Slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a áirithiú le linn COVID-19 Bhí freagairt an Aontais tapa, ach ní raibh sí spriocdhírithe go leor ag na Ballstáit
Maidir leis an tuarascáil:Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta ón bhfeirm chuig an bhforc. San iniúchadh seo, rinneamar measúnú féachaint an raibh freagairt an Aontais iomchuí. Fuaireamar amach gur fhreagair an Coimisiún go tapa trí threoirlínte úsáideacha a eisiúint, trí thacaíocht dhíreach, agus trí bhearta margaidh amhail driogadh géarchéime. Níor dhearna na Ballstáit úsáid na tacaíochta dhírí a spriocdhíriú, áfach, agus ní raibh na rialacha maidir le driogadh géarchéime soiléir go leor. Bhí íocaíochtaí státchabhrach níos suntasaí i dtéarmaí airgid, ach fuaireamar amach go bhféadfadh saobhadh ar an iomaíocht agus róchúiteamh a bheith mar thoradh orthu. Molaimid go ndéanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt chun spriocdhíriú bhearta CBT a fheabhsú, agus go molfaidh sé rialacha soiléire i gcás géarchéimeanna amach anseo.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta ón bhfeirm go dtí an forc agus chuir sé isteach ar roinnt margaí talmhaíochta. Mar fhreagairt ar sin, ghlac an tAontas sraith de bhearta tacaíochta eisceachtúla.
II Ba é cuspóir an iniúchta seo ná measúnú a dhéanamh an raibh freagairt an Aontais ar an mbagairt ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta de bharr na paindéime iomchuí. Rinneamar measúnú féachaint ar fhreagair an tAontas Eorpach go tapa don chur isteach ar an earnáil agraibhia de bharr na paindéime agus scrúdaíomar ar dhírigh tacaíocht ón Aontas ar na hearnálacha agus ar na tairbhithe is mó a raibh gá acu léi. Glacadh bearta an Choimisiúin in 2020 agus chumhdaíomar a gcur chun feidhme suas go dtí deireadh 2021. Táimid ag súil go gcuideoidh ár n-iniúchadh le feabhas a chur ar dhearadh beart in aon ghéarchéimeanna amach anseo a dhéanann difear do shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta.
III Thángamar ar an gconclúid go raibh freagairt an Choimisiúin ar an mbagairt ar shlabhraí soláthair earraí talmhaíochta de bharr phaindéim COVID-19 iomchuí den chuid is mó ach nach raibh sé spriocdhírithe go leor.
IV Fuaireamar amach gur fhreagair an Coimisiún go tapa don phaindéim. D’eisigh sé treoirlínte úsáideacha maidir le gluaiseacht earraí agus oibrithe ríthábhachtacha lenar maolaíodh an cur isteach ar an earnáil agraibhia. Cuireadh tacaíocht dhíreach, le buiséad €712 mhilliún, i bhfeidhm go tapa trí chistí neamhúsáidte ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a ath-leithdháileadh. Fuaireamar amach gurbh iad na Ballstáit a raibh buiséad CETFT suntasach nár úsáideadh acu ag deireadh 2019 den chuid is mó a bhain leas as an mbeart seo.
V Tháinig an phríomhfhreagairt fhioscach ar an bpaindéim ó bhuiséid náisiúnta agus chuir an Coimisiún nósanna imeachta i bhfeidhm chun státchabhair a éascú. Sainaithníomar baol go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht idir na Ballstáit, chomh maith leis an mbaol go ndéanfaí róchúiteamh nuair a thacaigh státchabhair le hearnáil a fuair cistí ón Aontas freisin.
VI Ní raibh an tacaíocht dhíreach spriocdhírithe go leor ag na Ballstáit. Chuir cúig cinn de na 14 Bhallstát a bhain úsáid as an mbeart seo cistí ón Aontas ar fáil do na feirmeoirí go léir ar éirigh caillteanais dóibh agus dhírigh na naoi gcinn eile ar earnálacha roghnaithe agus thacaigh siad le tairbhithe is cuma ar éirigh caillteanais dóibh nó nár éirigh.
VII Ghlac an tAontas bearta freisin i bhfoirm stórála príobháidí agus dhriogadh géarchéime fíona chun an margadh a chobhsú trí ró-sholáthar a laghdú. Bhí úsáid na stórála príobháidí íseal, go háirithe in earnáil na feola. Cuireadh driogadh géarchéime, agus buiséad de €293 mhilliún ag gabháil leis, i bhfeidhm le difríochtaí suntasacha ar fud na mBallstát a ndearnamar iniúchadh orthu. Ní raibh na rialacha maidir le méid na tacaíochta a choinnigh driogairí soiléir.
VIII Bunaithe ar na fionnachtana sin, molaimid go ndéanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt chun spriocdhíriú bhearta CBT a fheabhsú, agus, i gcás géarchéimeanna amach anseo, rialacha soiléire a mholadh.
Réamhrá
Paindéim COVID-19 agus slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta
01 Tá sé mar aidhm ag comhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT) soláthar cobhsaí bia inacmhainne a áirithiú agus feirmeoirí a chumasú chun slí bheatha réasúnach a bheith acu1. Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta ón bhfeirm go dtí an forc, rud a chuir isteach ar bhuaint an fhómhair, ar lóistíocht, ar phróiseáil agus ar sholáthar agus a rinne damáiste eacnamaíoch dóibh.
02 Ag tús na paindéime, dhún roinnt Ballstát a dteorainneacha go haontaobhach ar fhorais sláinte poiblí, in ainneoin mholadh an Choimisiúin2 go mbeadh cur chuige comhordaithe ann i leith srianta ar bith ar shaorghluaiseacht daoine agus earraí. Bhí iompar táirgí, go háirithe thar theorainneacha, dúshlánach ar na cúiseanna céanna. Dúnadh go leor monarchana próiseála bia mar gheall ar bhearta éigeandála nó ganntanas foirne. Dúnadh an earnáil fáilteachais, agus bhí ganntanas foirne sna hollmhargaí agus bhí fadhbanna soláthair acu3.
Gníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis an earnáil agraibhia le linn phaindéim COVID-19
03 Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bearta a bhaineann leis an earnáil agraibhia. Eisíonn an Coimisiún treoirlínte agus molann sé bearta airgeadais chun tacú leis an earnáil4. Comhroinneann an Coimisiún agus na Ballstáit bainistíocht na mbeart sin. Roghnaíonn na Ballstáit tairbhithe agus cuireann siad na bearta atá molta ag an gCoimisiún chun feidhme. Tá an Coimisiún freagrach freisin as scéimeanna státchabhrach a fhormheas, ar scéimeanna státchabhrach iad a bhféadfadh sé gur mhaith leis na Ballstáit iad a chur chun feidhme. Taispeántar amlíne na mbeart a ghlac an tAontas i bhFíor 1.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí5.
04 Go sonrach, thug an tAontas na bearta seo a leanas isteach (féach Tábla 1 agus Iarscríbhinn I le haghaidh tuilleadh sonraí):
- Treoirlínte ón gCoimisiún a raibh sé mar aidhm acu slabhra soláthair bia éifeachtúil a áirithiú san Aontas, agus lena gcáilítear oibrithe séasúracha mar oibrithe ‘ríthábhachtacha’ chun tacú leis an earnáil bia;
- tacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí agus do FBManna i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime (‘beart 21’ den fhorbairt tuaithe), iasachtaí agus ráthaíochtaí, airleacain mhéadaithe agus státchabhair níos airde faoin gcreat sealadach le haghaidh feirmeoirí agus cuideachtaí próiseála bia;
- bearta eisceachtúla margaidh i bhfoirm cabhrach don stóráil príobháideach, driogadh géarchéime fíona agus solúbthacht i gcur chun feidhme na gclár tacaíochta margaidh;
- bearta solúbthachta CBT, síneadh a chur le spriocdhátaí le haghaidh iarratas ar íocaíocht CBT agus foinsí eile fianaise amhail íomhánna satailíte nó grianghraif gheochlibeáilte a chur in ionad seiceálacha feirme ar an láthair, ar bhonn sealadach, chun teagmháil fhisiciúil idir feirmeoirí agus cigirí a íoslaghdú.
| Beart tacaíochta díreacha | |||
|---|---|---|---|
| Iasachtaí nó ráthaíochtaí suas le €200 000 le téarmaí fabhracha (rátaí úis an-íseal nó sceidil íocaíochta fabhracha) | Íocaíochtaí cnapshuime (Beart 21) suas le €7 000 in aghaidh an fheirmeora agus €50 000 in aghaidh an FBM | Airleacain níos airde ar íocaíochtaí díreacha AE (ó 50 % go 70 %) agus ar íocaíochtaí áirithe forbartha tuaithe (ó 75 % go 85 %) | Státchabhair faoin gCreat Sealadach: €290 000 in aghaidh na feirme agus suas le €2.3 milliún do chuideachtaí próiseála bia, de réir mar atá leasaithe le C/2021/8442 |
| Bearta margaidh eisceachtúla | |||
| Stóráil phríobháideach | Solúbthacht maidir le cláir thacaíochta margaidh | Maolú sealadach ar rialacha iomaíochta an Aontais | |
| Treoirlínte maidir le saorghluaiseacht earraí agus oibrithe talmhaíochta | |||
| Lánaí glasa chun bia a choinneáil ag gluaiseacht ar fud na hEorpa | Oibrithe séasúracha a bheith cáilithe mar ‘oibrithe ríthábhachtacha’ chun tacú leis an earnáil bia | ||
| Bearta solúbthachta CBT | |||
| Síneadh ar an spriocdháta le haghaidh iarratais ar íocaíocht CBT | Laghdú ar sheiceálacha fisiceacha ar an láthair agus solúbthacht ó thaobh riachtanais ama de | ||
05 Ní hí paindéim COVID-19 an t-aon imeacht seachtrach a raibh tionchar aige ar earnáil agraibhia an Aontais. Bhí tionchar suntasach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar shlándáil san Eoraip, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair bia. Chuathas i ngleic leis an dá imeacht neamhghaolmhara sin trí bhearta comhchosúla. Mar eolas, taispeántar in Iarscríbhinn II na bearta slándála bia a tugadh isteach mar gheall ar an gcogadh san Úcráin mar aon leis na bearta a tugadh isteach mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
06 Scrúdaíodh san iniúchadh seo an raibh freagairt an Aontais ar an mbagairt ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta de bharr phaindéim COVID-19 iomchuí. Rinneamar scrúdú ar an topaic seo i bhfianaise na ndúshlán gan fasach do shlabhraí soláthair agraibhia ar fud an Aontais agus na margaí táirgí talmhaíochta ar cuireadh isteach orthu. Léirigh Parlaimint na hEorpa spéis inár measúnú ar fheidhmiú na mbeart margaidh maidir le slabhraí soláthair bia tar éis phaindéim COVID-19.
07 Chun freagra a thabhairt ar ár bpríomhcheist iniúchóireachta, rinneamar measúnú féachaint ar fhreagairt phras a bhí i bhfreagairt an Aontais maidir le cur isteach ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a chosc, agus an raibh an tacaíocht ón Aontas spriocdhírithe go maith agus an ndeachaigh sí i ngleic le riachtanais na bhfeirmeoirí. Mar chuid dár measúnú, rinneamar scrúdú ar threoirlínte an Aontais, ar thacaíocht eisceachtúil, ar bhearta margaidh agus ar státchabhair.
08 Sheiceálamar cur chun feidhme bhearta an Aontais i gcúig Bhallstát (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Pholainn agus an Rómáin), ar sna tíortha sin a bhí 69 % agus 87 % de na méideanna a leithdháileadh mar chabhair eisceachtúil faoi bheart 21 agus faoi dhriogadh géarchéime faoi seach (féach Fíor 2).
Fíor 2 – Roghnú na Ballstát agus ábharthacht na mbeart iniúchta
Foinse: CIE, bunaithe ar fhigiúirí an Choimisiúin (beart 21) agus ar fhigiúirí na n-údarás náisiúnta (driogadh géarchéime).
09 Chlúdaigh ár n-iniúchadh 2020 agus 2021, ar lena linn a cuireadh formhór na mbeart a tugadh isteach chun feidhme. Bhailíomar fianaise iniúchóireachta trí:
- athbhreithniú ar reachtaíocht agus ar staidreamh náisiúnta/réigiúnach;
- ceistneoir a chomhlánaigh údaráis náisiúnta sna cúig Bhallstát roghnaithe ina raibh ceisteanna faoin úsáid a bhain siad as bearta tacaíochta an Aontais a seoladh le linn phaindéim COVID-19;
- obair leantach le húdaráis náisiúnta nó réigiúnacha sna cúig Bhallstát roghnaithe;
- agallaimh le hoifigigh an Choimisiúin agus léirbhreithniú ar dhoiciméid an Choimisiúin.
Ní chuimsítear lenár n-iniúchadh gníomhaíochtaí an Choimisiúin mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin.
10 Táimid ag súil go gcabhróidh ár gcuid oibre leis an gCoimisiún chun feabhas a chur ar dhearadh agus ar spriocdhíriú beart práinnfhreagartha amach anseo a bheidh beartaithe chun tacú leis an earnáil agraibhia agus slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a dhaingniú.
Barúlacha
Bhí freagairt an Aontais ar an bpaindéim tapa
11 Rinneamar measúnú ar an méid seo a leanas:
- an ndearna an Coimisiún agus na Ballstáit an sreabhadh earraí ar fud an Aontais a áirithiú go pras. Rinneamar measúnú ar ról an Choimisiúin i dtaca leis na treoirlínte maidir le Lánaí Glasa a tharraingt suas agus ar an gcaoi a ndearna sé faireachán ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte.
- ar chuir an Coimisiún tacaíocht dhíreach ar bun go tapa d’fheirmeoirí laistigh de na chéad mhíonna ó thosaigh an phaindéim;
- ar thug an Coimisiún agus na Ballstáit bearta státchabhrach isteach go tapa chun tacú le feirmeoirí agus an raibh bearta glactha acu chun a áirithiú nach saobhadh iomaíochta agus róchúiteamh a bheadh mar thoradh orthu sin.
Mhaolaigh treoirlínte an Choimisiúin ar bhearta bainistithe teorann an cur isteach ar an earnáil agraibhia
12 D’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le Lánaí Glasa i dtaca le gluaiseacht earraí6 agus oibrithe séasúracha7 ag tús na paindéime. An 23 Márta 2020, chruthaigh sé an córas ‘Lánaí Glasa’8 agus d’iarr sé ar na Ballstáit na bearta oibríochtúla agus eagraíochtúla is gá a chur i bhfeidhm chun feidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú do na hearraí go léir, lena n-áirítear táirgí agraibhia.
13 Bhí sé mar aidhm ag na treoirlínte maidir le Lánaí Glasa sreabhadh leanúnach earraí laistigh den Aontas agus saorghluaiseacht oibrithe iompair a áirithiú. Ainmníodh na Lánaí Glasa mar phríomhphointí trasnaithe teorann nár cheart go mbeadh seiceálacha níos faide ná 15 nóiméad i gceist leo.
14 D’oibrigh an Coimisiún le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis chun aip do ghléas móibíleach a fhorbairt. Leis an aip ‘Lánaí Glasa Galileo’, soláthraítear sonraí maidir le comhlíonadh na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa. Taifeadann foireann rialaithe teorann agus úsáideoirí iompair lastais na haipe amanna trasnaithe ag 178 bpointe trasnaithe teorann an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T). Cuidíonn sé sin le húsáideoirí na haipe a dturais a phleanáil níos fearr. Amhail i mí na Samhna 2022, tá an aip fós ag feidhmiú agus úsáidtear í chun iompar a éascú sa ghéarchéim atá fós ar siúl tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin.
15 Deimhníodh le sonraí ón gCoimisiún go raibh an meán-am chun teorainneacha a thrasnú ag seicphointí idir 3 Meitheamh 2020 agus 31 Nollaig 2021 níos lú ná nóiméad amháin9 thar an uasmhéid de 15 nóiméad. Níl aon sonraí struchtúrtha ar fáil don tréimhse roimh Mheitheamh 2020. Taispeántar i bhFíor 3 an meán-am trasnaithe seachtainiúil. Chuathas thar an tairseach Lána Glas go príomha idir Meitheamh agus Lúnasa 2020, agus idir Bealtaine agus Lúnasa 2021. Tharla na tréimhsí sin ag an am céanna le srianta taistil sna Ballstáit le linn babhtaí éagsúla COVID-19.
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún. Graf arna thiomsú agus úsáid á baint as sonraí ó aip Lánaí Glasa Galileo.
16 Ó thús na paindéime, bhunaigh an Coimisiún Líonra Pointí Teagmhála Iompair Náisiúnta (NTCPN), lena gcuirtear ardán neamhfhoirmiúil ar fáil do na Ballstáit chun saincheisteanna iompair a aibhsiú agus a phlé, réitigh choiteanna a shainaithint agus dea-chleachtais a roinnt. Bhí na Ballstáit a ndeachamar i gcomhairle leo le linn ár n-iniúchta den tuairim gur chuidigh na cruinnithe sin le comhar AE in iompar lastais a shruthlíniú.
17 Bhain ról an Choimisiúin freisin le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar amanna trasnaithe teorann agus úsáid a bhaint as cruinnithe NTCPN chun saincheisteanna is cúis le moill a réiteach i gcomhar leis na Ballstáit ábhartha. Amhail i mí na Samhna 2022, leanann NTCPN de bheith ina fhóram um chomhroinnt faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
18 Chuir na húdaráis sna cúig Bhallstát faoi iniúchóireacht tuairim dhearfach in iúl i dtaca leis na treoirlínte maidir le hiompar, a mheas siad a bheith mar threoir éifeachtach chun pointí trasnaithe teorann a bhainistiú le linn COVID-19. Mar shampla, chuir údaráis na Rómáine béim ar an bhfíoras gur chuidigh na Lánaí Glasa le sreabhadh na gcógas leighis agus na n-earraí riachtanacha eile, amhail táirgí talmhaíochta, a chothabháil.
Cuireadh an creat tacaíochta dírí ar bun go tapa
19 An 22 Aibreán 2020, díreach mí tar éis a fógraíodh go raibh an phaindéim ann10, d’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin11 ina raibh bearta sonracha chun tacaíocht shealadach eisceachtúil CETFT a dheonú faoi bheart nua 21 mar fhreagra ar an ráig de COVID-19. Glacadh an rialachán12 an 24 Meitheamh 2020. Is éard a bhí sa tacaíocht sin ná íocaíocht cnapshuime aonuaire suas le €5 000 in aghaidh an fheirmeora (i mí an Mheithimh 2020 chinn na comhreachtóirí an togra ón gCoimisiún a leasú trí uasmhéid na tacaíochta d’fheirmeoirí a mhéadú go €7 000) agus €50 000 in aghaidh an FBM. Ceanglaíodh ar na Ballstáit a thaispeáint go raibh an tacaíocht spriocdhírithe orthu siúd is mó a ndearnadh difear dóibh, agus an spriocdhíriú sin a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha13.
20 Níor maoiníodh beart 21, agus buiséad de €712 mhilliún ag gabháil léi, trí mhéadú ar bhuiséad an Aontais don talmhaíocht. Rinne na Ballstáit cistí nár caitheadha athdháileadh ó bhearta eile de chuid CETFT. Ní fhéadfadh ranníocaíocht CEFTF leis an mbeart dul thar 2 % de ranníocaíocht iomlán CEFTF leis an gclár forbartha tuaithe do bhlianta 2014-2020.
21 Ag deireadh 2019, ba iad na Ballstáit a raibh buiséid mhóra CETFT nár caitheadhacu go príomha a bhain úsáid as beart 21. Mar shampla, bhí an Pholainn tar éis 57 % dá buiséad CETFT a ghealladh ag an bpointe sin (an méid ab ísle de AE-27 ar fad) agus bhí an buiséad ab airde faoi bheart 21 aici. Bhí níos lú ná 90 % dá mbuiséad CETFT geallta faoi dheireadh na bliana 2019 ag 13 de na 14 Bhallstát a roghnaigh beart 21.
Thug an tAontas bearta státchabhrach isteach go tapa, ach bhí riosca go mbeadh saobhadh ar an iomaíocht agus riosca de róchúiteamh mar thoradh orthu sin
22 Ghlac an Coimisiún an Creat Sealadach maidir le Státchabhair14 an 19 Márta 2020 lenar cuireadh ar chumas na mBallstát an tsolúbthacht a thugtar faoi rialacha státchabhrach a úsáid chun tacú leis an ngeilleagar le linn phaindéim COVID-19.
23 D’fhormheas an Ghearmáin, an Spáinn, an Ostair agus an tSlóvaic scáthscéimeanna lenar áiríodh cúnamh ach nár thug le fios go leithleach cá mhéad a bhí ag dul don talmhaíocht. I gcás na mBallstát eile, b’ionann an státchabhair bhuiséadaithe do na hearnálacha foraoiseachta, dobharshaothraithe agus talmhaíochta agus os cionn €9 mbilliún. D’fhéadfadh státchabhair a bheith i bhfoirm deontas, airleacan inaisíoctha, buntáistí cánach, iasachtaí nó ráthaíochtaí fóirdheonaithe. Bhí an tacaíocht státchabhrach a chuir na Ballstáit ar fáil d’earnálacha roghnaithe i bhfad níos suntasaí i dtéarmaí airgeadaíochta ná tacaíocht dhíreach ón Aontas (féach mír 20).
24 Amhail i mí na Bealtaine 2022, b’ionann an státchabhair a deonaíodh don talmhaíocht agus €1.5 billiún ar a laghad. De réir an Choimisiúin, níor thuairiscigh 10 mBallstát figiúirí sonracha don earnáil talmhaíochta agus, mar sin, níl forbhreathnú aige ar státchabhair don talmhaíocht.
25 Ceanglaítear ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh margadh inmheánach an Aontais ilroinnte mar gheall ar státchabhair agus go bhfanfaidh an machaire réidh mar atá15. Ní éilítear le hAirteagal 107 CFAE16 ar an gCoimisiún an buiséad don bheart státchabhrach a chur i gcomparáid le buiséad na mBallstát eile. Má dheonaítear cabhair d’earnáil ar leith i mBallstát amháin nuair nach ndeonaíonn Ballstát eile an cineál céanna cabhrach, nó nuair a bhíonn an fóirdheontas i bhfad níos airde i mBallstát amháin, d’fhéadfadh an iomaíocht a bheith saofa.
26 De réir an Choimisiúin, leis na seiceálacha a rinne siad ar scéimeanna státchabhrach agus leis na huasteorainneacha foriomlána le haghaidh tacaíochta, tugtar leibhéal éigin dearbhaithe nach dtarlóidh aon rásaí fóirdheontas díobhálacha idir na Ballstáit17 toisc go leanann an Creat Sealadach samhail rialacha státchabhrach CFAE. Mar sin féin, tá an baol ann go ndéanfadh an easpa comhordaithe ar fud na mBallstát an iomaíocht a shaobhadh18.
27 Rinneadh difear go háirithe don earnáil gairneoireachta le linn na dianghlasála toisc gur dúnadh siopaí plandaí agus bláthanna agus tháinig laghdú 80 % ar éileamh19. Léirítear i dTábla 2 anseo thíos an státchabhair don earnáil seo i gcás an dá tháirgeoir plandaí agus bláthanna is mó de réir luacha (an Ísiltír agus an Spáinn). Cé gur shroich státchabhair san Ísiltír beagnach 9 % de luach táirgeachta na hearnála sin, bhí sé i bhfad níos ísle sa Spáinn. D’fhéadfadh an difríocht sin i dtacaíocht d’earnáil iomaíocht éagórach a chruthú.
Tábla 2 – Státchabhair don earnáil bláthanna agus plandaí sa Spáinn agus san Ísiltír
| Luach táirgeachta (€ milliún) - 2019 | Sciar de luach táirgeachta an Aontais | Státchabhair (€ milliún) | % státchabhair an luacha táirgeachta | |
|---|---|---|---|---|
| AE-27 | 21 686 | |||
| An Ísiltír | 6 880 | 32 % | 600 | 8.72 % |
| An Spáinn | 3 120 | 14 % | 10 | 0.32 % |
Foinse: Eurostat – Cuntais eacnamaíocha talmhaíochta – luachanna ag praghsanna reatha, SA57217 (NL); Real-Decreto 883/2020 (faoi SA56851).
28 Sa Spáinn, measadh i gClár Forbartha Tuaithe na hAndalúise go raibh caillteanais de €8.6 milliún san earnáil caorach agus gabhar. Le beart 21, tugadh tacaíocht de €8.7 milliún don earnáil sin. Ina theannta sin, fuair an earnáil €10 milliún i gcabhair náisiúnta20. Dá bhrí sin, tá baol ann go dtabharfaí róchúiteamh do roinnt tairbhithe, mar atá léirithe leis an sampla sin, áit a raibh forluí idir státchabhair agus tacaíocht ón Aontas trí bheart 21.
29 Léirítear i mBosca 1 cásanna breise de róchúiteamh féideartha i ndáil le driogadh géarchéime.
Samplaí den róchúiteamh féideartha idir státchabhair agus tacaíocht ón Aontas do dhriogadh géarchéime
Thacaigh an Fhrainc le cuideachtaí a ndearna géarchéim COVID-19 difear dóibh trí státchabhair ghinearálta a bhí bunaithe ar láimhdeachas caillte. Fuair táirgeoirí fíona €119 milliún mar thacaíocht ón Aontas, ach bhí siad incháilithe do státchabhair freisin. Ní dhearna na húdaráis náisiúnta cros-seiceáil ar thairbhithe na scéime náisiúnta i gcomparáid le tairbhithe na cabhrach driogtha géarchéime.
D’fhormheas an Rómáin státchabhair chun tacú le táirgeoirí fíonchaor. D’fhéadfadh táirgeoirí fíona a tháirg a gcuid fíonchaor féin freisin cúiteamh dúbailte a fháil as a gcaillteanas measta in aghaidh an heicteáir d’fhíonghort agus as a gcuid fíona a dhíol le drioglanna. B’ionann an státchabhair agus €12.4 milliún, agus fuair táirgeoirí fíona €34 mhilliún mar thacaíocht ón Aontas.
De bharr easpa comhordaithe, d’fhéadfadh sé go raibh táirgeoirí fíona cúitithe faoin dá scéim sa dá Bhallstát, agus tá an baol ann go ndeachaigh an cúiteamh thar an láimhdeachas caillte.
Foinse: SA.56985 (2020/N) – An Fhrainc – SA.59520 (2020/N) – An Rómáin.
Níor dhírigh na Ballstáit a ndóthain ar thairbhithe a bhí i ngátar nuair a bhí tacaíocht dhíreach ón Aontas á soláthar acu mar fhreagairt ar an bpaindéim
30 Mar thoradh ar shuaitheadheacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe, bhí fadhbanna leachtachta agus sreafa airgid ag feirmeoirí agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide a phróiseálann táirgí talmhaíochta, a raibh, dar leis an gCoimisiún, tacaíocht ag teastáil go práinneach uathu.
31 Mar fhreagra ar an mbagairt ó phaindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair táirgí talmhaíochta, thug an Coimisiún agus na Ballstáit tacaíocht dhíreach, stóráil phríobháideach agus bearta eile isteach chun cabhrú le feirmeoirí an tionchar eacnamaíoch a sheasamh. Rinneamar measúnú féachaint:
- an raibh beart 21 spriocdhírithe ar earnálacha agus ar thairbhithe araon a raibh an gá is mó acu le tacaíocht, agus dá réir sin nach raibh tacaíocht á tabhairt d’fheirmeoirí nach raibh tionchar ag an ngéarchéim orthu;
- an raibh na bearta margaidh eisceachtúla a bhí molta ag an gCoimisiún iomchuí do riachtanais an mhargaidh; agus
- ar cuireadh tacaíocht d’earnáil an fhíona chun feidhme go comhsheasmhach.
Beart 21: Níor dhírigh na Ballstáit an tacaíocht ar bhealach leordhóthanach ar na hearnálacha agus na tairbhithe is mó a bhí buailte leis an ngéarchéim
32 I gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil agus na freagrachtaí faoi seach (féach mír 03), bhí an Coimisiún ag brath ar na Ballstáit chun tacaíocht a dhíriú ar na hearnálacha nó na tairbhithe sin is mó a bhí buailte le géarchéim COVID-19, trí choinníollacha incháilitheachta agus critéir roghnúcháin a chinneadh21. D’fhormheas an Coimisiún gach beart trí athbhreithniú a dhéanamh ar na CFTanna. Ar an iomlán, thogair 14 Bhallstát beart 21 a áireamh ina CFT, le buiséad iomlán de €712 mhilliún.
33 Chuir cúig cinn de na Ballstáit sin, an Eastóin, an Fhrainc (i nGuadalúip, i nGuáin na Fraince agus in Mayotte), an Chróit, an Liotuáin agus an tSlóivéin, tacaíocht ar fáil do na feirmeoirí go léir, agus rátaí éagsúla tacaíochta suas go dtí an uasteorainn á nglacadh acu. Bhí clásail shonracha ag na cúig Bhallstát sin lenar ceanglaíodh an tacaíocht le caillteanais airgeadais i gcomparáid leis an mbliain roimh an bpaindéim. Thacaigh na naoi mBallstát eile le hearnálacha sonracha talmhaíochta, ach níor nasc siad an tacaíocht le caillteanais airgeadais (féach Fíor 4). Níor ceanglaíodh leis an gcreat dlíthiúil, áfach, go nascfaí an leibhéal tacaíochta le caillteanais airgeadais arna measúnú ar leibhéal an tairbhí.
Fíor 4 – Caiteachas faoi bheart 21 a bhí buiséadaithe ag na Ballstáit (€ milliún)
*Maidir leis na sonraí don Fhrainc, clúdaítear Guadalúip, Guáin na Fraince agus Mayotte
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
34 Rinneamar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm bheart 21 i gcúig Bhallstát: an Ghréig, an Spáinn (an Andalúis), an Fhrainc (Guadalúip agus Guáin na Fraince), an Pholainn agus an Rómáin. Chuir Guadalúip agus Guáin na Fraince tacaíocht ar fáil do gach earnáil, ag díriú orthu siúd a bhí i ngátar. Chuir na ceithre Bhallstát eile a ndearnadh iniúchadh orthu tacaíocht ar fáil d’earnálacha roghnaithe a bhí buailte leis an ngéarchéim ach níor chuir siad tacaíocht ar fáil bunaithe ar mheasúnú aonair ar chaillteanais na bhfeirmeoirí.
35 Laistigh d’earnáil talmhaíochta atá buailte, d’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh nach mbíonn gach feirmeoir ag streachailt ó thaobh airgid de. Faoin gcreat dlíthiúil, ceadaíodh tacaíocht a sholáthar d’earnáil atá buailte ina iomláine, gan í a dhíriú ar na tairbhithe is mó a bhfuil gá acu léi. Tá baol ann mar thoradh air sin, áfach, go dtabharfaí tacaíocht d’fheirmeoirí nach raibh tionchar ag an ngéarchéim orthu.
36 Chinn an Andalúis tacú lena táirgeoirí fíonchaor agus fíona faoi bheart 21. Ríomh an Andalúis na caillteanais a thabhaigh táirgeoirí fíonchaor bunaithe ar ráta comhréidh de €336/ha (Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint nó fíonghoirt STFC) nó €198/ha (fíonghort neamh-STFC) do tháirgeoirí a raibh suas le 10 heicteár d’fhíonghoirt acu22. Fuairtáirgeoirí a raibh níos mó ná 10 heicteár acu méid seasta de €7 000, áfach. D’fhéadfadh sé gur róchúiteamh ar chaillteanais a bhí ansin do tháirgeoirí a raibh idir 11 agus 20 heicteár d’fhíonghoirt acu (féach Tábla 3).
Tábla 3 – Caillteanais mheasta i gcomparáid leis an gcúiteamh a fuarthas i dtaca le táirgeoirí fíonchaor san Andalúis
| Líon heicteár | Fíonghort STFC | Fíonghoirt eile | ||||
|---|---|---|---|---|---|---|
| Caillteanais mheasta in € | Cúiteamh in € | % den chúiteamh | Caillteanais mheasta in € | Cúiteamh in € | % den chúiteamh | |
| 1 | 336 | 208 | 62 % | 198 | 123 | 62 % |
| 10 | 3 360 | 2 775 | 83 % | 1 980 | 1 018 | 51 % |
| 11 | 3 696 | 7 000 | 189 % | 2 178 | 7 000 | 321 % |
| 20 | 6 720 | 104 % | 3 960 | 177 % | ||
| 21 | 7 056 | 99 % | 4 158 | 168 % | ||
| 35 | 11 760 | 60 % | 6 930 | 101 % | ||
Foinse: Ríomh CIE, bunaithe ar fhigiúirí ó Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) na hAndalúise, pointe 8.2.14.3.3.4., Modheolaíocht chun méid nó ráta tacaíochta a ríomh agus pointe 8.2.14.3.2., Méideanna agus rátaí tacaíochta.
Leithdháil an Coimisiún cistí le haghaidh stóráil phríobháideach ach níor úsáideadh mórán díobh
37 Shainaithin an Coimisiún agus na Ballstáit na hearnálacha margaidh sin is mó a bhí buailte le géarchéim COVID-19 agus shainaithin sé an gá a bhí le stóráil phríobháideach, ar chuir siad cúnamh ar fáil lena haghaidh. Bhí an Coimisiún ag súil go mbeadh an tionchar is mó ar na margaí feola agus déiríochta agus thug sé isteach beart chun tacú le stóráil phríobháideach sna margaí sin. Tríd an mbeart seo, bhíothas in ann táirgí a tharraingt siar go sealadach ón margadh ar feadh tréimhse idir dhá mhí agus sé mhí.
38 Ba lú ná €10 milliún an chabhair do stóráil phríobháideach sna hearnálacha déiríochta, mairteola, caorach agus gabhar (beagnach a leath de i gcás ime). D’úsáid 16 Bhallstát agus 15 Bhallstát faoi seach na scéimeanna um stóráil phríobháideach don im agus don cháis, ach ba lú ná leath de na Ballstáit a rinne iarratas ar na scéimeanna don fheoil agus do phúdar bainne bhearrtha (féach Tábla 4).
| Stóráil phríobháideach | 2020-2021 Tacaíocht AE curtha ar fáil do na Ballstáit (míle €) | Na Ballstáit a bhain úsáid as an stóráil phríobháideach |
|---|---|---|
| Púdar Bainne Bhearrtha | 461 | 9 (BE, CZ, DE, ES, LT, NL, PL, PT, RO) |
| Im | 4 606 | 16 (BE, CZ, DE, IE, ES, FR, HR, IT, LT, NL, AT, PL, PT, RO, FI, UK) |
| Cáis | 2 848 | 15 (BE, DE, IE, ES, FR, IT, LT, NL, AT, PL, PT, RO, FI, SE, UK) |
| Mairteoil | 1 966 | 8 (DE, ES, FR, IT, LV, NL, AT, PL) |
| Caoirigh agus gabhair | 122 | 1 (ES) |
Foinse: Caiteachas CERT 2020-2021 ó AS AGRA.
39 An Spáinn amháin a bhain úsáid as an scéim stórála príobháidí don earnáil caorach agus gabhar (140 tona). Mheas táirgeoirí nach raibh an tacaíocht sin tarraingteach mar nárbh fhéidir an chabhair a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach don fheoil a bhí á stóráil cheana féin. Bhí gá le stóráil san earnáil sin sular foilsíodh an Rialachán ón gCoimisiún23. Os a choinne sin, maidir le cáis, dúirt údaráis na Fraince go raibh cur chun feidhme an bhirt stórála príobháidí teoranta do tháirgí a bhí á stóráil cheana féin24, agus mar sin níor úsáid siad ach 37 % den leithdháileadh. Léirítear leis na samplaí seo lochtanna féideartha i ndearadh na mbeart, mar shampla mar gheall ar easpa measúnaithe ar riachtanais sular tugadh isteach na bearta.
Níor caitheadh ar bhealach comhsheasmhach le táirgeoirí fíona mar thoradh ar dhifríochtaí suntasacha i gcur chun feidhme thacaíocht na mBallstát d’earnáil an fhíona
40 Mheas an Coimisiún gur chuir paindéim COVID-19 isteach go mór ar mhargadh an fhíona25. Chuir dianghlasálacha, go háirithe fionraí gníomhaíochtaí san earnáil fáilteachais, srian ar dháileadh agus ar dhíol fíona. Bhí tionchar freisin ar earnáil an fhíona ag taraifí allmhairiúcháin breise a bhí forchurtha ag na Stáit Aontaithe, príomh-mhargadh onnmhairithe fíona an Aontais, agus ag stoic arda fíona an Aontais, a bhí ag a leibhéal is airde in 2019 ó 200926.
41 Chinn an Coimisiún bearta a sheoladh chun fíon a tharraingt siar ón margadh go cinntitheach (driogadh géarchéime) nó go sealadach (stóráil géarchéime) chun aghaidh a thabhairt ar an gcur isteach. Thug sé isteach iad sin faoi chláir thacaíochta na hearnála fíona náisiúnta.
42 Is éard atá i ndriogadh fíona ná fíon a phróiseáil chun alcól dínádúraithe a dhéanamh de le haghaidh úsáidí eile seachas an duine é a thomhailt, ag tarraingt siar an fhíona go cinntitheach ón margadh (féach Fíor 5).
43 Thug an Coimisiún tacaíocht d’fhonn fíon a tharraingt siar ón margadh le haghaidh driogadh géarchéime i 10 mBallstát. Shroich caiteachas an Aontais don bheart seo €293 mhilliún. Taispeántar i dTábla 5 cistí an Aontais agus na cistí náisiúnta a caitheadhar an mbeart sin, mar aon leis an méid fíona a driogadh i gceithre cinn de na Ballstáit a ndearnamar iniúchadh orthu, arbh ionann é agus beagnach 90 % de chaiteachas iomlán an Aontais. Bhí an cistiú ón Aontas do na Ballstáit sin idir €33 agus €92 in aghaidh an heictilítir fíona driogtha.
Tábla 5 – Driogadh géarchéime sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Rómáin agus sa Ghréig in 2020 agus 2021
| Ballstát | Fíon driogtha (milliún hl) | Sciar den táirgeadh iomlán fíona | Cistí AE (milliún €) |
Cistí náisiúnta (milliún €) | Tacaíocht / heictilítear fíona driogtha |
|---|---|---|---|---|---|
| (a) | (b) | (c) | (b) + (c) (a) |
||
| An Fhrainc | 2.58 | 6.1 % | 127 | 80.8 | 81 |
| An Spáinn | 1.99 | 5.3 % | 65.2 | 33 | |
| An Rómáin* | 0.43 | 11.1 % | An chéad chéim: 17 An dara céim: 22.9 |
92 | |
| An Ghréig* | 0.56 | 23.2 % | An chéad chéim: 6.1 An dara céim: 5.4 |
14.2 6.6 |
58 |
*D’fhógair an Rómáin agus an Ghréig caiteachas don dá bhliain airgeadais, 2020 agus 2021 (ag tosú ó Dheireadh Fómhair bhliain n).
Bhí cásanna de chúiteamh díréireach ann de bharr rialacha doiléire maidir leis an méid tacaíochta a d’fhéadfadh driogairí a choinneáil
44 Ba é an aidhm a bhí leis an mbeart driogtha géarchéime ná cabhrú le feabhas a chur ar staid eacnamaíoch na dtáirgeoirí fíona27. D’fhéadfadh táirgeoirí fíona agus driogairí araon leas a bhaint as tacaíocht ón Aontas faoin mbeart. Áiríodh sa chaiteachas incháilithe costas an fhíona a soláthraíodh do dhriogairí, costais iompair agus costais driogtha. De réir na rialacha, bhí ar na Ballstáit méid na tacaíochta do thairbhithe a shocrú bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
45 Roghnaigh an Fhrainc, an Rómáin agus an Spáinn driogairí mar thairbhithe. Mar thoradh ar na driogairí a bheith ina dtairbhithe, áfach, cuireadh bac ar chumas na n-údarás náisiúnta díriú ar tháirgeoirí fíona a raibh an deacracht ba mhó acu toisc nach raibh aon smacht ag na húdaráis ar cé acu de na táirgeoirí a fuair na cistí. Roghnaigh an Ghréig táirgeoirí fíona a dhéanamh mar thairbhithe na tacaíochta seo (féach Bosca 2).
An Ghréig: ainmníodh táirgeoirí fíona mar thairbhithe
Sa Ghréig, ba iad na táirgeoirí fíona a bhí ina dtairbhithe don driogadh géarchéime. Bhain na critéir roghnúcháin le táirgeadh fíona, leibhéil stoic agus céatadán an fhíona a bhi le tarraingt siar óna stoic.
Fuairna táirgeoirí fíona méid iomlán na tacaíochta ón Aontas le haghaidh driogadh géarchéime.
Bhí an tacaíocht bunaithe ar an gcineál fíona a seachadadh chuig an drioglann, agus dáileadh í ag an ráta céanna in aghaidh an heictilítir i measc na dtáirgeoirí.
Foinse: Iris dlí náisiúnta na Gréige, Uimh. 2764 agus 3275.
46 Nuair is drioglanna iad na tairbhithe, tá oibleagáid orthu conarthaí soláthair a bhunú le táirgeoirí fíona. Íocann siad táirgeoirí an fhíona as an bhfíon a dhriogadh agus faigheann siad cúiteamh de réir mhéid an fhíona a dhriogtar. Ag brath ar na rialacha náisiúnta, d’fhéadfadh discréid éigin a bheith ag drioglanna maidir le méid na tacaíochta a choinneofaí dá gcostais phróiseála agus do phraghas ceannaigh an fhíona.
47 Leagtar amach in Iarscríbhinn III an chaoi ar leithdháileadh an tacaíocht idir na drioglanna agus na táirgeoirí fíona. Ba sa Rómáin a bhí an céatadán is airde de thacaíocht ón Aontas a bhí coinnithe ag drioglanna, arbh ionann é agus 15 % ar an meán den tacaíocht ón Aontas. Léirítear i dTábla 6 gur chuir an tAontas tacaíocht airgeadais chomhcheangailte suas le €22 mhilliún ar fáil do dhrioglanna na Fraince, na Rómáine agus na Spáinne dá gcostais phróiseála driogtha agus, i gcásanna áirithe, dá gcostais iompair don fhíon.
Tábla 6 – Driogadh géarchéime: Tacaíocht ón Aontas do dhrioglanna
| Ballstát | % de thacaíocht ó AE a bhí coinnithe ag drioglanna | Tacaíocht ó AE do dhrioglanna (milliún €) |
|---|---|---|
| An Fhrainc | 6.2 % | 7.9 |
| An Spáinn | idir 7.7 agus 15.4 % | idir 5 agus 10 |
| An Rómáin | 14.8 % | 5.9 |
| An Ghréig | 0 % | 0 |
Foinse: Bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ón bhFrainc agus ón Rómáin, móide meastachán CIE maidir leis an Spáinn.
48 Faoin mbeart driogtha géarchéime, rinne drioglanna sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Rómáin na nithe seo a leanas:
- d’íoc siad as an amhábhar (fíon) agus fuair siad 100 % ar ais ó chistí AE;
- fuair siad tuilleadh tacaíochta chun an fíon a phróiseáil go halcól agus cúiteamh as costais iompair a tabhaíodh;
- fuair siad na fáltais ó dhíol an alcóil a tháinig as le haghaidh úsáid thionsclaíoch.
49 Léirítear i bhFíor 6 an chaoi ar bhain drioglann amháin sa Rómáin tairbhe díréireach as an mbeart driogtha géarchéime. In 2020, choinnigh an drioglann sin €37/hl le haghaidh costais phróiseála agus iompair. I gcomparáid leis sin, d’fhéadadh drioglanna sa Fhrainc agus sa Spáinn uasmhéid de €5/hl a choinneáil do chostais dá leithéid.
Fíor 6 – Maoiniú driogtha géarchéime: drioglann sa Rómáin (bliain airgeadais 2020)
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag údaráis na Rómáine.
50 Fuair táirgeoirí fíona sa Fhrainc agus sa Ghréig praghas a bhí leagtha síos i rialacha náisiúnta de réir chineál an fhíona a tarraingíodh siar ón margadh le haghaidh driogtha. Socraíodh i reachtaíocht na Fraince praghas an fhíona a bhí le híoc leis na táirgeoirí fíona trí na drioglanna agus an cúiteamh a bhí le híoc leis na drioglanna as costais phróiseála agus as costais iompair. Fuair táirgeoirí fíona sa Spáinn agus sa Rómáin (2020 amháin) méid a bhí conraithe leis na drioglanna. Sa dá Bhallstát sin, fuaireamar cásanna inar aontaigh drioglanna praghsanna difriúla le táirgeoirí fíona chun an cineál céanna fíona a dhriogadh.
51 Mar shampla sa Rómáin, de réir na sonraí a chuir na húdaráis náisiúnta ar fáil, d’íoc drioglann amháin 11 % níos lú le táirgeoir fíona amháin ná mar a d’íoc sé le ceann eile as an gcineál céanna fíona a sheachadadh le haghaidh driogtha. Mar thoradh air sin, níor caitheadh go cothrom le gach táirgeoir fíona ó thaobh na tacaíochta a fuair siad agus iad ag tarraingt siar a gcuid fíona ón margadh. Is ionann é sin agus idirdhealú idir táirgeoirí fíona laistigh de Bhallstát agus neamhchomhlíonadh na rialacha28, lena sonraítear nach mór do na Ballstáit méid na tacaíochta do thairbhithe a shocrú bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
52 Chuir an Rómáin tacaíocht ar fáil do dhriogadh géarchéime trí dhá ghlao (an chéad chéim in 2020 agus an dara céim in 2021). Réitigh sí an fhadhb don dara céim driogtha, agus caitheadhgo cothrom le táirgeoirí fíona in 2021.
Níor léirigh praghsanna fíona le haghaidh driogtha an ghéarchéim i ngach cás
53 I dTábla 7, déantar comparáid idir na praghsanna sna Ballstáit a ndearnamar iniúchóireacht orthu chun fíon a cheannach le haghaidh dhriogadh géarchéime agus na praghsanna a íocadh le drioglanna nó le táirgeoirí fíona. Maidir le fíonta STFC (sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint) agus TGFC (tásc geografach faoi chosaint) agus fíonta eile, is í an Rómáin as na Ballstáit a ndearnadh iniúchóireacht orthu a thairg an praghas ab airde (i gcás ‘fíonta eile’, ní raibh sé sin amhlaidh ach amháin le linn na chéad chéime).
54 Bhí praghas an fhíona le haghaidh driogtha a shocraigh údaráis na Rómáine bunaithe ar mheán ualaithe cúig bliana Eurostat (2015-2019), i.e. €93/hl d’fhíonta STFC agus TGFC agus €73/hl d’fhíonta eile le linn na chéad chéime de bhearta driogtha géarchéime. Is ionann na praghsanna sin agus 92 % agus 93 % faoi seach den mheán ualaithe cúig bliana. Shocraigh an Fhrainc, i gcás fíonta nach raibh stádas STFC/TGFC acu, praghas €68/hl, arb ionann é agus 98 % de phraghas an fhíona agus bhí sé sin bunaithe ar mheán ualaithe cúig bliana Eurostat (2015-2019). Níor léirigh na praghsanna sin an staid ghéarchéime, ina mbíonn praghsanna níos ísle de ghnáth ná mar a bhíonn i margadh nach bhfuil suaite. Bhí praghsanna na Rómáine agus na Fraince ar na cinn ab airde i measc na mBallstát a ndearnamar athbhreithniú orthu. Bhí na praghsanna ceannaigh fíona ó na Ballstáit eile a ndearnadh iniúchóireacht orthu (Tábla 7) i bhfad faoi bhun mheán ualaithe na bpraghsanna díolacháin (sonraí Eurostat29).
| Na Ballstáit | Meán ualaithe Eurostat do phraghas díola fíona ardcháilíochta 2015-2019 | Praghas fíona STFC/TGFC – €/HL | % de phraghas ESTAT | Meán ualaithe Eurostat do phraghas díola ar fhíon boird eile 2015-2019 | Praghas fíona eile – €/HL | % de phraghas ESTAT |
|---|---|---|---|---|---|---|
| An Rómáin | 101.6 | Céim 1: 93.6 | 92 % | 79.3 | 73.8 | 93 % |
| Céim 2: 91.4 | 90 % | 53.8 | 68 % | |||
| An Fhrainc | 346 | 83 | 24 % | 64.1 | 63.0 | 98 % |
| An Ghréig | N/B | Fíon STFC: 75 | N/B | 83.1 | idir 40 agus 54.6 | 48 % |
| Fíon TGFC: idir 57 agus 59 | 66 % | |||||
| An Spáinn | 63.1 | 40 | 63 % | 39.8 | 30 | 75 % |
Foinse: Ríomhaireachtaí CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat agus ar shonraí na nÚdarás Náisiúnta.
55 Bhí drioglann sa Rómáin ina tháirgeoir fíona freisin. ‘Sheachaid’ a fíonlann an fíon chuig a drioglann féin (75 % de réir luach an fhíona a dhriog sí in 2020) ar phraghas suas le €101 in aghaidh an heictilítir. Bhí sé sin níos airde ná an praghas de €94 in aghaidh an heictilítir a shocraigh údaráis na Rómáine.
D’fhéadfadh stóráil géarchéime a bheith níos éifeachtaí ná driogadh géarchéime
56 Beart sealadach a bhí i ndriogadh géarchéime, rud a thug deis chun fíon a tharraingt siar go cinntitheach ón margadh agus a chuidigh le margadh an fhíona a athchothromú. Murab ionann agus táirgí talmhaíochta eile, d’fhéadfaí fíon a stóráil, rud a mhaolódh éifeachtaí an drochfhómhair ina dhiaidh sin in 2021. Bhí an beart driogtha géarchéime i bhfad níos costasaí ná an stóráil phríobháideach ina raibh bonneagar stórála i bhfeidhm cheana féin.
57 Mar shampla, de réir údaráis na Fraince, chosain driogadh géarchéime €208 milliún (a raibh €127 milliún de sin maoinithe ag an Aontas) le haghaidh 2.6 milliún heictilítear a dhriogadh, agus chosain stóráil phríobháideach €52 mhilliún (a raibh €13 mhilliún de sin maoinithe ag an Aontas) le haghaidh 5.5 milliún heictilítear.
Conclúidí agus moltaí
58 Thángamar ar an gconclúid go raibh freagairt an Choimisiúin ar an mbagairt ar shlabhraí soláthair talmhaíochta de bharr phaindéim COVID-19 iomchuí den chuid is mó. Fuaireamar amach gur fhreagair an Coimisiún go tapa agus gur chuidigh a bhearta leis an gcur isteach ar sholáthar táirgí talmhaíochta a theorannú. Mar sin féin, ní raibh an tacaíocht dhíreach ón Aontas spriocdhírithe go leor.
59 Mheas na húdaráis sna cúig Bhallstát faoi iniúchóireacht go raibh na treoirlínte a mhol an Coimisiún chun sreabhadh leanúnach earraí laistigh den Aontas a áirithiú ina dtreoir éifeachtach chun trasnú teorann a bhainistiú le linn phaindéim COVID-19 (míreanna 12 go 18). Bealach tapa a bhí i mbeart 21 chun cistí CETFT nár úsáideadh a ath-leithdháileadh chun tacaíocht shealadach eisceachtúil a dheonú don earnáil agraibhia. Bhain 14 Bhallstát úsáid as an mbeart agus fuaireamar amach go raibh comhghaol idir na Ballstáit sin agus na Ballstáit a raibh an méid is airde de chistí neamhcheangailteacha acu ag deireadh 2019 (míreanna 19 go 21).
60 Bhí an tacaíocht státchabhrach a chuir na Ballstáit ar fáil d’earnálacha roghnaithe i bhfad níos suntasaí i dtéarmaí airgeadaíochta ná maoiniú ón Aontas. Bhí difríochtaí móra idir leibhéil na státchabhrach idir na Ballstáit, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh. I gcásanna áirithe fuaireamar samplaí d’fhorluí idir tacaíocht ón Aontas agus státchabhair, rud a bhféadfadh róchúiteamh a bheith mar thoradh air (míreanna 22 go 29).
61 Níor dhírigh beart 21 ar na hearnálacha agus tairbhithe araon a raibh an gá le tacaíocht is mó acu. As na 14 Bhallstát a bhain úsáid as beart 21, bhí clásail shonracha ag cúig cinn acu sin lenar ceanglaíodh an tacaíocht le caillteanais airgeadais i gcomparáid leis an mbliain roimh an bpaindéim. Thacaigh na naoi mBallstát eile le hearnálacha sonracha talmhaíochta, ach níor nasc siad an tacaíocht le caillteanais airgeadais. Ní raibh an méid sin ina cheangal dlí faoin gcreat dlíthiúil. Trí thacaíocht a sholáthar d’earnáil atá buailte ina iomláine, gan í a dhíriú ar na tairbhithe is mó a bhfuil gá acu léi, tá baol ann go dtabharfaí tacaíocht d’fheirmeoirí nach raibh éifeacht ag an ngéarchéim orthu (míreanna 32 go 36). Chuir an Coimisiún cúnamh ar fáil freisin le haghaidh stóráil phríobháideach ach níor baineadh an oiread sin úsáid as (míreanna 37 go 39).
62 Mar thoradh ar dhriogadh géarchéime fíona, rinneadh cainníochtaí fíona a tharraingt siar go buan ón margadh agus chabhraigh sé le cothromaíocht a athbhunú i margadh an fhíona. Fuaireamar difríochtaí suntasacha i dtacaíocht na mBallstát d’earnáil an fhíona, áfach, lena n‑áirítear rialacha doiléire maidir leis an méid tacaíochta a d’fhéadfadh driogairí a choinneáil agus praghsanna le haghaidh driogtha nár léirigh an ghéarchéim (míreanna 40 go 57).
Moladh – Rialacha soiléire a mholadh agus dea-chleachtais a chomhroinnt chun spriocdhíriú bhearta CBT a fheabhsú
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- rialacha soiléire a chur i dtograí reachtacha maidir le géarchéimeanna amach anseo i dtaca le tacaíocht a sholáthar bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha; agus
- a bheith ullamh do ghéarchéimeanna amach anseo agus ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais a chomhroinnt leis na Ballstáit, agus é mar aidhm spriocdhíriú ar na hearnálacha agus na tairbhithe is mó atá i ngátar.
Spriocdháta don chur chun feidhme:
- i gcás géarchéimeanna amach anseo
- 2024
Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 1 Márta 2023.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Tony Murphy
An tUachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Liosta de na bearta a glacadh
Bearta tacaíochta dírí
| Cineál cúnaimh | 1) Iasachtaí nó ráthaíochtaí | 2) Íocaíochtaí cnapshuime (beart 21) | 3) Airleacain níos airde ar íocaíochtaí AE | 4) Tairseacha méadaithe don státchabhair |
|---|---|---|---|---|
| Inneachar | Suas le €200 000 le téarmaí fabhracha (rátaí úis an-íseal nó sceidil íocaíochta fabhracha) | Suas le €7 000 in aghaidh an fheirmeora agus €50 000 in aghaidh an FBM | Méadú ar airleacain ar íocaíochtaí díreacha (ó 50 % go 70 %) agus ar íocaíochtaí áirithe forbartha tuaithe (ó 75 % go 85 %) | Tairseacha don státchabhair faoin gCreat Sealadach: €290 000 in aghaidh na feirme agus suas le €2.3 milliún do chuideachtaí próiseála bia, arna leasú le C/2021/8442 |
| Tairbhithe | Is faoi na Ballstáit atá sé tairbhithe a shainiú agus a roghnú | Ní mór do na Ballstáit tacaíocht a spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte le géarchéim COVID‑19 | Feirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí díreacha agus bearta áirithe forbartha tuaithe | Feirmeoirí agus cuideachtaí próiseála bia |
| Uainiú | Is faoi na Ballstáit a bhí sé, go dtí deireadh chlárthréimhse 2014-2020 | D’éiligh tairbhithe an chabhair seo go dtí 30/6/2021, agus éilimh ar íocaíocht ó na Ballstáit chuig AS-AGRI faoin 31/12/2021 | Bliain éilimh 2020 | Spriocdháta leasaithe 31/12/2021 do gach beart státchabhrach (deontais, buntáistí cánach, iasachtaí, ráthaíochtaí) |
| Buiséad iomlán | Níl an Coimisiún in ann é a chainníochtú | €712 mhilliún (ath-leithdháileadh bhuiséad CETFT 2014-2020) | Gan aon bhuiséad breise AE ann: airleacain ar íocaíochtaí atá dlite amháin | €64 bhilliún i scéimeanna státchabhrach atá spriocdhírithe ar an earnáil agraibhia amháin + €252 bhilliún i scéimeanna státchabhrach atá spriocdhírithe ar an earnáil agraibhia agus ar earnálacha eile |
| Bunús dlí | Rialachán (AE) 2013/1303 maidir le CETFT30, leagan comhdhlúite an 29 Nollaig 2020 | Rialachán (AE) 2020/87231 an 24 Meitheamh 2020 | Rialachán (AE) 2020/531 an 16 Aibreán 202032 | C/2020/1863 |
Bearta eisceachtúla um thacaíocht mhargaidh
| Beart | Tuairisc |
|---|---|
| Stóráil phríobháideach | Meastachán de suas le €76 mhilliún i gcás déiríochta agus feola |
| Solúbthacht maidir le cláir thacaíochta margaidh | Fíon: Tugadh isteach dhá bheart nua a úsáideadh go forleathan: driogadh géarchéime (€250 milliún de chaiteachas AE) agus cabhair do stóráil géarchéime (€24 milliún de chaiteachas AE); Torthaí agus glasraí: An fhéidearthacht níos mó ná aon trian den chaiteachas a úsáid faoin gclár oibríochtúil do bhearta coiscthe agus bainistithe géarchéime chun dul i ngleic le suaitheadh an mhargaidh |
| Maolú sealadach ar rialacha iomaíochta an Aontais | D’údaraigh an Coimisiún an maolú ó rialacha iomaíochta áirithe de chuid an Aontais, atá ar fáil faoi Airteagal 222 den Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí, d’earnálacha an bhainne, na mbláthanna agus na bprátaí. Bhí cead ag oibreoirí féin-eagrú agus bearta margaidh a chur i bhfeidhm ar feadh uastréimhse sé mhí |
Treoirlínte maidir le saorghluaiseacht earraí agus oibrithe talmhaíochta
- Lánaí Glasa chun bia a choinneáil ag sreabhadh ar fud na hEorpa
- Oibrithe séasúracha a bheith cáilithe mar ‘oibrithe ríthábhachtacha’ chun tacú leis an earnáil bia
Bearta solúbthachta CBT
- Síneadh ar an spriocdháta le haghaidh iarratas ar íocaíocht CBT
- Laghdú ar sheiceálacha fisiceacha ar an láthair agus saoirse ó thaobh riachtanais ama de
Iarscríbhinn II – Bearta slándála bia mar fhreagairt ar COVID-19 agus ar an gcogadh san Úcráin
| Bearta slándála bia mar fhreagairt ar COVID-19 | Bearta slándála bia mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin | |
|---|---|---|
| Íocaíochtaí cnapshuime |
€712 mhilliún íoctha amach i bhfoirm cnapshuimeanna aonuaire le feirmeoirí, suas le €7 000 in aghaidh an fheirmeora agus €50 000 in aghaidh an fhiontair bhig agus mheánmhéide (FBM) (Beart 21) | Cúlchiste éigeandála €500 milliún gníomhachtaithe chun tacú le feirmeoirí, le suas le €1.4 billiún mar thacaíocht bhreise, ina gcuimsítear íocaíochtaí cnapshuime aonuaire idir €15 000 agus €100 000 (Beart 22) |
| Bearta margaidh |
Cabhair stórála príobháidí do tháirgí déiríochta agus feola Maolú sealadach ar rialacha iomaíochta an Aontais in earnálacha an bhainne, na mbláthanna, an fhíona agus na bprátaí agus bearta eisceachtúla idirghabhála margaidh i bhfíon agus i dtorthaí agus glasraí |
Bearta slándála margaidh chun tacú le margadh na muiceola i bhfianaise a dheacra atá cúrsaí san earnáil sin |
| Státchabhair |
Leis an gCreat Sealadach, foráiltear do thacaíocht náisiúnta d’fheirmeoirí/gnóthaí talmhaíochta suas go dtí an leibhéal €290 000 do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil agus €2.3 milliún do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margaíocht | Cuireann Creat Géarchéime Sealadach chun tacú leis an ngeilleagar ar chumas na mBallstát scéimeanna a bhunú chun suas le €250 000 a dheonú do chuideachtaí atá gníomhach sa talmhaíocht |
| Maoluithe ó CBT |
Síneadh na spriocdhátaí, cuireadh cianbhraiteacht in ionad cuairteanna ar an láthair | Maolú eisceachtúil agus sealadach chun táirgeadh barr a cheadú ar thalamh a bhí curtha i leataobh laistigh den Aontas, agus íocaíochtaí glasa iomlána d’fheirmeoirí a choinneáil |
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún.
Iarscríbhinn III – Dáileadh na tacaíochta ón Aontas do dhriogadh géarchéime (2020)
| Ballstát | Tacaíocht ón Aontas íoctha le tairgeoirí fíona (€/hl) | Tacaíocht ón Aontas íoctha le drioglanna (€/hl), bunaithe ar rialacha náisiúnta | Praghas íoctha ag drioglanna le táirgeoirí fíona (€/hl) | An méid coinnithe ag drioglanna (€/hl) |
|---|---|---|---|---|
| An Fhrainc | Fíon STFC/TGFC: 83 Fíon eile: 63 |
Fíon STFC/TGFC: 78 Fíon eile: 58 |
5 | |
| An Rómáin | An chéad chéim – fíon STFC/TGFC: 93.6; Fíon eile: 73.8 An dara céim – fíon STFC/TGFC: 91.4; Fíon eile: 53.8 |
An chéad chéim – idir 44.5 agus 101 An dara céim – fíon STFC/TGFC: 78.5; Fíon eile: 40.9 |
An chéad chéim – idir 1 agus 37 An dara céim – 12.91 |
|
| An Spáinn | Fíon STFC: 40 Fíon eile: 30 Costais iompair: 0.5 (idir 150 agus 300 km) 1 ( >300 km) |
Fíon STFC: idir 35 agus 37.5 Fíon eile: idir 25 agus 37.5 Costais iompair: |
Idir 2.5 agus 5 | |
| An Ghréig | Fíon STFC: 75 Fíon TGFC: idir 57 agus 59 Fíon eile: idir 40 agus 54.6 Costais iompair: idir 2 agus 6 |
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis na n-údarás náisiúnta.
Acrainmneacha agus giorrúcháin
AS AGRI: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
AS MOVE: Ardstiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair
CBT: An comhbheartas talmhaíochta
CERT: An Ciste Eorpach Um Ráthaíocht Talmhaíochta
CETFT: An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
CFT: Clár forbartha tuaithe
FBM: Fiontair bheaga agus mheánmhéide
NTCPN: Líonra pointí teagmhála iompair náisiúnta
STFC: Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
TGFC: Tásc geografach faoi chosaint
Freagraí ón gCoimisiún
Foireann na Cúirte Iniúchóirí
Is é Seomra I – Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní Nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a ghlac an tuarascáil speisialta seo ón gCúirt Iniúchóirí maidir le slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a dhaingniú le linn COVID-19. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Ildiko Preiss (Ceann na hOifige Príobháidí), Paolo Pesce (Ataisé na hOifige Príobháidí), Paul Stafford (Príomhbhainisteoir), Aris Konstantinidis (Ceann Cúraim), Celine Ollier agus Lorenzo Pirelli (Iniúchóirí Sinsearacha), Lenka Hill, Xavier Ignasi Farrero Gonzalez agus Marika Meisenzahl (Iniúchóirí), agus Pedro Ferrao Batarda Marinheiro (Oiliúnaí). Thug Judita Frangež tacaíocht rúnaíochta.
Ó chlé go deas: Joëlle Elvinger, Paul Stafford, Celine Ollier, Paolo Pesce, Aris Konstantinidis, Xavier Ignasi Farrero Gonzalez, Lenka Hill, Ildiko Preiss agus Judita Frangež.
Críochnótaí
1 Sracfhéachaint ar an gcomhbheartas talmhaíochta.
2 C(2020) 499 final: Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.
3 Tionchair tosaigh phaindéim COVID-19 ar thalmhaíocht san Eoraip: anailís earnáil-bhunaithe ar chórais bia agus athléimneacht an mhargaidh, lgh. 31-35.
4 Ag tacú le hearnáil na talmhaíochta agus earnáil an bhia le linn an Choróinvíris, An Coimisiún Eorpach.
6 2020/C 86 I/01, Treoirlínte le haghaidh bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí.
7 2020/C 235 I/01, Treoirlínte maidir le hoibrithe séasúracha san Aontas i gcomhthéacs ráig COVID-19.
8 C(2020) 1897 final: Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa faoi na Treoirlínte le haghaidh bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí bunriachtanacha a áirithiú.
9 Tacar sonraí arna soláthar ag AS MOVE agus bunaithe ar aip Galileo.
10 EDS – Paindéim ghalar an choróinvíris (COVID-19).
11 Fógraíonn an Coimisiún bearta eisceachtúla chun tacú leis an earnáil agraibhia.
14 Teachtaireacht C(2020) 1863.
15 Teachtaireacht C(2020)1863, lch. 3.
18 Tionchair thosaigh phaindéim COVID-19 ar thalmhaíocht san Eoraip: anailís earnáil-bhunaithe ar chórais bia agus athléimneacht an mhargaidh, lch. 83.
21 Rialachán (AE) Uimh. 2020/872, Airteagal 39b.
22 Clár Forbartha Tuaithe na hAndalúise, leagan 11.1.
23 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/595 ón gCoimisiún.
24 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/591 ón gCoimisiún, aithris 11 agus Airteagal 3(2).
25 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún, aithris 1.
27 Rialachán Cur Chun Feidhme 2020/592 ón gCoimisiún.
28 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún, Airteagal 3.
29 Staitisticí Eurostat – fíon.
30 Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Airteagal 25a(11) Airteagal 37(4).
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023
| ISBN 978-92-847-9767-7 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/852670 | QJ-AB-23-010-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-9758-5 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/920942 | QJ-AB-23-010-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2023
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnasCreative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Fíoracha 5, 6 agus tábla Iarscríbhinn II – Deilbhíní: Dearadh na fíoracha seo trí acmhainní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
