Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach: Raon feidhme d’athchóiriú
Maidir leis an tuarascáil:Baineann an Coimisiún úsáid fhorleitheadach as sainchomhairleoirí seachtracha, le beagnach €1 bhilliún geallta chuige sin gach bliain idir 2017 agus 2020. Rinneamar anailís féachaint an bhfuil na seirbhísí a sholáthraíonn sainchomhairleoirí seachtracha á mbainistiú ag an gCoimisiún ar bhealach a choimircíonn a leasanna agus a áirithíonn luach ar airgead. Rannchuidíonn sainchomhairleoirí seachtracha le forbairt chuspóirí an Choimisiúin. Tá bearnaí suntasacha, áfach, i gcreat an Choimisiúin lena rialaítear úsáid na seirbhísí sin agus cothaíonn na bearnaí sin rioscaí ó thaobh róspleáchas a bheith ann agus go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa tarlú. Ní dhearna an Coimisiún na rioscaí sin a bhainistiú ar shlí leordhóthanach agus bhí an tuairisciú a rinne sé ar úsáid sainchomhairleoirí lag. Tá moltaí éagsúla á ndéanamh againn chun feabhas a chur ar na saincheisteanna sin.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I Tá méadú seasta ag teacht ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún Eorpach as sainchomhairleoirí seachtracha chun réimse leathan seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta a dhéanamh. Bhí €3.7 billiún i gceist le luach na seirbhísí a fuarthas idir 2017 agus 2020. Áirítear obair chomhairliúcháin, staidéir, meastóireachtaí agus taighde ar na seirbhísí a fuair an Coimisiún amhlaidh.
II Tá na húdaráis um urscaoileadh agus na meáin ag cur níos mó spéise le deireanas san úsáid a bhaineann an Coimisiún as na seirbhísí sin. Is í an aidhm atá lenár dtuarascáil ná rannchuidiú le trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe sa réimse tábhachtach seo.
III Ba é an cuspóir a bhí lenár n-iniúchadh ná a mheasúnú an ndearna an Coimisiún an úsáid a bhaineann sé as sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú ar shlí a choimircíonn a leasanna agus a áirithíonn luach ar airgead. Go háirithe, scrúdaíomar an méid seo a leanas i dtaobh an Choimisiúin:
- an raibh creat i bhfeidhm aige lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha ina sainítear na cineálacha tacaíochta a thugann siad agus ina leagtar síos rialacha a thugann bonn cirt d’úsáid a seirbhísí;
- an ndearna sé na conarthaí sin a sholáthar ar bhealach fónta, agus ar maolaíodh na rioscaí a ghabhann le bheith ag comhoibriú le soláthróirí;
- an ndearna sé bainistiú agus faireachán ar fheidhmíocht na sainchomhairleoirí seachtracha agus an raibh cleachtais i bhfeidhm aige chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí;
- an raibh faisnéis bhainistíochta iontaofa agus bheacht aige agus ar thuairiscigh sé do na sainchomhairleoirí seachtracha go raibh an fhaisnéis sin in úsáid aige.
IV Dhírigh an t-iniúchadh seo isteach ar fhostú sainchomhairleoirí seachtracha idir 2017 agus 2019, agus bhreithníomar freisin aon fhaisnéis ábhartha eile a bhain le tréimhse níos déanaí nuair ab iomchuí. Rinneamar anailís ar fhaisnéis airgeadais agus bainistíochta i dtaobh na seirbhísí a soláthraíodh; chuireamar agallamh ar dhaoine d’fhoireann an Choimisiúin; agus rinneamar athbhreithniú ar chonarthaí lena dhéanamh amach cad iad na cleachtais phleanála, soláthair, boinn cirt, meastóireachta agus bainistíochta a bhí i bhfeidhm.
V Thángamar ar an tátal i dtaobh bhainistiú an Choimisiúin ar úsáid sainchomhairleoirí seachtracha nach ndéanann sé a áirithiú go hiomlán go bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil. Tá bearnaí shuntasacha i gcreat an Choimisiúin lena rialaítear úsáid na seirbhísí sin. Cé go bhfuil na cineálacha tacaíochta is féidir le sainchomhairleoirí seachtracha a sholáthar agus a mhéid is féidir tascanna a eisfhoinsiú sainithe le haghaidh staidéar agus meastóireachtaí, ní hamhlaidh an cás le haghaidh seirbhísí eile a bhíonn á soláthar ag sainchomhairleoirí seachtracha.
VI Chothaigh úsáid sainchomhairleoirí rioscaí féideartha go mbeadh róspleáchas ann, go mbeadh buntáiste iomaíoch ann, go mbeadh comhchruinniú soláthróirí ag tarlú agus go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa tarlú. Ní dhéanann an Coimisiún na rioscaí sin a fhaire, a bhainistiú ná a mhaolú ar shlí leordhóthanach ar an leibhéal corparáideach.
VII I gcás conarthaí sonracha a scrúdaíomar, fuaireamar gur lean an Coimisiún na nósanna imeachta soláthair a bhí riachtanach agus gur áirithigh sé go ndearna na sainchomhairleoirí na seirbhísí ba ghá a thabhairt i gcrích ar leibhéal cuí cáilíochta sular íocadh iad. Mar sin féin, ní dhéanann sé measúnú ar bhonn comhleanúnach ar fheidhmíocht sainchomhairleoirí seachtracha agus, seachas i gcás staidéar agus meastóireachtaí, ní roinneann sé faisnéis i dtaobh na measúnuithe sin ar fud na n-ardstiúrthóireachtaí. Laghdaíonn sé sin cumas an Choimisiúin na tairbhí a ghabhann leis na seirbhísí atá tugtha i gcrích a shainaithint agus a thuairisciú.
VIII Ar deireadh, ní thugann córais faisnéise an Choimisiúin faisnéis bheacht agus iontaofa ar mhéid agus cineál na seirbhísí ó shainchomhairleoirí seachtracha atá in úsáid, agus níl aon thuairisciú córasach ann ina leith sin.
IX Molaimid don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a chreat i dtaobh úsáid seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a fhorbairt tuilleadh;
- feabhas a chur ar a chur chuige i leith faireachán agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a ghabhann le seirbhísí den sórt sin a úsáid;
- torthaí na seirbhísí sin a shainaithint agus a úsáid;
- agus tuairisciú go rialta ar úsáid na seirbhísí sin.
Réamhrá
Na cúiseanna atá le sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid
01 Baineann riaracháin phoiblí úsáid as sainchomhairleoirí seachtracha ar chúiseanna éagsúla. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as na seirbhísí sin mar gheall ar thosca atá ag athrú go tapa mar aon le teorainn ar acmhainní riaracháin. Ós rud é go bhfuil sainchomhairleoirí anois níos rannpháirtí i ndearadh agus tabhairt i gcrích seirbhísí, tá méadú tagtha freisin ar an ngá atá le creataí lena rialaítear úsáid na sainchomhairleoirí sin a mbeadh sé mar aidhm leo luach ar airgead a fháil.
02 Sa tuarascáil seo, ciallaíonn “sainchomhairleoirí seachtracha” soláthróirí gairmiúla eolasbhunaithe seirbhísí, bídís príobháideach nó poiblí, ar féidir leo a bheith ag obair ar áitreabh an chliaint nó amuigh uaidh. I gcás sin againne, is é an Coimisiún Eorpach an “cliant”. Úsáideann an cliant an t‑aschur ó na seirbhísí sin mar ionchur dá phróisis féin chun cinntí a dhéanamh agus a chur chun feidhme, nó mar thacaíocht dá fheidhmiú riaracháin.
03 Tugann Tábla 1 forléargas ar na príomhchúiseanna atá ag an gCoimisiún le sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid.
Tábla 1 – Na príomhchúiseanna atá le sainchomhairleoirí seachtracha a bheith á n-úsáid ag an gCoimisiún
| Dreasadóirí | Tairbhí | |
|---|---|---|
| Barrfheabhsú ar bhainistiú acmhainní daonna Níl sé d’acmhainn ag an gCoimisiún an raon leathan scileanna agus saineolais a bheadh ag teastáil uaidh le haghaidh tionscadail ar leith a fhostú, a shaothrú agus a choinneáil |
Acmhainn chomhlántach |
|
| Torthaí a ghnóthú laistigh de théarma socraithe agus paraiméadair costais atá sainithe | Cláir a dhearadh agus a chur chun feidhme |
|
| Cuidiú leis na gcinnteoireacht | Dearcadh neamhspleách |
|
Foinse:CIE, bunaithe ar agallaimh leis an gCoimisiún Eorpach.
Méid agus cineál na seirbhísí a thugtar i gcrích
04 I gcaitheamh thréimhse 2017-2019, a raibh ár n-iniúchadh ag díriú isteach uirthi (féach mír 16), shínigh an Coimisiún 8 009 gconradh le sainchomhairleoirí seachtracha. Bhí luach iomlán de €2.7 billiún ag gabháil leis na conarthaí sin. Mhéadaigh an luach iomlán a bhí ag gabháil le conarthaí a síníodh le sainchomhairleoirí seachtracha ó €799 milliún in 2017 go dtí €955 mhilliún in 2019. In 2020, shínigh an Coimisiún conarthaí a raibh luach €971 mhilliún ag gabháil leo.
05 Thaifead an Coimisiún na seirbhísí sin ina chóras airgeadais faoi cheann de na catagóirí seo a leanas: comhairliúchán, staidéar, meastóireacht nó taighde (féach Tábla 2).
Tábla 2 – Catagóirí agus tuairiscí sheirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha an Choimisiúin
| Comhairliúchán | Seirbhísí comhairleacha, gan iad seo a leanas san áireamh “Seirbhísí Riaracháin, Acmhainní Daonna agus Sóisialta”, “Cumarsáidí & Foilseacháin”, “Comhdhálacha, Cruinnithe Seachtracha agus Taisteal”, “Meastóireacht”, “Staidéir”, “Seirbhísí Iniúchóireachta”, “Seirbhísí TF agus Muirir Theileachumarsáide”, “Seirbhísí Dlí”, “Gníomhaíochtaí Taighde, Forbartha nó Eolaíochta”, “Seirbhísí Oiliúna”, “Aistriúchán agus Ateangaireacht” |
|
| Staidéar | Gach cineál staidéir (lena n-áirítear anailís dhlíthiúil) | |
| Meastóireacht | Meastóireachtaí ex ante nó ex post ar thionscadail, ar chláir, ar sheirbhísí measúnaithe tionchair etc. | |
| Taighde | Seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó eolaíochta nach bhfuil ag luí le haon cheann de na catagóirí seirbhíse eile atá ann |
Foinse:CIE, ag baint úsáid as faisnéis ó Liosta an Choimisiúin d’aicmí/catagóirí na ngealltanas dlíthiúil i ndáil le soláthar agus deontais bunaithe ar Rialachán Airgeadais 2015
06 Baineann na méideanna is mó a cuireadh ar conradh in 2017-2019 le seirbhísí a cláraíodh mar “comhairliúchán” (72 %). Tugann Fíor 1 léargas ar an úsáid a baineadh as sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún i rith na tréimhse.
Fíor 1 – Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún1, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
07 As na 45 roinn, seirbhís agus gníomhaireacht feidhmiúcháin sa Choimisiún a úsáideann sainchomhairleoirí seachtracha, bhí naoi n-ardstiúrthóireacht agus gníomhaireacht feidhmiúcháin amháin de chuid an Choimisiúin a chaith, in éineacht, €2.1 billiún ar shainchomhairleoirí seachtracha i gcaitheamh thréimhse 2017-2019, i.e. 80 % den mhéid foriomlán. Is iad na trí ardstiúrthóireacht is mó a chaitheann airgead faoi deara níos mó ná leath den iomlán sin (féach Fíor 2 thíos le haghaidh mionsonraí).
Fíor 2 – Na 10 roinn sa Choimisiún is mó a chaitheann airgead ar shainchomhairleoirí seachtracha, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
08 De na méideanna iomlána a caitheadh ar chonarthaí sainchomhairleoirí seachtracha, chuaigh 98 % chuig soláthróirí atá cláraithe san Aontas Eorpach. I gcaitheamh thréimhse 2017-2019, foinsíodh 72 % de mhéid iomlán na seirbhísí sin ó sholáthróirí a bhí bunaithe sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Ísiltír agus sa Ríocht Aontaithe.
09 Rinneadh thart ar 57 % (€1 542 mhilliún) de luach iomlán na gconarthaí a tugadh i gcrích le sainchomhairleoirí seachtracha a mhaoiniú faoi cheannteideal 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI),“An Eoraip Dhomhanda”. Áirítear ar na conarthaí sin, seirbhísí a soláthraíodh faoi chláir AE a raibh sé mar aidhm leo feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha lasmuigh den Aontas. Is é ceannteideal 1 de CAI, “Fás Cliste agus Cuimsitheach”, (€745 mhilliún, 28 % den mhéid fhoriomlán ar conradh) an dara foinse i mó a mhaoiníonn conarthaí sainchomhairleoirí seachtracha, cé nach ndearnadh ach thart ar 1 % de na conarthaí sin a mhaoiniú faoi cheannteideal 5 de CAI, “Riarachán”. Tugann Fíor 3 miondealú ar luach iomlán na gconarthaí a tugadh i gcrích le sainchomhairleoirí seachtracha faoi na ceannteidil éagsúla de CAI.
Fíor 3 – Foinsí do mhaoiniú conarthaí sainchomhairleoirí seachtracha, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
10 Bíonn sainchomhairleoirí seachtracha páirteach go príomha i gcur chun feidhme na nithe seo a leanas: beartas comharsanachta agus beartas méadaithe an Aontais, ionstraimí faoin mbeartas eachtrach, agus gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide. Léiríonn Fíor 4 na 10 gclár agus ionstraim AE is mó a d’úsáid sainchomhairleoirí seachtracha, le conarthaí ar fiú €1.9 mbilliún iad (71 % den mhéid iomlán ar conradh) i gceist leo sin i dtréimhse 2017-2019.
Fíor 4 – Na 10 gclár agus ionstraim AE leis an luach is mó tacaíochta ó shainchomhairleoirí seachtracha, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
Róil agus freagrachtaí
11 Faoi struchtúr rialachais dílárnaithe an Choimisiúin, tá na hardstiúrthóireachtaí freagrach as an ngá atá le sainchomhairleoirí seachtracha a shainaithint, agus a áirithiú go n-úsáidtear iad sin ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Tá siad freagrach freisin as na rioscaí a ghabhann lena n-úsáid a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú. Má aicmíonn siad aon cheann de na rioscaí sin mar riosca atá “criticiúil” (rioscaí a bhfuil ardtosaíocht leo), ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Ardrúnaíocht agus d’Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid2.
12 Tugann Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid agus an Ardrúnaíocht treoraíocht chorparáideach agus comhairle chun a áirithiú go ndéanann na hardstiúrthóireachtaí fostú sainchomhairleoirí seachtracha a phleanáil agus a bhainistiú ar shlí chomhleanúnach, go seachnaíonn siad forluí agus go bhfeabhsaíonn siad bainistiú eolais agus trédhearcacht. Má shainaithníonn na hardstiúrthóireachtaí, trína measúnuithe rialta ar na rioscaí dá ngníomhaíochtaí, na rioscaí criticiúla a éiríonn as úsáid sainchomhairleoirí seachtracha, tá fógra le breacadh acu faoi agus é a chur ar aghaidh go seirbhísí lárnacha, chomh maith leis an nóta sin a chur san áireamh i liosta de na rioscaí criticiúla go léir a thugtar don Bhord um Bainistiú Corparáideach3.
13 Soláthraíonn an Bord um Bainistiú Corparáideach sa Choimisiún comhordú, formhaoirseacht agus treoshuíomhanna straitéiseacha maidir le saincheisteanna corparáideacha, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní agus bainistiú rioscaí. Formhaoirsíonn sé an próiseas bainistithe rioscaí agus cuireann sé a chuid fionnachtana in iúl go rialta don Choláiste. Go háirithe, déanann sé athbhreithniú ar an liosta de rioscaí criticiúla4.
Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta
14 Le blianta beaga anuas, tá spéis léirithe ag Parlaimint na hEorpa5, ag an gComhairle6 agus ag na meáin sa chás go bhfuil méadú ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún as sainchomhairleoirí seachtracha. Go háirithe, ardaíodh ceisteanna faoin gcineál conartha agus faoi na méideanna a cuireadh amach ar conradh, faoi na rioscaí go dtarlódh comhchruinniú, róspleáchas agus coinbhleachtaí leasa, agus faoin ngá atá le sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid in ionad daoine den fhoireann inmheánach a úsáid. Tá sé mar aidhm ag ár dtuarascáil rannchuidiú le trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe i dtaca le húsáid sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún.
15 Dhírigh ár n-iniúchadh isteach ar an gceist an ndearna an Coimisiún an úsáid a bhaineann sé as sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú ar shlí a choimircíonn leasanna an Choimisiúin agus a áirithíonn luach ar airgead. Scrúdaíomar an méid seo a leanas i dtaobh an Choimisiúin:
- an raibh creat aige lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha ina sainítear na cineálacha tacaíochta is féidir leo a thabhairt agus ina leagtar síos rialacha a thugann bonn cirt d’úsáid a seirbhísí;
- an ndearna sé na conarthaí sin a sholáthar ar bhealach fónta, agus ar maolaíodh na rioscaí féideartha a ghabhann le bheith ag comhoibriú le soláthróirí;
- an ndearna sé bainistiú agus faireachán ar fheidhmíocht na sainchomhairleoirí seachtracha agus an raibh cleachtais i bhfeidhm aige chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí;
- an raibh faisnéis bhainistíochta iontaofa agus bheacht aige agus ar thuairiscigh sé do na sainchomhairleoirí seachtracha go raibh an fhaisnéis sin in úsáid aige.
16 Chlúdaigh ár n-iniúchadh seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha (féach mír 02) a bhí maoinithe as buiséad an Aontais agus a bhí faighte ar conradh ag an gCoimisiún idir 2017 agus 2019, agus a bhí taifeadta ag an gCoimisiún mar chomhairliúchán, staidéar, meastóireacht nó taighde. Bhreithníomar freisin aon fhaisnéis ábhartha eile a bhain le tréimhse níos déanaí nuair ab iomchuí. Le linn an iniúchta seo, ní dhearnamar measúnú ar sheirbhísí tacaíochta TF. Is seirbhísí an-sainiúla iad sin; déantar iad a sholáthar faoi chonarthaí a bhfuil éagsúlacht seirbhísí TF ag baint leo. Chomh maith leis sin, ní gnách leis an gCoimisiún iad a thaifeadadh ina chóras airgeadais faoi aon cheann de na ceithre chatagóir atá luaite anseo thuas; ina ionad sin, is é an chaoi go dtaifeadann sé iad ina gcatagóir sonrach féin, “Seirbhísí TF agus Muirir Theileachumarsáide”.
17 Fuaireamar ár bhfianaise ó:
- athbhreithnithe deisce ar theagaisc, treoirlínte agus seicliostaí ón gCoimisiún a bhaineann le húsáid sainchomhairleoirí seachtracha, le soláthar agus bainistiú tionscadal den sórt sin, agus le tuairisciú ar na torthaí a fuarthas;
- agallaimh iniúchóireachta le 11 ardstiúrthóireacht sa Choimisiún agus le haon Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin amháin7 maidir lena gcleachtais ó thaobh tabhairt faoin obair le sainchomhairleoirí seachtracha, agus ó thaobh bainistiú agus meastóireacht a dhéanamh ar an obair sin, agus ó thaobh na ceachtanna atá le foghlaim a shainaithint. Rinneamar ár roghnú bunaithe ar na méideanna a bhí curtha amach ar conradh sna réimsí uile de bhuiséad an Aontais agus bunaithe ar na modhanna éagsúla bainistíochta;
- athbhreithniú ar 20 conradh a roghnaíodh as ceithre cinn den 11 ardstiúrthóireacht sin i gcomhair seirbhísí a bhí curtha ar fáil ag sainchomhairleoirí seachtracha, agus a tugadh i gcrích idir 2017 agus 2019. Don athbhreithniú sin, roghnaíomar na hardstiúrthóireachtaí a raibh na méideanna is mó ar conradh acu (AS NEAR, JRC, AS REFORM, AS GROW) agus a raibh cineálacha éagsúla seirbhísí coimisiúnaithe chuig sainchomhairleoirí seachtracha acu;
- anailís ar an bhfaisnéis airgeadais agus bainistíochta atá ar fáil i dtaobh seirbhísí a fuarthas ó 2017 go 2019 agus a cuireadh amach ar conradh mar sheirbhísí comhairliúcháin, staidéir, meastóireachta agus taighde.
Barúlacha
Tá bearnaí suntasacha sa chreat lena rialaítear fostú sainchomhairleoirí seachtracha agus sa bhonn cirt a thugtar lena n-úsáid
18 Sa roinn seo den tuarascáil, táimid ag díriú isteach ar an gcreat lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha atá ag an gCoimisiún. Rinneamar measúnú féachaint an soláthraigh an creat prionsabail chomónta agus treoirlínte faoin gcaoi le pleanáil d’úsáid sainchomhairleoirí seachtracha agus faoin mbonn cirt atá lena n-úsáid.
19 Léiríonn Tábla 3 an anailís a rinneamar ar scóip agus cineál na seirbhísí ó shainchomhairleoirí seachtracha a bhí taifeadta ag an gCoimisiún do thréimhse 2017-2019 faoi na cheithre chatagóir atá i raon feidhme ár n-iniúchóireachta.
Tábla 3 – Cineálacha agus scóip na seirbhísí a sholáthraíonn sainchomhairleoirí seachtracha, 2017-2019
| Scóip na hoibre | Cineál seirbhísí | |
|---|---|---|
Clár AE a chur chun feidhmeTá úsáid sainchomhairleoirí seachtracha (a gcuid seirbhísí a fháil) leagtha amach i ndoiciméid an chláir agus i gcomhaontuithe maoinithe (e.g. SRSP, gníomhaíochtaí seachtracha, LIFE, Fís 2020 agus san fhoireann tacaíochta deontais don chlár um phobal Turcach na Cipire) Seirbhísí tacaíochta Tacaíocht i gcur chun feidhme phleananna bainistíochta na n-ardstiúrthóireachtaí, ar minic gur gnáthoibríochtaí a tharlaíonn arís is arís eile a bhíonn i gceist léi Seirbhísí gairmiúla Seirbhísí ar mhaithe le bearnaí i socruithe nua seachadta a líonadh, mar shampla i réimse forbairtí TF |
Comhairliúchán (1)(2) |
|
Seirbhísí a bhaineann leis an gClár Oibre do Reachtóireacht níos fearr nó le dearadh agus cur chun feidhme cláir |
Staidéar agus Meastóireacht (1) |
|
Seirbhísí/gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó eolaíochta |
Taighde (1) |
|
(1) Seirbhísí a soláthraíodh chun tairbhe don Choimisiún
(2) Seirbhísí a soláthraíodh chun tairbhe do na Ballstáit agus do thíortha lasmuigh den Aontas
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí atá taifeadta i gcóras airgeadais an Choimisiúin.
Treoirlínte rialacháin níos fearr: bonn fónta, ach infheidhme maidir le meastacháin agus staidéir amháin
20 Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil creat comhchoiteann ag an gCoimisiún a chlúdaíonn rialacha, prionsabail lárnacha agus treoirlínte le haghaidh úsáid sainchomhairleoirí seachtracha. Sheiceálamar an raibh sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla seirbhísí eolasbhunaithe sa chreat agus a mhéid a d’fhéadfadh an Coimisiún na seirbhísí sin a chur amach ar conradh chuig sainchomhairleoirí seachtracha, nó ar cheart dóibh iad a choinneáil laistigh dá n-eagraíocht féin. Tá tábhacht le creat den sórt sin, go háirithe má tá na seirbhísí sin in úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí a bhíonn ag tarlú arís is arís eile.
21 Ar an iomlán, úsáideann na hardstiúrthóireachtaí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha faoi chuimsiú an Rialacháin Airgeadais8, agus i gcomhréir leis na rialacha ginearálta chun seirbhísí a fháil faoi mar a bhfuil tuairisc air i Vademecum an Choimisiúin maidir le soláthar poiblí9. Tugann an creat sin aghaidh ar na rialacha ginearálta le haghaidh conarthaí seirbhíse, amhail úsáid cheart a bhaint as nósanna imeachta tairisceana agus íocaíocht as seirbhísí a fuarthas a dhéanamh i gceart. Mar sin féin, níl forálacha sonracha ann le haghaidh fostuithe seachtracha eolasbhunaithe, go háirithe na rioscaí a ghabhann leis an gcineál sin fostú (féach mír 55).
22 In 2002, ghlac an Coimisiún a chuid prionsabal agus treoirlínte maidir le bailiú agus úsáid saineolais10. Bhí prionsabail lárnacha na cáilíochta, na hoscailteachta agus na héifeachtachta, mar aon le treoirlínte dá gcur chun feidhme, le cur i bhfeidhm “aon uair a bhailíonn agus a úsáideann ranna an Choimisiúin comhairle saineolaithe a thagann ó lasmuigh den roinn freagrach”, lena n-áirítear trí shainchomhairleoirí seachtracha.
23 Tá treoirlínte breise curtha ar fáil ag an gCoimisiún le haghaidh staidéir agus meastóireachtaí, arbh ionann iad sin agus 22 % den chaiteachas iomlán ar shainchomhairleoirí seachtracha i gcaitheamh na tréimhse iniúchóireachta (féach Tábla 3). In 2012, tháirg an Coimisiún nóta treoraíochta chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na nósanna imeachta le haghaidh bainistiú staidéar11. Clúdaíonn na nósanna imeachta sin an timthriall iomlán a ghabhann le staidéir a tháirgeadh, ón bpleanáil ar aghaidh go dtí ordú, craobhscaoileadh agus taifeadadh. Tá sainmhíniú ar staidéir mar aon le sainmhíniú ar na critéir chomónta a bhaineann lena n-úsáid sa doiciméad sin. Ó 2015, tá na treoirlínte agus an bosca uirlisí maidir le reachtóireacht níos fearr12 ina gcreat le haghaidh meastóireachtaí a dhéanamh, agus tá sainmhíniú ar mheastóireacht iontu sin, chomh maith le treoraíocht i dtaobh acmhainniú agus na gníomhaíochtaí is féidir le conraitheoirí seachtracha a dhéanamh13.
24 Níor aimsíomar aon treoirlínte comhchosúla le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin agus taighde, arbh ionann iad sin agus 78 % den chaiteachas iomlán ar shainchomhairleoirí seachtracha i gcaitheamh na tréimhse iniúchóireachta. Toradh amháin air sin, mar a léirítear i dTábla 3, ná gur chlúdaigh seirbhísí comhairliúcháin raon leathan gníomhaíochtaí, ó sheirbhísí “comhairleacha” gearrthéarmacha go dtí seirbhísí ar bhonn níos fadtéarmaí a bhí mar chomhlánú ar shaineolas agus acmhainní laistigh den eagraíocht féin. Maidir leis na seirbhísí leanúnacha, agus a úsáidtear go rialta, bhain siad den chuid is mó le cláir de chuid an Aontais a chur chun feidhme nó le pleananna bainistíochta na hardstiúrthóireachta. Ní raibh treoraíocht shoiléir ná sainmhíniú ar sheirbhísí comhairliúcháin agus taighde i gcreat an Choimisiúin, ná trácht ar a mhéid a d’fhéadfadh an Coimisiún na seirbhísí sin a chur amach ar conradh chuig sainchomhairleoirí seachtracha.
25 Fuaireamar, in éagmais treoraíocht shoiléir a bheith ann a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm do na hardstiúrthóireachtaí go léir, go ndearna ceann de na hardstiúrthóireachtaí a roghnaíodh don iniúchadh seo anailís ar na tosca a bhí le breithniú nuair a bheadh cinneadh le déanamh i dtaobh seirbhísí a eisfhoinsiú. I measc na dtosca sin, bhí siad seo a leanas:
- an smacht ar chinnteoireacht, straitéis agus cáilíocht a choimeád;
- critéir is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí agus próisis nár cheart a eisfhoinsiú;
- cúiseanna don eisfhoinisiú, a bheadh le míniú sna sonraíochtaí teicniúla.
26 In Iúil 2020, d’eisigh an Coimisiúin treoraíocht maidir le húsáid seirbhísí conraitheoirí seachtracha atá ag obair in áitreabh an Choimisiúin14. Deirtear inti nár cheart obair atá sannta don Choimisiún leis na Conarthaí a eisfhoinsiú riamh, ach go bhféadfaidh ardstiúrthóireachtaí tascanna tacaíochta a eisfhoisniú. Baineann an treoirlíne sin go príomha le conarthaí seirbhíse a bhaineann le TF, cumarsáid, cothabháil foirgneamh agus slándáil. Níl treoirlínte glactha ag an gCoimisiún le haghaidh sainchomhairleoirí seachtracha, atá lonnaithe lasmuigh d’áitreabh an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a d’ardaíomar i mír 24.
Ní dhearnadh anailís ar riachtanais, nó ní dhearnadh iad a dhoiciméadú go córasach
27 Rinneamar measúnú féachaint ar thug an Coimisiún bonn cirt cuí d’úsáid sainchomhairleoirí seachtracha agus an ndearna sé doiciméadú ar an úsáid sin. Scrúdaíomar an ndearna na hardstiúrthóireachtaí breithniú cúramach ar an gcúis a raibh gá le sainchomhairleoirí seachtracha agus conas a rinneadh an próiseas sin a dhoiciméadú. D’athbhreithníomar treoirlínte, agus rinneamar anailís ar na cleachtais a bhí i bhfeidhm sna 20 conradh a roghnaíomar, agus mar taca leis sin bhí agallaimh againn le hardstiúrthóireachtaí a roghnaíomar.
28 Fuaireamar i dtaobh na dtreoirlínte agus an bhosca uirlisí do reachtóireacht níos fearr, go dtugann siad treoraíocht don phleanáil agus go dtugann siad bonn cirt do shainchomhairleoirí seachtracha a úsáid le haghaidh meastóireachtaí. Deir siad go gcaithfidh na hardstiúrthóireachtaí smaoineamh ar shaineolas in-tí a úsáid mar an phríomhfhoinse fianaise. Nuair a bhíonn meastóireachtaí á bpleanáil, bíonn ar na hardstiúrthóireachtaí tosca lárnacha a chur san áireamh, amhail na hacmhainní atá ar fáil, na sonraí atá de dhíth agus na sonraí atá ar fáil, an cineál anailíse atá á lorg, agus aon fhorluí le haon obair eile atá ar siúl. Caithfidh na hacmhainní inmheánacha agus seachtracha a leithdháiltear le haghaidh meastóireachta a bheith comhréireach leis an tábhacht a fheictear a bheith ag an idirghabháil agus leis na héifeachtaí a bhfuiltear ag súil leis ón idirghabháil, agus é sin i dtéarmaí na gcostas agus na sochar a ghintear15.
29 Le haghaidh staidéir agus meastóireachtaí a fhaightear faoi na treoirlínte le haghaidh reachtóireacht níos fearr, tá córais i bhfeidhm chun a áirithiú go mbíonn iarraidh i gcomhaid an tionscadail ina leagtar amach na cúiseanna atá leis an staidéar nó leis an meastóireacht, mar aon leis na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na tionchair, an úsáid atá beartaithe, an tráthchlár a shamhlaítear agus anailís ar chostais agus tairbhí. Fuaireamar gur thug an Coimisiún bonn cirt go cuí don úsáid a baineadh as sainchomhairleoirí seachtracha sna cásanna a scrúdaíodh.
30 Nuair a dhéanann ardstiúrthóireachtaí gníomhaíochtaí a chur amach ar conradh, ar gníomhaíochtaí iad atá aicmithe mar chomhairliúchán nó taighde, déanann siad doiciméadú san iarraidh soláthair ar an ngá atá le heisfhoinsiú. Tá na hardstiúrthóireachtaí freagrach as a chinntiú go bhfuil an t-eisfhoinsiú atá beartaithe ag luí leis na ceanglais bheartais, agus nach bhfuil aon fhorluí ann leis na cláir oibre atá ag ardstiúrthóireachtaí eile.
31 I gcás go leor seirbhísí comhairliúcháin a fuarthas faoi chláir AE, amhail tacaíocht theicniúil do Bhallstáit agus cúnamh teicniúil do thíortha lasmuigh den Aontas, is bealach é úsáid a bhaint as sainchomhairleoirí seachtracha chun cláir a chur chun feidhme atá neadaithe ina rialacha agus ina gcomhaontuithe maoinithe. Sna cásanna sin, fuaireamar nach ndearna na hardstiúrthóireachtaí doiciméadú ar a measúnú i dtaobh arbh é an réiteach ab oiriúnaí d’aon iarraidh soláthair ar leith é sainchomhairleoirí a fhostú. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go ndearna siad measúnú ar na roghanna a bhí ann ó thaobh acmhainní de, agus gur thug sé sin bonn cirt d’úsáid sainchomhairleoirí seachtracha ag céim an chlársceidealaithe. Mar sin féin, ní dhearnadh doiciméadú ar an measúnú sin agus dá bhrí sin níl aon fhianaise ar fáil lena aghaidh.
32 I gcás seirbhísí comhairliúcháin a fhaightear chun tascanna a dhéanamh a bhíonn le cur i gcrích arís agus arís eile, rud a bheidh ina chuidiú le hacmhainní in-tí, ní dhéanann na hardstiúrthóireachtaí anailís ar chostais agus tairbhí ná anailís ar riachtanais lena mheas cad iad na tuillteanais coibhneasta atá ann le bheith ag brath ar sholáthraithe seachtracha seachas ar fhoireann inmheánach sula ndéantar iarrataí soláthair nua a sheoladh. Fuaireamar nach ndearnadh aon anailís den sórt sin, mar shampla le haghaidh:
- seirbhísí a sholáthraíonn sainchomhairleoirí seachtracha atá ag obair ar agus lasmuigh d’áitreabh an Choimisiúin, a bhfuil conarthaí athnuaite acu i réimse an staidrimh atá coibhéiseach le thart ar 52 fhostaí lánaimseartha in aghaidh na bliana;
- gníomhaíochtaí a tharlaíonn arís agus arís eile agus a bhaineann le cláir AE a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.
Rinneadh nósanna imeachta soláthair a chomhall, ach tá rioscaí sonracha ann nach bhfuil dea-bhainistithe go fóill
33 Déileálann an roinn seo den tuarascáil leis an gcaoi a bhfuair an Coimisiún seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha chun luach ar airgead a fháil agus leis na rioscaí maolaithe a ghabhann le bheith ag brath ar shainchomhairleoirí seachtracha.
Bhí ceannach seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha ag comhlíonadh na rialacha maidir le soláthar
34 Chun luach ar airgead a fháil, cuireann an Rialachán Airgeadais agus rialacha inmheánacha an Choimisiúin de cheangal ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nuair a bhíonn seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha á gcur amach ar conradh acu. Áirítear ar na nósanna imeachta sin critéir chuí roghnúcháin agus dámhachtana a leagan síos agus a chur i bhfeidhm. Rinneamar measúnú ar nósanna imeachta soláthair an Choimisiúin le haghaidh sainchomhairleoirí seachtracha a fhruiliú ar conradh, agus scrúdaíomar go mion na 20 conradh a bhí roghnaithe againn.
35 Fuaireamar gur sheol na hardstiúrthóireachtaí freagracha na nósanna imeachta tairisceana ar shlí a bhí ag luí le ceanglais an Rialacháin Airgeadais agus leis an Vademecum maidir le soláthar poiblí (féach mír 21). I ngach ceann de na 20 nós imeachta soláthair a ndearnamar athbhreithniú orthu, d’úsáid an Coimisiún critéir dhámhachtana cuí (lena n-áirítear cóimheas praghas le cáilíocht) chun an luach ar airgead a mheas agus chun na tairiscintí buaiteacha a roghnú.
36 Nuair a bhíonn seirbhísí á gcur amach ar conradh, is féidir leis an gCoimisiún rogha a dhéanamh idir nósanna imeachta soláthair éagsúla. Den chuid is mó, bhain sé úsáid as nósanna imeachta oscailte (is féidir le cuideachta ar bith tairiscint a chur isteach) nó nósanna imeachta teorannaithe (iarrtar ar líon teoranta cuideachtaí tairiscintí a chur isteach) chun sainchomhairleoirí seachtracha a fhostú. Bhí €2.3 billiún (85 % den mhéid iomlán a cuireadh amach ar conradh) ag gabháil le conarthaí a dámhachtaíodh faoin dá chineál nós imeachta sin in 2017-2019, mar a thaispeántar i bhFíor 5. Ós rud é go dtógann na nósanna imeachta sin go leor ama, is minic a úsáidtear creatchonarthaí mar mhodh éifeachtach chun seirbhísí a chur amach ar conradh chuig sainchomhairleoirí seachtracha, mar go bhfágann sé sin nach gá iliomad nósanna imeachta soláthair a sheoladh. Sa bhreis air sin, sainíonn creatchonarthaí, ar minic luach ard leo, na téarmaí (e.g. praghas, cáilíocht) de chonarthaí sonracha atá le dámhachtain fúthu, agus mar sin ligeann siad don Choimisiún dul i muinín shaineolas na sainchomhairleoirí ar bhealach níos tapúla chun freagairt do riachtanais iarbhír. I gcaitheamh thréimhse na hiniúchóireachta, bhí 70 % de na méideanna a bhí curtha amach ar conradh le sainchomhairleoirí seachtracha (€1.9 billiún) bunaithe ar chreatchonarthaí.
Fíor 5 – An cion de na méideanna a cuireadh amach ar conradh de réir an chineáil nós imeachta soláthair, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
Ní raibh formhaoirseacht an Choimisiúin ag teacht le leibhéil riosca féideartha
37 Sheiceálamar an chaoi ar shainaithin an Coimisiún na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith le róchruinniú agus róspleáchas, le buntáiste iomaíoch agus le coinbhleachtaí leasa, agus an chaoi ar thug sé aghaidh ar na nithe sin. Bhreathnaíomar chomh maith ar an gcás ar tugadh na rioscaí sin ar aire an Choimisiúin ar an leibhéal corparáideach agus cén chaoi a ndearnadh iad a bhainistiú.
Rioscaí de chomhchruinniú agus róspleáchas
38 Nuair a bhíonn eagraíocht ag brath go forleitheadach ar shainchomhairleoirí seachtracha ar leith chun gníomhaíochtaí lárnacha a dhéanamh, gabhann sí chuici an riosca go bhféadfadh sí teacht chun bheith spleách ar na sainchomhairleoirí sin ó thaobh na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfeidhm go leanúnach. Rinneamar anailís ar an bhfaisnéis bhainistíochta agus airgeadais ar sholáthróirí lena mheasúnú cá mhéad a bhí an Coimisiún ag brath ar sholáthraithe seirbhíse ar leith agus lena mheasúnú cén leibhéal de chomhchruinniú seirbhíse a bhí ann.
39 I bhFíor 6, tugtar miondealú ar na méideanna a cuireadh amach ar conradh idir na 10 soláthróir ba mhó i dtréimhse 2017-2019. B'ionann na 10 sóláthróir ba mhó sin agus 0.4 % de líon iomlán (2 769) na sainchomhairleoirí seachtracha a fuair conradh i gcaitheamh na tréimhse. Ag an am céanna, b’ionann an méid a tugadh amach ar conradh dóibh agus 22 % de na méideanna iomlána a cuireadh amach ar conradh i gcaitheamh na tréimhse.
Fíor 6 – Na 10 soláthróir i mó de sheirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha de réir an mhéid a cuireadh amach ar conradh, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
40 Bhí roinnt soláthróirí ann a sholáthair seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha trasna ardstiúrthóireachtaí éagsúla den Choimisiún. Tá craobhacha nó fochuideachtaí ag cuid de na soláthróirí sin i mBallstáit éagsúla. Go foirmiúil, is eintitis dhlíthiúla ar leithligh iad ach tá a láithreacht sa Choimisiún níos mó má thógtar le chéile iad.
41 Taispeánann Fíor 7 anseo thíos na 10 soláthróir aonair a shínigh an líon is mó conarthaí i gcaitheamh thréimhse 2017-2019. Thug an Coimisiún 1 297 gconradh i gcrích leis na soláthróirí sin (i.e. 16 % de na 8 009 gconradh a tugadh i gcrích i gcaitheamh na tréimhse, féach mír 04). Taispeánann sé sin go bhfuil líon réasúnta beag conraitheoirí ann ar dámhadh líon réasúnta ard conarthaí orthu ar fud sheirbhísí an Choimisiúin.
Fíor 7 – Na 10 soláthróir is mó seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha de réir an líon conarthaí agus a láithreacht sna hardstiúrthóireachtaí, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
42 Rinneamar anailís freisin ar an gcion de na méideanna iomlána a cuireadh amach ar conradh agus a bhí faighte ag na 10 soláthróir is mó in ardstiúrthóireachtaí roghnaithe16. Taispeánann Fíor 8 go bhfuil cuid de na hardstiúrthóireachtaí ag brath go forleitheadach ar líon réasúnta beag conraitheoirí. In AS ESTAT mar shampla, bhí 10 soláthróir ann arbh ionann iad agus níos lú ná 19 % den líon iomlán soláthróirí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a d’úsáid an ardstiúrthóireacht, ach rinneadh 87 % (€47 milliún) den mhéid iomlán a bhí curtha amach ar conradh ar an ardstiúrthóireacht a dhámhachtain orthu. In AS NEAR, b'ionannna 10 soláthróir is mó agus níos lú ná 3 % den líon iomlán soláthróirí, ach ag an am céanna fuair siad 41 % (€277 milliún) de na méideanna a bhí curtha amach ar conradh chuig sainchomhairleoirí seachtracha. Cruthaíonn an comhchruinniú seo riosca go mbeadh róspleáchas ann ar chonraitheoirí áirithe.
Fíor 8 – Faigheann na 10 soláthróir is mó cion ard de na méideanna iomlána atá curtha amach ar conradh, 2017-2019
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí airgeadais an Choimisiúin.
43 Is minic go dteastaíonn saineolas teicniúil ar leith le haghaidh conarthaí a dhéantar a dhámhachtain ar shainchomhairleoirí seachtracha, ar rud é sin a d’fhéadfadh teorainn a chur leis an líon soláthróirí féideartha. Mar sin féin, éiríonn le cuid de na soláthróirí móra, ar minic leo taithí fhorleitheadach acu de bheith ag obair leis an gCoimisiún, na conarthaí sin a ghnóthachan; ní éiríonn chomh maith céanna le cuideachtaí beaga.
44 Fuaireamar ceithre chás ina ghnóthaigh an soláthróir céanna conarthaí i ndiaidh a chéile ar feadh roinnt blianta, cé go raibh nósanna imeachta tairisceana oscailte á n-eagrú go rialta. Mar thoradh air sin, is é ár mbarúil go bhfuil riosca spléachais ar shainchomhairleoirí seachtracha ann (féach Tábla 4).
| Cás | Tuairisc ar an gcás |
|---|---|
| Cás 1 | Shínigh ardstiúrthóireacht amháin creatchonarthaí de luach €20.8 milliún le soláthróir do thréimhse 2014-2018 le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin sheachtraigh a bhí ag teastáil chun clár de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Ghlac Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na gníomhaíochtaí sin ar lámh ón ardstiúrthóireacht sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin. D’eagraigh sí nósanna imeachta tairisceana nua do thréimhse 2019-2023. I ndiaidh na nósanna imeachta oscailte, rinneadh creatchonradh nua de luach €8 milliún a dhámhachtain ar an soláthróir céanna. |
| Cás 2 | Ghnóthaigh an soláthróir céanna dhá nós imeachta tairisceana i ndiaidh a chéile chun cúnamh teicniúil agus dlíthiúil a thabhairt i mbainistiú cheann de na Tairseacha Comhairle atá ag An Eoraip Duitse (dhá chonradh bliana, ceann a raibh luach de €1.69 milliún ag gabháil leis agus an ceann eile a raibh luach de €1.73 mhilliún ag gabháil leis). |
| Cás 3 | Rinne ardstiúrthóireacht amháin creatchonradh le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin a dhámhachtain ar chonraitheoirí a bhí lonnaithe in áitreabh an Choimisiúin chomh maith le bheith lonnaithe lasmuigh den áitreabh sin, agus b’ionann an creatchonradh sin agus 27 % den mhéid iomlán a cuireadh amach ar conradh (€14.5 milliún agus 104 chonradh) do shainchomhairleoirí seachtracha don tréimhse ó 2017 go 2019. |
| Cás 4 | Bhí 51 % de na méideanna iomlána a chuir ardstiúrthóireacht amháin amach ar conradh do thréimhse 2017-2019 (€36 mhilliún) ag dul chuig ceithre chuideachta a bhí in úsáid go forleathan ag ardstiúrthóireachtaí eile. |
Foinse: CIE.
An riosca go mbeadh buntáiste iomaíoch ann
45 Nuair a bhíonn sainchomhairleoirí seachtracha á n-úsáid go mór ag ranna éagsúla den Choimisiún (féach Fíor 7), faigheann siad taithí. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhuntáiste dóibh chun conarthaí eile a ghnóthachan am níos faide anonn. Sheiceálamar an raibh próisis i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun trédhearcacht sa phróiseas roghnúcháin a áirithiú ionas nach mbeadh buntáiste iomaíoch ag sainchomhairleoirí nó a gcleamhnaithe a bhíonn in iomaíocht do thasc ar leith mar gheall ar sheirbhísí eile a bheith soláthraithe cheana acu a bhí gaolmhar don tasc i dtrácht.
46 Fuaireamar go raibh cuid de na soláthróirí ann a bhí ag soláthar meascán de sheirbhísí comhairleacha, cur chun feidhme agus meastóireachta d’ardstiúrthóireacht amháin. I gcásanna den sórt sin, tá riosca ann go bhféadfadh na soláthróirí sin buntáiste iomaíoch a fháil mar go bhfuil siad bainteach le dearadh, cur chun feidhme agus meastóireacht sa bheartas AE céanna.
47 Tá riosca freisin ann go bhféadfadh roinnt conraitheoirí buntáiste iomaíoch a fháil mar gheall ar a dtaithí fhorleitheadach i seirbhísí a thabhairt i gcrích d’ardstiúrthóireachtaí agus go mbeidh an taithí sin in ann fónamh dóibh i nósanna imeachta soláthair eile tráth níos faide anonn. I gcás amháin, rinneadh conradh a dhámhachtain ar sholáthróir in 2018 chun doiciméid tairisceana a tharraingt suas a bhain le conradh oibreacha (€1.1 milliún). An bhliain dar gcionn, rinneadh conradh eile a dhámhachtain ar an soláthróir céanna chun maoirseacht a dhéanamh ar na hoibreacha céanna sin (€3 mhilliún).
48 Tá dea-chleachtais forbartha ag roinnt ardstiúrthóireachtaí chun rioscaí d’iomaíochas teorannaithe a mhaolú nuair a bhítear ag fáil seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha (féach Bosca 1 le haghaidh mionsonraí).
Dea-chleachtais chun an riosca de bhuntáiste iomaíoch a theorannú
Déanann JRC taighde margaidh chun forléargas a fháil ar an leibhéal iomaíochta sa réimse ina bhfuil sé beartaithe aige seirbhísí a fháil ó shainchomhairleoirí seachtracha. Tá sé mar aidhm leis sin na conarthaí go léir a chur sa chomórtas ar an mbonn is leithne agus is féidir agus urraim a léiriú do phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.
Déanann AS ENV coiste a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar nósanna imeachta soláthair roghnaithe (ENVAC) agus chun tuairisciú chuig an mbainistíocht shinsearach ar na tairiscintí a sheoltar gach bliain. In 2019, tharraing ENVAC aird ar an ngá atá le faireachán a dhéanamh ar an iomaíochas sa phróiseas soláthair, ós rud é nach bhfuair níos mó ná leath na nósanna imeachta soláthair as an síníodh conradh ach aon tairiscint amháin sa bhliain chéanna.
Chuir Eurostat coiste ar bun chun comhairle i dtaobh sonraíochtaí tairisceana a sholáthar do na hoifigigh údarúcháin atá freagrach. Déanann sé anailís freisin ar chomhchruinniú margaidh chun méid na hiomaíochta atá i measc na gconraitheoirí a thaispeáint agus chun an riosca de bhuntáiste iomaíoch a theorannú.
Riosca de choinbhleacht leasa
49 D’fhéachamar ar na cleachtais atá i bhfeidhm chun déileáil le riosca de choinbhleachtaí leasa. Tugann an Rialachán Airgeadais sainmhíniú ar choinbhleachtaí leasa agus leagann sé amach cad iad na bearta atá le déanamh chun iad a sheachaint le linn nósanna imeachta soláthair. Tá treoracha breise le fáil i Vademecum maidir le soláthar poiblí an Choimisiúin. Cuireann sé de cheangal ar chomhaltaí choiste meastóireacht an Choimisiúin, agus ar na tairgeoirí, ráiteas a dhéanamh ag deimhniú nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ann.
50 I gcás gach ceann de na 20 conradh a scrúdaíomar, rinne an Coimisiún de réir na gceanglas i dtaca le seiceálacha i dtaobh coinbhleachtaí leasa atá sa Rialachán Airgeadais agus sa Vademecum. Bhí na ráitis go léir sínithe, agus bhí clásal caighdeánach sna conarthaí go léir á rá go raibh ar na conraitheoirí aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh éirí as feidhmiú an chonartha a dhearbhú. Is seiceálacha foirmiúla iad sin nach leor iad astu féin chun a áirithiú go ndéileáiltear le rioscaí de choinbhleachtaí leasa.
51 In 2021, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú nuair a bhíonn seirbhísí á bhfáil ar conradh17. Ní thugann treoirlínte an Choimisiúin, áfach, aghaidh ar na rioscaí seo a leanas:
- gníomhaíochtaí sainchomhairleoirí seachtracha agus a gcleamhnaithe atá i gcoinbhleacht lena gconradh leis an gCoimisiún;
- seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le chéile;
- sainchomhairleoirí seachtracha a bheith ag freastal ar chliaint éagsúla (laistigh nó lasmuigh den Choimisiún) a bhfuil leasanna i gcoinbhleacht acu maidir le tascanna atá gaolta go dlúth lena chéile.
52 D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn freisin trí aistrithe gairme “dorais iomrothlaigh” ag daoine d’fhoireann an Choimisiúin: nuair a fhágann daoine den fhoireann chun post a ghlacadh go seachtrach (e.g. san earnáil phríobháideach), nó nuair a thagann daoine aonair isteach sa Choimisiún ón earnáil phríobháideach. D’fhéadfadh úsáid mhíchuí de rochtain ar fhaisnéis faoi rún a bheith i gceist leis na coinbhleachtaí leasa sin; mar shampla, nuair a úsáideann duine a bhí tráth ar fhoireann an Choimisiúin a gcuid eolais agus teagmhálacha chun brústocaireacht a dhéanamh chun leasa fostóirí nó cliaint sheachtracha.
53 Cuireann rialacháin foirne an Aontais Eorpaigh18 de cheangal ar oifigigh a fhágann an Coimisiún iad féin a iompar le hionracas agus discréid nuair a fhaigheann siad poist nua tar éis imeachta dóibh. Déileálann an Coimisiún le cásanna féideartha den “doras imrothlach” bunaithe ar na rialacha sin. Tá éifeachtúlacht na sásraí sin ag brath go huile agus go hiomlán ar na daoine atá ag imeacht ráitis a thabhairt don Choimisiún faoin obair a bhfuiltear ag siúl léi sa dá bhliain tar éis dóibh seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh a fhágáil. Féachann an fhoireann atá freagrach as an soláthar le daoine a bhí ar an bhfoireann tráth agus a mbeadh coinbhleachtaí féideartha leasa acu a shainaithint nuair a bhíonn na doiciméid tairisceana á meas acu.
54 Tá roinnt fiosruithe déanta ag an Ombudsman ar an ábhar seo, agus tháinig sí ar an gconclúid, cé go bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh ag cleachtais an Choimisiúin, go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun na rialacha sin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos mó brí a bheith leo. Mhol an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún cur chuige níos stóinsí a ghlacadh ar cheist seo na ndoirse imrothlacha nuair a bhíonn sé ag déileáil le cásanna a bhfuil oifigigh shinsearacha den Choimisiún i gceist leo19. I bhFeabhra 2021, sheol an tOmbudsman fiosrúchán fadréimseach nua ag breathnú ar an gcaoi a ndéileálann an Coimisiún le cásanna de dhoirse imrothlacha i measc a chuid foirne. Is cuid é an fiosrúchán seo d’fhaireachán treisithe ar an gcaoi a ndéanann riarachán AE oibleagáidí eitice a fhorchur i leith daoine d’fhoireann an Aontais Eorpaigh a bhogann go dtí an earnáil phríobháideach20.
Ní dhearnadh measúnú ar roinnt rioscaí ar leibhéal corparáideach
55 Sheiceálamar an chaoi ar tugadh rioscaí de chomhchruinniú agus róspleáchas, de bhuntáiste iomaíoch agus de choinbhleachtaí leasa ar aire an Choimisiúin agus an chaoi a ndearnadh bainistiú air sin ar an leibhéal corparáideach.
56 Ar an iomlán, fuaireamar nach ndearna na hardstiúrthóireachtaí rioscaí de chomhchruinniú agus róspleáchas, de bhuntáiste iomaíoch nó de choinbhleacht leasa a shainaithint ná a aicmiú mar rioscaí criticiúla. Fuaireamar freisin nach raibh na rioscaí de chomhchruinniú iomarcach soláthróirí agus róspleáchas infheicthe i gcónaí ar leibhéal logánta na hardstiúrthóireachta. D’fhéadfadh siad a bheith suntasach ar leibhéal an Choimisiúin fós féin. Dá thoradh sin, ní fhéadfaí aghaidh a thabhairt i gceart orthu ach amháin trí mheasúnú ar an leibhéal corparáideach. Ní dhéanann an Coimisiún measúnuithe den sórt sin áfach. Mar thoradh air sin, d'fhéadfadh sé tarlú nach ndéantar roinnt rioscaí criticiúla a shainaithint, agus gan iad a chur ar aghaidh chuig an mBord um Bainistiú Corparáideach dá bharr.
Laigí sa tslí a ndéantar seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú agus a úsáid
57 Déileálann an roinn seo leis an gcaoi a ndearna an Coimisiún fostú sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú, agus go háirithe, an chaoi a ndearna sé measúnú ar a bhfeidhmíocht agus ar shainaithin sé an obair a táirgeadh agus a d’fhéadfaí a scaipeadh ar bhealach úsáideach ar fud a chuid seirbhísí.
Conarthaí aonair bainistithe i gcomhréir leis na rialacha, ach tá bearnaí sa mheasúnú feidhmíochta
58 Scrúdaíomar an raibh sainorduithe soiléire agus socruithe seachadta soiléire leagtha síos ag an gCoimisiún le haghaidh seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, agus ar íoc sé na méideanna iomchuí as na seirbhísí a soláthraíodh. Rinneamar measúnú freisin ar an gcaoi a ndearna sé torthaí na bhfostuithe sin a chomhroinnt agus a mheasúnú ar an leibhéal corparáideach. Rinneamar measúnú féachaint ar áirithigh an Coimisiún go raibh fostú sainchomhairleoirí seachtracha á mbainistiú go comhleanúnach ar fud na n-ardstiúrthóireachtaí éagsúla, agus é mar aidhm leis sin measúnú córasach a dhéanamh ar fheidhmíocht na soláthróirí, agus shainaithníomar an luach a thugann sainchomhairleoirí seachtracha.
59 Rinne an Coimisiún fostuithe sainchomhairleoirí seachtracha (seirbhísí comhairliúcháin, taighde, staidéar nó meastóireachta) a bhainistiú faoin gcreat dlíthiúil a bhforáiltear dó sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha ginearálta chun seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear a Vademecum maidir le soláthar poiblí. Nuair a bhí seirbhísí á bhfáil aige, dhréachtaigh an Coimisiún téarmaí tagartha inar sonraíodh an obair a bhí le déanamh ag an soláthróir, chomh maith le líon agus formáid na dtuarascálacha maidir le dul chun cinn a bhfuil sé ag súil leis ón soláthróir le linn a thaisc.
60 I gás gach ceann de na 20 conradh a scrúdaíomar, fuaireamar go ndearna an Coimisiún bainistiú maith ar na conarthaí i gcomhréir lena chreat dlíthiúil. Ar an iomlán, bhí na socruithe maidir le faireachán agus tuairisciú, chomh maith leis an bpróiseas chun inseachadáin a sheiceáil, leagtha amach sna conarthaí idir an Coimisiún agus an soláthróir. Sheiceáil an Coimisiún go ndearna na sainchomhairleoirí na seirbhísí riachtanacha a sheachadadh ar an gcáilíocht a iarrtar sula ndearnadh aon íocaíocht.
61 Shainaithin ár n-anailís, i gcás cuid de na seirbhísí comhairliúcháin, go ndearna an Coimisiún seiceálacha cáilíochta breise ar inseachadáin áirithe:
- sula ndearnadh íocaíocht ar sheirbhísí staidrimh, sheiceáil an Coimisiún cáilíocht na staitisticí a bhí táirgthe ag an sainchomhairleoir;
- i gcás conartha tacaíochta teicniúil faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, rinneadh coiste stiúrtha a chur ar bun (le rannpháirtíocht ón tseirbhís in AS REFORM atá freagrach, ón mBallstát agus ón gconraitheoir) chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chonartha. Chinntigh sé sin go raibh faireachán rialta (go minic tuarascáil mhíosúil) á dhéanamh ar chur chun feidhme an conartha.
62 Má dhéantar an táirge críochnaitheach a sheachadadh déanach nó ar leibhéal cáilíochta a bhí níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis, is gnách leis an gCoimisiún an íocaíocht atá iarrtha a fhionraí go dtí go mbeidh an táirge seachadta go sásúil agus roghnaíonn sé gan na smachtbhannaí dá bhforáiltear i bhforálacha an chonartha a chur i bhfeidhm. Chuir an Coimisiún pionóis i bhfeidhm agus laghdaigh sé íocaíochtaí i gcás trí cinn de na 20 conradh a roghnaíodh. Éilíonn sé sin dian-iarracht agus dícheall mór ó thaobh na n-aonad oibríochtúil chun an leibhéal cáilíochta ceart a fháil sna táirgí deiridh.
63 Cé go raibh samplaí maithe ann den chaoi a ndéanann an Coimisiún feidhmíocht na sainchomhairleoirí seachtracha a mheasúnú sna conarthaí a scrúdaíomar, ní dhearna ardstiúrthóireachtaí an fheidhmíocht a mheasúnú go comhleanúnach. Is é a fuaireamar ná nach ndearna ach cuid de na hardstiúrthóireachtaí cleachtaí bunaithe ar cheachtanna foghlamtha go córasach námeastóireacht costais agus tairbhe ex post a dhéanamh nuair a bhí na conarthaí tugtha chun críche, agus nach ndearna na hardstiúrthóireachtaí eile é sin beag ná mór. Measaimid go laghdaíonn sé sin cumas an Choimisiúin réimsí féideartha feabhais a shainaithint. Méadaíonn sé freisin an riosca go ndéanfaí sainchomhairleoirí a athfhostú a bhí ag feidhmiú go lag roimhe sin.
64 Taobh amuigh de na seirbhísí a fuarthas faoi chreat na reachtóireachta níos fearr (féach Bosca 2 le haghaidh mionsonraí), ní dhearna na hardstiúrthóireachtaí faisnéis a bhí ar fáil i dtaobh measúnú ar shainchomhairleoirí seachtracha (e.g. forléargas ar chostais, cáilíocht na n-inseachadán agus torthaí) a roinnt go córasach ar fud an Choimisiúin. Ní raibh aon bhailiúchán lárnach ar fhaisnéis faoi fhostú sainchomhairleoirí ann ar an leibhéal corparáideach lena bhféadfaí feidhmíocht na soláthróirí a chur i gcomparáid le chéile agus a mheasúnú.
Measúnú córasach agus roinnte ar fheidhmíocht sainchomhairleoirí seachtracha faoi chreat na reachtóireachta níos fearr
A thúisce a bhíonn tionscadail curtha chun feidhme, ullmhaíonn na haonaid oibríochtúla nóta meastóireachta ina dtugtar achoimre ar fheidhmíocht an chonraitheora (seiceálacha déanta i gcomparáid le clásail chonarthacha), ar an obair a fuarthas agus ar ábharthacht na hoibre a rinneadh21.
I gcás cláir faoi bhainistíocht roinnte, déantar eilimintí fíorasacha de staidéir agus meastóireachtaí áirithe a bhailíochtú freisin in éineacht leis na Ballstáit.
Sa bhreis air sin, tá fóram – an líonra don reachtóireacht níos fearr – ar fáil faoi threoirlínte agus bosca uirlisí na reachtóireachta níos fearr ina ndearna ionadaithe na n-aonad oibríochtúla sna hardstiúrthóireachtaí ábhartha faoin ‘reachtóireacht níos fearr’ plé ar shaincheisteanna cothrománacha i dtaobh bhainistiú obair na sainchomhairleoirí seachtracha. Ba bhealach freisin é le saincheisteanna tábhachtach a thabhairt ar aire ranna lárnacha an Choimisiúin.
Cleachtais laga ann maidir le leas a bhaint as torthaí thascanna sainchomhairleoirí seachtracha
65 Rinneamar measúnú féachaint an raibh cleachtais iomchuí i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as torthaí a tháirgeann seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, agus chun eolas a aistriú agus na torthaí sin a chraobhscaoileadh nuair a bhí gá leis.
66 Fuaireamar go bhfuil treoraíocht forbartha ag treoirlínte agus bosca uirlisí na reachtóireachta níos fearr chun rianú agus anailísiú a dhéanamh ar a mhéid atá obair sainchomhairleoirí seachtracha ag rannchuidiú le próiseas meastóireachta an Choimisiúin. Déanann an Coimisiún an anailís sin a chur i láthair i ndoiciméad inmheánach oibre ina dtugtar achoimre ar an meastóireacht. Tugann an doiciméad sin tuairisc ar an gcaoi ar úsáid an Coimisiún comhairle ó shaineolaithe sa phróiseas22.
67 Fuaireamar nach bhfuil aon treoirlínte comhchosúla ann le aghaidh seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha atá lasmuigh de chreat na reachtóireachta níos fearr. Sna hardstiúrthóireachtaí roghnaithe, thugamar cleachtais éagsúla faoi deara atá i bhfeidhm chun a shainaithint ar úsáid an Coimisiún na torthaí agus na conclúidí a sholáthair sainchomhairleoirí seachtracha, agus cén chaoi ar úsáid sé iad (féach Tábla 5). Ós rud é nach bhfuil cur chuige comhleanúnach ann ar fud na n-ardstiúrthóireachtaí éagsúla, cuirtear bac ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na tairbhí a ghabhann leis na seirbhísí sin a úsáid.
Tábla 5 – Measúnú ar an gcaoi a bhfuil éagsúlacht ó ardstiúrthóireacht go chéile sa tslí a ndéantar torthaí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid go hiarbhír
| Ardstiúrthóireacht | Cleachtais i bhfeidhm |
|---|---|
| JRC | Tá córas i bhfeidhm ag JRC chun anailís a dhéanamh ar gcaoi ar imir aschur eolaíoch agus teicniúil tionchar ar dhéanamh beartais AE agus a mhéid a bhfuil rannchuidithe JRC in úsáid ag an gCoimisiún. Baineann an t-athbhreithniú feidhmíochta seo le rannchuidithe uile JRC, is cuma más í foireann JRC féin a sheachadann iad nó má fhaightear iad ó shainchomhairleoirí seachtracha. |
| AS AGRI | Táirgeann AS AGRI nótaí anailíseacha ina dtugtar léiriú ar chuspóirí, measúnú cáilíochta agus príomhfhionnachtana staidéir, chomh maith leis an úsáid a bhaintear astu i bhforbairt beartais. |
| AS REFORM agus AS NEAR | Faigheann AS REFORM agus AS NEAR seirbhísí ó shainchomhairleoirí seachtracha a théann chun tairbhe do na Ballstáit agus do thíortha lasmuigh den Aontais, ach níl siad freagrach as an úsáid a bhaintear as torthaí tionscadail ná as aon anailís a dhéantar ar an úsáid sin. Is ar an tairbhí deiridh atá an fhreagracht sin. |
| Sa bhreis ar mheastóireacht ex post ar thacaíocht theicniúil, thosaigh AS REFORM, in 2020, ag déanamh faireachán ar a mhéid a bhí na Ballstáit ag úsáid torthaí na dtionscadal comhairliúcháin. | |
| Ní dhéanann AS NEAR anailís ar an úsáid a bhaintear as torthaí gníomhaíochtaí comhairliúcháin, ach seolann sé meastóireachtaí ar leibhéal straitéiseach (e.g. an t-athrú aeráide, comhionannas inscne), ar leibhéal oibríochtúil (tionscadal/clár), agus ar leibhéal ionstraime, módúlachta nó tíre. |
Foinse: CIE.
68 Maidir leis an gceist i dtaobh aistriú scileanna ó shainchomhairleoirí seachtracha go dtí foireann an Choimisiúin, níl feidhm aige sin maidir le gach cineál conartha. Nuair a fhostaítear sainchomhairleoirí chun aghaidh a thabhairt ar bhearna i saineolas ag an gCoimisiún, d’fhéadfadh aistriú scileanna go dtí an Coimisiún a bheith ina thoisc thábhachtach agus ábhartha. Tá sé deimhnithe ag an gCoimisiún gur annamh le conarthaí seirbhísí smaoineamh ar aistriú eolais ó na sainchomhairleoirí. Ní dhéantar breithniú córasach i dtaobh an bhfuil gá le haistriú scileanna. Ní raibh ceanglas sonrach maidir le haistriú scileanna ó na sainchomhairleoirí go dtí foireann an Choimisiúin in aon cheann de na conarthaí a ndearnamar athbhreithniú orthu.
69 Tá meascán uirlisí ag an gCoimisiún ina bhfuil faisnéis is féidir a úsáid chun faisnéis i dtaobh sainchomhairleoirí seachtracha a mhalartú, ach níl siad chomh hoiriúnach céanna chun an obair a dhéanann na sainchomhairleoirí sin a scaipeadh, faoi mar léirítear san achoimre i dTábla 6.
Tábla 6 – Uirlisí TF an Choimisiúin ina bhfuil faisnéis i dtaobh úsáid sainchomhairleoirí seachtracha
Uirlis TF |
Cuspóir |
Stádas |
|---|---|---|
Modúl Ghealltanas Dlíthiúil (LC) ABAC |
Taisclann lárnach le haghaidh deontais agus conarthaí. Is é sin an córas faisnéise buiséadach agus cuntasaíochta lárnach agus tá sé comhtháite le córais TF eile |
Tugann sé sonraí maidir le conarthaíTá cáilíocht, beachtas agus iontaofacht na sonraí atá códaithe teorannaithe, agus faoi réir ag athbhreithnithe ar cháilíocht na sonraí |
An Córas Trédhearcachta Airgeadais (FTS) |
Suíomh gréasáin ina bhfoilsítear sonraí maidir le tairbhithe cineálacha éagsúla cistithe atá faoi bhainistiú díreach ag ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin, ag a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais, nó ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháinIs é Modúl LC ABAC an foinse faisnéise do FTS, rud a dhéanann difear do cháilíocht agus iontaofacht na sonraí atá taifeadta |
Is féidir é a chuardach i gcomhair conarthaí (faighteoirí), de réir cineáil (catagóir aicme), ábhar an chonartha nó an crios atá ag tairbhiú den ghníomhaíochtTá an fhaisnéis ar fhaighteoirí teoranta |
Tenders Electronic Daily (TED) |
Leagan ar líne d’fhorlíonadh chuig Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsíonn fógraí faoi nósanna imeachta soláthair (na n-údarás poiblí) |
Is féidir anailís a dhéanamh bunaithe ar fhógraí do chomórtais soláthair a scrúdú |
Taisclann Oifig na bhFoilseachán |
Taisclann lárnach de staidéir Eorpacha IISDB, a chuireann ar chumas úsáideoirí an dul chun cinn ar mheastóireachtaí agus staidéir a rianú |
Tá an fhaisnéis teoranta den chuid is mó chuig staidéir agus meastóireachtaí, ach go bhfuil roinnt staidéar teicniúil ar fáil ann |
Uirlisí TF / taisclanna logánta |
Taisclanna atá curtha ar bun ar leibhéal na n-ardstiúrthóireachtaí chun saineolas a rianú agus a bhainistiú |
Baineann an fhaisnéis le haschuir a táirgeadh ar leibhéal na n-ardstiúrthóireachtaí |
Foinse: CIE.
70 D’úsáid na hardstiúrthóireachtaí modhanna éagsúla chun eolas i dtaobh aschuir sainchomhairleoirí seachtracha a chomhroinnt (féach na samplaí i bhFíor 9). Bhí scaipeadh an eolais sin ilroinnte agus é dírithe ar leibhéal na hardstiúrthóireachta, rud a laghdaíonn an fhéidearthacht torthaí obair na sainchomhairleoirí seachtracha a chomhroinnt go héifeachtúil ar fud an Choimisiúin.
71 Fuaireamar gur thug bunachar sonraí idirinstitiúideach de staidéir AE (IISDB) faisnéis i dtaobh meastóireachtaí agus staidéir a bhí pleanáilte agus seachadta, rud a cheadódh eolas a scaipeadh. Ó mhí an Mhárta 2022, tá rochtain ag gach institiúid ar an mbunachar sonraí. Rinneamar anailís ar an bhfaisnéis a bhí taifeadta ag ardstiúrthóirechtaí roghnaithe sa bhunachar sonraí sin. Bhí na staidéir taifeadta ar bhealaí difriúla ag na hardstiúrthóireachtaí, agus bhí roinnt staidéar teicniúil (e.g. tuarascálacha, moltaí, anailísí teicniúla) nach raibh sa bhunachar sonraí, mar a léirítear i dTábla 7. Dá thoradh sin, tá faisnéis pháirteach ag IISDB ar na staidéir ar fad a rinneadh, agus níl sé deartha ag an gCoimisiún mar uirlis chuimsitheach chun eolas a roinnt.
| Ardstiúrthóireacht | Cleachtais i bhfeidhm |
|---|---|
| JRC | Níl staidéir agus meastóireachtaí seachtracha a dhéantar ar iarraidh ó ardstiúrthóireachtaí eile taifeadta in IISDB. |
| AS AGRI agus AS GROW | Go príomha, staidéir agus meastóireachtaí a fuarthas faoi chlár oibre na reachtóireachta níos fearr atá taifeadta in IISDB. |
| Staidéir theicniúla nach bhforáiltear dóibh faoi chlár oibre na reachtóireachta níos fearr, níl siad san áireamh ann. | |
| EUROSTAT | Tá na staidéir agus meastóireachtaí a dhéantar taifeadta, cé is moite díobh sin a úsáidtear chun críocha inmheánacha na hardstiúrthóireachta. |
| Staidéir agus meastóireachtaí a dhéantar go hinmheánach (amhail meastóireachtaí lártéarmacha an chláir staidrimh Eorpaigh), tá siad sin san áireamh freisin in IISDB. | |
| AS ENV | Go príomha, tá staidéir agus meastóireachtaí a dhéantar faoi chreat na reachtóireachta níos fearr taifeadta in IISDB. |
| Staidéir a dhéantar chun naisc éagsúla idir an comhshaol agus an geilleagar a scrúdú, foilsítear iad sin ar leathanach gréasáin an Choimisiúin maidir leis an gComhshaol agus an Geilleagar agus níl siad taifeadta in IISDB. | |
| EMPL | Staidéir agus meastóireachtaí a fuarthas faoi chreat na reachtóireachta níos fearr, agus iadsan amháin, atá taifeadta in IISDB. |
Foinse: CIE.
Cruinneas páirteach i gceist le bainistiú faisnéise an Choimisiúin, agus tuairisciú córasach lag
72 Sa roinn seo, scrúdaímid an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún i dtaca le fostú sainchomhairleoirí seachtracha agus an chaoi a ndéanann an Coimisiún úsáid na sainchomhairleoirí seachtracha sin a thuairisciú.
Níl faisnéis chruinn ag an gCoimisiún ar mhéid agus cineálacha na seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a úsáideann sé
73 Rinneamar measúnú féachaint an raibh faisnéis leordhóthanach agus iontaofa ag an gCoimisiún lena chur ar a chumas maoirseacht agus tuairisciú éifeachtach a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann sé as sainchomhairleoirí seachtracha, agus an raibh an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh na gcineálacha éagsúla seirbhísí. Scrúdaíomar an chaoi ar thaifead ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin faisnéis do na seirbhísí sin agus thástálamar sonraí ó 2017 go 2019.
74 Ó 2017, is féidir conarthaí seirbhíse sainchomhairleoirí seachtracha a thaifeadadh i córas airgeadais an Choimisiúin faoi cheithre chatagóir: comhairliúchán, staidéar, meastóireacht agus taighde. Tá sainmhíniú soiléir tugtha ag an gCoimisiún faoi céard is catagóirí “staidéir” agus “meastóireachta” ann (féach mír 23), ach níl sainmhíniú soiléir tugtha aige d’Ardstiúrthóireachtaí maidir le seribhísí comhairliúcháin agus taighde (féach mír 24). Bhí sainiú níos ginearálta tugtha ar an dá chatagóir sin (féach Tábla 2). Mar thoradh air sin, bhí neamhréireacht sa chaoi ar úsáid na hardstiúrthóireachtaí iad nuair a bhí úsáid sainchomhairleoirí seachtracha á dtaifeadadh acu.
75 Mar shampla, is mar sheirbhísí “comhairleacha” a thugtar tuairisc sa liosta ar an gcatagóir “comhairliúchán”, inar cláraíodh formhór mór na seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha (féach Tábla 3). Fuaireamar gur thaifead na hardstiúrthóireachtaí raon leathan seirbhísí faoin gcatagóir sin. Áiríonn sé sin roinnt seirbhísí a chuirtear amach ar conradh go coitianta, amhail:
- seirbhísí chun córais TF a fhorbairt agus a oibriú, lena n-áirítear ceadúnais, cothabháil, staidéir agus tacaíocht;
- seirbhísí staidrimh, tiomsaithe sonraí agus éadála faisnéise (croíghníomhaíocht ag Eurostat agus gníomhaíochtaí tánaisteacha ag ardstiúrthóireachtaí eile);
- tacaíocht theicniúil do Bhallstáit, agus cúnamh teicniúil do thíortha (go háirithe tíortha lasmuigh den Aontas).
Sa chás deiridh sin, ní dhéanann córas airgeadais an Choimisiúin tairbhí deiridh na seirbhíse ó shainchomhairleoirí seachtracha a shainaithint. I gcás cheannteideal 4 de CAI “An Eoraip Dhomhanda”, is chun tairbhe do thíortha lasmuigh den Aontas a fhaigheann an Coimisiún tromlach na bhfostuithe sin. B’ionann iad agus €1 bhilliún den mhéid iomlán a cuireadh amach ar conradh le sainchomhairleoirí seachtracha in 2017-2019. Fágann sé sin nach féidir leis an gCoimisiún léargas cruinn a thabhairt ar an úsáid a bhaineann sé as sainchomhairleoirí seachtracha.
76 Áirítear sa chatagóir “taighde” aon seirbhís a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó eolaíochta nach bhfuil ag luí le haon cheann de na trí chatagóir eile. Rinne an JRC, mar shampla, thart ar 88 % de na seirbhísí a chuir sé amach ar conradh (€107.2 milliún) a chódú sa chatagóir sin. Fuaireamar go raibh éagsúlacht leathan conarthaí san áireamh ansin, ar bhain cuid acu le catagóirí eile (féach Tábla 3): staidéir agus meastóireachtaí a sheoladh; cúnamh teicniúil a thabhairt; cothabháil saotharlainne agus trealamh; éadáil sonraí; athnuachan trádmharcanna agus íocaíochtaí paitinne; cúrsaí oiliúna agus comhdhálacha a eagrú; agus díchoimisiúnú saoráidí núicléacha.
77 Tá struchtúr dílárnaithe ag an gCoimisiún le go leor ranna éagsúla ann atá freagrach as sonraí a thaifeadadh sa lárchóras airgeadais. É feasach ar na fadhbanna i mbeachtas an taifeadta sonraí, sheol an Coimisiún “bearta glantacháin” in 2020 agus in 2021, chun earráidí nó míchruinnis códaithe a bhain le conarthaí sainchomhairleoirí seachtracha a cheartú. Chruthaigh sé freisin Dais Cáilíochta Sonraí in 2021, chun beart córasach leantach a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí conarthacha a bhí á dtaifeadadh.
78 In ainneoin na dtionscnamh sin, chonaiceamar fós roinnt neamhréireachtaí agus earráidí sa chódú a rinne na hardstiúrthóireachtaí ar chonarthaí le sainchomhairleoirí seachtracha (féach Iarscríbhinn I le haghaidh mionsonraí).
79 Mar thoradh ar chatagóirí conarthaí gan a bheith sonrach go leor, mar aon le hearráidí sa chódú, ní raibh faisnéis bheacht ag an gCoimisiún faoi líon agus méid na seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a bhí curtha amach ar conradh aige.
Ní dhéanann an Coimisiún faisnéis ar an úsáid a bhaineann sé as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a thaifeadadh go córasach
80 I bhfianaise an mhéid úsáide a bhaineann an Coimisiún as sainchomhairleoirí seachtracha, rinneamar measúnú féachaint an raibh tuairisciú corparáideach iomchuí agus córasach i bhfeidhm. Tá iarrataí seolta ag na húdaráis urscaoilte agus ag geallsealbhóirí eile chuig an gCoimisiún ag lorg faisnéise faoi na méideanna a chaitheann sé ar shainchomhairleoirí seachtracha (féach mír 14). Léiríonn na fiosruithe sin go bhfuil spéis dháiríre ag an bpobal i líon agus costas na sainchomhairleoirí seachtracha, na cineálacha seirbhísí a sholáthraítear, agus na rioscaí féideartha a ghabhann leis sin.
81 Níl aon tuairisciú ná anailísiú corparáideach ann ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún as sainchomhairleoirí seachtracha ná ar an gcaiteachas ar shainchomhairleoirí seachtracha. Dhéileáil an Bord um Bainistiú Corparáideach sa Choimisiún le ceist na sainchomhairleoirí seachtracha ar bhonn ad hoc, e.g. nuair a thacaigh sé le treoraíocht maidir le soláthraithe seirbhíse in-tí23.
82 Is faoi threallús an éilimh is mó a dhéantar tuairisciú ar úsáid sainchomhairleoirí seachtracha. Nuair a iarrtar é (e.g. ag Parlaimint na hEorpa), ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil bunaithe ar an bhfaisnéis atá taifeadta ina chóras airgeadais. Bíonn ar ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin, áfach, seiceálacha ó lámh a dhéanamh ar na sonraí lena áirithiú gurb iad na méideanna cearta atá ag freagairt do na seirbhísí i dtrácht, agus iadsan amháin, a thuairiscítear. Fuair ár n-iniúchadh earráidí i sonraí an Choimisiúin (féach mír 78).
83 Is é an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht ón gCoimisiún an príomhthuarascáil feidhmíochta ardleibhéil ar na torthaí a bhaintear amach ó bhuiséad an Aontais. Sna Tuarascálacha Bliantúla maidir le Gníomhaíocht ó na hardstiúrthóireachtaí, tuairiscítear ar an bhfeidhmíocht ar an leibhéal logánta. Ní thugann an dá thacar tuarascálacha sin faisnéis faoin úsáid a bhaintear as sainchomhairleoirí seachtracha.
84 Tá an caiteachas ar shainchomhairleoirí seachtracha á mhaoiniú le creidmheasanna oibríochtúla na gclár AE éagsúil, agus is cion an-bheag é den caiteachas oibríochtúil iomlán. Dá bhrí sin, is gnách leis éalú ón bhformhaoirsiú agus tuairisciú cáiréiseach a dhéantar ar úsáid acmhainní inmheánacha atá maoinithe ón gcaiteachas riaracháin. Le heaspa tuairiscithe chorparáidigh chuimsithigh, déantar lagú ar chumas an Choimisiúin na seirbhísí sin a bhainistiú go héifeachtach i gcomhthéacs úsáid fhoriomlán acmhainní agus rioscaí a bhaineann lena soláthar a shainaithint.
Conclúidí agus moltaí
85 Cuireann an Coimisiún Eorpach thart ar €1 bhilliún gach bliain amach ar conradh le haghaidh seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, a úsáideann sé chun tacú lena raon leathan gníomhaíochtaí comhairliúcháin, staidéir, meastóireachta agus taighde. Táimid tagtha ar an tátal i dtaobh bhainistiú an Choimisiúin ar úsáid sainchomhairleoirí seachtracha nach ndéanann sé a áirithiú go bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil ná go dtugann sé coimirciú iomlán dá leasanna.
86 Fuaireamar go bhfuil bearnaí suntasacha i gcreat an Choimisiúin lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha. Maidir le creat an Choimisiúin le haghaidh comhairliúchán agus taighde, a sheasann don chuid is mó den mhéid a chuirtear amach ar conradh chuig sainchomhairleoirí seachtracha, níl aon treoraíocht ann faoina mhéid a d’fhéadfaí tascanna a eisfhoinsiú, faoin gcaoi a ndéantar seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a shainiú ná faoi na cumais agus na hacmhainneachtaí ba cheart a choinneáil laistigh den eagraíocht (míreanna 18-26).
87 I gcás staidéar agus meastóireachtaí, tugann creat an Choimisiúin treoraíocht shoiléir maidir le bonn cirt a thabhairt d’úsáid sainchomhairleoirí seachtracha, agus maidir le doiciméadú a dhéanamh ar an úsáid sin, murab ionann agus a bheith ag brath ar an bhfoireann inmheánach. Baineann an Coimisiún úsáid go rialta as sainchomhairleoirí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhíonn ag tarlú arís agus arís eile. In go leor cásanna, ní raibh aon fhianaise ann de mheasúnú riachtanais a bheith déanta (míreanna 24 agus 28-32).
Moladh 1 – An creat reatha lena rialaítear úsáid seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a thabhairt chun críche
Ba cheart don Choimisiún a chreat lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha a fhorbairt tuilleadh. Ba cheart don chreat:
- sainiú a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla tacaíochta is féidir le sainchomhairleoirí seachtracha a thabhairt;
- treoraíocht a thabhairt ar an gcaoi le measúnuithe riachtanais a dhéanamh (lena n-áirítear cén uair le hanailísí costais agus tairbhí a dhéanamh), lena n-áirítear modhanna chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hobair a eisfhoinsiú seachas foireann inmheánach a úsáid;
- critéir is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí agus próisis ba cheart a choinneáil laistigh den Choimisiún agus nár cheart a eisfhoinsiú a thabhairt.
Spriocdháta cur chun feidhme: faoi dheireadh 2023
88 Fuaireamar go ndearna an Coimisiún de réir an Rialacháin Airgeadais agus a chuid rialacha inmheánacha féin nuair a fuair sé seirbhísí ó shainchomhairleoirí seachtracha. Bhí na critéir a d’úsáid an Coimisiún chun tairiscintí buaiteacha a roghnú iomchuí (míreanna 34-36).
89 Ní dhearna an Coimisiún faireachán agus bainistiú leordhóthanach ar rioscaí tábhachtacha a ghabhann le sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid. Áirítear air sin na rioscaí de chomhchruinniú soláthróirí agus de róspleáchas ar líon réasúnta beag soláthraithe seirbhíse. Cothaíonn sé sin an riosca go n-éireodh níos fearr le soláthróirí áirithe a bhfuil taithí fhorleitheadach acu de bheith ag obair leis an gCoimisiún ó thaobh conarthaí a ghnóthachan mar go bhfuil buntáiste iomaíochta faighte acu. Sa bhreis air sin, rinne an Coimisiún na seiceálacha foirmiúla riachtanacha go léir maidir le coinbhleachtaí leasa. Ní féidir leis na seiceálacha sin a áirithiú, áfach, go dtarraingítear aird ar na rioscaí tábhachtacha go léir ná go ndéileáiltear leo. Dá thoradh sin, ní dhearnadh anailís leordhóthanach ar an leibhéal corparáideach ar roinnt rioscaí suntasacha a ghabhann le seirbhísí a bhíonn á soláthar ag sainchomhairleoirí seachtracha (míreanna 38-56).
Moladh 2 – Feabhas a chur ar fhaireachán agus maolú rioscaí a éiríonn as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid
Ba cheart don Choimisiún feabhas a chur ar a chur chuige i leith faireachán agus maolú a dhéanamh ar rioscaí a ghabhann le sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid trí:
- anailís thréimhsiúil a dhéanamh ag leibhéil na n-ardstiúrthóireachtaí agus an Choimisiúin ar rioscaí de chomhchruinniú agus róspleáchas;
- soiléiriú a thabhairt ar na próisis atá i bhfeidhm maidir le buntáistí iomaíochta a bheith faighte ag soláthraithe seachtracha a bhfuil taithí fhada acu leis an Aontas;
- treoraíocht a chur i gcrích maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint trí rioscaí nach bhfuil clúdaithe go fóill a thabhairt isteach sa phróiseas;
- a áirithiú go ndéanann ardstiúrthóireachtaí rioscaí a shainaithint agus a thuairisciú, agus go dtugtar na rioscaí criticiúla sin ar aire an Bhoird um Bainistiú Corparáideach, ionas go bhféadfaidh sé measúnú agus bainistiú na rioscaí sin a chomhordú agus comhairle a thabhairt ina dtaobh.
Spriocdháta cur chun feidhme: faoi dheireadh 2023
90 Rinne an Coimisiún conarthaí aonair le sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú go maith. Mar shampla, d’áirithigh sé go ndearna na sainchomhairleoirí na seirbhísí a thabhairt i gcrích ar leibhéal iomchuí cáilíochta sula ndearna sé íocaíochtaí leo. Mar sin féin, ní dhearna sé measúnú ar bhonn comhleanúnach ar fheidhmíocht sainchomhairleoirí seachtracha agus, seachas i gcás staidéar agus meastóireachtaí, níor roinn sé faisnéis i dtaobh na measúnuithe sin ar fud na n-ardstiúrthóireachtaí. Is annamh a dhéantar aistriú eolais ó na sainchomhairleoirí a bhreithniú i gconarthaí seirbhíse, agus ní smaoiníonn an Coimisiún go córasach ar an bhfuil gá le haistriú scileanna. Bhí an chaoi ar scaipeadh torthaí obair na sainchomhairleoirí déanta ar bhealach ilroinnte agus é dírithe ar leibhéal na n-ardstiúrthóireachtaí; i gcásanna áirithe, bhí an fhaisnéis neamhiomlán (míreanna 57-71).
Moladh 3 – Úsáid níos fearr a bhaint as torthaí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha
Ba cheart don Choimisiún an luach a fhaigheann sé ó sheirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a shainaithint agus a úsáid ar mhodh comhleanúnach, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcás inarb iomchuí:
- measúnuithe córasacha tar éis don tseirbhís a bheith tugtha i gcrích chun ceachtanna a fhoghlaim;
- anailís chórasach ar an bhfuil gá le haistriú eolais ó na sainchomhairleoirí go dtí foireann an Choimisiúin;
- socruithe ar an leibhéal corparáideach chun ceachtanna foghlamtha agus torthaí a chraobhscaoileadh, agus chun dea-chleachtais a bhaineann le measúnaithe sainchomhairleoirí seachtracha a shainaithint.
Spriocdháta cur chun feidhme: faoi dheireadh 2023
91 Níor thug córais faisnéise an Choimisiúin faisnéis chruinn ar mhéid agus cineál na seirbhísí ó shainchomhairleoirí seachtracha a úsáideadh, fiú agus go n-úsáideann sé iad mar acmhainn chomhlántach chun a chuid aschur a thabhairt i gcrích. Tá an Coimisiún ar an eolas faoi seo agus le déanaí chuir sé tús le hobair chun an scéal a fheabhsú. Ní dhéanann sé faisnéis a thuairisciú go córasach chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle ar an úsáid a bhaineann sé as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, agus níl aon tuairisciú chuig an leibhéal corparáideach ann (míreanna 72-84).
Moladh 4 – Feabhas a chur ar thuairisciú ar úsáid seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha
Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go rialta ar an úsáid a bhaineann sé as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha. Ba cheart don tuairisciú sin a bheith bunaithe ar shonraí atá cruinn agus iomlán agus go mbeadh faisnéis ar nós méideanna agus cineálacha na seirbhísí a fuarthas san áireamh ann.
Spriocdháta cur chun feidhme: faoi dheireadh 2023
Ghlac Seomra V leis an Tuarascáil seo, faoi cheannas Tony Murphy, Comhalta de chuid na Cúirte Iniúchóirí, i Lucsamburg an 22 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Samplaí de chódú mícheart agus neamh-chomhleanúnach i gcatagóir an ghealltanais dhlíthiúil
Sna táblaí anseo thíos, liostaítear cásanna de chóduithe míchearta (Tábla 8) nó neamh-chomhleanúnacha (Tábla 9) i gcatagóirí an ghealltanais dhlíthiúil (LC) a fuaireamar sna doiciméid a ndearnamar athbhreithniú orthu. I rith thréimhse na hiniúchóireachta, is leis an gcatagóir LC de chreatchonradh a chinnfí an catagóir LC do gach conradh sonrach ina dhiaidh sin, is cuma cén topaic go beacht a bhain leis an gconradh sonrach. Níl na cásanna sin tuairiscithe sna táblaí anseo thíos.
Tábla 8 – Códú mícheart ar chatagóir an ghealltanais dhlíthiúil
| Cineál seirbhíse | Códú | Nóta tráchta |
|---|---|---|
| Tuarascáil a ullmhú maidir leis timpeallacht ceadúnúcháin le haghaidh bunphaitinní caighdeáin (SEPS) sa tréimhse roimh theacht d’idirlíon na nithe | Comhairliúchán | Staidéar atá sa táirge deiridh. |
| Staidéir chun tacú le hiomaíochas agus tuarascáil chomhtháite 2018: margadh aonair le haghaidh earraí tar éis 25 bliana de dhigiteáil | Taighde | Staidéar atá sa táirge deiridh. |
| ESP do DESIS III – Soláthar Seachtrach Seirbhíse le haghaidh Forbairt, Staidéir agus Tacaíocht do Chórais Faisnéise – Luchtóg 1 – 2ú Conraitheoir | Comhairliúchán | Ba cheart é a bheith códaithe faoi Chomhairliúchán TF. |
| Seirbhísí a thabhairt i gcrích i réimse na forbartha agus na n-oibríochtaí sna córais TF le haghaidh airgeadais agus/nó cuntasaíochta do na húdaráis chonarthacha | Comhairliúchán | Ba cheart é a bheith códaithe faoi Chomhairliúchán TF. |
| Ceadúnais agus cothabháil táirgí SAP | Comhairliúchán | Ba cheart é a bheith códaithe faoi Chomhairliúchán TF. |
| 2017/388-933 – Iniúchadh Airgeadais ar Thionscadail 2015/356-593 “Dálaí maireachtála a chumasú” | Comhairliúchán | Ba cheart é a bheith códaithe faoi sheirbhísí iniúchóireachta. |
| ENI/2015/365-481 – Comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe a eagrú | Comhairliúchán | Ba cheart é a bheith códaithe faoi “Comhdhálacha, Cruinnithe Seachtracha agus Taisteal”. |
Foinse:CIE, bunaithe ar thacar sonraí ABAC an Choimisiúin do 2017-2019.
Tábla 9 – Seirbhísí comhchosúla códaithe i gcatagóirí aicme éagsúla den ghealltanas dlíthiúil
| Conradh le saineolaí – táille íoctha – 30 lá, gan taisteal | Comhairliúchán |
|---|---|
| Conradh le saineolaí – 30 lá, le taisteal | Taighde |
| Meastóireacht ar shainchomhad FAD-2018-0 | Taighde |
| Meastóireacht ar shainchomhad FAD-2018-0 | Meastóireacht |
| Rúnaíocht Theicniúil an ghrúpa de comhlachtaí a fhaigheann fógra faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta | Meastóireacht |
| Rúnaíocht Theicniúil an ghrúpa ADCO (comhar riaracháin) de chomhlachtaí faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta | Comhairliúchán |
| Staidéar ar Mheasúnú Tionchair ECODESIGN maidir le bearta um tháirgí inbhuanaithe | Comhairliúchán |
| Staidéar ar Mheasúnú Tionchair maidir le lipéadú ailléirginí cumhráin ar tháirgí cosmaideacha | Staidéir |
| Staidéar ar Mheasúnú Tionchair i ndáil le hathbhreithniú ar Threoir 2000/14/CE maidir le torann lasmuigh | Taighde |
| Conradh Seirbhíse – EMODNET – Luchtóg 3 – Fisic | Comhairliúchán |
| Conradh Seirbhíse – EMODNET – Luchtóg 6 – Gníomhaíocht Dhaonna | Staidéir |
Foinse:CIE, bunaithe ar thacar sonraí ABAC an Choimisiúin do 2017-2019.
Giorrúcháin
AS AGRI: Ardstiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
AS BUDG: Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid
AS CLIMA: An Ardstiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide
AS DEVCO: An Ardstiúrthóireacht um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt, athainmnithe in 2021 go dtí an Ardstiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA)
AS EMPL: An Ardstiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
AS ENER: Ardstiúrthóireacht an Fhuinnimh
AS ENV: Ardstiúrthóireacht an Chomhshaoil
AS GROW: An Ardstiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
AS MOVE: Ardstiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair
AS NEAR: An Ardstiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus Caibidlíocht maidir le Méadú
AS REFORM: An Ardstiúrthóireacht maidir le Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach
CAI: Creat airgeadais ilbhliantúil
EASME: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide24
ENVAC: An Ardstiúrthóireacht um Choiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí an Chomhshaoil
ESTAT/Eurostat: Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh
FPI: An tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh
IISDB: Bunachar sonraí idirinstitiúideach de staidéir AE
JRC: An tAirmheán Comhpháirteach Taighde
LC: Gealltanas dlíthiúil
SRSP: An Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach
Gluais
An Bord um Bainistiú Corparáideach: Bord bainistíochta lárnach an Choimisiúin a sholáthraíonn comhordú, formhaoirseacht, comhairle agus treo straitéiseach maidir le saincheisteanna corparáideacha, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní agus bainistiú rioscaí.
Creatchonradh: Comhaontú leathan faoinar féidir tuilleadh conarthaí sonracha a thabhairt i gcrích.
Glao ar léirithe spéise (CEI): Réamhroghnúchán ar thairgeoirí féideartha a dtabharfaí cuireadh dóibh le páirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair srianta.
Nós imeachta soláthair eisceachtúil: Nós imeachta soláthair poiblí, a úsáidtear i gcásanna éigeandála, lena mbaineann caibidlíocht le tairgeoirí a roghnaítear gan aon ghlao ar thairiscintí.
Nósanna imeachta soláthair caibidlithe: Nós imeachta soláthair poiblí lena mbaineann líon srianta tairgeoirí, inar féidir leis an gceannaitheoir caibidliú a dhéanamh ar théarmaí an chonartha.
Nósanna imeachta soláthair oscailte: Nós imeachta soláthair poiblí inar féidir le gach tairgeoir féideartha páirt a ghlacadh.
Nósanna imeachta soláthair srianta: Nós imeachta soláthair poiblí nach féidir ach le tairgeoirí féideartha páirt a ghlacadh iontu.
Plean bainistíochta: Plean bliantúil a ullmhaíonn gach roinn den Choimisiún ina dtugtar tuairisc ar obair na roinne i ndáil le tosaíochtaí agus cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, agus a chuireann ar a chumas pleanáil dá chuid gníomhaíochtaí, acmhainní agus riachtanais foirne go léir, beart leantach a dhéanamh ina thaobh sin agus tuairisciú ar an méid sin.
Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht: Tuarascáil a tháirgeann an Coimisiún gach bliain faoin gcaoi a mbainistíonn sé buiséad AE agus na torthaí a gnóthaíodh, ag tabhairt achoimre ar an bhfaisnéis atá i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na n-ardstiúrthóireachtaí agus na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin.
Tuarascáil bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí: Tuarascáil a tháirgeann gach ardstiúrthóireacht den Choimisiún, agus gach institiúid agus comhlacht den Aontas, ina leagtar amach conas a d’fheidhmigh siad i gcomparáid lena gcuspóirí agus conas a d’úsáid siad a n-acmhainní airgeadais agus daonna.
Freagraí ón gCoimisiún
Foireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Is í an Chúirt a roghnaíonn agus a dhearann na cúraimí iniúchóireachta sin chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag baint leo, trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas mar aon leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, na forbairtí atá le teacht agus an leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta V – Maoiniú agus Riar an Aontais, atá faoi cheannas Tony Murphy (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir François-Roger Cazala (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Dirk Pauwels (Ceann na hOifige Príobháidí), Stéphanie Girard (Ataisé na hOifige Príobháidí), Colm Friel (Príomhbhainisteoir), Daria Bochnar (Ceann Cúraim), chomh maith le Marion Kilhoffer agus Anzela Poliulianaite (Iniúchóirí). Thug Alexandra-Elena Mazilu agus Jesús Nieto Muñoz tacaíocht ghrafach. Thug Richard Moore tacaíocht teanga.
Críochnótaí
1 Ranna, seirbhísí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a fuair sainchomhairleoirí seachtracha ar conradh.
2 An Coimisiún Eorpach, C(2018) 7703 final, Teachtaireacht chuig an gCoimisiún: Rialachas sa Choimisiún Eorpach, 21.11.2018.
3 Bainistiú Rioscaí sa Choimisiún – Treoirleabhar um Chur Chun Feidhme, leagan nuashonraithe Mheán Fómhair 2021.
4 An Coimisiún Eorpach, C(2018) 7703 final, Teachtaireacht chuig an gCoimisiún: Rialachas sa Choimisiún Eorpach, 21.11.2018.
5 Litir ó Pharlaimint na hEorpa chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 30.3.2021, Urscaoileadh 2019 don Choimisiún, ceisteanna i scríbhinn chuig an gCoimisinéir Hahn, éisteacht an 11.1.2021; Urscaoileadh 2019 don Choimisiún, ceisteanna i scríbhinn chuig an gCoimisinéir Hahn, éisteacht an 11.1.2021 agus Urscaoileadh 2019 don Choimisiún, ceisteanna i scríbhinn chuig an Ardrúnaí Ilze Juhansone, éisteacht an 6.1.2021.
6 Freagraí mionsonraithe ón gCoimisiún ar iarrataí sonracha a rinne an Chomhairle mar chomhlánú ar an tuarascáil ón gCoimisiún ar na bearta leantacha ar an urscaoileadh do bhliain airgeadais 2019, COM(2021) 405 final (pointe 33).
7 AS AGRI, AS BUDG, AS EMPL, AS ENV, AS GROW, AS HR, JRC, AS NEAR, AS REFORM, Eurostat, EASME agus Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh.
8 IO L 193, 30.7.2018, Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, 18.7.2018.
9 An Coimisiún Eorpach, Vademecum maidir le soláthar poiblí sa Choimisiún, Feabhra 2016, nuashonraithe in Eanáir 2020.
10 COM(2002) 713 final, Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bailiú agus úsáid saineolais ag an gCoimisiún: prionsabail agus treoirlínte, 11.12.2002.
11 An Coimisiún Eorpach, Nósanna imeachta comhchuibhithe chun bainistiú a dhéanamh ar staidéir an Choimisiúin, 4.7.2012.
12 SWD(2015) 111 final agus SWD(2017) 350 final.
13 Uirlis #43: “Cad is meastóireacht ann agus cén uair a bhfuil sí ag teastáil”, Uirlis #44: “Pleanáil agus an Plean meastóireachta leanúnach 5 bliana”, agus Uirlis #48: “An mheastóireacht a sheoladh”.
14 An Coimisiún Eorpach, Treoirlínte maidir le húsáid soláthraithe seirbhíse in-tí, 27.7.2020.
15 Uirlis #4: “Reachtóireacht níos fearr atá fianaise-bhunaithe” agus Uirlis #44: “Pleanáil agus an Plean meastóireachta leathnú amach 5 bliana“.
16 Ní thaispeántar ach na hardstiúrthóireachtaí a raibh méid ar conradh acu a bhí níos mó ná €50 milliún.
17 Fógra ón gCoimisiún (2021/C 121/01), Treoraíocht maidir le choinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais, 9.4.2021.
18 Arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 (IO L 287, 29.10.2013, Airteagal 16).
19 https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/en/110608
20 https://www.ombudsman.europa.eu/ga/press-release/en/141928
21 Uirlis #48: “An mheastóireacht a sheoladh”.
22 Uirlis #49: “An doiciméad inmheánach oibre maidir leis an meastóireacht”.
23 Treoirlínte maidir le húsáid soláthraithe seirbhíse intí agus cleamhnaithe.
24 Ó 2021, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA) mar léiriú ar a shainordú agus gníomhaíochtaí nua.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-8229-1 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/198923 | QJ-AB-22-013-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-8231-4 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/201451 | QJ-AB-22-013-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Eisiatar bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
- le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

Clár AE a chur chun feidhme
Modúl Ghealltanas Dlíthiúil (LC) ABAC
Taisclann lárnach le haghaidh deontais agus conarthaí. Is é sin an córas faisnéise buiséadach agus cuntasaíochta lárnach agus tá sé comhtháite le córais TF eile
Tugann sé sonraí maidir le conarthaí