlána AE (€121 bhilliún) in aghaidh na bliana, €83 bhilliún i ndíolacháin a chailltear sa gheilleagar dlisteanach agus 400 000 post caillte2.
Creat rialála an Aontais um chearta maoine intleachtúla
04 Tá creat rialála an Aontais um CMI bunaithe ar rialacháin AE, ar threoracha agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maoine intleachtúla atá ann cheana féin. Tugann sé chosaint i ngach Ballstát den Aontas, agus ar an gcaoi sin cruthaítear córas aonair AE ina bhfuil cearta maoine intleachtúla Eorpacha agus náisiúnta. Tá bunchlocha idirnáisiúnta agus AE maidir le cosaint CMI léirithe i bhFíor 2 agus in Iarscríbhinn I.
Fíor 2 - Bunchlocha CMI
Foinse: CIE.
Nós imeachta clárúcháin an Aontais um chearta maoine intleachtúla
05 Le clárúchán AE maoine intleachtúla, cosnaítear cearta úinéirí ar fud Bhallstáit uile an Aontais. Maidir le cosaint cóipchirt, níl aon chlárúchán ag teastáil. Is féidir paitinní Eorpacha a chlárú le hOifig Eorpach na bPaitinní. Riarann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) clárú trádmharcanna agus dearaí an Aontais. Féadfaidh aon duine nó cuideachta as aon tír ar domhan iarratas a dhéanamh trí iarratas amháin faoi réir táillí a íoc. Taispeántar na céimeanna éagsúla sa phróiseas clárúcháin i bhFíorr 3.
Fíor 3 – Nós imeachta clárúcháin do thrádmharcanna AE agus do dhearaí AE
Foinse: CIE.
06 Maidir leis an gcóras chun tásca geografacha AE a chlárú, atá teorannaithe faoi láthair do tháirgí talmhaíochta agus ábhair bhia, fíon agus deochanna biotáille, ní hionann é agus an córas chun trádmharcanna agus dearaí AE a chlárú. I gcás tásca geografacha, tá baint ag údaráis inniúla an Bhallstáit leis an nós imeachta iarratais, agus is iad táirgeoirí AE nó grúpaí táirgeoirí a dhéanann na hiarratais a chomhadú (féach Fíor 4).
Fíor 4 – Nós imeachta clárúcháin do thásca geografacha
Foinse: CIE.
Forfheidhmiú an Aontais um chearta maoine intleachtúla
07 Tá forfheidhmiú éifeachtach CMI riachtanach chun nuálaíocht agus infheistíocht a chur chun cinn agus góchumadh a sheachaint. Is fadhb chasta mhéadaitheach é an góchumadh. Chomh maith le hearraí só, tá góchumadóirí ag díriú níos mó agus níos mó ar raon leathan táirgí laethúla. Seachas a bheith díobhálach ó thaobh na heacnamaíochta de, rinne coirpigh a bhí i mbun trádála de tháirgí cógaisíochta agus cúram sláinte góchumtha dúshaothrú ar an bpaindéim COVID-193.
08 D’fhorbair an Coimisiún roinnt ionstraimí chun dul i ngleic le sáruithe góchumtha agus CMI eile. Tá sé mar aidhm ag an treoir maidir le CMI a fhorfheidhmiú (IPRED)4 córais reachtacha a chomhchuibhiú chun leibhéal ard, coibhéiseach agus aonchineálach cosanta a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Sa Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim5, foráiltear do rialacha nós imeachta chun údaráis chustaim CMI a fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann le hearraí atá faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta Custaim AE dul i ngleic le sáruithe ar CMI ag an teorainn sheachtrach do na blianta 2018 go 20226 agus tá ceithre chuspóir straitéiseacha ann (féach Fíor 5).
tús a chur le reachtaíocht d’fhonn cearta maoine Eorpacha a chruthú chun cosaint uileghabhálach a chur ar fáil; tograí a fhorbairt mar iarracht dlíthe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla san Aontas a chomhchuibhiú agus a fheabhsú;
trasuí agus cur chun feidhme ceart reachtaíocht CMI an Aontais ag údaráis náisiúnta a fhíorú; agus tús a chur le nósanna imeachta maidir le sárú i gcoinne Ballstát;
cosaint CMI éifeachtach i gcoinne sáruithe sa Mhargadh Aonair a fhormhaoirsiú; fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cosaint FBManna a thacú agus malartú faisnéise agus comhar i measc Ballstát a éascú; agus
aon teip i gcreat dlíthiúil an Aontais a shainaithint ionas gur féidir iad a réiteach agus a chinntiú gur ann do mhachaire réidh ar an leibhéal domhanda.
Bosca 1
Inniúlachtaí CMI: An Coimisiún
AS GROW: Beartas maidir le trádmharcanna AE, dearaí AE agus tásca geografacha neamhthalmhaíochta; forfheidhmiú cothrománach CMI agus tacaíocht maoine intleachtúla FBM.
AS AGRI: Beartas maidir le tásca geografacha talmhaíochta agus tásca geografacha a chlárú.
AS TAXUD: Forfheidhmiú ar bheartas CMI ag na húdaráis riarachán custaim.
OLAF: Imscrúduithe riaracháin ar sháruithe CMI.
11 Tá ról tábhachtach ag an EUIPO freisin mar Ghníomhaireacht an Aontais atá freagrach as clárú trádmharcanna agus dearaí AE a bhainistiú. Comhoibríonn sé le hoifigí maoine intleachtúla (IP) náisiúnta agus réigiúnacha an Aontais, atá freagrach as trádmharcanna agus dearaí náisiúnta a chlárú. Ina theannta sin, déanann an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla (an Fhaireachlann), atá faoi choimirce EUIPO, raon leathan tascanna a bhaineann le taighde, ardú feasachta, scaipeadh dea-chleachtais, agus tacaíocht do gach cineál CMI a fhorfheidhmiú. Chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne góchumtha agus píoráideachta, tháinig Europol7 agus EUIPO le chéile in 2016 chun an Chomhghuaillíocht Chomhordaithe um Choireacht Maoine Intleachtúla a chruthú, a oibríonn laistigh de Europol.
12 Déanann údaráis maoine intleachtúla na mBallstát trádmharcanna agus dearaí náisiúnta a bhainistiú. Déanann na comhlachtaí inniúla náisiúnta anailís ar chomhlíontacht na n-iarrataí a bhaineann le tásca geografacha AE, sula gcuireann siad ar aghaidh iad chuig an gCoimisiún chun iad a fhormheas. Tá údaráis chustaim freagrach as rialuithe forfheidhmithe teorann ar sháruithe CMI, agus tá seirbhísí forfheidhmithe dlí eile ann, go háirithe na póilíní, atá freagrach as sáruithe CMI sa tír féin a bhrath. Bunaithe ar reachtaíocht náisiúnta, is féidir freisin an chumhacht a thabhairt do na húdaráis chustaim i mBallstáit áirithe chun gníomhú ar aimsiú earraí atá curtha ar an margadh aonair cheana féin, agus a bhfuil amhras fúthu maidir le CMI a shárú.
Raon feidhme an hiniúchóireachta agus a cur chuige
13 San iniúchadh, rinneadh measúnú chun féachaint cibé an bhfuil nó nach bhfuil CMI maidir le trádmharcanna AE, dearaí AE agus tásca geografacha dea-chosanta laistigh den Mhargadh Aonair. Níor clúdaíodh cóipcheart agus paitinní i raon feidhme na hiniúchóireachta. Go háirithe, dhíríomar ár n-aird féachaint ar chuir creat rialála an Aontais do CMI cosaint leordhóthanach ar fáil, i gcomhréir leis na prionsabail do bhainistíocht fhónta airgeadais agus cuntasacht phoiblí fhónta, agus ar cuireadh CMInna an Aontais thuasluaite chun feidhme go leordhóthanach. Cumhdaíodh inár gcuid oibre iniúchta an tréimhse ó Eanáir 2017 go dtí Aibreán 2021.
14 Rinneamar an t-iniúchadh seo toisc nach ndearnamar iniúchadh riamh ar chosaint CMI agus gur cheart go mbeadh mórthionscnaimh an Choimisiúin faoi chreat trádmharcanna an Aontais críochnaithe faoi 2019. Ina theannta sin, tá cosaint CMI ina príomhghné d’iomaíochas an Aontais sa gheilleagar domhanda agus chun nuálaíocht a chur chun cinn. Bhí sé mar aidhm ag an iniúchadh moltaí a sholáthar chun feabhas a chur ar chreat maoine intleachtúla an Aontais agus ar a fhorfheidhmiú.
15 San iniúchadh, tugadh aghaidh ar:
cibé ar chuir nó nár chuir an Coimisiún an creat rialála CMI riachtanach ar fáil;
cibé ar chuir nó nár chuir an Coimisiún, EUIPO agus na Ballstáit creat rialála CMI chun feidhme go cuí maidir le trádmharcanna, dearaí agus tásca geografacha AE; agus
cibé ar chuir nó nár chuir na Ballstáit rialuithe forfheidhmithe CMI chun feidhme i gceart.
16 Inár gcuid oibre iniúchta, bailíodh fianaise ó raon foinsí:
athbhreithnithe deisce doiciméadacha agus anailís ar reachtaíocht, tuarascálacha, sonraí agus staitisticí ábhartha, sampláil, chomh maith le scrúdú ar dhoiciméid arna soláthar ag iniúchóirí; agus
agallaimh le baill foirne ábhartha ón gCoimisiún (AS GROW, AS TAXUD agus AS AGRI), OLAF, EUIPO (lena n-áirítear an Fhaireachlann), Europol agus cúig Bhallstát (an Ghréig, an Fhrainc, an Liotuáin, an Ungáir agus an Rómáin), a roghnaíomar bunaithe ar chritéir riosca chainníochtúla.
Breathnuithe
Tá saincheisteanna ann sna creataí rialála fónta foriomlána um chearta maoine intleachtúla
Tá creat trádmhairc an Aontais i bhfeidhm ach níl an Treoir trasuite go hiomlán
17 Tá sé mar aidhm ag an treoir maidir le trádmharcanna na príomhrialacha nós imeachta laistigh de chórais trádmhairc náisiúnta agus AE a ailíniú. Tá sé riachtanach na forálacha maidir le nósanna imeachta a ailíniú chun go mbeidh sé níos éasca clárú trádmhairc a fháil agus a riar8. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, caithfidh riachtanais chosanta substainteacha, amhail na coinníollacha chun trádmharc cláraithe a fháil agus leanúint den trádmharc cláraithe sin a shealbhú, a bheith comhionann i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an creat dlíthiúil do thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh iomlán, cothrom le dáta agus ailínithe ar leibhéal an Aontais.
18 Tar éis dúinn an fhianaise dhoiciméadach a scrúdú agus plé a dhéanamh le hionadaithe an Choimisiúin, measaimid gur thrasuigh dhá cheann de na Ballstáit roghnaithe (an Ungáir agus an Liotuáin) an treoir maidir le trádmharcanna (Iarscríbhinn II). Cé gurbh é an 14 Eanáir 2019 an príomhdháta trasuí, rinne na Ballstáit roghnaithe an trasuí déanach 9agus tá sé neamhiomlán sa Ghréig, sa Fhrainc agus sa Rómáin.
Easnaimh i gcreat rialachais agus cuntasachta EUIPO
19 Tá feidhm ag an nós imeachta um urscaoileadh le Parlaimint na hEorpa ag brath ar bhonneagar airgeadais na ngníomhaíochtaí, faoi mar a leagtar síos i Rialachán Airgeadais an Aontais é10. Mar ghníomhaíocht atá féinmhaoinithe go hiomlán, eisiatar EUIPO ó urscaoileadh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa; is é a Choiste Buiséid11 a dhéanann an t-urscaoileadh ina ionad. Cuirtear ár n-iniúchadh bliantúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na ráiteas airgeadais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, moltaí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh in oibríochtaí na n-eagraíochtaí, san áireamh sa nós imeachta um urscaoileadh freisin. Sa bhreis air sin, braitheann an nós imeachta um urscaoileadh sin ar mheastóireachtaí seachtracha tréimhsiúla ar EUIPO agus ar dheighilt feidhmeanna agus freagrachtaí idir trí chomhlacht: an Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá freagrach as EUIPO a bhainistiú agus an buiséad a chur chun feidhme, an Bord Bainistíochta atá freagrach as an gclár oibre bliantúil a ghlacadh agus an Coiste Buiséid12.
20 Faoi na socrúcháin chuntasachta laistigh de EUTMR, cuireann EUIPO an clár oibre bliantúil atá glactha ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún Eorpach, chomh maith le tuarascáil bhliantúil, Clár Straitéiseach Ilbhliantúil (gach cúig bliain) agus cuntais bhliantúla na hOifige. Bíonn malartú tuairimí ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO le Coiste JURI i bParlaimint na hEorpa maidir le Clár Straitéiseach Ilbhliantúil 2025. Téann an Bord Bainistíochta i gcomhairle leis an gCoimisiún i dtaobh chlár oibre bliantúil EUIPO, agus bíonn ar an mBord sin tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh nuair atá an clár á ghlacadh aige13.
21 Foráiltear le rialachán trádmharcanna AE do rannpháirtíocht theoranta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gCoimisiún. Dá réir sin, eascraíonn tionchar teorannaithe an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa ar chinntí EUIPO maidir leis anmBord Bainistíochta nó an Coiste Buiséid as an gcoincheap go bhfuil neamhspleáchas ag na gníomhaireachtaí rialála. Dá bhrí sin, níl tionchar rialaitheach ag an gCoimisiún ná ag Parlaimint na hEorpa ar chinntí an Bhoird Bainistíochta ná an Choiste Buiséid, mar a léirítear nuair a glacadh Rialachán Airgeadais EUIPO in ainneoin vótaí easaontacha ó bheirt ionadaithe an Choimisiúin14.
22 I dTuairim 1/2019 maidir le rialachán airgeadais EUIPO uainn féin, chuireamar ár n-imní ar leith in iúl faoin nós imeachta um urscaoileadh in EUIPO agus dhearbhaíomar arís ár moladh gur cheart go mbeadh EUIPO faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh agus urscaoilte ginearálta os comhair Pharlaimint na hEorpa, seachas roimh an gCoiste Buiséid, ar an mbonn go mbunaítear a ioncam ar fheidhmiú údaráis phoiblí atá bunaithe ar dhlí an Aontais. Luamar go seasta gur cheart na prionsabail chéanna cuntasachta a chur i bhfeidhm maidir le gach comhlacht a bhfuil baint aige leis an Aontas15. Is léir an imní chéanna i staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa16, ina bhfuarthas amach go bhfuil cuntasacht fós dúshlánach mar gheall nach ann do nós imeachta foirmiúil chun moltaí a dhéanamh do ghníomhaíochtaí atá féinmhaoinithe go hiomlán.
23 Ba cheart léargas a thabhairt ar roinnt na ndualgas (idir an Bord Bainistíochta agus an Coiste Buiséid sa chás seo) chun cuntasacht cheart a chinntiú, lena n-áirítear feidhmiú neamhspleách. Sa bhreis air sin, ba cheart do bhaill de chomhlacht rialtais a bheith saor ó aon chaidreamh eile a chuirfeadh isteach go mór ar a ról17. Tá Bord Bainistíochta chomh maith le Coiste Buiséid EUIPO comhdhéanta d’aon ionadaí amháin ag gach Ballstát, aon ionadaí amháin as Parlaimint na hEorpa agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, le 30 vóta ar an iomlán ann.
24 Mar sin féin, cé go bhfuil EUTMR á chomhlíonadh le comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus an Choiste Buiséid, thugamar faoi deara go bhfuil forluí mór idir na hionadaithe atá sa dá chomhlacht (26 den 30 comhalta vótála nó a bhfo-oifigigh), agus iad ina gcomhaltaí den dá chomhlacht. Dá bhrí sin, measaimid go gcothaíonn sé sin staid ina bhféadfadh an ról tánaisteach atá ag duine díobháil a dhéanamh dá chumas nó a cumas breithiúnas cuí a thabhairt sa phríomhról atá aige nó aici, nó gníomhú go cuí sa ról sin, nó go bhféadfadh an ról tánaisteach sin tionchar a imirt ar an bpríomhról. Cruthaíonn an cás seo, chomh maith le heaspa nós imeachta um urscaoileadh seachtrach, easnamh sna socruithe rialachais, toisc go ndéanann na daoine céanna (nó a bhfo-oifigigh) cinntí maidir le glacadh an bhuiséid agus maidir leis an nós imeachta urscaoilte dá chur chun feidhme.
25 Sa rialachán maidir le trádmharcanna an Aontais, cuireadh oibleagáid ar an gCoimisiún tionchar, éifeachtúlacht agus éifeachtúlacht EUIPO agus a chleachtais oibre a mheas den chéad uair faoin 24 Márta 2021. Tá an mheastóireacht seo ar siúl go leanúnach agus táthar ag súil go n-eiseofar na torthaí faoi dheireadh 2022.
Tá creat dearaí an Aontais as dáta agus neamhiomlán
26 Bhí sé mar aidhm ag an Treoir maidir le Dearaí dlíthe cosanta dearaidh na mBallstát a ailíniú18 chun córas dearaí AE a chruthú. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an creat dlíthiúil do dhearaí AE iomlán, cothrom le dáta agus ailínithe ar leibhéal AE.
27 Tá “nádúr aonadach” ag dearadh AE, rud a chiallaíonn go bhfuil an éifeacht chéanna aige ar fud AE. Tá sé ríthábhachtach ailíniú a dhéanamh ar na córais náisiúnta agus Eorpacha chun dearaí a chlárú toisc go bhfuil tosaíocht ag dearaí náisiúnta cláraithe nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar dhearadh cláraithe AE.
28 Tá creat rialála AE do dhearaí neamhiomlán agus as dáta agus mar thoradh air sin tá go leor difríochtaí i gcleachtas idir córais an Aontais agus córais náisiúnta agus i measc na mBallstát. Bíonn éiginnteacht dhlíthiúil mar thoradh ar an staid seo agus dearaí á gclárú i mBallstáit éagsúla. Tá meastóireacht sheachtrach, comhairliúchán poiblí agus measúnú iarmharta déanta ag an gCoimisiún, agus tá sé i mbun an chreata rialála do dhearaí a nuashonrú. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh thuas trí thogra reachtach nua a dhréachtú.
29 De réir na meastóireachta, cuireadh an próiseas trasuí ag na Ballstáit go léir i gcrích an 1 Meitheamh 2004. Léirigh an mheastóireacht roinnt easnaimh thábhachtacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun ailíniú na gcóras cláraithe náisiúnta agus AE a chur i gcrích. Aithníodh inár n-iniúchadh roinnt gnéithe freisin a thugann údar maith don Choimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar chreat dearaidh AE.
30 Tá easpa ailínithe idir na creataí deartha náisiúnta agus AE sna Ballstáit atá roghnaithe, sa mhéid gur chuireadar nósanna imeachta éagsúla agus teorainneacha ama éagsúla chun feidhme le linn na bpróiseas iarratais, scrúdaithe, foilsithe agus clárúcháin (féach Iarscríbhinn V). Bhraitheamar na difríochtaí seo a leanas maidir leis na nósanna imeachta iarratais:
Is féidir iarratais a chur isteach go leictreonach nó ar pháipéar. In 2020, cuireadh a bhformhór isteach go leictreonach (EUIPO 98.17%, an Liotuáin 78%, an Ungáir 50%, an Rómáin 23%) agus níor ghlac an Ghréig agus an Fhrainc ach le hiarratais leictreonacha.
Tugann EUIPO an deis d’iarratasóirí cláraithe deartha AE rogha “Mear-rian” a roghnú faoi choinníollacha áirithe (in 2020, d’úsáid 38.7% d’iarratais chláraithe dearaidh AE an rogha seo). Tairgeann an Fhrainc agus an Rómáin nós imeachta cláraithe níos gasta freisin. Mar sin féin, ní chuireann na Ballstáit roghnaithe eile nósanna imeachta comhchosúla chun feidhme.
31 Thugamar faoi deara freisin difríochtaí eile idir na córais dearaidh náisiúnta agus AE, eadhon:
tá comhlachtaí inniúla éagsúla ann le haghaidh nósanna imeachta achomhairc: cúirteanna náisiúnta sna Ballstáit agus an Bord Achomhairc in EUIPO;
tá easpa ailínithe ann maidir le táillí agus struchtúr na dtáillí sin (féach Iarscríbhinn VI); agus
níl aon oibleagáid ar Oifigí Náisiúnta Maoine Intleachtúla (NIPOnna) idirghabháil agus eadráin a sholáthar.
32 Fuaireamar freisin nach bhfuil caighdeánú déanta ar an leagan clóite den tuairisc agus léiriú ar an dearadh agus nach bhforáiltear leis an rialachán maidir le dearaidh AE ná leis an treoir maidir le dearaí gur féidir tuairisc nó léiriú a dhéanamh ar dhearaí ag úsáid teicneolaíochtaí comónta cosúil le híomháú 3D nó físeán.
33 Leis an rialachán maidir le dearadh AE, cosnaítear dearaí neamhchláraithe AE do tháirgí a mbíonn saolré gairid margaidh acu go minic, ar buntáiste dóibh sin cosaint a bheith acu gan foirmiúlachtaí clárúcháin a bheith ina n-ualach orthu agus ní bhíonn ré na cosanta chomh tábhachtach céanna. Seachas an Rómáin, a bhfuil “bunachar sonraí dearaidh neamhchláraithe” aici (nach bhfuil aon iontrálacha ann go dtí seo), ní thairgeann aon cheann de na Ballstáit roghnaithe an chosaint seo.
34 Thugamar faoi deara go leathnaíonn an dlí dearaidh i gceithre cinn den chúig Bhallstát roghnaithe an chosaint a thugtar sa mhéid go gcuimsíonn sé deisiú páirteanna spártha. Tá an chosaint sin (clásal deisiúcháin) eisiata sa Rialachán maidir le Dearadh AE agus san Ungáir.Léiríonn Tábla 1 na difríochtaí idir Ballstáit a bhfuil iniúchadh déanta orthu agus EUIPO.
Tábla 1 – Cosaint do pháirteanna spártha
Cosaint le dlí dearaidh
Clásal deisiúcháin
EUIPO
Gan chosaint
Tá
EL (OBI)
Cosanta ar feadh cúig bliana, luach saothair ina dhiaidh sin
Tá
FR (INPI)
Cosanta
Níl (*)
HU (HIPO)
Gan chosaint
Tá
LT (SPB)
Cosanta
Níl
RO (OSIM)
Cosanta
Níl
(*) Beidh feidhm ag an gclásal deisiúcháin ón 1 Eanáir 2023, ach go bhfuil gloine agus soilsiú do charranna eisiata ón gcosaint.
Foinse: CIE.
35 Fuaireamar amach go bhfuil roghanna éagsúla idir córais chlárúcháin an Aontais agus córais chlárúcháin náisiúnta chun foilsiú dearaidh a chur siar, lena n-áirítear difríochtaí sa tréimhse iarchurtha agus sna táillí a d’fheádfadh a bheith i gceist (Tábla 2).
Tábla 2 – Roghanna ar fhoilsiú a iarchur (tréimhse agus táillí)
Tréimhse uasta
Táillí in aghaidh an dearaidh (in euro)
1ú dearadh
2ú go 10ú
11ú ar aghaidh
EUIPO
30 mí
40
20
10
An Ungáir (HIPO)
Ní fhéadtar é a dhéanamh
Neamhbhainteach
An Fhrainc (INPI)
3 bliana
Gan aon táille bhreise
An Ghréig (OBI)
12 mhí
30
10
10
An Rómáin (OSIM)
30 mí
20
An Liotuáin (SPB)
30 mí
Gan aon táille bhreise
Foinse: CIE.
Ní léiríonn struchtúr táillí um chearta maoine intleachtúla na fíorchostais
Easpa modheolaíochta soiléire chun táillí AE a chinneadh
36 Tá na táillí do thrádmharc agus dearaí an Aontais leagtha síos sna rialacháin maidir le Trádmharc AE agus maidir le táillí dearaí. Sna critéir19 maidir le táillí a shocrú, ceanglaítear:
gur leor i bprionsabal an t-ioncam a tháirgeann siad chun buiséad na hOifige (EUIPO) a chomhardú;
go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir trádmharc an Aontais agus na córais náisiúnta trádmhairc; agus
go bhfuil cearta dhílseánaigh trádmhairc AE curtha chun feidhme go héifeachtúil sna Ballstáit.
37 Mar a tugadh faoi deara i dTuarascáil speisialta 22/2020 uainn féin, déanann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, an Ghníomhaireacht Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an tIonad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh costas na seirbhísí atá mar bhonn leis na táillí a ghearrann siad a ríomh go hiomlán. D’fhíoraíomar cur i bhfeidhm na gcritéar maidir le táillí a shocrú agus fuaireamar amach go bhfuil barrachas suntasach (€308.75 milliún) carntha ag EUIPO i 2020 mar a léirítear ina chlár comhardaithe (féach Fíor 6). Thugamar dár n-aire freisin cé go bhfuil méid agus struchtúr táillí EUIPO bunaithe ar chritéir shóisialta, airgeadais agus gheilleagair, ní chuireann siad trédhearcacht ar fáil ar chumhdach na gcostas, rud a bhfuil gá leis chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht EUIPO ina gcroí-oibríochtaí. Dá réir sin, tá struchtúr na gcostas aonadach difriúil go mór ó struchtúr na dtáillí agus tá an costas aonadach difriúil go mór ó na táillí.
Fíor 6 – Céatadán do bharrachas EUIPO (2011-2020)
Foinse: CIE.
38 I dTuairim 1/2019, bhreithníomar20 gur cheart do EUIPO, i éineacht leis an gCoimisiún, a fhiosrú an bhféadfaí barrachais buiséid a úsáid chun tacú le hionstraimí airgeadais a thacaíonn le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta fiontar Eorpach. Sampla d’úsáid barrachais buiséid is ea an tionscnamh “Ideas Powered for business SME Fund” (Ciste FBManna), a sholáthraíonn scéim deontais 20 milliún euro chun cabhrú le FBManna na hEorpa rochtain a fháil ar a gcearta maoine intleachtúla.
39 Ina theannta sin, bhí neamhréireachtaí suntasacha idir táillí AE agus na táillí sin a ghearrann údaráis náisiúnta na gcúig Bhallstát atá roghnaithe (Tábla 3). Mar shampla, fuaireamar amach go raibh táillí an Aontais chun cearta maoine a chomhdú agus a athnuachan ar a laghad a thrí oiread níos daoine ná na táillí náisiúnta is costasaí (an Fhrainc).
Tábla 3 – Táillí comhdúcháin agus athnuachana comparáideacha (in euro) an 1.1.2021
EUIPO
EL
FR
HU (1)
LT
RO (2)
Táille comhdaithe iarratais (i ndath, ríomhchomhdú)
D’aicme
850
100
190
166
180
110
Dara Aicme
50
20
40
221
40
50
Tríú Aicme
150
20
40
304
40
50
Athnuachan (r-athnuachan)
D’aicme
850
90
290
166
180
200
Dara Aicme
40
20
40
221
40
50
Tríú Aicme
150
20
40
304
40
50
(1) 1 Euro = 361.462 HUF amhail 1.1.2021
(2) 1 Euro = 4.8698 LEI amhail 1.1.2021
Foinse: CIE.
40 Rinneamar anailís ar an bhfaisnéis a chuir EUIPO chuig an gCoimisiún Eorpach, ar Staidéar 2013 ag Parlaimint na hEorpa dar teideal “Ioncam ó ghníomhaíochtaí atá go hiomlán féin-mhaoinithe agus Buiséad AE”, ar Staidéar 2010 INNO-tec, ar Staidéar 2011 Max Planck, chomh maith le measúnuithe tionchair 2009 agus 2013 agus an mheastóireacht a rinne an Coimisiún Eorpach. Níor aimsíomar anailís sna doiciméid sin ar an gcaidreamh idir leibhéal na dtáillí, a gcritéir agus na seirbhísí atá curtha ar fáil ag EUIPO, ná cinneadh ar íosleibhéil tháillí AE, a bheadh comhoiriúnach le córais náisiúnta trádmharcanna.
41 Bunaithe ar an anailís, cé go bhfuil critéir bunaithe chun táillí a chinneadh, measaimid nach bhfuil modheolaíocht shoiléir ann chun méid agus struchtúr tháillí AE a chinneadh, agus go bhfuil leibhéal ard táillí mar thoradh air, rud a tháirgeann barrachais carntha. Tá carnadh barrachas suntasach contrártha leis an bprionsabal maidir le leordhóthanacht a bhaint amach chun buiséad comhardaithe a bhaint amach, rud a leagtar amach sa rialachán. Thug an Staidéar Max Planck le fios gur cháin eagraíochtaí úsáideoirí an easpa trédhearcachta i dtaca le táillí.
Tá sásra fritháirimh mí-éifeachtach mar thoradh ar tháillí arda
42 Tá oibleagáid ar EUIPO21 na Ballstáit a chúiteamh trí shásra fritháirimh, as na costais bhreise a thabhaíonn siad as páirt a ghlacadh i gcóras trádmhairc an Aontais, sa mhéid nach dtabhaíonn EUIPO aon easnamh buiséid sa bhliain sin. Rinneadh an sásra fritháirimh a ghníomhachtú do na blianta 2018, 2019 agus 2020 (féach Fíor 7).
Fíor 7 – Méideanna an tsásra fritháirimh Tréimhse 2017-2020
Foinse: CIE.
43 Clúdaíonn an táille iarratais an costas cláraithe do thrádmharc náisiúnta. Thugamar faoi deara go raibh an méid a cúitíodh leis an sásra fritháirimh cosúil leis an táille iarratais don Liotuáin. Do bhliain 2020, ba é an rannchuidiú fritháirimh ná € 310 000 agus uimhir na dtrádmharcanna náisiúnta cláraithe ná 1 771. Dá bhrí sin, ba é an rannchuidiú fritháirimh ag trádmharcanna náisiúnta cláraithe ná € 175, cosúil leis an táille iarratais do thrádmharc na Liotuáine (€ 180).
44 Le rialachán trádmhairc an Aontais, bunaíodh príomhtháscairí feidhmíochta bliantúla (KPInna) chun an méid fritháirimh a dháileadh i measc na mBallstát. Déanann na Ballstáit torthaí na KPInna seo a thaifeadadh ar uirlis ePlatform EUIPO mar aon le dearbhú ó gach NIPO. Fuaireamar amach nach bhfuil rialuithe curtha chun feidhme ag EUIPO chun cruinneas na sonraí a dhearbhaíonn na NIPOnna a fhíorú, rud a chinntíonn dáileadh an mhéid fritháirimh. Measann EUIPO gur leor an dearbhú seo chun modheolaíocht, ríomh agus cruinneas an staidrimh a thaifead na Ballstáit ar ePlatform a chosaint.
45 Thugamar faoi deara nach bhfuil an príomhtháscaire feidhmíochta (KPI) a ríomhtar na méideanna fritháirimh ina leith leordhóthanach nó ‘SMART’ – Sonrach, Inmheasta, Indéanta, Ábhartha agus faoi cheangal Ama (féach Bosca 2). Thairis sin, ní chinntítear leis an sásra fritháirimh go ndéantar na húdaráis náisiúnta ábhartha a chúiteamh i gceart as na costais bhreise a thabhaítear, toisc nach n-aistrítear na méideanna fritháirimh chuig a mbuiséid ach ina ionad sin chuig buiséid náisiúnta.
Bosca 2
Ní féidir SMART a lua le measúnuithe ar KPInna maidir le dáileadh na méideanna fritháirimh
Líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc AE i ngach Ballstát: D’aimsíomar nach bhfuil an KPI seo ábhartha toisc go gcuirtear iarratais ar thrádmharc AE isteach go leictreonach agus ní chruthaíonn siad costais bhreise do na Ballstáit. Ina theannta sin, tá na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí dul chun cinn agus faisnéise maoinithe cheana féin ag Tionscadail Chomhair Eorpacha.
Líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc náisiúnta i ngach Ballstát: Measaimid nach bhfuil aon chomhghaol idir líon na bhfeidhmchlár trádmharcanna náisiúnta agus na costais a ghineann córas trádmhairc AE, mar gheall go bhfuil an scrúdú chun a shuíomh an bhfuil forais choibhneasta don diúltú ann – i dtéarmaí coinbhleachta i gcás cearta a bhí ann roimhe sin, lena n-áirítear iarratais ar thrádmharcanna agus clárúcháin AE a bhí ann roimhe sin – á mhaoiniú trí tháillí iarratais agus clárúcháin atá íoctha ag iarratasóirí MI.
Líon bliantúil cásanna a thugtar os comhair chúirteanna trádmhairc AE arna n-ainmniú ag gach Ballstát: Níl staitisticí oifigiúla ann (deacair a thomhas).
Agóid agus iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta ag dílseánach EUTManna sna Ballstáit: Tá na nósanna imeachta don agóid agus don neamhbhailíocht os comhair na NIPOnna maoinithe ag na táillí atá íoctha ag na páirtithe.
Tá creat do thásca geografacha an Aontais teoranta do tháirgí talmhaíochta
47 Fuaireamar amach go bhfuil na bunrialacha agus na bunphrionsabail maidir le clárú ailínithe go ginearálta. Thugamar faoi deara, áfach, nach gcumhdaítear sa scéim táisc gheografaigh do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia an raon iomlán earraí atá aicmithe mar tháirgí talmhaíochta faoi Chomhaontú Talmhaíochta EDT. Níl córas AE ann ach an oiread chun táirgí neamhthalmhaíochta (ceardaíocht agus dearaí tionsclaíocha) a chlárú, cé go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ag roinnt Ballstát chun táirgí den sórt sin a chosaint. De bharr easpa réimeas cosanta uile Aontais do gach táirge tá sé deacair nó dodhéanta a gcosaint a chinntiú, toisc nach leor na córais chosanta náisiúnta amháin.
Tá creataí um chearta maoine intleachtúla á gcur chun feidhme go maith cé gur féidir roinnt easnaimh a thabhairt faoi deara
Den chuid is mó cuireann an EUIPO na creataí do thrádmharcanna agus do dhearaí an Aontais chun feidhme i gceart in ainneoin roinnt lochtanna
48 Bunaithe ar ár measúnú ar na nósanna imeachta clárúcháin agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara, measaimid go bhfuil EUIPO tar éis na rialacháin maidir le trádmharc AE agus maidir le dearadh AE a chur chun feidhme go cuí. Deimhnítear na próisis iarratais, scrúdaithe, foilseacháin agus clárúcháin le ISO 9001 agus le ISO 10002 agus tá córas rialaithe cáilíochta curtha i bhfeidhm ag EUIPO freisin ina gcuimsítear sainmhíniú ar shraith KPInna agus luachanna maidir le comhlíonadh.
49 Mar sin féin, d’aimsíomar na heasnaimh seo a leanas i gcur chun feidhme an rialacháin maidir le trádmharc AE:
50 Cuireann an rialachán maidir le trádmharc AE féidearthacht ar fáil do EUIPO ionad idirghabhála a chruthú chun teacht ar réiteach cairdiúil maidir le díospóidí faoi thrádmharcanna an Aontais agus dearaí cláraithe an Aontais. Cé gur chuir EUIPO an tSeirbhís um Réiteach Díospóide Malartach i bhfeidhm chun seirbhísí idirghabhála saor in aisce a sholáthar do nósanna imeachta achomhairc ní chuimsítear nósanna imeachta breathnóireachta agus agóide ann.
51 Ní mór aon ionadaí ar dhuine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil a dhéileálann le EUIPO údarás dlíthiúil bheith aige chun gníomhú mar ionadaí i gcúrsaí náisiúnta maoine intleachtúla. Thugamar faoi deara go bhfuil difríocht idir na coinníollacha maidir le teacht chun bheith mar ionadaí idir na Ballstáit faoi iniúchóireacht, agus ar an gcaoi sin déantar coinníollacha neamhchothroma a chruthú dóibh siúd ar mian leo gníomhú mar ionadaithe.
52 Leis an rialachán maidir le trádmharc AE agus leis an rialachán maidir le dearadh AE, cruthaíodh trádmharc an Aontais agus cláraíodh cláir dhearaidh AE agus rinneadh éigeantach é trádmharcanna agus dearaí a thaifeadadh sa chlár. Rinneamar roghnú riosca-bhunaithe agus sampláil a fhíorú i gcás 20 trádmharc AE agus sé dhearadh cláraithe AE, chun cruinneas agus iomláine na gclár a sheiceáil. Maidir le trádmharcanna cláraithe, fuaireamar samplaí de stádas mícheart ag trádmharc AE (sé thrádmharc sampláilte), earráid nós imeachta (aon trádmharc amháin) agus easnaimh (cúig thrádmharc). Maidir le dearaí cláraithe AE, bhain an easpa iomláine le dara teanga an iarratais in aon ítim shamplach amháin. Mar thoradh ar na laigí a shainaithníomar, d’aimsigh EUIPO 522 iontráil le neamhréireachtaí sa chlár, agus tá siad sin á scrúdú ina gceann agus ina gceann agus á gceartú de láimh. Tá sé mar aidhm aige rialú inmheánach a thabhairt isteach freisin chun comhsheasmhacht agus cruinneas na sonraí is gá a chinntiú.
53 Mar thoradh ar shuirbhé 2019 EUIPO ar úsáideoirí, léiríodh míshástacht mhéadaithe i measc úsáideoirí maidir le comhsheasmhacht chinntí an Bhoird Achomhairc (ráta sástachta faoi bhun 53%). Is gné thábhachtach í comhsheasmhacht na cinnteoireachta chun trádmharc an Aontais agus córais deartha cláraithe an Aontais a chomhchuibhiú. Le níos mó comhsheasmhachta i gcinntí na gcomhlachtaí dlínse, bheadh níos mó éifeachtúlachta sa chóras mar go laghdódh an gá a bheadh le hachomhairc agus dlíthíocht os comhair na Cúirte Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá laigí sna critéir maidir le cuid den tacaíocht airgeadais do Bhallstáit
54 De réir an rialacháin maidir le trádmharc AE agus de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, tá EUIPO freagrach as comhar a chur chun feidhme idir institiúidí an Aontais agus na NIPOnna chun cóineasú cleachtais agus uirlisí a chur chun cinn i réimse na dtrádmharcanna agus na ndearaí.
55 Comhoibríonn NIPOnna den chuid is mó le EUIPO trí na Tionscadail Chomhair Eorpacha (ECPanna), a chuimsítear sna Comhaontuithe Comhair bliantúla. Bhí neart tionscadal comhair tábhachtach curtha i gcrích nó tá siad á chur i gcrích a bhaineann go dlúth le EUIPO agus NIPOnna. Ó 2020, rannchuidigh EUIPO le roinnt ECPanna trí bhíthin cnapshuimeanna a ríomhtar ar leithligh do gach tairbhí.
56 I Rialachán Airgeadais an Aontais socraítear gur cheart cnapshuimeanna a bheith bunaithe ar mhodh ríofa cóir, cothromasach agus infhíoraithe, lena gcinntítear bainistiú fónta airgeadais. I rialachán airgeadais an Aontais, ní thugtar treoir maidir leis an modheolaíocht chun cnapshuimeanna a ríomh.
57 Fuaireamar amach go raibh na laigí seo a leanas sa mhodheolaíocht atá curtha chun feidhme ag EUIPO chun na cnapshuimeanna a ríomh (Iarscríbhinn VII):
Níor cumhdaíodh ach aon bhliain amháin i sonraí stairiúla fíoraithe na dtairbhithe aonair;
Ní dhéanann aicmiú na ngníomhaíochtaí idirdhealú leordhóthanach idir cineálacha éagsúla tionscadal, mar sin rinneadh cnapshuimeanna comhchosúla a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí neamhionanna; agus
Nuair a rinneadh an meánráta laethúil á ríomh, áiríodh sna NIPOanna tuarastail na bpróifílí foirne inmheánacha go léir a bhí rannpháirteach i dtionscadail ECP 2019. Mar sin féin, tionscadail den chineál céanna, cuireadh próifílí foirne éagsúla i láthair.
58 Bhain péire de na ECPanna a bhí sna comhaontuithe comhair le costais reatha do TMView agus DesignView, ar bunachair sonraí phoiblí iad le haghaidh trádmharcanna agus dearaí. Fuaireamar nach raibh baint ag na costais reatha leis an bhfíorchostas a bhaineann le bunachair sonraí NIPOnna a chothabháil agus sonraí a sholáthar ar thrádmharcanna agus dearaí náisiúnta.
59 Thugamar faoi deara freisin go raibh éagsúlachtaí móra sa mheánchostas reatha in 2020 in aghaidh an dearaidh sna Ballstáit a roghnaíodh(féach Tábla 4), rud a chruthaíonn cás neamhchothrom idir na Ballstáit faoi iniúchóireacht.
Tábla 4 – Meánchostas reatha DesignView in aghaidh an dearaidh atá cláraithe
EL
FR
HU
LT
RO
Dearaí cláraithe
77
4 619
68
26
47
Costais reatha Designview (in euro)
127 552
129 896
125 027
130 000
83 744
Meán in aghaidh an dearaidh (in euro)
1 657
28
1 839
5 000
1 782
Foinse: CIE.
Easnaimh sa phróiseas clárúcháin do tháirgí talmhaíochta
60 I reachtaíocht AE, soláthraítear an creat chun táirgí táisc gheografaigh a chlárú ar leibhéal an Aontais, ach ní cumhdaítear leis sin an chéim náisiúnta grinnscrúdaithe. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, tá a phróiseas toghchánach féin ag gach Ballstát, ach ní mór dó na critéir agus na coinníollacha maidir le measúnú substainteach a bhunaítear leis an scéim ábhartha a chomhlíonadh, faoi mar atá leagtha síos leis an reachtaíocht maidir le tásca geografacha (mír 46). Tá saoirse ag gach Ballstát freisin cinneadh a dhéanamh ar cheart táillí a ghearradh ar na próisis chlárúcháin agus rialaithe.
Neamhéifeachtachtaí i bpróisis chlárúcháin an Choimisiúin
61 Déanann údaráis inniúla gach Ballstáit anailís agus formheas ar iarratais ar thásca geografacha a chlárú, agus cuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad ina dhiaidh sin le doiciméadacht tacaíochta (Iarscríbhinn VIII). Cuireann na Ballstáit an fhaisnéis seo isteach tríd an Córas TF eAmbrosia AE nó trí r-phost. Níl tíolacadh trí eAmbrosia éigeantach do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia, agus is gnách gur aighneachtaí tríd an ríomhphost a bhíonn in n-úsáid ag na Ballstáit a gcuirtear an líon is mó iarratas chucu.
62 Cuimsíonn bunachar sonraí eAmbrosia gach tásc geografach cláraithe, lena n-áirítear iad siúd ó thíortha lasmuigh den Aontas atá cláraithe tar éis iarratas díreach a dhéanamh chuig an gCoimisiún. Déantar gach feidhmchlár a sheoltar tríd an gcóras TF a uaslódáil go huathoibríoch chuig leagan poiblí an ardáin. Toisc go gcaithfear gach iarratas a fhoilsiú sa leagan poiblí de eAmbrosia, ní mór don Choimisiún iarratais ríomhphoist a uaslódáil de láimh. Tá obair bhreise i gceist leis seo d’fhoireann an Choimisiúin agus d’fhéadfadh earráidí tarlú.
Próisis fhada náisiúnta agus sa Choimisiún chun iarratais ar thásca geografacha a anailísiú agus a chlárú
63 Níor cheart go mbeadh aon bhacainní ar na próisis chlárúcháin do thásca geografacha sna Ballstáit. Ba cheart, dá bhrí sin, na céimeanna grinnscrúdaithe náisiúnta agus an Choimisiúin ina bhfuil na ceanglais maidir le próisis iarratais, foilsithe, achomhairc agus cláraithe le haghaidh tásca geografacha spriocdhátaí soiléire a leagan síos agus ba cheart dóibh bheith trédhearcach.
64 Chun an creat ama agus na próisis chun tásca geografacha a fhormheas sna Ballstáit roghnaithe a sheiceáil, roghnaíomar roinnt iarratas ar chlárú le haghaidh tásca geografacha agus leasuithe ar chlárúcháin atá ann cheana (Iarscríbhinn IX). Cé gur foilsíodh ceanglais shoiléire sna Ballstáit roghnaithe maidir leis na próisis iarratais, foilseacháin, achomhairc agus clárúcháin, fuaireamar gur annamh a comhlíonadh na spriocdhátaí grinnscrúdaithe a glacadh sa reachtaíocht náisiúnta, agus go maireann próisis um fhormheas suas le 60 mí. Ba é an próiseas casta chun cáilíocht agus saintréithe sonracha táirgí talmhaíochta a chinntiú ba chúis leis na moilleanna fada sin.
65 I gcás na samplaí roghnaithe céanna ar leibhéal an Choimisiúin, fuarthas amach go raibh an próiseas formheasta fada freisin (Iarscríbhinn X). Míníodh na moilleanna suas le 48 mí a tugadh faoi deara le hanailís chasta agus aistriúchán ar na comhaid a fuarthas agus trí mhoilleanna fada maidir le freagraí a fháil ó na Ballstáit ar na ceisteanna a d’ardaigh an Coimisiún.
Athruithe ar rialuithe táisc gheografaigh na mBallstát agus easpa treorach ón gCoimisiún
66 Déantar rialuithe táisc gheografaigh de réir Rialachán 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla. Ní bhaineann an rialachán go sonrach le tásca geografacha agus ní bhunaíonn sé rialacha caighdeánaithe rialaithe AE le haghaidh tásc geografach. Níor moladh ná níor glacadh le haon fho-reachtaíocht eile maidir le rialuithe táisc gheografaigh.
67 Bhí a rialacha agus a nósanna imeachta rialaithe féin ag gach Ballstát ar tugadh cuairt air. Chuir roinnt Ballstát rialuithe cláraithe i bhfeidhm sula ndearna siad an t-iarratas ar thásc geografach a fhormheas go náisiúnta, agus chuir cuid eile i bhfeidhm ina dhiaidh sin iad (ar bhonn bliantúil nó ag eatraimh éagsúla). Fuaireamar nár caighdeánaíodh nósanna imeachta rialaithe ná a minicíocht i measc na mBallstát roghnaithe agus bhí éagsúlacht shuntasach sna táillí rialaithe a ghearrtar ar oibreoirí, ó iad a bheith saor in aisce go táille de 300 euro in aghaidh an lae.
68 Eagraíonn an Coimisiún oiliúint faoin tionscnamh “Oiliúint Níos Fearr do Bhia Níos Sábháilte” agus seimineáir phlé bliantúla leis na Ballstáit ar rialuithe tásca geografacha. Mar sin féin, níor chuir sé treoraíocht oifigiúil ar fáil maidir le nósanna imeachta rialaithe, anailís riosca ná an mhinicíocht is fearr ó thaobh seiceálacha de. Mar thoradh ar an gcaoi a gcaitear le táirgeoirí earraí le tásc geografach i mBallstáit éagsúla, tá costais agus oibleagáidí comhlíontachta níos airde ag roinnt táirgeoirí ná mar atá ag táirgeoirí eile.
Tríd is tríd, tá an comhar maidir le tásca geografacha laistigh den Aontas ag feidhmiú go rianúil
69 Is é EUIPO, i gcomhar leis an gCoimisiún, a dhéanann riarachán ar thairseach (GIview) chun cumarsáid leis na húdaráis forfheidhmithe a éascú. In GIview, tá sonraí cláraithe ó eAmbrosia agus tásca geografacha neamh-AE atá cosanta san Aontas trí chomhaontuithe idirnáisiúnta agus déthaobhacha; sonraí faoi na húdaráis inniúla, na comhlachtaí rialaithe agus na grúpaí táirgeoirí; agus faisnéis faoi tháirgí atá cláraithe mar thásca geografacha (grianghraif, léarscáileanna, tuairiscí agus naisc chuig suíomhanna gréasáin na ngrúpaí táirgeoirí).
70 Maidir leis an gcaoi a ndéanann na Ballstáit scéimeanna táisc gheografaigh a bainistiú, déanann an Coimisiún grúpaí saineolaithe a thionól trí huaire sa bhliain chun dúshláin agus dea-chleachtais san earnáil a phlé. Ina theannta sin, idir 2018 agus 2020, reáchtáil an Coimisiún 17 mioncheardlann leis na Ballstáit. D’aimsíomar go raibh meas ag na húdaráis sna Ballstáit roghnaithe ar na ceardlanna seo agus ar an deis iarratais fhadhbacha a phlé agus a réiteach.
Níl an forfheidhmiú um chearta maoine intleachtúla barrmhaith
71 Ní mór cearta maoine intleachtúla a chosaint go héifeachtach agus go leordhóthanach, agus a chinntiú nach mbíonn bearta agus nósanna imeachta forfheidhmithe ina mbacainní ar thrádáil dhlisteanach22. Chun é seo a bhaint amach, ba cheart go gcinnteodh na córais reachtacha maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú sna Ballstáit leibhéal ard, coibhéiseach agus aonchineálach cosanta CMI sa mhargadh inmheánach23. Ba cheart go mbeadh údaráis chustaim na mBallstát in ann earraí a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad ag sárú Cearta Maoine Intleachtúla atá faoi chosaint ag dlíthe an Aontais agus dlíthe náisiúnta a choinneáil. Ba cheart go mbeadh creat fónta forfheidhmithe AE um chearta maoine intleachtúla ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit chun na riachtanais seo a chomhlíonadh.
Ní chuirtear an Treoir um Fhorfheidhmiú CMI i bhfeidhm go haonfhoirmeach
72 Tá sé de chuspóir ag an gCoimisiún a chinntiú go bhfuil córais reachtacha choibhéiseacha ann ar fud an AE, ag cinntiú leibhéal ard, coibhéiseach agus aonchineálach cosanta IP sa mhargadh inmheánach. Mar a aithníodh sna Conclúidí ón gComhairle an 1 Márta 2018, ní chuirtear bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna IPRED i bhfeidhm go haonfhoirmeach i measc na mBallstát. Maille le treoraíocht[24] an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal neamhchothrom maidir le cosaint maoine intleachtúla sa mhargadh aonair, chruthaigh an Coimisiún grúpa nua saineolaithe ar an mbeartas maoine tionsclaíche a chlúdaíonn cur chun feidhme agus tá sé i mbun Bosca Uirlisí AE i gcoinne góchumtha a réiteach.
73 Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí iomlán agus ceart IPRED i ndlíthe náisiúnta ag na Ballstáit. Mar sin féin, d’aimsíomar roinnt laigí maidir le comhréireacht neamh-pháirteach nó trasuímh IPRED sna Ballstáit iniúchta, mar a aithnítear sa Mheastóireacht IPRED 2017 agus an Staidéar tacaíochta 2017. Is éard atá sa chás seo de mhoilleanna leanúnacha ná laigí a d’fhág go raibh éagsúlacht sa chosaint maoine intleachtúla sa Mhargadh Aonair.
74 D’aimsíomar nach dtugann IPRED aghaidh ar riachtanais na haoise digití. Maidir leis seo, mhol an Coimisiún An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh sé leis an gcomhrac i gcoinne ábhar mídhleathach ar líne, trí chóras dliteanais na Treorach Ríomhthráchtála a shoiléiriú agus trí oibleagáidí “díchill chuí” ardáin ar líne a mhéadú. Mar sin féin, ní sholáthraíonn togra DSA ach dliteanas méadaithe i leith ardáin mhóra; beidh saoráidí díolúine dliteanais fós ag idirghabhálaithe eile. Bunóidh an Coimisiún Bosca Uirlisí AE i gcoinne góchumtha a shoiléireoidh róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe, lena n-áirítear ardáin ar líne, ag tógáil ar fhorálacha DSA.
Tá easpa eilimintí lárnacha sa chreat le haghaidh forfheidhmiú custaim um chearta maoine intleachtúla
75 Is é ról an Choimisiúin tacú le cineálacha cur chuige nua-aimseartha comhchuibhithe maidir le rialuithe custaim agus comhar custaim. Ba cheart dó iarracht a dhéanamh leibhéal ard cosanta a fháil ar mhargadh inmheánach AE, go háirithe chun atreorú trádála agus góchumadh laistigh den Aontas a sheachaint. Ba cheart dliteanas agus freagracht i dtaca le scriosadh earraí a chur san áireamh freisin i gcur chun feidhme fónta CMI ag údaráis chustaim. Scrúdaíomar creat forfheidhmithe custaim CMI an Aontais agus an chaoi ar cuireadh i bhfeidhm é sna cúig Bhallstát roghnaithe.
Tá cosaint CMI athraitheach
76 De réir an Rialacháin maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim, ba cheart go mbeadh gníomhaíocht ag na húdaráis chustaim i ndáil le hearraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla ag baint le hearraí atá, nó ar cheart go mbeidís, faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim, go háirithe earraí sna cásanna seo a leanas:
nuair a dhearbhaítear go scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta, onnmhairiú nó ath-onnmhairiú iad;
ag teacht isteach ar chríoch chustaim an Aontais dóibh nó ag imeacht ón gcríoch sin dóibh; agus
nuair a chuirtear nós imeachta speisialta i bhfeidhm orthu.
77 Shoiléirigh an Coimisiún i bhfógra25 nach gceadaítear gníomh forfheidhmithe CMI ag na húdaráis custaim ach d’earraí a thagann ó thríú tíortha a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar díol san Aontas Eorpach, ach amháin maidir le trádmharcanna AE agus náisiúnta. An pacáiste trádmharcanna26, a tháinig i bhfeidhm in 2016, cosaint leathnaithe ar chearta dhílseánaigh trádmhairc AE nó trádmhairc náisiúnta, fiú mura bhfuil sé beartaithe na hearraí a chur ar an margadh Aonair. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an chosaint um chearta maoine intleachtúla dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim mar a chéile do gach ceart maoine intleachtúla agus do gach earra atá faoi mhaoirseacht agus rialú custaim. Níl nuashonrú déanta ag an gCoimisiún ar gach dlí substainteach maoine intleachtúla de chuid an Aontais a theastaíonn chun a chinntiú go gcaithfear go cothrom le cearta maoine intleachtúla AE ar fad.
78 Níl feidhm ag an Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim maidir le hearraí neamhthráchtála atá i mbagáiste pearsanta an taistealaí (Airteagal 1(4)). Is faoi gach Ballstát atá sé léirmhíniú a thabhairt ar “earraí neamhthráchtála”. Thugamar faoi deara léirmhínithe éagsúla sna Ballstáit roghnaithe, agus cosaint mhíchothrom CMI mar thoradh air.
Gan aon straitéis chomhchoiteann bainistíochta agus rialaithe riosca CMI ann
79 De réir an Cód Custaim an Aontais, féadfaidh údaráis chustaim aon rialuithe is gá a dhéanamh ar earraí a thagann ó thíortha lasmuigh den Aontas agus a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Ní mór do na rialuithe seo a bheith comhréireach agus a chur i gcrích de réir critéar anailíse riosca. Thugamar faoi deara, áfach, nár fhorbair an Coimisiún comhchreat bainistíochta riosca CMI, straitéis rialaithe custaim an AE maidir le sáruithe CMI, nó próifílí riosca CMI. Ina theannta sin, fuaireamar, as na cúig Bhallstát roghnaithe, gur ag an bhFrainc amháin a bhí raibh straitéis náisiúnta bainistíochta riosca CMI nó straitéis rialaithe maidir le sáruithe CMI.
Cleachtais éagsúla san Aontas Eorpach chun earraí góchumtha a scriosadh
80 Faoin nós imeachta caighdeánach, de réir an Rialacháin27, nuair a thagann amhras chun cinn le linn rialú custaim go bhféadfadh na hearraí a bheith góchumtha, seoltar fógra chuig sealbhóir an chinnidh (sealbhóir cirt) agus chuig sealbhóir na n-earraí (nó an dearbhóir). Bunaithe ar a bhfreagraí, atá le fáil laistigh de 10 lá oibre, déantar na coinníollacha maidir le scriosadh a sheiceáil. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha go léir, glactar an cinneadh maidir le scriosadh. Nuair nach bhfuil údar maith leis an amhras (nó mura bhfuil an sealbhóir cirt ag iarraidh beart a dhéanamh), scaoiltear na hearraí. Nuair a chuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí i gcoinne scriosadh, ní mór don sealbhóir cirt imeachtaí a thionscnamh trína ndéanfar a chinneadh má tá sárú tarlaithe.
81 Foráiltear leis an Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim freisin do nós imeachta simplithe chun coinsíneachtaí beaga poist nó luaschúiréara a scriosadh. Arna iarraidh sin ag sealbhóir an chinnidh lena ndeonaítear an t-iarratas, féadfar na hearraí a scriosadh le comhaontú sainráite nó toimhdithe dearbhóir aonair nó sealbhóir na n-earraí. Le linn na tréimhse iniúchta, d’úsáid 23 Bhallstát an nós imeachta coinsíneachtaí beaga, arb ionann é agus 85 % de na Ballstáit. Ina theannta sin, níor bhain dhá Bhallstát eile úsáid as nós imeachta coinsíneachtaí beaga, ach cuireadh i bhfeidhm iad laistigh dá nós imeachta coiriúil náisiúnta. Níor bhain dhá Bhallstát úsáid as an nós imeachta coinsíneachtaí beaga nó nós imeachta inchomparáide i gcaitheamh na tréimhse faoi iniúchóireacht. De réir cuid de na Ballstáit roghnaithe, tá an sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga sa Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim ró-shriantach i gcomhthéacs méideanna méadaithe ríomhthráchtála, rud atá ag cur bac ar fhorfheidhmiú custaim CMI.
82 Úsáideann ceann de na Ballstát a roghnaíodh nós imeachta sonrach urghabhála, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin, in ionad an nós imeachta coinsíneachtaí beaga. I gcás coinsíneachtaí beaga, is uirlis an-éifeachtach agus tapa é an nós imeachta urghabhála chun earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad CMI a tharraingt siar ón margadh. Ní éilítear na costais a éiríonn as an nós imeachta urghabhála ó na sealbhóirí cirt, ach íocann na húdaráis chustaim iad.
83 Soláthraíonn an Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim forálacha roghnacha maidir le costais don scriosadh, rud a chruthaigh cleachtais éagsúla san Aontas. De réir Thuarascáil an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an rialacháin thuasluaite, iarrann timpeall 85% de na Ballstáit ar shealbhóir an chinnidh an costas don scriosadh a íoc faoin nós imeachta caighdeánach. Iarrann timpeall 46% de na Ballstáit ar shealbhóir an chinnidh costas an scriosta a íoc faoi na nósanna imeachta coinsíneachta caighdeánacha agus beaga. Tá dhá Bhallstát ann a sheasann na costais do stóráil agus scriosadh earraí a thabhaíonn a ngníomhaíochtaí sa nós imeachta caighdeánach faoin Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim. Gníomhaíonn roinnt Ballstát ar bhonnad hoc maidir le costais scriosta faoin nós imeachta coinsíneachta beag.
84 Is féidir le costais don scriosadh agus do stóráil a bheith an-ard, mar sin d’fhéadfadh sé go mbeadh leisce ar shealbhóirí cirt beart a ghlacadh. Ina theannta sin, teastaíonn cóireáil chostasach agus trealamh ar leith chun earraí guaiseacha a scriosadh (e.g. gás cuisneáin nó lotnaidicídí), nach bhfuil ar fáil i ngach Ballstát, fiú más mian leis an sealbhóir cirt íoc as. I roinnt tíortha neamh-AE, cosúil leis na Stáit Aontaithe, íocann an rialtas cónaidhme na costais don scriosadh trí chiste, arna mhaoiniú le fíneálacha agus le forghéilleadh sócmhainní le haghaidh sáruithe CMI. Fágann inathraitheacht na gcleachtas ar fud na mBallstát maidir leis na costais do scriosadh go gcaitear ar bhealaí éagsúla le sealbhóirí cirt.
Gan aon chreat comhchuibhithe ann maidir le pionóis agus smachtbhannaí ar sháruithe CMI
85 Féadfaidh údaráis chustaim pionóis a thabhairt isteach do shealbhóirí an chinnidh.
86 Foráiltear le dlíthe custaim náisiúnta freisin do phionóis chustaim don dearbhóir agus do shealbhóir na n-earraí agus / nó a ionadaí. Ní dhéantar na smachtbhannaí maidir le sáruithe ar dhlíthe substainteacha maoine intleachtúla a chomhchuibhiú sna Ballstáit.
87 I roinnt Ballstát, níl pionóis as sáruithe ar dhlíthe substainteacha maoine intleachtúla agus dlíthe custaim náisiúnta sách athchomhairleach agus d’fhéadfadh siad a bheith ina ndreasacht chun atreorú trádála.
Cleachtais éagsúla chun sáruithe CMI a thuairisciú
88 Toisc nach bhfuil aon chreat ama leagtha síos sa Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim chun coinneáil a thuairisciú sa Chóras Faisnéise Frith-Ghóchumtha agus Frith-Phíoráideachta uile-Aontais (COPIS), tá cleachtais éagsúla ag na Ballstáit.
89 Cuireann comhéadan roinnte idir COPIS agus AFIS (Córas Faisnéise Frith-Chalaoise OLAF) ar chumas aistriú go huathoibríoch sonraí sáraithe IPR ó COPIS go Córas Faisnéise Custaim OLAF le haghaidh coinneálacha IPR (CIS). Mar sin féin, ní iontrálann formhór mór na mBallstát sonraí i CIS (níor aistrigh ach naoi mBallstát faisnéis chuig CIS, arb ionann iad agus 9% de chásanna COPIS). Dá bhrí sin, cé go bhfuil an sásra i bhfeidhm, níl na Ballstáit á úsáid den chuid is mó.
90 Níl aon uirlis chothrománach shonrach ann chun faisnéis faoi fhorfheidhmiú CMI a mhalartú leis na húdaráis ábhartha i dtíortha lasmuigh den Aontas. Níor ghlac an Coimisiún riamh le gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe praiticiúla riachtanacha maidir le malartú sonraí agus faisnéise le tíortha nach tíortha den AE iad.
Tá easnaimh i rialuithe custaim na mBallstát
91 Ceanglaítear leis an Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim go mbeidh na húdaráis chustaim náisiúnta comhsheasmhach sa chaoi a ndéanann siad rialuithe forfheidhmithe CMI agus tuairisciú ar choinneáil earraí.
92 Scrúdaíomar cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim sna cúig Bhallstát roghnaithe trí anailís, athbhreithniú agus tástáil a dhéanamh ar phríomhchodanna na gcóras agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. Áiríodh leis seo sampláil randamach ar iarratais ar ghníomhaíocht (AFAnna) agus coinneálacha a tuairiscíodh in COPIS. Ar an iomlán, bhí uirlisí iomchuí anailíse riosca ag na Ballstáit roghnaithe agus bhí próiseáil AFAanna agus forfheidhmiú caingne custaim ar earraí a sháraigh IPR sásúil. Fuaireamar na teorainneacha seo a leanas, áfach, maidir le cur chun feidhme na rialuithe custaim:
ghlac ceithre Bhallstát le tairseacha idirghabhála a d’iontráil sealbhóirí cirt sna AFAnna nach raibh sonraithe sa Rialachán maidir leis an bhForghníomhú a dhéanann Údaráis Chustaim28;
bhí laigí comhlíontachta maidir le spriocdhátaí fógra do shealbhóirí/iarratasóirí ar chinntí agus dearbhóirí/sealbhóirí earraí i dtrí Bhallstát;
bhí dhá Bhallstát ann nár úsáid comhéadan COPIS-AFIS (CIS+); agus
d’fhorbair na Ballstáit cleachtais agus frámaí ama éagsúla le haghaidh tuairiscithe.
93 Bíonn tionchar ag cur i bhfeidhm neamh-aonfhoirmeach IPRED agus teorainneacha i gcur i bhfeidhm rialuithe forfheidhmithe custaim CMI sna Ballstáit ar fhorfheidhmiú an Aontais um chearta maoine intleachtúla agus ar an gcomhrac i gcoinne góchumtha. Measaimid go bhfuil éagsúlachtaí i gcosaint CMInna san Aontas ag brath ar áit an allmhairithe. Dá bhrí sin, tá an baol ann go ndéanfaidh calaoiseoirí agus góchumadóirí atreorú trádála chun áiteanna san Aontas a roghnú nach bhfuil rialuithe agus smachtbhannaí chomh dian sin iontu.
Conclúidí agus moltaí
94 Is é ár gconclúid fhoriomlán ná go bhfuil creat an Aontais chun cearta maoine intleachtúla a chosaint fónta agus stóinseach go ginearálta, cé go bhfuil easnaimh fós ann. Déanaimid moltaí chun feabhas a chur ar chreat rialála CMI, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
95 Bhí sé mar aidhm ag an Treoir um Dearaí dlíthe cosanta dearaidh na mBallstát a ailíniú chun córas dearaí AE a chruthú. Éilíonn sé sin creat dlíthiúil iomlán agus cothrom le dáta, a ailíníonn forálacha an rialacháin agus na treorach maidir le dearaí. Mar sin féin, d’aimsíomar difríochtaí idir dearaí AE agus córais náisiúnta maidir leis na próisis iarratais, scrúdaithe agus foilsithe. Ina theannta sin, fuaireamar amach nach bhfuil aon chreat dlíthiúil ann chun táirgí neamhthalmhaíochta a chosaint (féach míreanna 26-35 agus 46-47).
96 Tá creat forfheidhmithe an Aontais um chearta maoine intleachtúla i bhfeidhm agus ag obair i gceart. Fuaireamar amach go bhfuil roinnt easnamh sa chreat sin agus i gcur chun feidhme an chreata sin, áfach, amhail na Ballstáit a ghlacann le tairseacha idirghabhála nach sonraítear sa rialachán agus an sainmhíniú srianta ar choinsíneachtaí beaga (féach míreanna 76-78, 81 agus 92).
Moladh 1 – Creataí rialála CMI an Aontais a chomhlánú agus a nuashonrú
Ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha a dhéanamh chun:
foráil a dhéanamh chun chosaint a thabhairt do thásca geografacha le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta; agus
cosaint forfheidhmithe trádmhairc an Aontais a leathnú chuig gach ceart maoine intleachtúla AE, tairseacha idirghabhála a thabhairt isteach, agus an sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga a mhéadú.
Fráma Ama: deireadh 2025
97 Thángamar ar an gconclúid nach bhfuil modheolaíocht shoiléir ann chun táillí AE a chinneadh, agus go mbeidh leibhéal ard táillí mar thoradh air, rud a tháirgeann barrachais carntha. Ina theannta sin, d’aimsíomar easnaimh sa reachtaíocht maidir le creat rialachais agus cuntasachta EUIPO (féach míreanna 19-25 agus 36-41).
Moladh 2 – Measúnú a dhéanamh ar na socruithe rialachais agus modheolaíocht rialachais chun táillí a chinneadh
Ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs a mheastóireachta (faoi Airteagal 210 EUTMR) maidir le tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht EUIPO agus a chleachtais oibre, measúnú a dhéanamh ar na socruithe rialachais agus ar an easpa modheolaíochta soiléire chun táillí a chinneadh, mar a sainaithníodh sa tuarascáil seo.
Fráma Ama: deireadh 2025
98 Measaimid gur chuir EUIPO a chúraimí sannta i bhfeidhm maidir le trádmharcanna agus dearaí AE a riaradh agus a chur chun cinn. Dá réir sin, rannchuidigh sé go maith le trádmharcanna agus dearaí AE a chosaint (féach mír 48).
99 D’fhorbair EUIPO córas comhair leis na Ballstáit, chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn trí na tionscadail atá san áireamh sna Comhaontuithe Comhair. Fuaireamar amach go bhfuil easpa treoraíochta ann maidir leis an modheolaíocht chun cnapshuimeanna a ríomh, áfach, chomh maith leis an tsaincheist maidir le costais reatha agus éagsúlachtaí idir na Ballstáit (féach míreanna 54-59).
Moladh 3 – Córais mhaoinithe, rialaithe agus mheastóireachta a fheabhsú
Ba cheart do EUIPO na nithe seo a leanas a sholáthar:
modheolaíocht fhónta chun cnapshuimeanna a ríomh;
údar ceart le costais reatha bhunachar sonraí poiblí an Aontais do thrádmharcanna agus dearaí AE; agus
córais mheastóireachta na dTionscadal Comhair Eorpach a fheabhsú.
Fráma Ama: deireadh 2023
100 Tá saincheisteanna cláraithe agus rialaithe fós ann maidir le cur i bhfeidhm an chreata táisc gheografaigh. Measaimid go gcruthaíonn an próiseas chun tásc geografach a fhormheas constaic gan ghá ar tháirgeoirí ar mian leo clárú, toisc go bhfuil sé an-fhada. Ina theannta sin, tá costais agus oibleagáidí comhlíontachta níos airde ag roinnt táirgeoirí ná mar atá ag táirgeoirí eile mar gheall ar an gcaoi a gcaitear a bhealaí difriúla le táirgeoirí tásca geografacha éagsúla i mBallstáit éagsúla (féach míreanna 60-68).
Moladh 4 – Córais táisc gheografaigh an Aontais a fheabhsú
Ba cheart don Choimisiún iarratais ar thásc geografach a anailísiú agus a chlárú go tráthúil agus treoirlínte oifigiúla a sholáthar do Bhallstáit maidir le rialuithe um tásca geografacha.
Fráma Ama: deireadh 2025
101 Bíonn drochthionchar ag cur chun feidhme neamh-aonfhoirmeach an IPRED agus teorainneacha rialuithe forfheidhmithe custaim IPR sna Ballstáit ar fhorfheidhmiú agus ar an gcomhrac i gcoinne góchumtha. Measaimid go bhfuil éagsúlachtaí i gcosaint CMInna san Aontas ag brath ar an áite allmhairithe agus tá cleachtais éagsúla ann laistigh den Aontas chun earraí góchumtha a scriosadh. B’amhlaidh a bhí do choinsíneachtaí beaga agus do tháirgí guaiseacha (féach míreanna 72, 74, 79-84 agus 88-93).
Moladh 5 – An creat forfheidhmithe CMI a fheabhsú
Ba chóir don Choimisiún:
straitéis rialaithe a bhunú bunaithe ar bhainistíocht riosca CMI;
faireachán níos fearr a dhéanamh ar IPRED agus ar fhorfheidhmiú custaim sna Ballstáit; agus
gníomhaíochtaí tuairiscithe a chaighdeánú.
Fráma ama: deireadh 2023
Is é Seomra IV, faoi cheannas Mihails Kozlovs, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, a ghlac an tuarascáil seo i Lucsamburg an 15 Márta 2022.
Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh
Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 ag forlíonadh Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/626 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1431
Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2002 maidir leis na táillí is iníoctha leis an Oifig Comhchuibhithe sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) maidir le dearaí Comhphobail a chlárú
Creat rialála AE maidir le Tásca Geografacha
Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 992/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle
Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008
Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásca geografacha tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh. 1601/91
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus speisialtachtaí traidisiúnta arna ráthú agus maidir le rialacha áirithe maidir le seachfhoinsiú, rialacha nós imeachta áirithe agus rialacha idirthréimhseacha breise
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair
Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint ar ainmniúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, clár na n-ainmneacha cosanta, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas iomchuí seiceálacha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta agóide, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/198 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú an chláir de thásca geografacha a chosnaítear in earnáil na dtáirgí fíona cumhraithe agus liostú na dtásc geografach atá ann cheana sa chlár sin
Creat Forfheidhmithe CMI an Aontais
Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2013 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2013 lena mbunaítear na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú)
Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú
Rialachán Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú “An Bhruiséil I”)
Rialachán Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I)
Rialachán Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh II)
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach)
Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach – Téacs atá ábhartha maidir le LEE
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (Rialachán um Rialuithe Oifigiúla)
Iarscríbhinn II – Reachtaíocht náisiúnta a dhéanann an Treoir maidir le Trádmharcanna a thrasuí
Reachtaíocht náisiúnta
An Fhrainc
Dlí 92-597 Cód Maoine Intleachtúla arna leasú an uair dheireanach le hOrdú 2019-1169 an 13 Samhain 2019 agus le Foraithne 2019-1316, an 9 Nollaig 2019. Daingníodh an tOrdú le Dlí 220-1558 an 3 Nollaig 2020
An Ghréig
Dlí 4679/2020 maidir le trádmharcanna
An Ungáir
Acht XI 1997 maidir le trádmharcanna agus tásca geografacha a chosaint, a leasaíodh an uair dheireanach le héifeacht ón 1 Eanáir 2019
An Liotuáin
Dlí Trádmharcanna Phoblacht na Liotuáine, a leasaíodh an uair dheireanach le héifeacht ón 1 Eanáir 2019
An Rómáin
Dlí 84/1996 maidir le trádmharcanna agus tásca geografacha athfhoilsithe i Meán Fómhair 2020 de bhua Airteagal IV de Dhlí 112/2020
Iarscríbhinn III – Trádmharcanna: Teorainneacha ama riaracháin na mBallstát
Spriocdháta (míonna)
Gníomh
An Fhrainc (INPI)
Láithreach
Táille an iarratais a íoc, ó dháta comhdaithe an iarratais
4 seachtaine
An chéad fhoilseachán, ón dáta comhdaithe (tús an dáta le haghaidh breathnuithe agus agóidí)
4
Scrúdú ar fhoirmiúlachtaí agus ar fhorais dhaingne don diúltú, ón dáta comhdaithe
4
Clárú agus an dara foilseachán, tar éis an chéad fhoilseacháin (mura bhfuil ceartúcháin, nótaí tráchta, barúlacha nó agóidí ann)
6
Fógra INPI, ó dháta an chomhdaithe (ag iarraidh ceartúcháin nó nótaí tráchta, más gá)
1-3
Iarraidh ar athbhreithniú ar chinneadh an INPI, óna ghlacadh
45 lá
Ceartú nó nótaí tráchta, ó ghlacadh an fhógra INPI
An Ghréig (GDT)
30/60/90 lá
Barúil a chomhdú ar agóidí an scrúdaitheora (60 lá d’eachtrannaigh agus 90 lá d’iarratais idirnáisiúnta)
60/90 lá
Achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh diúltach deiridh an scrúdaitheora os comhair an Choiste Riaracháin um Thrádmharcanna (90 lá d’eachtrannaigh)
3
Ó fhoilsiú cinneadh deiridh an scrúdaitheora go clárú (mura bhfuil aon agóid déanta in aghaidh chinneadh deiridh an scrúdaitheora)
3
Agóid a chomhdú os comhair an Choiste Riaracháin um Thrádmharcanna tar éis fhoilsiú an chinnidh formheasta.
3
Ó fhoilsiú cinneadh formheasta deiridh an scrúdaitheora go clárú (mura bhfuil aon agóid déanta in aghaidh chinneadh deiridh an scrúdaitheora)
Gan teorainn
Achomharc a dhéanamh ar fhoilsiú chlárú an trádmhairc os comhair an Choiste Riaracháin um Thrádmharcanna
60 lá/ 90 lá
Achomharc a dhéanamh in aghaidh aon Chinneadh ón gCoiste Riaracháin um Thrádmharcanna os comhair na gCúirteanna sa Ghréig (90 lá d’eachtrannaigh)
An Ungáir (HIPO)
10 lá oibre
Dáta comhdaithe a chomhaontú, ó theacht an chomhaid chuig an scrúdaitheoir
1
Táille an iarratais a íoc, ó dháta comhdaithe an iarratais
1
Iarraidh ar nós imeachta luathaithe, ó dháta comhdaithe an iarratais
1
An táille ar nós imeachta luathaithe a íoc, ó dháta na hiarrata
2
Éileamh tosaíochta, ó dháta comhdaithe an iarratais
4
Liosta earraí nó seirbhísí dréachtaithe san Ungáiris, ó dháta comhdaithe an iarratais
30 lá
Scrúdú ar fhoirmiúlachtaí, ó dheireadh an spriocdháta chun an táille comhdaithe a íoc
30 lá
Doiciméid nó dearbhú atá in easnamh a chur isteach, ó tráth a fhaigheann HIPO an iarraidh
30 lá
Scrúdú ar fhorais iomlána le diúltú, ó dheireadh na foirmiúlachtaí a scrúdú
5 lá oibre
Cuardach le haghaidh ceart níos luaithe (tuarascáil chuardaigh), ó dheireadh an scrúdaithe ar fhorais iomlána
15 lá ar a laghad
Fógra, tar éis an tuarascáil chuardaigh a bheith seolta chuig an iarratasóir
3 mhí ar a laghad
Clárú, tar éis an fhógra (tréimhse na hagóide)
Gan teorainn
Barúil, tráth ar bith sna himeachtaí.
3
Agóid, ón bhfógra
30 lá
Iarratas ar leasú, ó fuarthas an cinneadh
Gan teorainn
Iarraidh ar neamhbhailíocht nó foirceannadh a bhunú, tráth ar bith tar éis an chláraithe
An Liotuáin (SPB)
1
Scrúdú foirmiúil chun an lá comhdaithe a dhearbhú
1-3
Litir easnaimh ag brath ar an gcineál easnaimh a fhreagairt
1
Freagra ar bharúil
2
Iarraidh ar athscrúdú, ón gcinneadh iarratas a dhiúltú
2
Achomharc a chomhdú, tar éis an chinnidh iarratas a dhiúltú
3
Achomharc a chomhdú i gcoinne chinneadh an Rannáin Achomhairc chuig cúirt réigiúnach Vilnias
3
Agóid a chomhdú, ó dháta foilsithe an iarratais ar thrádmharcanna
5 lá
Scrúdú práinneach ar an iarratas tar éis iarratas a fháil ón iarratasóir
2-12
Tréimhse le haghaidh socrú síochánta
An Rómáin (OSIM)
Iarratas ar chlárú (go dtí Iúil 2020)
6
mura bhfuil aon agóid nó fógra maidir le diúltú sealadach ag an iarratas
13
má eisíodh an t-iarratas le haghaidh fógra maidir le diúltú sealadach
24
más rud é gur comhdaíodh agóid in aghaidh an iarratais
24
má comhdaíodh agóid in aghaidh an iarratais agus gur eisíodh fógra maidir le diúltú sealadach dó
Iarratas ar chlárú (ó Iúil 2020)
6
mura bhfuil aon agóid déanta in aghaidh an iarratais ná fógra faoi dhiúltú sealadach
13
más rud é gur eisíodh fógra faoi dhiúltú sealadach don iarratas
24
má comhdaíodh agóid in aghaidh an iarratais (agus gur eisíodh fógra faoi dhiúltú sealadach)
Achomhairc (go dtí Iúil 2020)
30 lá
chun an t-achomharc a chomhdú ó fhoilsiú / chumarsáid an chinnidh diúltaithe / ligean isteach páirteach
Gan aon teorainn ama
chun deireadh a chur leis an nós imeachta
30 lá
Cinneadh an BoA a chur in iúl (ón dáta a fhógraítear an cinneadh)
Achomhairc (Iúil 2020)
30 lá
chun an t-achomharc a chomhdú ó fhoilsiú / chumarsáid an chinnidh diúltaithe / ligean isteach páirteach
Gan aon teorainn ama
chun deireadh a chur leis an nós imeachta
3
Cinneadh an BoA a chur in iúl (ón dáta a fhógraítear an cinneadh)
Iarscríbhinn IV – Reachtaíocht náisiúnta a dhéanann an Treoir maidir le dearaí AE a thrasuí
Reachtaíocht náisiúnta
An Fhrainc
Cód Maoine Intleachtúla
An Ghréig
Foraithne an Uachtaráin 259/1997 arna leasú le Foraithne an Uachtaráin 161/2002
An Ungáir
Acht XLVIII de 2001 ar Chosaint Dlíthiúil Dearaí
Foraithne 19/2001. (XI. 29.) IM (an tAire Dlí agus Cirt) maidir le riachtanais fhoirmiúla mhionsonraithe na n-iarratas ar chosaint dearaidh.
An Liotuáin
Dlí Dearaidh (2002)
An Rómáin
Dlí 129/1992 maidir le dearaí a chosaint agus Cinneadh 211/2008 ón Rialtas, an Rialachán Chur Chun Feidhme le haghaidh Dlí 129/1992
Iarscríbhinn V – Dearaí: Teorainneacha ama riaracháin na mBallstát
Teorainneacha ama (míonna)
Gníomh
An Fhrainc (INPI)
6
Cinneadh faoi chosaint a dheonú nó a dhiúltú, ón dáta comhdaithe
1-3
Spriocdháta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh, ón dáta seachadta
An Ghréig (OBI)
2-4
An t-iarratas a chomhdú, go dtí aon easnamh a chomhlánú nó aon earráidí a cheartú (litir na n-easnamh)
6
An t-iarratas a chomhdú, go dtí foilsiú an iarratais (go praiticiúil)
6.5
An t-iarratas a chomhdú, go dtí clárú agus deimhniú a eisiúint (go praiticiúil)
7.5
An t-iarratas a chomhdú, go dtí foilsiú an chlárúcháin (go praiticiúil)
I gcás foilseacháin a iarchur
2
An t-iarratas a chomhdú leis an iarraidh ar iarchur, go dtí aon easnamh a chomhlánú nó aon earráidí a cheartú (litir na n-easnamh)
Suas go 8
An t-iarratas a chomhdú leis an iarraidh ar iarchur, go dtí go bhfoilseofar an t-iarratas go hiomlán
An Ungáir (HIPO)
2
Táille an iarratais a íoc, ó dháta comhdaithe an iarratais
30 lá
Scrúdú foirmiúil (ó íocaíocht agus iontráil i gcuntais na táille)
2
Más gá, neamhrialtachtaí a cheartú
Gan teorainn
Scrúdú substaintiúil agus cuardach nuachta
2
Más gá, teorainn ama chun ráiteas a chur isteach
Gan teorainn
Cinneadh ar cheart cosaint a dheonú nó a dhiúltú
30 lá
Teorainn ama chun iarratas a chur isteach chun an cinneadh a leasú, ón dáta a fuarthas é
Gan teorainn
Dearadh a chlárú, agus doiciméad agus sliocht a sheoladh ón gclár don dearadh
An Liotuáin (SPB)
1
Táille iarratais a íoc, ó lá comhdaithe an iarratais
6
Teorainn ama tosaíochta, ó chéad dháta comhdaithe an iarratais
3
Doiciméid tosaíochta a chur i láthair, ó dháta comhdaithe an iarratais
5
Iarraidh ar fhoilsiú níos luaithe, ó dháta comhdaithe an iarratais
30
Iarraidh ar fhoilsiú a chur siar, ó dháta comhdaithe an iarratais
1
Freagra ar litir easnaimh
3
Iarraidh ar athscrúdú, ón gcinneadh clárú a dhiúltú
6
Foilsiú an dearaidh mura iarradh foilsiú nó iarchur foilsithe níos luaithe
3
Táille cláraithe dearaidh agus foilsithe a íoc
3
Achomharc a chomhdú, tar éis an chinnidh clárú a dhiúltú
6
Achomharc a chomhdú i gcoinne chinneadh an Rannáin Achomhairc chuig cúirt réigiúnach Vilnias
An Rómáin (OSIM)
Iarratas ar chlárú
6
mura bhfuil aon agóid déanta in aghaidh an iarratais
18
más rud é gur comhdaíodh agóid in aghaidh an iarratais
Achomhairc
30 lá
chun an t-achomharc a chomhdú ó chur in iúl an chinnidh diúltaithe / ligean isteach páirteach
Gan teorainn
chun deireadh a chur leis an nós imeachta
30 lá
Cinneadh an BoA a chur in iúl (ó dháta an chinnidh)
Iarscríbhinn VI – Dearaí na mBallstát - Táillí agus struchtúr na dtáillí (an 1 Eanáir 2021)
AN FHRAINC (INPI)
in euro
Taisce:
comhdú an chomhaid iarratais ar chlárú
39
forlíonadh trí atáirgeadh arna thaisceadh i ndubh agus bán
23
forlíonadh trí atáirgeadh arna thaisceadh i ndath
47
Leathnú na cosanta: síneadh (trí thaisce)
52
Rialtú, ceartú earráide ábhartha, iarraidh ar fhógra caite
78
Clárú agus cosaint nó leathnú cosanta don imchlúdach speisialta
15
AN GHRÉIG-OBI
Táille comhdaithe agus cláraithe do dhearadh nó do shamhail
100
Táille chlárúcháin fhorlíontach chun níos mó ná dearadh nó samhail amháin a thaisceadh in éineacht (suas le 50 dearadh nó samhail)
10 (do gach dearadh nó samhail bhreise)
Táille foilseacháin dearaidh nó samhail
30
Táille foilseacháin fhorlíontach chun níos mó ná dearadh nó samhail amháin a thaisceadh in éineacht (suas le 50 dearadh nó samhail)
10 (do gach dearadh nó samhail bhreise)
Táille foilseacháin iarchurtha do dhearadh nó samhail
30
Táille foilseacháin iarchurtha forlíontach chun níos mó ná dearadh nó samhail amháin a thaisceadh in éineacht (suas le 50 dearadh nó samhail)
10 (do gach dearadh nó samhail bhreise)
Táille chun tascanna, ceadúnais, modhnuithe eile ar chearta nó athrú in ainm corparáideach nó stádas dlíthiúil dílseánach na samhla nó an dearaidh a chlárú
100
Táille cosanta 5 bliana do dhearaí agus do shamhlacha tionsclaíocha
Táille cosanta don chéad tréimhse de 5 bliana
0
Táille athnuachana don dara tréimhse de 5 bliana
100
Táille athnuachana don tríú tréimhse de 5 bliana
150
Táille athnuachana don cheathrú tréimhse de 5 bliana
200
Táille athnuachana don chúigiú tréimhse de 5 bliana
250
Táillí ginearálta
Táille le haghaidh teastais tosaíochta arna n-eisiúint ag OBI le haghaidh teidil cosanta tionscail
50
Táille as teastais eile arna n-eisiúint ag OBI
20
Táille ceannaigh don Fheasachán Maoine Tionscail ar dhlúthdhiosca (CD):
Praghas Imleabhar A’ & B’ in aghaidh an diosca
2
Síntiús bliantúil Intíre don dá Imleabhar (A’ & B’)
22
Síntiús bliantúil Coigríche don dá imleabhar (A’ & B’)
44
Táille do chóipeanna de theidil maoine tionsclaíche
Gnáthchóipeanna – Don 21ú leathanach agus do gach leathanach ina dhiaidh sin
0
Cóipeanna deimhnithe
20
Don 21ú leathanach agus do gach leathanach ina dhiaidh sin
0.2
Teidil choigríche (ordaithe ó thar lear)
1.00 (in aghaidh an leathanaigh)
Táille tuarascála réamhchuardaigh (torthaí do suas le 60 iontráil / teideal)
60
Táille tuarascála réamhchuardaigh (le haghaidh torthaí a sháraíonn na 60 iontráil / teideal)
2 (do gach iontráil / teideal breise)
Táille le haghaidh tuairim OBI
Socraithe ag Bord Stiúrthóirí OBI ar bhonn cás ar chás
Táille de réir CDM 11970 / B0012
1 000
AN UNGÁIR (HIPO)
Suim más fíor faoin iarratasóir agus an dearthóir
nach é an duine céanna atá i gceist
gurb é an duine céanna atá i gceist
1. Táille comhdaithe
90
22
móide do gach dearadh breise (uasmhéid 50 san áireamh san iarratas céanna)
18
4
2. Táille d’iarraidh ar leasú
0
0
don chéad iarraidh
15
15
don dara hiarraidh
26
26
don iarraidh bhreise
49
49
3. Iarraidh go ndéanfaí an teorainn ama a bhaineann le gníomhaíocht a fhadú
0
0
don chéad iarraidh
15
15
don dara hiarraidh
26
26
don iarraidh bhreise
49
49
4. Táille le haghaidh iarraidh ar iarratas dearaidh a roinnt nó cosaint dearaí do gach iarratas nó cosaint a leanann as.
90
90
5. Táille chun comharbas teidil a thaifeadadh
46
46
má fhaigheann dearthóir dearadh seirbhíse an ceart
10
10
6. Táille chun ceart gealltanais nó comhaontú ceadúnais a thaifeadadh, do gach cás
46
46
7. Táille chun iarraidh ar chosaint dearaidh a athnuachan nó a athnuachan go páirteach
0
0
don chéad athnuachan
179
90
don dara hathnuachan
239
120
don tríú athnuachan
300
150
don cheathrú athnuachan
448
224
8. Táille chun iarraidh ar chosaint dearaidh a chur ó bhail
394
394
9. Táille d’iarraidh ar chinneadh maidir le heaspa sáraithe
394
394
10. Táille chun cur i bhfeidhm idirnáisiúnta nó CD a tharchur
30
30
AN LIOTUÁIN (SPB)
* 1. Táille comhdhaithe
69
1.1 táille don 11ú dearadh agus gach dearadh ina dhiaidh sin
26
* 2. Táille maidir le clárú agus d’fhoilsiú an dearaidh
69
3. Clárú an dearaidh a athnuachan:
3.1 don athnuachan sa dara tréimhse
86
3.2 don athnuachan sa tríú tréimhse
115
3.3 don athnuachan sa cheathrú tréimhse
144
3.4 don athnuachan sa chúigiú tréimhse
173
4. Táille maidir le hathruithe a bhreacadh sa Chlár um Dhearaí
34
5. Táille maidir le hachomharc
34
6. Táille agóide
92
7. Táille maidir le cearta aistrithe
115
8. Táille maidir le ceadúnas a chlárú
28
9. Táille maidir le hasbhaint ón gClár um Dhearaí
34
10. Táille maidir le cóip dheimhnithe d’iarratas; doiciméad tosaíochta
23
11. Táille maidir le cóip a dhéanamh de dheimhniú dearaidh
34
12. Táille maidir le hiarratas ar dhearadh AE a chur ar aghaidh
28
13. Táille maidir le síneadh a chur leis an tréimhse
23
14. Táille maidir le hathchromadh
34
* Do dhaoine nádúrtha, beidh laghdú 50 % ar mhéid na dtáillí chun dearadh cláraithe iarratais a chomhdú.
AN RÓMÁIN (OSIM)
An t-iarratas a chlárú i gClár Náisiúnta na nIarratas arna gCur Isteach:
(a) don chéad dearadh
30
(b) do gach dearadh breise
10
Foilsiú an dearaidh:
(a) do gach fíor, i spás caighdeánach (6X6 cm), dubh agus bán
20
(b) do gach fíor, i spás caighdeánach (6X6 cm), i ndath
100
(c) do gnéithe sainiúla (30 focal ar an uasmhéid)
10
Iarchur an fhoilsithe
20
Tosaíocht a agairt
20
Scrúdú ar an iarratas ar chlárúchán:
(a) don chéad dearadh
50
(b) do gach dearadh breise
10
An deimhniú clárúcháin a eisiúint:
(a) do 1-20 dearadh/samhail
20
(b) do 21-50 dearadh/samhail
30
(c) do 51-100 dearadh/samhail
50
Cothabháil an teastais chlárúcháin i bhfeidhm do gach tréimhse cosanta 5 bliana:
(a) do 1-20 dearadh/samhail
100
(b) do 21-50 dearadh/samhail
125
(c) do 51-100 dearadh/samhail
150
An deimhniú athnuachana a eisiúint:
(a) do 1-20 dearadh/samhail
20
(b) do 21-50 dearadh/samhail
25
(c) do 51-100 dearadh/samhail
30
Athnuachan ar an deimhniú cláraithe do gach tréimhse 5 bliana:
(a) do 1-20 dearadh/samhail
100
(b) do 21-50 dearadh/samhail
125
(c) do 51-100 dearadh/samhail
150
An Teastas Tosaíochta a eisiúint
30
Achomharc a scrúdú
150
Scrúdú ar agóid in aghaidh clárú dearaidh
30
Deimhniú clárúcháin dearaidh a athbhailíochtú
100
Athruithe a chlárú ar staid dlí an iarratais nó an deimhnithe clárúcháin:
(a) cearta a tharchur
30
(b) athruithe ar ainm nó seoladh an iarrthóra/sealbhóra agus ghníomhaire
10
(c) na gníomhartha dá dtagraítear i mír (a) a fhoirceannadh
10
Doiciméid, teastais, dúbailtí, cóipeanna deimhnithe, sleachta ón gclár a eisiúint
10
An t-iarratas idirnáisiúnta ar chlárú / athnuachan a tharchur ó OSIM go OMPI:
(a) don chéad samhail
80
(b) do na samhlacha a thagann ina dhiaidh sin
20
An teorainn ama a leagtar síos sa Rialachán a shíneadh le tréimhse 30 lá
10
Iarscríbhinn VII – Na critéir a úsáideann EUIPO chun cnapshuimeanna a ríomh
Gníomhaíochtaí cur chun cinn. Tá an modh bunaithe ar chur chuige ar leith do gach NIPO trí thagairt a dhéanamh do shonraí deimhnithe nó iniúchta ar fhorghníomhú NIPO i dtaca le gníomhaíochtaí 2018. Rinneadh an meánmhéid a ríomh ag féachaint don mhéid iomlán a forghníomhaíodh in aghaidh na catagóire agus líon na ngníomhaíochtaí in aghaidh na catagóire a rinneadh in 2018. Sainmhínítear trí chatagóir: (1) Faisnéis agus comhairle a sholáthar; (2) Imeachtaí scaipthe; agus (3) Gníomhaíochtaí na faireachlainne: gníomhaíochtaí / imeachtaí feasachta agus forfheidhmithe.
Rátaí laethúla. Tá an modh bunaithe ar rátaí a sholáthraíonn gach NIPO chun an iarracht a bhaineann le tionscadail, gníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht na meithleacha i gcomhaontuithe comhair 2019 a chlúdach. Rinneadh meánráta in aghaidh an NIPO a ríomh ag féachaint do gach ráta ó gach próifíl inmheánach foirne a sholáthraíonn gach NIPO.
Daon-laethanta in aghaidh na ngníomhaíochtaí. Sa mhodh seo, úsáidtear meastachán ar an iarracht a theastaíonn, de réir mhéid chastacht gach gníomhaíochta agus na staire atá ar fáil ó fheidhmíocht na bliana roimhe sin. Is iad na hiarrachtaí riachtanacha: (1) Rannpháirtíocht na NIPOnna i ngrúpaí oibre – naoi ndaon-lá; (2) Seiceáil teanga tionscadail líonra comhoibritheach – 36 dhaon-lá; (3) Comhchleachtais a chothabháil – 30 daon-lá; agus (4) Tionscadal cásdlí na Faireachlainne- 20 daon-lá.
Iarscríbhinn VIII – Doiciméid Tacaíochta d’Iarratais maidir le Clárú do Thásc Geografach
Tá a phróiseas féin ag gach Ballstát le haghaidh grinnscrúdú den sórt sin agus tá na céimeanna agus na nósanna imeachta éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Ina theannta sin, déanann gach Ballstát cinneadh cibé an ngearrann sé táille ar na próisis chlárúcháin agus rialaithe, gan aon chur chuige comhchuibhithe ar an leibhéal AE. Trí ghníomhartha reachtacha éagsúla, tá rialacha comhchuibhithe bunaithe ag an gCoimisiún ar phróisis táisc gheografaigh, eadhon nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na n-agóidí in aghaidh tásc geografach, iarratais ar leasú agus cealú tásc geografach atá cláraithe cheana féin. Cuireann údaráis náisiúnta na hiarrataí ar chlárú táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis na cáipéisí tacaíochta seo a leanas:
dearbhú Ballstáit maidir le coinníollacha na scéime comhfhreagraí;
mionsonraí faoi aon ráitis agóide inghlactha a fuarthas sa chéim náisiúnta den phróiseas agóide;
mionsonraí faoi aon chosaint náisiúnta shealadach;
faisnéis faoi aon imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don nós imeachta clárúcháin (fíon agus biotáillí – 'riail Piadina'); agus
faisnéis faoin údarás inniúil agus, más féidir, faoin gcomhlacht rialaithe.
Iarscríbhinn IX – Tásc Geografach. Próiseas formheasta ar leibhéal an Choimisiúin
Tar éis dó na hiarratais a fháil, déanann an Coimisiún an méid seo a leanas:
scrúdaíonn sé an t-iarratas de réir Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, maidir le táirgí talmhaíochta agus earraí bia; Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, maidir le táirgí fíona; Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 787/2019, maidir le deochanna biotáilleacha; agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, maidir le fíonta cumhraithe, chun a mheas an gcomhlíonann sé nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais rialála;
iarrtar soiléirithe más gá ón mBallstát iarratach, laistigh de spriocdháta sé mhí ón dáta a fuarthas an t-iarratas (arna shíneadh, má tá soiléirithe breise ag teastáil);
má tá an grinnscrúdú dearfach, déantar an chéad fhoilseachán in Iris Oifigiúil AE, sraith C, a cheadaíonn agóidí ó pháirtithe leasmhara atá lonnaithe lasmuigh den Bhallstát iarratach laistigh de spriocdháta dhá mhí, d’earnáil an fhíona agus na bhfíonta cumhraithe, agus spriocdháta trí mhí, do táirgí talmhaíochta agus earraí bia agus deochanna biotáilleacha (le dhá mhí eile chun ráiteas agóide réasúnaithe a chur isteach);
mura bhfuil na hagóidí a fuarthas inghlactha nó má aistarraingítear iad ina dhiaidh sin, nó mura bhfaightear agóid, cláraítear an tásc geografach trí Rialachán a fhoilsítear in Iris Oifigiúil AE, sraith L;
má tá an grinnscrúdú diúltach, glacann an Coimisiún cinneadh diúltaithe (Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012, Airteagal 97(4) de Rialachán Uimh. 1308/2013, Airteagal 30(1) de Rialachán 2019/787). Ní mór don Choiste freagrach vótáil ar chinneadh den sórt sin.
Nuair a fhaightear agóid inghlactha, cuirtear tús le nós imeachta cairdiúil idir an t-iarratasóir agus an t-agóideoir / na hagóideoirí (trí mhí don phlé, agus síneadh féideartha de thrí mhí), as a dtiocfaidh na féidearthachtaí seo a leanas:
má thagtar ar chomhaontú idir na páirtithe, gan substaint an iarratais a mhodhnú, cláraítear an tásc geografach;
má thagtar ar chomhaontú lena mbaineann modhnú ar shubstaint an iarratais, athdhéantar an próiseas grinnscrúdaithe ón tús;
mura dtagtar ar aon chomhaontú, tá ceangal ar an gCoimisiún cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, bíodh sé dearfach nó diúltach, agus cuireann sé an Rialachán Chur Chun Feidhme faoi bhráid an Choiste Cáilíochta, arna bhunú ag na Ballstáit, lena fhormheas.
D’fhonn dúbailt na hanailíse ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus sa Choimisiún a sheachaint, déanann an Coimisiún grinnscrúdú ar iarratais a fuarthas chun a chinntiú go seasfar le dlí an Aontais, nach bhfuil aon earráidí follasacha ann, agus go gcuirtear san áireamh leasanna na bpáirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais. Go praiticiúil, is é an Doiciméad Aonair (lena n-áirítear achoimre ar na sonraíochtaí táirge agus na tréithe teicniúla) amháin a scrúdaíonn an Coimisiún.
Is é an Doiciméad Aonair an doiciméad atá beartaithe lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcás faofa. Nuair a shainaithníonn an Coimisiún neamhréireachtaí, earráidí nó téacs doiléir, seoltar ríomhphost chuig an mBallstát iarratasóra. Aistrítear an Doiciméad Aonair foilsithe go teangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Déantar na sonraíochtaí táirge (ag tabhairt mionsonraí ar na próisis theicniúla go léir a bhaineann le táirgeadh) a sheol na hiarratasóirí a dhréachtú i dteanga náisiúnta an iarratasóra.
Iarscríbhinn X – Iarratais ar Thásca Geografacha, 2017-2020
Ó 2017 go 2020, fuair an Coimisiún 211 iarratas ar chlárúchán AE de tháirgí atá cosanta ag tásc geografach. Chláraigh an Coimisiún 57 mar tháirgí táisc gheografaigh le linn na tréimhse lena mbaineann agus d’fhoilsigh sé 18 n-agóid. Bhí na 136 iarratas eile (64%) ag céimeanna éagsúla den anailís. Thóg anailís idir na 57 n-iarratas a cláraíodh idir naoi agus 49 mí, agus chuir an Coimisiún moill ar shaincheisteanna amhail an gá le doiciméid a aistriú, saincheisteanna TF agus laghdú ar líon na foirne.
Iarratais ar Thásca Geografacha, An Coimisiún 2017-2020
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
Roghnaíomar 22 iarratas ar chlárúcháin táisc gheografaigh AE sna Ballstáit ar tugadh cuairt orthu, ar raibh 14 acu sin curtha faoi bhráid an Choimisiúin agus ba iad na húdaráis náisiúnta a rinne anailís ar an gcuid eile. Cheadaigh an Coimisiún seacht n-iarratas, agus thóg an anailís 16 go 48 mí ón am ar cuireadh isteach iad. Maidir leis na seacht n-iarratas formheasta, thóg an tréimhse anailíse iomlán (lena n-áirítear grinnscrúdú náisiúnta tosaigh) idir 20 agus 56 mhí. Maidir le péire de na 14 iarratas, mhainnigh an Coimisiún an spriocdháta tosaigh de sé mhí a urramú29 le haghaidh anailíse agus ceisteanna chuig na Ballstáit ar iarrthóirí iad, rud a d’fhéadfadh dá réir sin moill a chur ar an bpróiseas clárúcháin táisc gheografaigh.
Iarratais ar leasú táisc gheografaigh, An Coimisiún 2017-2020
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
Roghnaíomar 22 iarratas chun tásca geografacha AE a cláraíodh roimhe seo sna Ballstáit ar tugadh cuairt orthu a leasú, ar cuireadh 18 gcinn faoi bhráid an Choimisiúin agus rinne na húdaráis náisiúnta anailís ar an gcuid eile. D'fhormheas an Coimisiún 11 iarratas, agus thóg sé trí go 48 mí ar an anailís ón am ar cuireadh isteach iad. Maidir leis na 11 iarratas formheasta, mhair an tréimhse anailíse iomlán (lena n-áirítear grinnscrúdú náisiúnta) idir sé agus 60 mí. Maidir le cúig cinn den 18 n-iarratas, níor chloígh an Coimisiún leis an spriocdháta tosaigh sé mhí le haghaidh anailíse agus ceisteanna a chur ar na Ballstáit iarratasóra, rud a d’fhéadfadh dá bhrí sin moill a chur ar an bpróiseas clárúcháin táisc gheografaigh.
Giorrúcháin
AFA: Iarratas ar Ghníomh
AFIS: Córas Faisnéise Frith-Chalaoise OLAF
AS AGRI: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
AS BUDG: Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid
AS GROW: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
AS SANTE: An Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteachta Bia
AS TAXUD: Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
BoA: An Bord Achomhairc
CA: Comhaontú Comhair
CFAE: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CMI: Ceart maoine intleachtúla
COPIS: Córas faisnéise frith-ghóchumtha agus frith-phíoráideachta uile Aontais
DSA: An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha
ECFE: An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
ECP: Tionscadal comhair Eorpach
EDT: An Eagraíocht Dhomhanda Trádála
EUIPO: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
EUROPOL: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí
FBM: Fiontar beag nó meánmhéide
HIPO: Oifig Maoine Intleachtúla na hUngáire
INPI: Institiúid Náisiúnta Maoine Tionscail na Fraince
IPRED: An Treoir maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú
KPI: Príomhtháscaire feidhmíochta
NIPO: Oifig náisiúnta maoine intleachtúla
OLAF: An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
OSIM: Oifig Stáit na Rómáine um Aireagáin agus Trádmharcanna
SPB: Biúró Paitinne Stáit na Liotuáine
Táscairí SMART: Táscairí sonracha, intomhaiste, indéanta, réalaíocha agus faoi cheangal ama
Gluais
Aicme: Catagóir fhoirmiúil trína sainítear na hearraí agus / nó na seirbhísí.
Clásal deisiúcháin: Tá sé mar aidhm aige an chosaint ar chodanna breise a úsáidtear chun táirge a dheisiú a theorannú. Is é an aidhm ná cosc a chur ar chruthú margaí gabhála i gcás ina bhfuil líon teoranta soláthraithe iomaíocha ann (e.g. gluaisteáin). Leis an léirscaoileadh in úsáid páirteanna spártha, ba cheart go mbeadh níos mó iomaíochta ann sa mhargadh iarchúraim, rud a chruthódh rogha níos mó agus thabharfadh praghsanna níos ísle do thomhaltóirí.
Coinsíneacht bheag: Coinsíneacht poist nó luaschúiréara, ina bhfuil trí aonad nó níos lú; nó a bhfuil meáchan comhlán níos lú ná 2 chileagram aige.
Dearadh: Cuma táirge a éiríonn as a ghnéithe ornáideacha nó aeistéitiúla a bhféadfadh gnéithe tríthoiseacha (an cruth nó an dromchla) nó gnéithe déthoiseacha (patrúin, línte nó dath) a bheith ann.
Dearbhóir: An duine a thaisceann dearbhú custaim ina ainm nó ina hainm féin nó an duine a dtaisctear dearbhú den sórt sin ina ainm nó ina hainm.
ISO 10002: Treoirlínte don phróiseas láimhseála gearán a bhaineann le táirgí agus seirbhísí laistigh d’eagraíocht, lena n-áirítear pleanáil, dearadh, forbairt, oibriú, cothabháil agus feabhsú.
ISO 9001: Caighdeán bunaithe ar roinnt prionsabal bainistíochta cáilíochta lena n-áirítear fócas láidir ar chustaiméirí, spreagadh agus impleacht na hardbhainistíochta, cur chuige an phróisis agus feabhsú leanúnach.
OBI: An Eagraíocht Maoine Tionscail Heilléanaí.
Paitinn: Teideal dlíthiúil a fhéadtar a dheonú d’aon aireagán teicniúil atá nua, tá ‘céim airgtheach’ i gceist leis, agus is féidir é a chur i bhfeidhm go tionsclaíoch.
Píoráideacht: Cóipeáil nó úsáid neamhúdaraithe oibre atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.
Sealbhóir cirt: Duine a shealbhaíonn ceart maoine intleachtúla, duine atá ceadúnaithe an mhaoin intleachtúil a úsáid, nó ionadaí údaraithe cheachtar acu.
Tairseach idirghabhála: Tairseach a iarrann daoine a shealbhaíonn cearta chun gníomhaíochtaí forfheidhmithe custaim a theorannú do chainníochtaí earraí góchumtha os cionn leibhéal áirithe.
Tásca geografacha: Lipéad nach féidir a úsáid ach nuair a thagann táirge ó áit thionscnaimh shonrach, a bhfuil tréithe áirithe aige agus a chomhlíonann critéir cháilíochta shainithe.
Trádmharc: Comhartha nó siombail a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí nó seirbhísí eintitis, agus a fhéadfar a chlárú chun críocha cosanta.
I dtuarascálacha speisialta an CIE, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir AE, nó ar ábhair a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus dearann an CIE na cúraimí iniúchta seo chun an tionchar is mó a bhaint amach trí bhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí d’fheidhmíocht nó do chomhlíonadh, leibhéal an ioncaim nó an chaiteachais atá i gceist, forbairtí atá le teacht agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchta IV – Rialáil ar mhargaí agus ar gheilleagar iomaíoch – faoi cheannas an Chomhalta den Chúirt, Mihails Kozlovs, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Ba í an Comhalta den Chúirt Ildikó Gáll-Pelcz a bhí i gceannas ar an iniúchadh, le tacaíocht ó Claudia Kinga Bara, Ceann na hOifige Príobháidí agus Zsolt Varga, Ataisé na hOifige Príobháidí; John Sweeney, Príomh-Bhainisteoir; Benny Fransen, Ceann Tasc; Dan Danielescu, Joaquin Hernandez Fernandez, Carlos Soler Ruiz agus Esther Torrente Heras, Iniúchóirí. Chuir Giuliana Lucchese tacaíocht ar fáil don dearadh grafach.
4Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45-86).
5Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15-34).
28 Ní fhoráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 don fhéidearthacht forfheidhmiú custaim a theorannú do CMI ar leith, bunaithe ar chainníocht na n-earraí sáraitheacha a idircheapann custaim.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Níor fhéadfaidh aon duine atá ag baint athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Ní mór cearta breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, cuirfidh sé an cead ginearálta thuasluaite ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus beidh sé ráite sa soiléir sa chead nua má tá aon srianta eile ann maidir le húsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Eisiatar bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc le fáil chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtithe ar shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt ar na fearainn sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
Ar líne Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.