Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach Tá córais rialaithe i bhfeidhm, ach tá siad lagaithe ag seiceálacha agus smachtbhannaí neamhchothroma ag na Ballstáit
Maidir leis an tuarascáil:Tá an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar cheann de na bagairtí is mó ar éiceachórais mhuirí, rud a bhaineann an bonn ó na hiarrachtaí atá ar siúl chun an t-iascach a bhainistiú go hinbhuanaithe. Rinneamar scrúdú ar chreat, gníomhaíocht agus caiteachas an Aontais atá dírithe ar a chinntiú nach mbeidh táirgí ón iascach neamhdhleathach á riar ar shaoránaigh an Aontais. Ar an iomlán, tagaimid ar an gconclúid go bhfuil na córais rialaithe atá i bhfeidhm chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac éifeachtach go páirteach; cé go maolaíonn siad an riosca, tá a n-éifeachtacht laghdaithe mar gheall ar chur i bhfeidhm míchothrom na seiceálacha agus na smachtbhannaí ag na Ballstáit. Molaimid don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit lena chinntiú go dtreisíonn siad a gcórais rialaithe chun allmhairiú táirgí ón iascach neamhdhleathach a chosc agus chun a áirithiú go gcuireann na Ballstáit smachtbhannaí athchomhairleacha i bhfeidhm i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre Feidhmiúcháin
I Tá an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (“iascaireacht neamhdhleathach”) ar cheann de na bagairtí is mó ar éiceachórais mhuirí, rud a bhaineann an bonn ó na hiarrachtaí atá ar siúl chun an t-iascach a bhainistiú go hinbhuanaithe. Tá an tAontas ar cheann de na gníomhaithe móra domhanda san iascach, i dtéarmaí a chabhlaigh iascaireachta (le thart ar 79 000 soitheach) agus mar an t-allmhaireoir is mó ar domhan de tháirgí iascaigh (34 % den trádáil dhomhanda iomlán ó thaobh luacha de). Bhí an tAontas tiomanta do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14.4 a bhaint amach chun deireadh a chur leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte faoi 2020. Níl an sprioc sin bainte amach; tá an iascaireacht neamh-inbhuanaithe ann go fóill; agus tá baol ann go bhfuil táirgí atá ag teacht as an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte á ndíol ar mhargadh an Aontais.
II Rinneamar scrúdú ar chreat, gníomhaíocht agus caiteachas an Aontais atá dírithe ar a chinntiú nach mbeidh táirgí ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte á riar ar shaoránaigh an Aontais. In 2018 agus in 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCúirt Iniúchóirí tuairisciú ar an tsaincheist sin. Leis an tuarascáil seo, tá sé mar aidhm againn rannchuidiú leis an bplé ar bheartas agus le forbairtí dlíthiúla maidir leis an gcomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí. Chlúdaigh an t-iniúchadh an tréimhse ó 2014 go 2020. Dhíríomar isteach ar an méid seo a leanas:
- éifeachtacht na gcóras rialaithe chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí ón iascach neamhdhleathach;
- éifeachtacht chórais rialaithe na mBallstát chun cabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus uiscí náisiúnta a sheiceáil.
III Ar an iomlán, tagaimid ar an gconclúid go bhfuil na córais rialaithe atá i bhfeidhm chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac éifeachtach go páirteach; cé go maolaíonn siad an riosca, tá a n-éifeachtacht laghdaithe mar gheall ar chur i bhfeidhm míchothrom na seiceálacha agus na smachtbhannaí ag na Ballstáit.
IV Is iad seo a leanas ár bpríomhfhionnachtana:
- Chuir an tAontas scéim deimhniúcháin gabhála ar bun in 2008 mar ráthaíocht do dhlíthiúlacht na dtáirgí iascaigh a allmhairítear. Ní leor dlíthiúlacht táirge a áirithiú, áfach, le bheith mar ráthaíocht go ndearnadh an táirge a fháil ar bhealach inbhuanaithe. Fuaireamar go raibh an scéim tar éis feabhas a chur ar inrianaitheacht agus tar éis an rialú ar allmhairí a athneartú. Mar sin féin, tá baol ann go mbainfí an bonn ó éifeachtacht na scéime de dheasca difríochtaí i raon feidhme agus cáilíocht na seiceálacha sna Ballstáit. Mar gheall nach bhfuil digiteáil déanta ar an scéim, tá an éifeachtúlacht laghdaithe agus an riosca go dtarlódh calaois méadaithe.
- Nuair a mheasann an Coimisiún agus an Chomhairle go bhfuil na córais rialaithe atá i bhfeidhm i dtíortha lasmuigh den Aontas atá ag onnmhairiú táirgí iascaigh chuig an Aontas easnamhach, is féidir leo dul i mbun gníomhaíochta chun athchóiriú a spreagadh. Fuaireamar go raibh na gníomhaíochtaí sin úsáideach agus gur spreag siad athchóiriú dearfach sa chuid is mó de na tíortha atá i gceist.
- Is ar na Ballstáit atá an mhortabháil córas rialaithe iascaigh an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart. Fuaireamar go mbraitear cásanna d’iascaireacht neamhdhleathach go minic trí sheiceálacha náisiúnta. Tá easnaimh shuntasacha sainaitheanta ag an gCoimisiún, áfach, i gcórais rialaithe iascaigh i gcuid de na Ballstáit, rud a fhágann go bhfuil ró-iascaireacht ag tarlú agus tearcthuairisciú á dhéanamh ar ghabhálacha. Tá bearta á ndéanamh aige chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin.
- Chuir an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe, le buiséad iomlán de €580 milliún. Fuaireamar go raibh na 23 thionscadal a ndearnamar iniúchadh orthu i gceithre Bhallstát i gcomhréir le tosaíochtaí agus gur chabhraigh siad leis an gcóras rialaithe a threisiú.
- Faoi chreat an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur maidir le gach sárú tromchúiseach ar na rialacha. Cé gur lean smachtbhannaí as formhór mór na sáruithe tromchúiseacha a braitheadh, bhí éagsúlacht mhór le sonrú ar fud na mBallstát sna smachtbhannaí a forchuireadh ar sháruithe comhchosúla. I roinnt Ballstát, ní raibh na smachtbhannaí comhréireach leis an tairbhe eacnamaíoch a tháinig as na sáruithe ná ní raibh siad athchomhairleach.
V Bunaithe ar na fionnachtana sin, molaimid don Choimisiún:
- faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit chun a chinntiú go dtreisíonn siad a gcuid córas rialaithe chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí ón iascach neamhdhleathach, agus chun a chinntiú go ndéanann siad cibé gníomhaíocht is gá; agus
- a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit smachtbhannaí athchomhairleacha i bhfeidhm i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí.
Réamhrá
01 Is mórghníomhaí domhanda in earnáil an iascaigh é an tAontas Eorpach. Is aige atá ceann de na cabhlaigh iascaireachta is mó ar domhan, le thart ar 79 000 soitheach1, agus is é an cabhlach iascaireachta sin faoi deara 6 % den táirgeacht iascaigh dhomhanda ó ghabhálacha2. Fostaíonn earnáil na hiascaireachta 129 540 iascaire go díreach agus gineann sí €6.3 billiún in aghaidh na bliana ó thaobh ioncaim de. Is iad na Ballstáit atá chun tosaigh ar an margadh i dtéarmaí méideanna ná an Spáinn, an Danmhairg, an Fhrainc agus an Ísiltír3.
02 Déantar i bhfad níos mó táirgí iascaigh a thomhailt san Aontas ná mar a thagann ó ghabhálacha nó a tháirgtear i bhfeirmeacha, agus allmhairítear 60 % de na táirgí a thomhlaítear chun an t-éileamh a shásamh. Fágann sin gurb é an tAontas an t-allmhaireoir is mó ar domhan de tháirgí iascaigh (34 % den trádáil dhomhanda iomlán ó thaobh luacha de)4.
03 In 2020, d’allmhairigh an tAontas €23 bhilliún de tháirgí iascaigh. Taispeántar a phríomhsholáthraithe i bhFíor 1.
Fíor 1 – Allmhairí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe: príomhsholáthraithe (céatadán de mhéid iomlán 2020)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Eurostat.
Iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
04 Cuimsíonn iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (“iascaireacht NNN”), dá ngairtear “iascaireacht neamhdhleathach” as seo síos, gníomhaíochtaí iascaireachta éagsúla5 a sháraíonn bearta náisiúnta agus réigiúnacha caomhnaithe agus bainistíochta agus atá ar neamhréir le freagrachtaí an stáit brataí faoin dlí idirnáisiúnta. Meastar gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith:
- neamhdhleathach nuair a dhéantar iad gan cheadúnas ná údarú, i gcoinne beart caomhnaithe agus bainistithe, nó i gcoinne dlíthe náisiúnta/oibleagáidí idirnáisiúnta;
- neamhthuairiscithe nuair nach dtuairiscítear nó nuair a mhíthuairiscítear iad do na húdaráis ábhartha;
- neamhrialáilte nuair a dhéantar iad i limistéir nach bhfuil aon bhearta caomhnaithe ná bainistíochta infheidhme iontu agus a dhéantar ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le freagrachtaí an Stáit maidir le beo-acmhainní muirí a chaomhnú, nó nuair nach bhfuil aon náisiúntacht ag an soitheach iascaireachta.
05 Measann an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) go bhfuil thart ar 94 % de stoic éisc an domhain lánsaothraithe nó róshaothraithe6 (féach Fíor 2). Ídíonn an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte stoic éisc, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na bagairtí is mó ar éiceachórais mhuirí, rud a bhaineann an bonn ó na hiarrachtaí chun iascaigh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe7 agus rud a thugann cuid de na stoic sin go dtí béal a ndíothaithe8.
Nóta: Léiríonn na céatadáin sin na stoic éisc ar fad ar bhonn comhionann, gan beann ar a mbithmhais ná ar a ngabháil.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí FAO.
06 Cé go bhfuil sé deacair méid cruinn na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a dhéanamh amach, measadh i staidéar ar an ábhar sin9 go raibh sé idir 10 agus 26 mhilliún tona ar fud an domhain i dtús na 2000í, i.e. 11 % go 19 % de ghabhálacha tuairiscithe, ar fiú $10 mbilliún go $23 bhilliún iad.
Freagairt dhomhanda ar an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
07 Ón eangach go dtí an pláta, is féidir táirgí iascaigh a ghabháil, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a phróiseáil, a iompar agus a dhíol ar feadh slabhraí soláthair domhandaithe atá an-chasta. Dá bhrí sin, chun an iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac, tá gá le freagairt dhomhanda ó gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear náisiúin cheannasacha ina gcáil mar stáit bhrataí, stáit chósta, stáit chalafoirt agus stáit mhargaidh (féach Fíor 3).
Fíor 3 – Freagrachtaí na stát brataí, na stát cósta, na stát calafoirt agus na stát margaidh
Foinse: CIE.
08 Tá réimse ionstraimí, pleananna gníomhaíochta agus treoirlínte deonacha forbartha agus glactha ag na Náisiúin Aontaithe agus ag FAO araon. Cuireann siad sin creat idirnáisiúnta ar fáil maidir le hiascaigh fhreagracha agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte. Tá siad sin leagtha amach in Iarscríbhinn I.
09 Tá Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh ina bpríomhpháirtithe leasmhara i mbainistiú iascaigh ar bhonn idirnáisiúnta. Tá siad comhdhéanta de thíortha a bhfuil leasanna iascaireachta acu i limistéar ar leith agus tá siad freagrach as stoic éisc traslimistéir agus mhórimirceacha a bhainistiú go comhpháirteach. Tá sé de chumhacht ag formhór na n-eagraíochtaí sin teorainneacha ceangailteacha gabhála agus iarrachta iascaireachta, bearta teicniúla agus oibleagáidí rialaithe a leagan síos dá gComhaltaí. Tá an tAontas ina pháirtí i ngach mórionstraim idirnáisiúnta agus is Comhalta é de 18 nEagraíocht Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh agus de na comhlachtaí iascaigh a ghabhann leo.10
10 Tagann an comhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte faoi chuimsiú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe síos in 201511. Leag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14, “Beatha faoin uisce”, sprioc uaillmhianach síos don iascaireacht inbhuanaithe (14.4): “Faoi 2020, saothrú an éisc a rialáil go héifeachtach, agus deireadh a chur leis an ró-iascaireacht, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha (...)”. Bhí an tAontas tiomanta an sprioc sin a bhaint amach chun deireadh a chur leis an iascaireacht neamhdhleathach faoi 202012. Níl an sprioc sin bainte amach13; tá an iascaireacht neamh-inbhuanaithe ann go fóill14; agus tá baol fós ann go bhfuil táirgí atá ag teacht as an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (dá ngairtear “táirgí ón iascaireacht neamhdhleathach” as seo síos) á ndíol ar mhargadh an Aontais.
Creat an Aontais maidir leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac
11 Inniúlacht eisiach de chuid an Aontais is ea an beartas iascaigh, rud a chiallaíonn gurb é an tAontas amháin atá in ann reachtaíocht a thabhairt isteach sa réimse sin agus gníomhartha ceangailteacha a ghlacadh maidir le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh. Leagann an beartas sin síos na rialacha maidir le bainistiú chabhlach iascaireachta na hEorpa agus maidir le caomhnú na stoc éisc. Mar shampla, tá rialacha Aontais ann a leagann síos cuótaí agus íosmhéideanna éisc d’iascaigh áirithe. Ina theannta sin, rialaíonn an tAontas trealamh iascaireachta agus is féidir leis toirmeasc a chur ar iascaireacht i limistéir nó séasúir áirithe.
12 Comhchuid thábhachtach de bheartas iascaigh an Aontais is ea an rialachán maidir le comheagrú na margaí. Leagann sé sin síos caighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh agus ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí (lipéadú) chun go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha ceannaigh a dhéanamh. Mar shampla, caithfidh an t-ainmniú tráchtála, an modh táirgthe, an limistéar gabhála agus an trealamh iascaireachta a bheidh sonraithe ar an lipéad. Níl aon lipéad AE ann a dheimhníonn inbhuanaitheacht táirgí iascaigh.
13 Faoin gcomhbheartas iascaigh, ghlac an tAontas na príomhionstraimí rialála seo a leanas agus tá maoiniú leithdháilte aige chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.
Creat rialála an Aontais
14 Is iad an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (a bhaineann go príomha le hallmhairí) agus an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach (a dhíríonn ar chomhlíonadh ag iascairí an Aontais) na príomhionstraimí rialála chun an iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac.
15 Is é an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte an phríomhionstraim atá ag an Aontas chun an iascaireacht sin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Cuireann sé de cheangal ar na Ballstáit bearta a dhéanamh in aghaidh soithí iascaireachta agus in aghaidh náisiúnaigh de chuid an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí mídhleathacha iascaireachta áit ar bith ar domhan. Is iad an dá ghné is suntasaí den rialachán seo ná an scéim deimhniúcháin gabhála agus an córas cártála. Is é is aidhm don scéim deimhniúcháin gabhála ná dlíthiúlacht na n-allmhairí a áirithiú agus faoin gcóras cártála sainaithnítear “tríú tíortha” (tíortha nach bhfuil san Aontas) nach bhfuil ag comhoibriú sa chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí.
16 Dírítear sa Rialachán maidir le Rialú ar Iascach ar ghníomhaíochtaí chabhlach iascaireachta an Aontais, lena mbunaítear córas um rialú ar fud an Aontais chun comhlíonadh an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. Tá feidhm aige maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta in uiscí an Aontais agus maidir leo siúd go léir a dhéanann soithí an Aontais in áiteanna eile. Tá an Rialachán maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha ina chomhlánú ar an rialachán sin. Díríonn an Rialachán sin ar rialú soithí iascaireachta ó thríú tíortha a oibríonn in uiscí an Aontais agus ar rialú soithí de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in áiteanna eile.
17 Tá forálacha sa Rialachán maidir le Rialú le haghaidh na mBallstát agus na n-oibreoirí, agus é mar chuspóir acu iascaireacht neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac. Áirítear leo sin:
- faireachán a dhéanamh ar an rochtain ar uiscí agus ar acmhainní;
- úsáid deiseanna iascaireachta agus acmhainneacht iascaireachta a rialú;
- bearta iomchuí forfheidhmiúcháin a áirithiú i gcás sáruithe;
- inrianaitheacht agus rialú táirgí iascaigh a chumasú ar fud an tslabhra soláthair, ón eangach go dtí an pláta.
18 I mí Aibreáin 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a mheastóireacht ar an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach15 agus baineadh de thátal as gur cuireadh bac ar éifeachtacht an chórais rialaithe mar gheall ar easnaimh i ndearadh an rialacháin. Mhol an Coimisiún roinnt leasuithe ar an rialachán maidir le rialú ina thogra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chóras um rialú iascaigh an Aontais an 31 Bealtaine 201816. Ní raibh an togra glactha faoi mhí na Bealtaine 2022.
Cistí an Aontais a úsáid
19 Cuireann an tAontas maoiniú ar fáil chun tacú le rialú iascaigh. Leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), maoiníodh beartais mhuirí agus iascaigh an Aontais do thréimhse 2014-2020. Faoi Thosaíocht 3 an Aontais Eorpaigh, “Cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh a chothú”, bhí an ciste ag tacú le gníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe le buiséad iomlán de €580 milliún. Leanfaidh a chomharba, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, de bheith ag tacú le bearta um rialú do thréimhse 2021-2027. Tá sé beartaithe 15 % ar a laghad de thacaíocht airgeadais an Aontais in aghaidh an Bhallstáit, €797 milliún san iomlán, a leithdháileadh chun rialú agus forfheidhmiú éifeachtúil ar an iascach a chothú, mar aon le sonraí iontaofa don chinnteoireacht eolasbhunaithe. Tá cómhaoiniú náisiúnta ina chomhlánú ar na méideanna sin.
Róil agus freagrachtaí
20 Is í Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí sa Choimisiún (AS MARE) an príomhchomhlacht atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gComhbheartas Iascaigh. Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) forbairt modheolaíochtaí aonfhoirmeacha bainistithe riosca a chur chun cinn agus a chomhordú, agus eagraíonn sí oiliúint agus comhordú/comhar idir na húdaráis náisiúnta um rialú agus um chigireacht. Tá na Ballstáit freagrach as príomhcheanglais an Chomhbheartais Iascaigh a chur chun feidhme, amhail cigireacht a dhéanamh ar shoithí, allmhairí a sheiceáil agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.
Ní leor dlíthiúlacht chun inbhuanaitheacht a ráthú
21 Is é is aidhm don chreat dlíthiúil a dtugtar tuairisc anseo thuas air ná a áirithiú go bhfuil gach táirge iascaigh a dhíoltar san Aontas dlíthiúil. Ba cheart dó a ráthú do thomhaltóirí an Aontais nach dtagann na táirgí atá á dtomhailt acu ó iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe ná neamhrialáilte. Ní leor dlíthiúlacht táirge a áirithiú, áfach, le bheith mar ráthaíocht go ndearnadh an táirge a fháil ar bhealach inbhuanaithe.
22 I gcás táirgí a allmhairítear, tá sé mar aidhm ag scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais a áirithiú go ndeimhníonn na stáit bhrataí dlíthiúlacht na dtáirgí iascaigh uile a allmhairítear ar bhonn a gcóras um rialú agus um fhaireachán féin. Ní foláir do shoithí iascaireachta na rialacha atá forchurtha ag an stát brataí agus, nuair is infheidhme, ag an Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh nó ag an stát cósta a chomhlíonadh. Ní féidir leis an scéim a áirithiú go bhfuil na rialacha sin, arna nglacadh lasmuigh den Aontas, sách dian chun inbhuanaitheacht a ráthú. Mar shampla, fiú nuair nach bhforchuireann stát cósta rialacha chun an ró-iascaireacht nó cleachtais iascaireachta atá díobhálach don chomhshaol a shrianadh, is féidir gabhálacha sa limistéar a mheas mar ghabhálacha dleathacha.
23 Ar an gcaoi chéanna, i gcás ghníomhaíocht chabhlach iascaireachta an Aontais, ní chiallaíonn comhlíonadh rialacha an Aontais gur leor na rialacha sin iontu féin chun inbhuanaitheacht na stoc éisc agus a ngnáthóg a áirithiú. Thuairiscigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil in 2019 go bhfuil “róshaothrú stoc éisc agus sliogéisc thráchtála ar siúl i gcónaí ar fud fharraigí na hEorpa”. Inár dtuarascáil speisialta in 2020: “An comhshaol muirí – Cosaint an Aontais fairsing gan a bheith domhain”17, thángthas ar an gconclúid go raibh dul chun cinn intomhaiste san Atlantach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun an comhshaol muirí a chosaint, ach bhí ró-iascaireacht mhór fós á déanamh sa Meánmhuir.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
24 Rinneamar scrúdú ar chreat an Aontais maidir le cosc a chur ar tháirgí a thagann ó iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a bheith á riar ar shaoránaigh an Aontais. In 2018 agus in 2021, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCúirt Iniúchóirí tuairisciú ar an tsaincheist sin. Bhreathnaíomar freisin ar chaiteachas agus gníomhaíocht an Aontais ó 2014 go 2020. Roghnaíomar an topaic sin mar gheall ar thionchar na hiascaireachta neamhdhleathaí ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní muirí. Dhíríomar isteach ar éifeachtacht na nithe seo a leanas:
- na córais rialaithe chun cosc a chur ar tháirgí iascaigh a thagann ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a bheith á n-allmhairiú isteach san Aontas, lena n-áirítear ar spriocdhírigh an Coimisiún a ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí agus an ndearna na Ballstáit seiceálacha éifeachtacha;
- córais rialaithe na mBallstát chun cabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus uiscí náisiúnta a sheiceáil, lena n-áirítear ar spriocdhírigh maoiniú ón Aontas ar rioscaí suntasacha agus ar baineadh torthaí amach.
25 Inár gcuid oibre iniúchóireachta, rinneamar na nithe seo a leanas:
- scrúdaíomar tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú agus forfheidhmiú iascaigh;
- chuireamar agallamh ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as rialú iascaigh sa Danmhairg, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa tSualainn, a roghnaíodh mar gheall ar mhéid a n-earnála iascaireachta agus mar gheall ar shreabha trádála le tríú tíortha, an méid maoinithe a fhaigheann siad ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe, agus an chóimheá gheografach;
- thugamar cuairt ar údaráis na Sualainne atá freagrach as rialú iascaigh, ag breathnú ar obair Lárionad Faireacháin Iascaigh na Sualainne, ar chigireacht ar mhargadh an éisc agus ar chigireacht ar shoithí calafoirt. Mar gheall ar shrianta taistil phaindéim COVID-19, is sa tSualainn amháin a bhíomar in ann cuairt ar an bhfód a dhéanamh le linn an ama a leithdháileadh dár gcuid oibre iniúchóireachta;
- rinneamar comparáid idir raon feidhme agus príomhghnéithe scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais agus córais chomhchosúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa tSeapáin;
- rinneamar scrúdú ar 23 thionscadal a fuair maoiniú ón Aontas a bhain le rialú iascaigh dar luach €26.9 milliún a cuireadh chun feidhme le linn chlárthréimhse 2014-2020. Roghnaíomar na tionscadail sin chun réimse leathan caiteachais agus infheistíochtaí a chlúdach, amhail soithí patróil, teicneolaíocht nuálach agus costais oibríochtúla.
26 Leis an tuarascáil seo, tá sé mar aidhm againn rannchuidiú leis an bplé ar bheartas agus le forbairtí dlíthiúla i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
Barúlacha
27 Tá ár gcuid barúlacha á gcur i láthair againn in dhá phríomhchuid. Clúdaíonn an chéad cheann an córas rialaithe allmhairí le haghaidh táirgí iascaigh agus clúdaíonn an dara ceann na córais rialaithe atá ag na Ballstáit chun cabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus uiscí náisiúnta a sheiceáil.
Tá na rioscaí go mbeadh iasc neamhdhleathach ar mhargadh an Aontais laghdaithe ag an gcóras rialaithe allmhairí, ach tá éagothromaíocht sna seiceálacha ó Bhallstát go chéile
Tá feabhas curtha ag scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais ar inrianaitheacht agus tá an rialú allmhairí treisithe aige
28 Ghlac an tAontas an Rialachán maidir le hiascaigh neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte in 2008, rud a chruthaigh scéim nuálach deimhniúcháin gabhála an Aontais. Féach Fíor 4 le haghaidh mionsonraí faoin scéim.
29 Fuaireamar gur dhún an scéim sin bealach éalaithe tábhachtach sa rialú, ós rud é nach mbíodh dlíthiúlacht na dtáirgí iascaigh allmhairithe á seiceáil sular tháinig sí i bhfeidhm, cé is moite de roinnt rialacha a bhaineann go sonrach le réigiún ar leith agus a raibh scéim doiciméadachta gabhála i gceist leo. Faoin scéim, caithfidh deimhniú gabhála a bheith ag gabháil le gach táirge iascaigh mhuirí a onnmhairítear chuig an Aontas, ar deimhniú é a bheidh bailíochtaithe ag stát brataí an tsoithigh iascaireachta. Fágann an deimhniú gur féidir táirgí iascaigh a rianú ar fud an tslabhra soláthair go dtí go dtagann siad isteach san Aontas. Is ar an stát brataí atá an mhortabháil a dheimhniú nach bhfuil táirgí iascaigh ag teacht ó ghníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus a fhíorú go gcomhlíonann siad na rialacha caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme.
30 Thugamar faoi phróiseas tagarmharcála chun scéim deimhniúchán gabhála an Aontais a chur i gcomparáid le córais chomhchosúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa tSeapáin. Is iad sin an dara agus an tríú hallmhaireoir is mó ar domhan18. Chuireamar na scéimeanna i gcodarsnacht le chéile ó thaobh cuimsiú speiceas, an fhaisnéis is gá a thabhairt agus sásraí rialaithe.
31 I Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhunaigh an Clár Faireacháin Allmhairithe Bia Mara (SIMP)19 nósanna imeachta maidir le ceadú, tuairisciú agus coimeád taifead le haghaidh allmhairiú táirgí iascaigh a shainaithnítear mar tháirgí a d’fhéadfadh a bheith ag teacht ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte nó ó ghníomhaíochtaí calaoise. Baineann sé sin le 13 chineál bia mara agus beagnach leath na n-allmhairithe bia mara ar fad sna Stáit Aontaithe20.
32 Faoi láthair, níl aon scéim náisiúnta um dhoiciméadú gabhála ag an tSeapáin le haghaidh táirgí iascaigh allmhairithe, cé go bhfuil scéim ar na bacáin mar chuid de dhlí nua chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac. Ina ionad sin, tá sé ag brath ar scéimeanna na nEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh21, a bhfuil an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina bpáirtithe conarthacha iontu freisin. Aithníonn an tAontas na scéimeanna doiciméadúcháin gabhála sin do tháirgí bia mara atá ag teacht isteach ina mhargadh22.
33 Fuaireamar gurb í scéim deimhniúchán gabhála an Aontais an scéim is cuimsithí ó thaobh raon feidhme de, ó thaobh na faisnéise a chaitear a thabhairt agus ó thaobh na bpróiseas bailíochtaithe agus rialaithe de.
- Tá an clúdach is cuimsithí ag scéim an Aontais: caithfidh beagnach gach táirge iascaigh a bheith inrianaithe agus deimhnithe. Murab ionann agus scéimeanna eile, tá gach iasc mara fiáin, idir phróiseáilte agus neamhphróiseáilte, a allmhairítear ó thríú tíortha isteach i margadh an Aontais clúdaithe ag scéim an Aontais.
- Tá ceanglais leathana faisnéise ag scéimeanna an Aontais agus na Stát Aontaithe lenar féidir inrianaitheacht a dhéanamh go mion. Bailíonn na scéimeanna sin faisnéis níos mionsonraithe ná mar a dhéanann na scéimeanna atá curtha ar bun ag Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh in go leor cásanna.
- Tá an córas bailíochtaithe agus rialaithe is cuimsithí ag scéim an Aontais. San Aontas Eorpach, ní mór deimhniú arna bhailíochtú ag an stát brataí a bheith ag gabháil le gach coinsíneacht, agus ní mór d’údaráis na mBallstát seiceálacha agus fíoruithe rioscabhunaithe a dhéanamh.
34 Leagtar amach in Iarscríbhinn II tuilleadh mionsonraí maidir lenár bpróiseas tagarmharcála (scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais agus córais chomhchosúla sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin).
Tá difríochtaí suntasacha i raon feidhme agus i gcáilíocht na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ag lagú an chórais
35 Gach dhá bhliain, ní mór do na Ballstáit tuarascáil a thíolacadh don Choimisiún maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte á chur i bhfeidhm acu. Is ó 2019 na sonraí is déanaí atá ar fáil (lena n-áirítear sonraí maidir leis an Ríocht Aontaithe), nuair a thíolaic gach Ballstát seachas Lucsamburg tuarascáil. Rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach anailís ar thuairisciú na mBallstát, ina dtugtar forléargas ar chur chun feidhme an rialacháin ag na Ballstáit.
36 De réir na hanailíse sin, thug thart ar 2 000 soitheach eachtrach, ón Iorua, ó Veiniséala agus ó Oileáin Fharó go príomha, a ngabhálacha i dtír díreach i gcalafort de chuid an Aontais in 2019. Bhí sé de cheangal ar stáit chalafoirt an Aontais cigireacht a dhéanamh ar 5 % ar a laghad de na gabhálacha a tugadh i dtír agus bhí an meánráta cigireachta ag thart ar 20 % den ráta don Aontas ar fad, cé nár chomhlíon an Pholainn agus an Danmhairg an ceanglas 5 %. Chuidigh cigireachtaí calafoirt le sáruithe a bhrath i 11 % de na cásanna, a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe den chuid is mó.
37 Ní dhéantar formhór na dtáirgí iascaigh allmhairithe a thabhairt i dtír go díreach ó shoitheach iascaireachta i gcalafort de chuid an Aontais. Ina ionad sin, cuirtear na táirgí i dtír in áiteanna eile ar domhan agus iompraítear chuig an Aontas ar longa lastais iad. Faoin Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte, is sa Bhallstát cinn scríbe seachas ag pointe iontrála an Aontais atá na seiceálacha le déanamh. A luaithe a ghlactar leis na táirgí, is féidir iad a dhíol áit ar bith san Aontas. Dá bhrí sin, caithfidh seiceálacha na mBallstát a bheith sách láidir chun cosc a chur le “siopadóireacht rialaithe”, nuair a bhaineann oibreoirí buntáiste as an nasc is laige sa chóras rialaithe. Tharraing na húdaráis rialaithe a chuireamar faoi agallamh in dhá Bhallstát aird ar an riosca sin agus tarraingíodh aird freisin air i staidéar a rinneadh in 201823.
38 In 2019, fuair údaráis na mBallstát thart ar 285 000 deimhniú gabhála agus 35 000 ráiteas próiseála ó thríú tíortha. Ar bhonn an bhainistithe riosca, cuireann an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte de cheangal ar na Ballstáit na nithe seo a leanas a sheiceáil:
- go ndéanann an stát brataí na deimhnithe gabhála a chomhlánú agus a bhailíochtú (síniú agus stampa ceart);
- go bhfuil údarás ag an stát brataí onnmhairiú chuig an Aontas agus nach bhfuil sé sainaitheanta ag an Aontas mar thír nach bhfuil ag comhoibriú sa chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí (“cárta dearg eisithe”, féach mír 50), agus nach bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe mar shoitheach atá ag gabháil d’iascaireacht neamhdhleathach;
- go sonraíonn deimhnithe gabhála le haghaidh táirgí próiseáilte an speiceas céanna agus an chainníocht chéanna leis an ráiteas próiseála.
39 Féadann na Ballstáit seiceálacha breise níos mionsonraithe a dhéanamh (dá ngairtear “fíoruithe”), bunaithe ar anailís riosca. Tá gá le fíorú má bhíonn aon amhras ann faoi bharántúlacht an deimhnithe gabhála, má tá amhras ann nach bhfuil soitheach ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme nó má táthar in amhras go bhfuil iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar siúl.
40 Braitheann scóip na bhfíoruithe ar na húdaráis rialaithe sna Ballstáit. D’fhéadfaidís cros-seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid uile ar mhaithe le comhsheasmhacht (e.g. deimhnithe gabhála, ráitis phróiseála, doiciméid iompair), nó fianaise a lorg ó fhoinsí seachtracha (ceadúnas bailí soithigh, údarú chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar na gabhála a tuairiscíodh, amhras go bhfuil baint ag úinéir an tsoithigh/ag úinéir tairbhiúil an tsoithigh leis an iascaireacht neamhdhleathach, comhsheasmhacht idir patrúin trádála agus gníomhaíochtaí iascaireachta a bhfuiltear ar an eolas fúthu, etc.). D’fhéadfadh cigireacht fhisiciúil ar an táirge a bheith i gceist leis an bhfíorú freisin, mar shampla, má tá amhras ann faoin speiceas.
41 Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit go ndearna siad seiceálacha bunúsacha nó seiceálacha níos mionsonraithe ar thart ar 64 % de na deimhnithe gabhála a fuair siad. Thuairiscigh cúig Bhallstát (an Ghearmáin, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil agus an tSualainn) nach raibh ach na seiceálacha is bunúsaí déanta acu, agus níor thuairiscigh an Bheilg, an Fhionlainn, an Iodáil ná an Rómáin aon fhaisnéis faoin ábhar sin.
42 Uaireanta, is é an toradh a bhíonn ar an bhfíorú ná go gcruthaítear cúiseanna amhrais eile, agus ní mór d’údaráis na mBallstát faisnéis bhreise a iarraidh ar an stát brataí chun bailíocht na ndoiciméad atá curtha isteach ag an allmhaireoir a dheimhniú. In 2019, tharla sé sin i níos mó ná 1 000 cás ar fud 19 mBallstát. Níor iarr ceithre Bhallstát (an Ungáir, an Rómáin, an tSualainn ná an tSlóvaic) faisnéis bhreise ó aon tríú tír idir 2016 agus 2019.
43 Faoin Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte, tá sé de cheangal ar na Ballstáit allmhairí a dhiúltú mura bhfaigheann siad freagraí cuí ar a gcuid ceisteanna. Thuairiscigh an Ostair, an Fhrainc agus an Pholainn ina dtuarascálacha débhliantúla gur thug roinnt tríú tíortha freagra iomlán ar an iarraidh uathu, ach go raibh tíortha eile ann nach ndearna ach bailíocht an deimhnithe a dhearbhú agus dhiúltaigh siad doiciméid bhreise a chur ar fáil.
44 In 2019, rinne údaráis i ndeich mBallstát 29 allmhairiú a dhiúltú (níos lú ná 0.01 % de na deimhnithe gabhála go léir an bhliain sin), go príomha toisc nach raibh deimhniú gabhála bailí ann nó toisc go raibh neamhréireachtaí idir an doiciméad agus na táirgí. I bhformhór na gcásanna, seoladh na táirgí ar ais chuig an tír onnmhairithe.
45 San anailís a rinneamar ar na córais rialaithe le haghaidh táirgí a allmhairítear sa Danmhairg, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa tSualainn, dearbhaíodh go raibh éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir le raon feidhme agus cáilíocht na seiceálacha, agus maidir le leibhéal sofaisticiúlachta na gcóras TF freisin (féach Tábla 1). Déanaimid iad sin a rangú mar íseal, meánach agus ard.
Tábla 1 – Seiceálacha agus fíoruithe allmhairiúcháin ag ceithre Bhallstát
| Ballstát | Leibhéal sofaisticiúlachta TF | Raon feidhme agus cáilíocht na seiceálacha |
|---|---|---|
| An Danmhairg | ÍSEAL | MEÁNACH |
|
|
|
| An Spáinn | ARD | ARD |
|
|
|
| An Fhrainc | MEÁNACH | ARD |
|
|
|
| An tSualainn | MEÁNACH | ÍSEAL |
|
|
Foinse: CIE.
Is córas páipéarbhunaithe atá i scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais, rud a laghdaíonn éifeachtúlacht agus a mhéadaíonn an baol calaoise
46 Tá scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais fós páipéarbhunaithe. Cé go ndéanann roinnt tríú tíortha (an Iorua, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe) deimhnithe gabhála leictreonacha a bhailíochtú agus a tharchur, seolann allmhaireoirí ó thíortha eile cóipeanna scanta de dhoiciméid chuig údaráis na mBallstát.
47 Níl aon bhunachar sonraí uile-Aontais ann ina gcoinnítear na deimhnithe gabhála a bhíonn faighte ag na Ballstáit, agus níl faisnéis i mBallstát amháin ar fáil do na Ballstáit eile. Mar gheall ar an easpa digiteála agus nach bhfuil faisnéis á comhroinnt go córasach idir na Ballstáit, is iomaí dúshlán atá ann d’éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe:
- Am próiseála níos moille agus ualach riaracháin: Ní mór d’údaráis na mBallstát gach deimhniú gabhála agus gach ráiteas próiseála a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil i bhfoirm páipéir. In 2019, b’ionann sin agus breis agus 300 000 doiciméad. Tá a gcórais TF féin forbartha ag an nGearmáin, ag an Spáinn, ag an bhFionlainn, ag an Ísiltír agus ag an tSualainn24, áfach, lena gceanglaítear ar allmhaireoirí na sonraí ábhartha uile a ionchur agus cóip scanta de na doiciméid a chur i gceangal, rud a laghdaíonn an t-ualach ar an riarachán agus an t-am próiseála ar an allmhaireoir.
- Riosca calaoise: Is fusa doiciméid pháipéir arna stampáil agus arna síniú ag tríú tíortha a bhrionnú ná doiciméid atá sínithe go digiteach. Mar gheall nach bhfuil faisnéis á comhroinnt ar fud an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh deimhnithe dúblacha á gcur isteach go calaoiseach i níos mó ná Ballstát amháin.
- Deis caillte chun rialú agus cros-seiceálacha a uathoibriú: Le bunachar sonraí aonair, d’fhéadfaí mianadóireacht sonraí a dhéanamh agus foláirimh uathoibrithe a eisiúint trí na sonraí go léir a chuirtear isteach i ngach Ballstát a chros-seiceáil i bhfíor-am. Cé go bhfuil córais shofaisticiúla TF le seiceálacha uathoibrithe forbartha ag cuid de na Ballstáit25, tá Ballstáit eile fós ag obair gan aon uirlisí TF.
48 Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, d’iarr na Ballstáit arís agus arís eile ar an gCoimisiún córas TF uile-Aontais a bhunú chun deimhnithe gabhála a rianú agus chun fíorú a éascú. Dá bhrí sin, d’fhorbair an Coimisiún a uirlis “CATCH” chun cuidiú leis na Ballstáit cásanna de chalaois agus de mhí-úsáid an chórais pháipéarbhunaithe a bhrath, agus fós seiceálacha agus fíoruithe a shimpliú agus a bhrostú.
49 Tháinig córas CATCH chun bheith ar fáil in 2019, ach níl aon Bhallstát ag baint úsáid as. Mhínigh na húdaráis sna ceithre Bhallstát atá clúdaithe san iniúchadh seo nach mba léir dóibhsean cén riachtanas nó breisluach a bhí ag baint le CATCH a úsáid, mura rud é go mbeadh gach Ballstát á úsáid. Leis an togra ón gCoimisiún lena leasaítear an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach, tá sé i gceist CATCH a dhéanamh éigeantach san Aontas.
Tá córas cártála an Aontais úsáideach, ach is minic tionchar aige ar thíortha nach bhfuil ach leibhéal íosta de thrádáil éisc AE iontu agus tá lúba ar lár ann
50 Tá an scéim deimhniúcháin gabhála ag brath ar thríú tíortha chun córais rialaithe éifeachtacha a oibriú, nuair a bhíonn gabhálacha ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu á ndeimhniú acu. Nuair atá an córas rialaithe atá ag stát brataí easnamhach i ngnéithe tábhachtacha, ní leor deimhnithe gabhála bailíochtaithe chun ráthaíocht a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht na dtáirgí a onnmhairítear chuig an Aontas. Dá bhrí sin, tá sainaithint na dtríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú, a dtugtar tíortha a fuair an “cárta dearg” faoin “gcóras cártála” orthu de ghnáth, ríthábhachtach chun é sin a chosc. I bhFíor 5, tá cur i láthair ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an córas cártála.
51 D’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht céim ar chéim maidir lena chomhar riaracháin le tríú tíortha agus maidir leis an nós imeachta chun tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú a shainaithint faoin Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte. Rinneamar athbhreithniú ar an modheolaíocht atá i bhfeidhm chun a sheiceáil ar dhírigh an Coimisiún ar na rioscaí cearta agus ar bhunaigh sé a chinneadh ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla.
52 Bailíonn an Coimisiún faisnéis ó réimse leathan foinsí faoi ghníomhaíochtaí tríú tíortha i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach. I measc na bhfoinsí sin, tá Ballstáit, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Má tá comharthaí ann go bhféadfadh sé nach bhfuil tríú tír ag comhlíonadh dlíthe idirnáisiúnta iascaigh nó na freagrachtaí atá uirthi mar stát brataí, cósta, calafoirt nó próiseála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh dul i mbun comhar riaracháin leis an tír sin d’fhonn meastóireacht níos cuimsithí a dhéanamh.
53 Déanann an Coimisiún meastóireacht ar leibhéal comhlíontachta na tíre bunaithe ar cheistneoir a chuirtear chuig údaráis na tíre, agus, i bhformhór na gcásanna, ar anailís a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ar shampla de dheimhnithe gabhála agus ráitis phróiseála ón tír sin, chomh maith le, i gcomhaontú leis na húdaráis náisiúnta, meastóireacht nó meastóireachtaí ar an bhfód.
54 Má bhraitheann an Coimisiún fadhbanna tromchúiseacha, is féidir leis tacú leis an tír trí sheimineáir um fhorbairt acmhainneachta nó trí threoraíocht a thabhairt i dtaobh bealaí chun an córas náisiúnta a fheabhsú. I bhformhór na gcásanna, déanann an tír na hathchóirithe agus na feabhsúcháin is gá, agus ní gá rabhadh foirmiúil a eisiúint. Má tá dóthain fianaise ann go bhfuil easnaimh shuntasacha ann agus nach bhfuil toradh ar an idirphlé neamhfhoirmiúil, tugann an Coimisiún fógra don tír á rá go bhfuil an baol ann go sainaithneofar í mar “thríú tír neamh-chomhoibríoch” (“cárta buí” a eisiúint).
55 Is le cinneadh réamh-shainaitheantais, ina leagtar amach a réasúnú (féach Fíor 6) bunaithe ar na critéir atá leagtha síos sa rialachán, a thugann an Coimisiún fógra don tríú tír. Bíonn plean gníomhaíochta ag gabháil leis an gcinneadh sin. Moltar bearta ann chun na fadhbanna atá braite a réiteach, agus tugtar sprioc-am tosaigh de shé mhí (is féidir a fhadú). Le linn na tréimhse sin, leanann an Coimisiún de bheith ag comhoibriú leis an tír agus de chúnamh teicniúil a chur ar fáil.
Fíor 6 – Na príomhlaigí atá sainaitheanta ag an gCoimisiún i dtíortha cártáilte
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiúin.
56 Cé nach mbíonn aon smachtbhanna ag gabháil le réamh-shainaithint, is leor, tríd is tríd, an rabhadh chun athchóirithe ábhartha a spreagadh. Ó seoladh an córas cártála, tá cártaí buí eisithe ag an gCoimisiún i leith 27 dtríú tír. Cuireadh 14 chárta bhuí ar ceal tar éis tréimhse de haon go ceithre bliana tar éis athchóirithe suntasacha a bheith déanta sna tíortha a bhí i gceist. Fuaireamar fianaise gur tharla athruithe dearfacha mar thoradh ar chárta buí a eisiúint agus an comhar a tháinig as sin (féach Bosca 1).
Bosca 1 – Athruithe dearfacha sa Téalainn tar éis rabhadh ón Aontas
Mol mór próiseála tuinníní is ea an Téalainn, le cabhlach iascaireachta suntasach.
In 2011, tharraing meastóireacht ón gCoimisiún aird ar roinnt laigí maidir le bailíochtú deimhnithe gabhála agus ráiteas próiseála sa Téalainn, mar aon le córas rialaithe agus creat dlíthiúil nach raibh leormhaith a bheith sa tír sin.
Níor éirigh aon dul chun cinn suntasach as an gcomhar a rinneadh ina dhiaidh sin leis an Téalainn, agus in 2015 d’eisigh an Coimisiún “cárta buí”.
Ansin, rinne údaráis na Téalainne an méid seo a leanas:
- dlíthe agus rialacháin nua iascaigh a ghlacadh i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta;
- smachtbhannaí coiriúla a fhorchur sna cásanna is tromchúisí den iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte;
- córas rialaithe nua a bhunú agus feabhas a chur ar an inrianaitheacht ó thaobh thabhairt i dtír na ngabhálacha agus ó thaobh na próiseála de.
Mar thoradh air sin, cuireadh an cárta buí ar ceal in 2019. Bhunaigh an Coimisiún agus údaráis na Téalainne meitheal chun idirphlé leanúnach a chur chun cinn.
57 Is comhpháirtithe trádála tábhachtacha le leibhéal substainteach onnmhairiúcháin chuig an Aontas iad cuid de na tíortha ar eisíodh cárta ina leith san am a caitheadh (e.g. an Téalainn, Eacuadór agus Vítneam). Ní hamhlaidh an scéal le go leor tíortha eile ar eisíodh cárta ina leith. I gcás 14 de na 27 dtír sin, is beag é méid na trádála i dtáirgí iascaigh a dhéanann siad leis an Aontas nó ní dhéanann siad trádáil ar bith leis (féach Fíor 7). Tá cuid acu nár chuir in iúl don Choimisiún cén comhlacht atá ina údarás deimhniúcháin acu agus, dá réir sin, níl siad údaraithe chun táirgí iascaigh a thrádáil. Dá bhrí sin, is dealraitheach gur riosca beag atá ann go mbeadh táirgí éisc a thagann ó ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ag teacht isteach i margadh an Aontais ó na tíortha sin.
Fíor 7 – An méid trádála le tíortha cártáilte (i mílte tona)
Nóta: Méid trádála i dtonaí don bhliain roimh an gcinneadh cártála. Maidir leis na sonraí a chuirtear ar fáil san Fhíor seo, ní áiríonn siad trádáil indíreach i dtáirgí iascaigh ó shoithí as tíortha cártáilte, ar táirgí iad sin a sholáthraítear do thríú tíortha eile sula ndéantar iad a onnmhairiú chuig an Aontas.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Eurostat.
58 Is é an t-údar atá ag an gCoimisiún le díriú ar thíortha ar beag a dtrádáil éisc leis an Aontas ná go bhfuil na tíortha sin ag feidhmiú mar thíortha a chuireann “bratach áise” ar fáil (féach Bosca 2). Tá iomad idirghníomhaíochtaí ann idir oibreoirí agus údaráis inniúla i stáit bhrataí, stáit chósta, stáit chalafoirt agus stáit an mhargaidh ar fud an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, mura gcomhlíonann na tíortha sin a n-oibleagáidí, tá an baol ann go ndéanfar gníomhaíochtaí den iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus go gcuirfear as d’inrianaitheacht, agus gurb é an toradh a bheadh air sin ná go mbeadh táirgí a thagann as iascaireacht neamhdhleathach á n-allmhairiú isteach i margadh an Aontais.
Bosca 2 – Bratacha áise agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte
Ina tuarascáil ó 2020 dar teideal “Off the Hook”26, tugann Fondúireacht an Cheartais Comhshaoil chun solais gurb í an easpa trédhearcachta in earnáil dhomhanda na hiascaireachta an phríomhchúinse a ligeann don iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte tarlú.
Tagraíonn an téarma “bratach áise” do bhratach tíre a dheonú do shoithí eachtrannacha ar chomaoin airgid. Ní áirithíonn bratacha áise go bhfuil fíornasc idir úinéireacht agus rialú an tsoithigh agus an tír bhrataí. Cuireann siad ar chumas oibreoirí a gcéannachtaí a cheilt agus smachtbhannaí a sheachaint nuair a bhíonn siad ag gabháil d’iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, go minic trí bhratacha a athrú (“bocáil bratach”).
Nuair nach ndéanann na tíortha sin faireachán ach oiread ar ghníomhaíochtaí an chabhlaigh iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige, d’fhéadfadh sé go meallfadh a gcórais rialaithe neamhleora oibreoirí a bhíonn ag gabháil don iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
Ar an iomlán, tá 13 thír a bhfuil cárta buí nó dearg eisithe ag an gCoimisiún ina leith liostaithe ag an bhFondúireacht mar thíortha a chuireann bratacha áise ar fáil.
59 In éagmais iarrachtaí leordhóthanacha ó na húdaráis náisiúnta chun na fadhbanna atá braite a réiteach, féadann an Coimisiún an tír a shainaithint mar “thríú tír neamh-chomhoibríoch” (“cárta dearg” a eisiúint). Ciallaíonn cárta dearg go gcaithfidh na Ballstáit gach allmhairiú de tháirgí iascaigh ó shoithí na tíre sin a dhiúltú. Tar éis an tsainaithint sin a dhéanamh, cuireann an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme faoi bhráid na Comhairle ina liostaítear an tír mar thír “neamh-chomhoibríoch”. A thúisce a ghlactar an cinneadh sin, tionscnaítear bearta sriantacha breise i.e. cosc a bheith ar shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí na tíre atá liostaithe agus na comhpháirtíochtaí iascaigh atá déanta leis na tíortha sin a shéanadh.
60 Níl aon bhunús dlí idirnáisiúnta ann chun athrú brataí i gcás soithí iascaireachta a stopadh, ná chun soithí ó thríú tír a stopadh ó bheith ag oibriú i limistéar eacnamaíoch eisiach na dtíortha a bhfuil cárta eisithe ina leith. Dá bhrí sin, tá lúb ar lár ann a chuireann teorainn le tionchar eacnamaíoch na gcártaí dearga, i.e. is féidir le soithí a bhfuil bratach cláraithe acu le stát brataí “neamh-chomhoibríoch” athrú brataí a dhéanamh in áit éigin eile, agus is féidir le soithí ó thríú tír leanúint orthu de bheith ag oibriú i limistéar eacnamaíoch eisiach na tíre sin. Sa dá chás, is féidir a ngabhálacha deimhnithe a onnmhairiú go dleathach chuig an Aontas.
61 As na 27 nós imeachta a tionscnaíodh ó 2012, is cárta dearg a bhí mar thoradh ar shé cinn acu (féach an sampla i mBosca 3). Tá trí cinn de na tíortha sin bainte den liosta ó shin.
Bosca 3 – Bearta AE a rinneadh in aghaidh Oileáin Chomóra
Tá limistéar eacnamaíoch eisiach ollmhór ag Oileáin Chomóra i limistéar a bhfuil tuinníní go flúirseach ann. In 2006, shínigh an tAontas agus Oileáin Chomóra comhaontú comhpháirtíochta iascaigh lenar ceadaíodh do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileáin Chomóra.
Eisíodh cárta buí i leith Oileáin Chomóra in 2015, agus cárta dearg ina dhiaidh sin in 2017. Ba é an phríomhchúis a bhí leis sin ná nach raibh Oileáin Chomóra in ann a gcuid freagrachtaí mar stát brataí a chomhlíonadh.
- Ní dhearna na húdaráis náisiúnta rialú ar ghníomhaíochtaí an chabhlaigh iascaireachta Chomóraigh. Ní raibh aon fhaisnéis acu maidir le suíomh, gabhálacha, tabhairt i dtír ná trasloingsiú lasmuigh dá n-uiscí.
- Shainaithin na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh arís agus arís eile saincheisteanna comhlíontachta agus bhí fianaise ann go raibh gníomhaíochtaí den iascaireacht mhídhleathach a raibh soithí ó Oileáin Chomóra páirteach iontu ag tarlú idir 2010 agus 2015.
- Ina ainneoin sin, níor chuir Oileáin Chomóra smachtbhannaí ar na soithí a bhí i gceist; ní raibh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte sainithe go sainráite ina chreat dlíthiúil ná níor fhoráil an creat dlíthiúil sin do bhearta agus smachtbhannaí forfheidhmiúcháin.
- Bhí bainistiú an chláir cabhlaigh iascaireachta tarmligthe ag na húdaráis náisiúnta chuig an iomad ionadaithe ar fud an domhain, a raibh “clárlann oscailte” nó bratach áise á dtairiscint acu.
Go dtí go mbainfear Oileáin Chomóra de liosta na Comhairle agus go gcuirfear an cárta dearg ar ceal, tá cosc ar tháirgí iascaigh ó shoithí a bhfuil bratach Oileáin Chomóra ar foluain acu a allmhairiú isteach san Aontas, agus ní féidir le soithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileáin Chomóra.
62 Is féidir leis an gCoimisiún a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle tír a bhfuil cárta dearg eisithe ina leith a bhaint den liosta nuair a bhíonn na príomheasnaimh atá sainaitheanta réitithe agus nuair atá gealltanas polaitiúil ann tabhairt faoi iarrachtaí chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac agus an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
63 Tar éis do chárta buí nó dearg a bheith curtha ar ceal, leanann an Coimisiún de bheith ag comhoibriú leis an tír agus sainaithníonn sé aon chás de thitim ar gcúl de réir mar a thagann siad sin chun cinn. I bPanama agus i nGána, mar shampla, rinne an Coimisiún obair leantach tar éis dó an cárta buí a chur ar ceal, agus fuair sé go raibh iarrachtaí laghdaithe chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte. Rinneadh an dá thír sin a réamh-shainaithint den dara huair.
Bhraith na Ballstáit iascaireacht neamhdhleathach ag cabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus in uiscí náisiúnta, ach ní bhíonn smachtbhannaí athchomhairleach i gcónaí
Trí sheiceálacha na mBallstát ar chabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus ar uiscí náisiúnta, braitheadh cásanna den iascaireacht neamhdhleathach
64 Tá na Ballstáit freagrach as córas rialaithe iascaigh an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart chun comhlíonadh an Chomhbheartais Iascaigh27 a áirithiú. Caitheann siad gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh dá n-uiscí, agus gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, a rialú gan beann ar an áit ina bhfuil siad. Is i dtríú tíortha nó ar an mórmhuir a dhéantar thart ar 20 % de na gabhálacha a dhéanann soithí an Aontais28.
65 Léirítear i bhFíor 8 na hacmhainní atá leithdháilte le haghaidh rialú gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais nó ag cabhlach iascaireachta an Aontais.
Foinse: CIE, bunaithe ar an Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
66 I gcúig imchuach farraige (an tAtlantach Thoir agus an Mheánmhuir, an Mhuir Dhubh, Muir Bhailt, an Mhuir Thuaidh, Uiscí an Iarthair san Atlantach Thoir Thuaidh), tá iascaigh áirithe faoi réir Clár Sonrach um Rialú agus Cigireacht (SCIPanna). Áirítear sna cláir sin cuspóirí, tosaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta na mBallstát uile lena mbaineann. Chun comhoibriú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a spreagadh, bíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ag comhordú Pleananna Imlonnaithe Comhpháirteacha, ina nglacann cigirí ó Bhallstáit éagsúla páirt i gcigireachtaí. In 2020, rinne na Ballstáit 38 450 cigireacht agus thuairiscigh siad don Ghníomhaireacht mar chuid de Phleananna Imlonnaithe Comhpháirteacha, agus tríd sin rinne siad 2 351 shárú a bhrath29.
Pictiúr 1 – Soitheach patróil arna chairtfhostú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (2020)
© An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, 2005-2021.
67 Tuairiscíonn na Ballstáit ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um rialú gach cúig bliana. Ó 2015 go 2019, rinne siad 345 510 cigireacht, inar sainaithníodh ar a laghad sárú amhrasta amháin in 13 %30 acu agus inar sainaithníodh ar a laghad sárú tromchúiseach amhrasta amháin in 6 % acu. Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit 69 400 sárú le linn na tréimhse sin, agus is trí cinn de Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe a bhrath níos mó ná 76 % díobh: an Iodáil (46 %), an Ríocht Aontaithe (12 %), an Ghréig (11 %) agus an Spáinn (8 %).
68 Léirítear i bhFíor 9 miondealú ar sháruithe tromchúiseacha de réir gníomhaíochta iascaigh.
Fíor 9 – Cion de sháruithe tromchúiseacha de réir catagóire (2015-2019)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Pharlaimint na hEorpa.
69 Is fadhb mhór i gcónaí in iascach an Aontais é míthuairisciú a dhéanamh ar ghabhálacha. Gné amháin de sin is ea nach ndéantar gabhálacha de thaisme a thuairisciú (féach Bosca 4).
Bosca 4 – Aischur neamhdhleathach agus gabhálacha neamhthuairiscithe
Is gnáthchleachtas i dtionscal na hiascaireachta é gabhálacha de thaisme a chaitheamh ar ais san fharraige. D'fhéadfadh sé nach bhfuiltear ag iarraidh na ngabhálacha sin mar gheall ar luach tráchtála íseal nó d’fhéadfadh sé go bhfuil cuóta i gceist leis an iasc. Toisc nach maireann formhór na n-iasc a chaitear ar ais san fharraige, is mó i bhfad líon iarbhír na n-iasc a fhaigheann bás ná mar a léiríonn na figiúirí do ghabhálacha a thugtar i dtír agus a dhíoltar. Tá cleachtas eile ann ar a dtugtar “ardghrádú”, agus is éard atá i gceist leis sin ná éisc a bhfuil luach tráchtála acu, agus a bhfuil cuótaí ag an soitheach ina leith, a chaitheamh ar ais le súil agus gur féidir an ghabháil a bharrfheabhsú trí eiseamail (gráid) níos mó den speiceas céanna a ghabháil agus ansin iad sin a dhíol ar phraghsanna níos airde.
Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Ní mór do shoithí iascaireachta gach gabháil de speicis áirithe (gan díolúintí san áireamh) a thabhairt i dtír agus a thuairisciú agus iad a bhaint as aon chuóta is infheidhme. Is é an aidhm atá leis sin ná spreagadh a thabhairt do thionscal na hiascaireachta cleachtais iascaireachta níos roghnaí a ghlacadh agus cabhrú le heolaithe sonraí cruinne a bhailiú maidir le saothrú iarbhír na stoc éisc.
Easpa forfheidhmiúcháin
Tá an rialú agus an forfheidhmiú dúshlánach, ós rud é nach féidir éisc aischurtha a bhrath go héasca trí bhíthin cigireachtaí traidisiúnta. Cé go bhfuil cianfhaireachán á dhéanamh ar bhonn píolótach ag roinnt Ballstát31, ní leor an scála sin. Léirítear sna tuarascálacha32 gur cleachtas coitianta é aischur neamhdhleathach agus go bhfuil an leibhéal comhlíontachta i gcás na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír íseal.
In 2021, thuairiscigh an Coimisiún 'aischur fairsing, neamhdhleathach agus neamhdhoiciméadaithe de ghabhálacha i roinnt imchuach farraige'33.
Shainaithin an Coimisiún laigí suntasacha i gcórais um rialú náisiúnta agus thosaigh sé ag dul i ngleic leo
70 Tá an Coimisiún freagrach as formhaoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh ag na Ballstáit uile.34 Déanann sé meastóireacht ar na Ballstáit trí fhíoruithe, trí chigireachtaí neamhspleácha agus trí iniúchtaí.
71 In 2021, thuairiscigh an Coimisiún ar thorthaí na formhaoirseachta a rinne sé ar na Ballstáit sa tréimhse ó 2015 go dtí 201935. Bhí an fócas ar mheá, clárú agus rianú cuí na ngabhálacha, ar rialú na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, ar fhaireachán agus rialú an chabhlaigh iascaireachta sheachtraigh, agus ar fhíorú na cumhachta innill. Tá na bearta sin go léir fíor-riachtanach chun faireachán cuí a dhéanamh ar ghlacadh cuótaí agus ar inbhuanaitheacht acmhainní.
72 Tharraing obair an Choimisiúin aird ar “easnaimh shuntasacha” sna Ballstáit ina ndearnadh iniúchóireacht ar an rialú ar mheá, clárú agus inrianaitheacht gabhálacha (an Danmhairg, Éire, an Bheilg agus an Ísiltír). Is ró-iascaireacht agus tearcthuairisciú ar ghabhálacha a lean as na heasnaimh sin.
73 Tá gníomhaíocht feabhais á déanamh ag an gCoimisiún. Idir 2015 agus 2020, d’oscail an Coimisiún 34 chás neamhfhoirmiúla ina ardán ar líne chun fadhbanna a réiteach, ar a dtugtar “EU Pilot”, chun aghaidh a thabhairt ar laigí a sainaithníodh sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tharraing sé suas sé cinn déag de phleananna gníomhaíochta leis na Ballstáit36 chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh i gclárú gabhála, i gcórais smachtbhannaí, i bpróisis bainistithe riosca, i mbailíochtú sonraí ríomhairithe nó i gcórais cros-seiceála uathoibrithe agus i gceanglais inrianaitheachta.
74 Idir 2015 agus 2021, thionscain an Coimisiún aon cheann déag de nósanna imeachta um shárú (caingean dlí) in aghaidh na mBallstát maidir le mainneachtainí ó thaobh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go héifeachtach, ó thaobh rialú leormhaith a dhéanamh ar a gcabhlach iascaireachta seachtrach nó ar a n-iascach seachtrach, ó thaobh córas smachtbhannaí éifeachtach a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe tromchúiseacha, nó ó thaobh córais clárúcháin agus meáite gabhálacha a rialú.
Chuidigh tionscadail a fuair maoiniú ón Aontas leis an gcóras rialaithe a threisiú
75 Cuireann an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe, agus bhí buiséad iomlán de €580 milliún aige do chlárthréimhse 2014-2020.
76 Léiríonn na sonraí is déanaí (deireadh 2020) gur roghnaigh na Ballstáit oibríochtaí ar fiú €440 milliún iad le haghaidh bearta um rialú37. I measc na mbeart a bhí incháilithe do mhaoiniú, bhí siad seo a leanas: teicneolaíocht don rialú a shuiteáil agus a fhorbairt; soithí agus aerárthaí patróil a nuachóiriú agus a cheannach; costais oibriúcháin; agus teicnící nuálacha rialaithe a fhorbairt (féach Fíor 10).
Fíor 10 – Caiteachas an Aontais ar bhearta um rialú de réir catagóire (i milliúin euro)
Foinse: CIE, bunaithe ar Thuarascáil cur chun feidhme CEMI 2020.
77 Roghnaíomar sampla de 23 thionscadal arbh fhiú €27 milliún iad san iomlán (le €22.4 milliún cómhaoinithe ag an Aontas), a raibh rialú agus forfheidhmiú le déanamh orthu sa Danmhairg, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa tSualainn. Bhain na tionscadail a roghnaíodh le forbairt TF, soithí patróil, teicneolaíocht nuálach agus costais oibriúcháin (féach Fíor 11). As na 23 thionscadal inár sampla, bhí 20 acu á gcur chun feidhme ag comhlachtaí poiblí agus trí cinn ag tairbhithe príobháideacha.
78 I gcás gach ceann de na tionscadail sin, rinneamar measúnú féachaint an raibh na cuspóirí ag teacht leis na riachtanais a shainaithin an t-údarás bainistíochta sna Cláir Oibríochta náisiúnta don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh nó an raibh siad ag teacht le tosaíochtaí um rialú agus forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais38. Rinneamar seiceáil dhoiciméadach ar gach tionscadal, trína ndearnamar anailís ar iarratais, ar nósanna imeachta roghnúcháin, ar chur chun feidhme agus ar chostais. I ngach cás, fuaireamar go raibh na tionscadail uile a roghnaíodh ag teacht leis na tosaíochtaí náisiúnta nó le tosaíochtaí an Aontais, agus gur chuidigh siad le córais rialaithe na mBallstát a threisiú.
79 I gcúig cinn de na tionscadail inár sampla, arbh fhiú €8.5 milliún iad, clúdaíodh roinnt de na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na n-údarás um rialú i bPleananna Imlonnaithe Comhpháirteacha nó i ngníomhaíochtaí sonracha um rialú. Cistí an Aontais a mhaoinigh gnéithe amhail cothabháil soithí, tuarastail agus breosla le haghaidh patról. Dhearbhaigh údaráis na mBallstát a cuireadh faoi agallamh go raibh maoiniú ón Aontas bunriachtanach chun tacú leis na hoibríochtaí sin. Ar fud an Aontais, bhí na Pleananna Imlonnaithe Comhpháirteacha in ann 2 351 shárú a bhrath in 2020, mar a mhínítear i mír 66.
80 Bhain trí thionscadal, arbh fhiú €5.31 milliún ar an iomlán iad, le héadáil nó le huasghrádú soithí patróil. Áiríodh leis sin soitheach nua patróil agus athsholáthar sé inneall i gceithre bhád do Sheirbhís Gharda Cósta na Gailíse, agus athchóiriú ar shoitheach patróil sa Fhrainc lena úsáid san Aigéan Indiach. D’fhíoraíomar go raibh nósanna imeachta tairisceana eagraithe ag na húdaráis chun costais a íoslaghdú agus go n-úsáidfí na soithí sin go príomha le haghaidh rialú iascaigh.
81 Bhain seacht dtionscadal, arbh fhiú €5.1 milliún ar an iomlán iad, le “ceannach, suiteáil agus forbairt na teicneolaíochta”. Is éard a bhí i gceist leis sin, den chuid is mó, ná infheistíochtaí TF do na húdaráis um rialú chun cabhrú leo a gcuid seiceálacha a spriocdhíriú agus a dhéanamh ar bhealach níos fearr. Bhí na nithe seo a leanas, i measc rudaí eile, i gceist leis na tionscadail a roghnaíodh: úsáid samhlacha intleachta saorga le haghaidh rialú rioscabhunaithe; suíomh gréasáin a fhorbairt chun iascaireacht neamhdhleathach a thuairisciú; agus córais TF iomadúla a bhfuil sé mar aidhm leo anailís a dhéanamh ar shonraí iascaigh agus na sonraí sin a chomhroinnt. Dheimhnigh na húdaráis um rialú a chuireamar faoi agallamh go raibh na huirlisí sin úsáideach dá gcuid oibríochtaí.
82 Roghnaíomar cúig thionscadal nuálacha, arbh fhiú €1.83 milliún ar an iomlán iad, a bhfuil sé mar aidhm leo teacht ar bhealaí atá éifeachtach ó thaobh costais de chun rialú a fheabhsú. Cuirtear ceithre cinn de na tionscadail sin i láthair i bhFíor 12 thíos.
83 Bhí na nithe seo a leanas i gceist le tionscadail eile a roghnaíodh: coimeádáin a éadáil le haghaidh trealamh urghafa a stóráil, amhail trealamh neamhdhleathach; ionad oibriúcháin do chigirí iascaigh a thógáil; agus infheistíochtaí ó oibreoirí príobháideacha i gcórais inrianaitheachta.
Tá éagsúlacht sna smachtbhannaí arna bhforchur ag na Ballstáit agus ní bhíonn siad athchomhairleach i gcónaí
84 Aithnítear sa bhrollach a ghabhann leis an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte gurb é is cúis, den chuid is mó, leis an líon ard leanúnach sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an bheartais iascaigh in uiscí an Aontais nó ag oibreoirí an Aontais ná nach bhfuil smachtbhannaí na mBallstát athchomhairleach a ndóthain. Deirtear freisin ann gur thug an éagsúlacht mhór smachtbhannaí ar fud na mBallstát spreagadh d’oibreoirí neamhdhleathacha breith dá rogha féin dá gcuid oibríochtaí a dhéanamh faoi na huiscí mara nó an chríoch atá ag gabháil leis na Ballstáit a bhfuil na smachtbhannaí is boige acu. Chun aghaidh a thabhairt ar an laige sin, tugadh forálacha isteach leis an rialachán chun smachtbhannaí ar fud an Aontais a threisiú agus a chaighdeánú.
85 Tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir le smachtbhannaí i gcás “sáruithe tromchúiseacha”. Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé a chinneadh ar cheart sárú sonrach a mheas mar shárú tromchúiseach, trí chritéir ar leith a chur san áireamh amhail an damáiste a rinneadh, luach an tsáraithe, méid an tsáraithe agus cionta a rinneadh roimhe sin. Baineann sáruithe tromchúiseacha le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha amhail iascaireacht gan cheadúnas nó gan údarú, gan gabhálacha a thuairisciú, iascaireacht a dhéanamh i limistéar iata nó iascaireacht gan leithdháileadh cuótaí, agus trealamh neamhdhleathach a úsáid39. D’fhéadfaí a mheas gur sárú tromchúiseach é neamhchomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír40.
86 Faoi rialacha an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur maidir le gach sárú tromchúiseach. Príomhphrionsabal amháin is ea gur cheart go bhfágfadh leibhéal foriomlán na smachtbhannaí “go ndéanfar na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn ó na sáruithe tromchúiseacha a bhaint go héifeachtach díobh sin atá freagrach”. Ba cheart luach an damáiste a rinneadh d’acmhainní iascaireachta agus don chomhshaol muirí a mheas freisin.
87 Chun machaire réidh a chur chun cinn ar fud an Aontais, tugadh isteach córas pionóis le haghaidh sáruithe tromchúiseacha. Nuair a bhraitear sárú tromchúiseach, ní mór do na húdaráis pointí pionóis a chur i bhfeidhm ar shealbhóir an cheadúnais iascaireachta agus ar mháistir an tsoithigh. Nuair a théitear thar thairseach shonrach, atá sainithe sa rialachán, déantar an ceadúnas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.
88 In 2019, rinne an Coimisiún staidéar ar chórais smachtbhannaí na mBallstát uile i leith sáruithe ar rialacha an Chomhbheartais Iascaigh41. Tá sé bunaithe ar shonraí arna soláthar ag údaráis na mBallstát a chlúdaíonn an tréimhse ó 2015 go 2019. Tharraing an staidéar sin aird ar go leor fionnachtana dearfacha.
- Rinneadh imscrúdú nó ionchúiseamh ar fhormhór mór (92 %) na sáruithe tromchúiseacha a braitheadh.
- As na sáruithe uile a imscrúdaíodh nó a ionchúisíodh, tháinig smachtbhannaí as 92 %.
- De ghnáth, bhí an t-achar ama a bhain le forfheidhmiú gearr, agus cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm i gcás sáruithe tromchúiseacha laistigh de dheich mí ar an meán tar éis iad a bhrath. Sna Ballstáit is mó a úsáideann an córas coiriúil seachas imeachtaí riaracháin, thóg na himeachtaí tréimhsí níos faide.
89 Tarraingíodh aird sa staidéar freisin ar líon mór bearnaí i gcur i bhfeidhm smachtbhannaí ag na Ballstáit, rud a bhaineann an bonn ó éifeachtacht an chórais rialaithe agus ó mhachaire réidh. Tá siad liostaithe anseo thíos:
- difríocht shuntasach i gcéatadán na sáruithe a cháiligh mar sháruithe “tromchúiseacha” i ngeall ar chritéir náisiúnta éagsúla. Dá bhrí sin, forchuirtear smachtbhannaí éagsúla ar sháruithe den sórt sin;
- éagsúlacht shuntasach i bhfíneálacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta, agus uasmhéideanna ag dul ó €1 624 (an Rómáin) go dtí €600 000 (an Spáinn) le haghaidh smachtbhannaí riaracháin, agus ó €10 224 (an Bhulgáir) go dtí €16 000 000 (an Eastóin) le haghaidh smachtbhannaí coiriúla. Go praiticiúil, bhí an mheánfhíneáil a forchuireadh as sárú comhchosúil ag dul ó thart ar €200 (an Chipir, an Liotuáin agus an Eastóin) go dtí níos mó ná €7 000 (an Spáinn). I roinnt Ballstát a bhfuil a gcabhlaigh iascaireachta comhdhéanta de shoithí móra nó a bhíonn ag oibriú lasmuigh d’uiscí an Aontais (an Ghréig, an Liotuáin, an Laitvia), tá na fíneálacha uasta an-íseal i ndáil leis an leibhéal gníomhaíochta, rud a ardaíonn amhras maidir lena gcomhréireacht agus maidir lena n-éifeacht athchomhairleach;
- eisíonn roinnt Ballstát (an Chipir, an Liotuáin, an Rómáin) rabhadh go minic in ionad fíneála as sáruithe nach bhfuil tromchúiseach, agus déanann Ballstáit eile (an Danmhairg, an Spáinn) amhlaidh fiú i gcás sáruithe tromchúiseacha;
- éagsúlacht shuntasach in úsáid smachtbhannaí coimhdeacha (e.g. coigistiú táirgí iascaigh/trealaimh neamhdhleathaigh, ceadúnas iascaireachta a chur ar fionraí), nár cuireadh i bhfeidhm go minic ach i gcuid de na Ballstáit (an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír);
- éagsúlacht shuntasach i gcur i bhfeidhm chóras na bpointí pionóis, agus bhí cuid de na Ballstát (an Ghréig, an Rómáin, an Chróit, Éire) nár chuir pointí i bhfeidhm riamh, nó má chuir is go hannamh é, i gcás sáruithe tromchúiseacha (rud a sháraíonn an Rialachán um rialú ar iascach).
90 Bunaithe ar ár measúnú ar thorthaí an staidéir seo agus ar ár gcuid oibre iniúchóireachta féin, tagaimid ar an gconclúid nach bhfuil machaire réidh ann ar fud an Aontais. An rud is tromchúisí, i roinnt Ballstát, níl smachtbhannaí comhréireach leis an tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as na sáruithe, agus ní leor iad chun éifeacht athchomhairleach a bheith acu. Tá sé sin míchothrom d’oibreoirí atá géilliúil don dlí agus cruthaíonn sé riosca de neamh-chomhlíonadh leanúnach.
91 Ina thogra in 2018 le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras um rialú iascaigh, mhol an Coimisiún roinnt athruithe ar an reachtaíocht atá ann cheana féin chun caighdeánú níos fearr a dhéanamh ar smachtbhannaí le haghaidh sáruithe ar an gComhbheartas Iascaigh ar fud na mBallstát. Áirítear orthu sin: critéir níos sonraí chun tromchúis na sáruithe a chinneadh; sáruithe áirithe a cháiliú go huathoibríoch mar sháruithe tromchúiseacha; agus smachtbhannaí íosta agus uasta caighdeánaithe a leagan síos i gcás sáruithe tromchúiseacha.
Conclúidí agus moltaí
92 Ídíonn an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte stoic éisc, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na bagairtí is mó ar éiceachórais mhuirí, rud a bhaineann an bonn ó na hiarrachtaí chun iascaigh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus rud a thugann cuid de na stoic sin go dtí béal a ndíothaithe. Leis an gcomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, ba cheart a ráthú do thomhaltóirí an Aontais nach dtagann na táirgí atá á dtomhailt acu as iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte. Mar sin féin, cé go bhfuil gá leis, ní leor dlíthiúlacht táirge a áirithiú chun a áirithiú go bhfuil sé á fháil ar bhealach inbhuanaithe.
93 Rinneamar scrúdú ar chaiteachas agus ar ghníomhaíocht an Aontais arb é is aidhm dóibh ná a chinntiú nach bhfuil táirgí ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ag sroicheadh saoránaigh an Aontais. Chlúdaíomar na córais rialaithe atá ann chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí iascaigh neamhdhleathacha isteach san Aontas agus chlúdaíomar córais rialaithe na mBallstát chun cabhlaigh iascaireachta náisiúnta agus uiscí náisiúnta a sheiceáil.
94 Ar an iomlán, tagaimid ar an gconclúid go bhfuil na córais rialaithe atá i bhfeidhm chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac éifeachtach go páirteach; cé go maolaíonn siad an riosca, laghdaítear a n-éifeachtacht mar gheall ar chur i bhfeidhm míchothrom na seiceálacha agus na smachtbhannaí ag na Ballstáit.
95 Ghlac an tAontas an Rialachán maidir le hIascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte in 2008, lenar bunaíodh scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais. Fuaireamar gur chuir an scéim feabhas ar inrianaitheacht agus gur neartaíodh rialú allmhairí (míreanna 28-29). I gcomparáid le córais chomhchosúla, is í scéim an Aontais an scéim is cuimsithí ó thaobh raon feidhme de, ó thaobh na faisnéise a chaitear a thabhairt agus ó thaobh na bpróiseas bailíochtaithe agus rialaithe de (míreanna 30-34).
96 Ba cheart d’údaráis na mBallstát seiceálacha rioscabhunaithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh deimhnithe gabhála bailí ag gabháil le gach allmhairiú agus go bhfíoraítear an fhaisnéis ar gach deimhniú. Fuaireamar gur bhain difríochtaí suntasacha i raon feidhme agus cáilíocht na seiceálacha agus na bhfíoruithe a rinne na Ballstáit an bonn ó éifeachtacht an chórais agus go raibh baol ann go mbainfeadh oibreoirí leas as an nasc is laige (míreanna 35-45).
97 Tá scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais fós páipéarbhunaithe. Níl aon bhunachar sonraí uile-Aontais ann ina ndéantar taifead ar gach deimhniú gabhála a fhaigheann na Ballstáit. Laghdaíonn sé sin éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe agus cruthaítear riosca calaoise dá bharr. Tháinig réiteach digiteach uile-Aontais a d’fhorbair an Coimisiún chun bheith ar fáil in 2019, ach níl na Ballstáit á úsáid. Leis an togra ón gCoimisiún lena leasaítear an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach, beartaítear CATCH a dhéanamh éigeantach san Aontas (míreanna 46-49).
98 Nuair atá an córas rialaithe atá ag stát brataí easnamhach i ngnéithe tábhachtacha, ní leor deimhnithe gabhála bailíochtaithe chun ráthaíocht a thabhairt nach bhfuil táirgí a onnmhairítear chuig an Aontas ag teacht ó iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte. Tá sainaithint tríú tíortha mar “thríú tíortha neamh-chomhoibríocha”, a dtugtar tíortha a fuair an “cárta dearg” faoin “gcóras cártála” orthu de ghnáth, bunriachtanach chun táirgí neamhdhleathacha a stopadh ó bheith ag teacht isteach sa mhargadh. Fuaireamar go raibh an córas cártála úsáideach, agus gur spreag sé athchóiriú i bhformhór na dtríú tíortha lena mbaineann. Cé gur minic tionchar ag an gcóras cártála ar thíortha ar beag a dtrádáil éisc san Aontas, is minic leis na tíortha sin a bheith ag feidhmiú mar thíortha a chuireann “bratacha áise” ar fáil agus dá thoradh sin cruthaíonn siad riosca go mbeadh iascaireacht neamhdhleathach ann (míreanna 50-63).
Moladh 1 – Faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit chun a chinntiú go dtreisíonn siad a gcuid córas rialaithe chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí ón iascach neamhdhleathach, agus chun a chinntiú go ndéanann siad cibé gníomhaíocht is gá
Chun rialú na dtáirgí allmhairithe a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an scéim deimhniúcháin gabhála a dhigitiú agus seiceálacha agus foláirimh riosca uathoibrithe a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí um rialú;
- oibriú leis na Ballstáit chun a áirithiú go n-úsáidfear critéir sainaitheanta riosca go haonfhoirmeach agus go ndéanfar faireachán i dtaobh an bhfuil na seiceálacha agus fíoruithe a dhéanann na Ballstáit ag díriú isteach ar na rioscaí atá sainaitheanta;
- faireachán a dhéanamh lena chinntiú gur leor raon feidhme agus cáilíocht na seiceálacha a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, agus an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun aon easnaimh ansin a leigheas.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2026
99 Ní mór do na Ballstáit rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ina n-uiscí féin agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu in áiteanna eile. Léirítear sna sonraí go raibh cásanna den iascaireacht neamhdhleathach braite go minic ag seiceálacha náisiúnta, cé gur trí cinn de Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe a bhraith thart ar 75 % de na sáruithe uile a tuairiscíodh. Is é an míthuairisciú ar ghabhálacha an sárú is coitianta a dhéanann cabhlach iascaireachta an Aontais, agus ina dhiaidh sin tá iascaireacht i limistéir iata nó iascaireacht gan leithdháileadh cuótaí, agus trealamh neamhdhleathach a úsáid. Tá neart fianaise ann gur dúshlán atá i gceist leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a fhorfheidhmiú agus go bhfuil aischur neamhdhleathach ar muir fós ar siúl (míreanna 64-69).
100 Shainaithin obair an Choimisiúin easnaimh shuntasacha sa rialú ar mheá, clárú agus inrianaitheacht gabhálacha i gcuid de na Ballstáit. Is ró-iascaireacht agus tearcthuairisciú ar ghabhálacha atá mar thoradh ar na heasnaimh sin, agus tá bearta á ndéanamh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt orthu (míreanna 70-74).
101 Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh d’fhaireachán, do rialú agus d’fhorfheidhmiú, agus tá buiséad iomlán de €580 milliún sa chiste sin do chlárthréimhse 2014-2020. Roghnaíomar sampla de 23 thionscadal atá tiomanta do rialú agus d’fhorfheidhmiú i gceithre Bhallstát. Fuaireamar amach go raibh na tionscadail sin i gcomhréir le tosaíochtaí sainithe náisiúnta nó Eorpacha agus gur chuidigh siad leis an gcóras um rialú a threisiú (míreanna 75-83).
102 Ceanglaíonn creat an Aontais ar na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur maidir le gach sárú tromchúiseach. Príomhphrionsabal amháin is ea go gcaithfidh sé go bhfágfadh leibhéal foriomlán na smachtbhannaí “go ndéanfar na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn ó na sáruithe tromchúiseacha a bhaint go héifeachtach díobh sin atá freagrach” (míreanna 84-87).
103 Ba é an toradh a bhí ar fhormhór mór na sáruithe tromchúiseacha a braitheadh ná go ndearnadh imscrúdú nó ionchúiseamh a raibh smachtbhannaí tráthúla mar thoradh orthu. Mar sin féin, bhí éagsúlacht mhór i leibhéal na smachtbhannaí ó Bhallstát go chéile i gcás sáruithe comhchosúla. Léirigh an chomparáid idir cur i bhfeidhm smachtbhannaí sna córais náisiúnta nach bhfuil machaire réidh ann ar fud an Aontais. An rud is tromchúisí, i roinnt Ballstát, ná nach bhfuil smachtbhannaí comhréireach leis an tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as na sáruithe, agus nach bhfuil siad athchomhairleach (míreanna 88-91).
Moladh 2 – A áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit smachtbhannaí athchomhairleacha i bhfeidhm i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí
Ba cheart don Choimisiún oibriú ar chóras smachtbhannaí athchomhairleach a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go héifeachtach maidir le hiascaireacht neamhdhleathach ar fud na mBallstát tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a sheiceáil go gcuireann na Ballstáit smachtbhannaí i bhfeidhm i leith sáruithe tromchúiseacha;
- a sheiceáil nach lú luach an smachtbhanna a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm ná an tairbhe eacnamaíoch a thagann as an sárú agus go bhfuil sé athchomhairleach go leor chun sáruithe athuaire a chosc;
- a sheiceáil go bhfuil cur i bhfeidhm an chórais pointí pionóis ar fud na mBallstát comhchuibhithe;
Spriocdháta cur chun feidhme: 2024
- gníomhú mar is gá chun aon easnaimh a leigheas.
Spriocdháta cur chun feidhme: 2026
Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 14 Iúil 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Ionstraimí idirnáisiúnta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac
Iarscríbhinn II – Tagarmharcáil idir scéim deimhniúcháin gabhála AE agus córais chomhchosúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa tSeapáin
| Clúdach | An fhaisnéis a chaitear a thabhairt | Córas bailíochtaithe agus rialaithe |
|---|---|---|
Tá an clúdach is cuimsithí ag scéim an Aontais: caithfidh gach táirge iascaigh a bheith inrianaithe agus deimhnithe.
|
Ní foláir lear mór faisnéise a thabhairt i scéimeanna an Aontais agus na Stát Aontaithe, agus fágann sé sin gur féidir inrianaitheacht mhion a dhéanamh.
|
Is ag scéim an Aontais atá an córas bailíochtaithe agus rialaithe is cuimsithí (deimhniúchán ón Stát Brataí agus seiceálacha ag na húdaráis náisiúnta ag an gceann scríbe san Aontas).
|
Giorrúcháin
CCAMLR: An Coimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR)
CCSBT: An Coimisiún Idirnáisiúnta um an Tuinnín Gorm Deisceartach a Chaomhnú
CEMI: An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
EFCA: An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach
FAO: An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta
ICCAT: An Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT)
NNN: Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte
Gluais
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh: Ciste an Aontais a thacaíonn le hiascairí san aistriú chuig iascaireacht inbhuanaithe, agus a thacaíonn le pobail chósta chun a ngeilleagair a éagsúlú.
An comhbheartas iascaigh: Creat an Aontais chun éisc agus iascaireacht a bhainistiú, atá ceaptha stoic éisc inbhuanaithe agus ioncam cobhsaí a áirithiú don phobal iascaireachta.
An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír: An ceanglas go gcaithfidh soithí iascaireachta gach gabháil de speicis áirithe a thabhairt i dtír agus a thuairisciú agus iad a bhaint as aon chuótaí is infheidhme.
Córas cártála: Modh atá in úsáid ag an Aontas Eorpach le haghaidh sainaithint tíortha lasmuigh den Aontas nach bhfuil bearta leormhaithe acu chun iascaireacht neamhdhleathach a stopadh. Faoin gcóras seo, cuirtear pionós ar na tíortha sin trí rabhadh foirmiúil (“cárta buí”) nó toirmeasc allmhairithe (“cárta dearg”) a eisiúint.
Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh: Eagraíocht idir-rialtasach ag a bhfuil an t-údarás bearta caomhantais agus bainistithe don iascach a leagan síos le haghaidh uiscí idirnáisiúnta.
Limistéar eacnamaíoch eisiach: Limistéar farraige, díreach lasmuigh d’uiscí teorann tíre cósta, ina bhfuil cearta áirithe ag an tír sin, agus dualgais áirithe uirthi, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
Pleananna Imlonnaithe Comhpháirteacha: Socruithe rialaithe agus cigireachta do limistéir tosaíochta iascaireachta trína n-úsáidtear acmhainní atá comhthiomsaithe ag Ballstáit.
Scéim deimhniúcháin gabhála: Ceanglas go gcaithfidh gach onnmhairiú iascaigh chuig an Aontas deimhnithe a bheith ag gabháil leo, agus na deimhnithe sin bailíochtaithe ag stát brataí an tsoithigh iascaireachta, chun cruthúnas a thabhairt go dtagann na honnmhairithe sin ó ghabhálacha dleathacha.
Stát brataí: An tír ina bhfuil soitheach mara cláraithe.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta I – Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní Nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Eva Lindström (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Katharina Bryan (Ceann na hOifige Príobháidí), agus Johan Stalhammar, (Ataisé na hOifige Príobháidí), Paul Stafford (Príomhbhainisteoir), Frédéric Soblet (Ceann Cúraim), Paulo Faria, (Leascheann Cúraim) agus Kartarzyna Radecka-Moroz, Radostina Simeonova agus Anna Zalega (Iniúchóirí). Thug Marika Meisenzahl tacaíocht ghrafach.
Ó chlé: Johan Stalhammar, Frédéric Soblet, Eva Lindström, Katharina Bryan agus Paul Stafford.
Críochnótaí
1 Tuarascáil Achoimre ar na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil.
2 Táirgeacht iascaigh agus dobharshaothraithe.
3 Staidreamh Iascaigh Eurostat.
4 Staid an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe ar Domhan 2020.
5 Le haghaidh sainmhíniú iomlán a fháil, féach Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú agus Comhaontú FAO ar Bhearta Stát an Chalafoirt FAO.
6 Staid an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe ar Domhan 2020.
7 Suíomh gréasáin FAO maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
8 Cruinniú Mullaigh ‘One Ocean' [Aon Aigéan Amháin]: céimeanna nua lena neartaítear ceannaireacht an Aontais chun an Aigéan a chosaint.
9 Méid na hIascaireachta Neamhdhleathaí ar Domhan a mheas, David J. et al, 2009.
10 Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh.
11 Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
12 Teachtaireacht Chomhpháirteach: “Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: Clár oibre le haghaidh thodhchaí na n-aigéan”.
13 Tuarascáil Fhorbairt Inbhuanaithe na hEorpa 2021.
14 Stádas na stoc éisc agus sliogéisc mhuirí i bhfarraigí na hEorpa.
15 Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme agus meastóireacht Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
16 Togra le haghaidh rialachán nua maidir le rialú (COM/2018/368 final).
17 Tuarascáil speisialta 26/2020: “An comhshaol muirí – Cosaint an Aontais fairsing gan a bheith domhain”, féach chomh maith Tuarascáil ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais – Stádas ag deireadh 2020.
18 An tSeirbhís Mhuirí Náisiúnta Iascaigh – Staitisticí reatha iascaigh Uimh. 2019; An tSeapáin: FY2019 – Treochtaí in Iascaigh; FY2020 – An Beartas Iascaigh.
19 Acht Caomhnaithe agus Bainistithe Iascaigh Magnuson-Stevens; An Clár um Fhaireachán ar Allmhairí Bia Mara.
20 SIMP: Tuarascáil don Chomhdháil – Iarrachtaí chun Allmhairiú Bia Mara trí iascaireacht NNN a chosc.
22 Rialachán (CE) Uimh. 1010/2009 ón gCoimisiún.
23 Tionchar Rialachán NNN an Aontais ar shreabha trádála bia mara.
24 Client Earth – An rialú ar allmhairiú táirgí éisc a dhigiteáil.
25 Client Earth – An rialú ar allmhairiú táirgí éisc a dhigiteáil.
26 “Off the Hook” – An chaoi a n-úsáidtear bratacha áise chun éalú ó phionós de bharr na hiascaireachta neamhdhleathaí.
28 Iascaireacht lasmuigh den Aontas.
29 Tuarascáil Bhliantúil EFCA don bhliain 2020.
30 Tuarascáil Achoimre ar na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil.
31 An Bhulgáir, an Chipir, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Eastóin, an Spáinn, an Chróit, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil.
32 Mar shampla, An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír: An chéad staidéar ar chur chun feidhme agus ar an tionchar ar aischur éisc; Tuarascáil ar an rialachán maidir le Rialú.
33 Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
34 Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
35 Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
36 An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Fhionlainn, an Chróit, an Iodáil, an Liotuáin, Málta, an Ísiltír, an Rómáin, an tSualainn (faoi dhó), an tSlóivéin.
37 Tuarascáil cur chun feidhme CEMI 2020.
38 Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/464/AE ón gCoimisiún.
39 An Rialachán maidir le hiascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte.
41 Staidéar ar chórais smachtbhannaí na mBallstát i leith sáruithe ar rialacha an Chomhbheartais Iascaigh.
42 SIMP: Tuarascáil don Chomhdháil – Iarrachtaí chun Allmhairiú Bia Mara trí iascaireacht NNN a chosc.
43 Staidéar comparáideach ar phríomhghnéithe sonraí i scéimeanna rialaithe allmhairithe atá dírithe ar dhul i ngleic le hiascaireacht NNN sna trí mhargadh bia mara is mó ar domhan.
44 An tSeapáin chun Doiciméid Ghabhála a Éileamh le haghaidh Allmhairithe de Speicis Mhara Leochaileacha.
45 Moladh ó ICCAT maidir le Clár Doiciméadachta leictreonach do Ghabhálacha Tuinníní Gorma (eBCD).
46 Rún maidir le Scéim Doiciméadachta do Ghabhálacha CCSBT a chur chun feidhme.
47 Treoir Chomhlíontachta don Chlár Faireacháin ar Allmhairithe Bia Mara.
48 Beart Caomhantais 10-05 (2018), Scéim Doiciméadachta Gabhála do speicis Dissostichus.
49 Moladh 18-13 ó ICCAT maidir le clár Doiciméadachta Gabhála don Tuinnín Ghorm.
50 Rún maidir le Scéim Doiciméadachta Gabhála CCSBT a chur chun feidhme.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-8647-3 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/538824 | QJ-AB-22-018-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-8640-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/156864 | QJ-AB-22-018-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Fíoracha 3, 4, 5, 6, 8 agus 12 – Deilbhíní: Rinneadh na fíoracha sin a dhearadh ag úsáid acmhainní ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Pictiúr 1: © An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, 2005-2021.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
