Tuarascáil speisialta
03 2023

An margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú Struchtúir chasta dlí, moilleanna, laigí sa rialachas agus faireachas neamhiomlán margaidh, tá siad ag cur bac ar chuspóir uaillmhianach a bhaint amach go hiomlán

Maidir leis an tuarascáil:Cuireadh tús le margadh fuinnimh inmheánach lán-chomhtháite a thógáil in 1996, ach tá tabhairt i gcrích an tionscadail sin tar éis éirí níos práinní fós mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus costais mhaireachtála atá roimh shaoránaigh an Aontais faoi láthair.

Rinneamar measúnú féachaint ar rannchuidigh cur chuige rialála an Choimisiúin agus an fhormhaoirseacht ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) leis an gcomhtháthú a thabhairt chun críche agus ar an gcaoi sin cabhrú lena chinntiú go bhfuil margadh inmheánach leictreachais an Aontais ag feidhmiú go cuí.

In ainneoin rudaí suntasacha áirithe a bheith bainte amach le deich mbliana anuas, bhí an dul chun cinn ionsar chomhtháthú mall agus míchothrom ar fud rannáin an mhargaidh agus idir na réigiúin laistigh den Aontas Eorpach. Seacht mbliana i ndiaidh spriocdháta tosaigh na Comhairle (i.e. 2014), níl aon cheann de na treoirlínte ceangailteacha rialála cur chun feidhme go hiomlán agus tá moilleanna éagsúla ann, go príomha mar gheall ar an struchtúr casta dlí agus laigí i gcreat rialachais an Aontais.

Níl sé de chumhacht ag ACER a chinntiú go bhfuil na rialacha á bhforfheidhmiú go comhleanúnach ar an leibhéal náisiúnta agus tá an faireachas a dhéanann ACER ar an margadh fós neamhiomlán; dhá rud iad sin a fhágann go bhfuil teorainn leis an líon pionós is féidir a ghearradh.

Molaimid go ndéanfadh an Coimisiún an creat rialála agus forfheidhmithe a shruthlíniú agus go neartódh sé an cumas rialachais atá ag ACER. Ba cheart do ACER a chuid gníomhaíochtaí faireachais a fheabhsú agus feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht ina chuid oibre.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: iniúchóireacht ar chomhtháthú mhargadh inmheánach leictreachais an Aontais

Achoimre Feidhmiúcháin

I Ba shaincheist thábhachtach riamh anall í an obair i dtreo margadh fuinnimh inmheánach lán-chomhtháite, ach tá sí tar éis éirí níos práinní fós mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus costais mhaireachtála atá roimh shaoránaigh an Aontais faoi láthair. Cuireann margadh inmheánach leictreachais dea-fheidhmiúil leis an méid seo a leanas:

  • tairbhe a bhaint as na praghsanna leictreachais is fearr;
  • cinnteacht an tsoláthair fuinnimh;
  • an t-aistriú glas a bhaint amach.

II Cuireadh tús le margadh fuinnimh inmheánach lán-chomhtháite a thógáil in 1996 nuair a osclaíodh monaplachtaí fuinnimh náisiúnta de réir a chéile do bhreis iomaíochta mar a fhoráiltear sa chéad (1996) agus sa dara pacáiste (2003) fuinnimh. Tháinig an tríú pacáiste fuinnimh ina dhiaidh sin in 2009. Ceann de na príomhchuspóirí a bhí ann ná dlús a chur le comhtháthú na margaí leictreachais trí na cleachtais trádála ar na margaí mórdhíola eagraithe a chomhchuibhiú, agus iomaíocht trasteorann á cothú dá chionn sin. Comhlánaíodh an pacáiste tuilleadh le sraith rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún (cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin), a raibh gá leo chun rialacha comhchuibhithe margaidh, rialacha comhchuibhithe um oibriú eangaí agus rialacha comhchuibhithe um nascadh eangaí a shonrú. Leis an tríú pacáiste leictreachais cuireadh go mór leis an Rialachán maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (REMIT), lenar cruthaíodh creat chun faireachán a dhéanamh ar na margaí mórdhíola fuinnimh, chun cúbláil margaidh a bhrath agus a dhíspreagadh.

III Rinneamar an t-iniúchadh seo chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais le cur i bhfeidhm éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach an rialacháin maidir leis an margadh leictreachais, ag cabhrú dá réir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Tá ról lárnach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) chun oibriú rianúil mhargadh leictreachais an Aontais a áirithiú trí chomhordú a dhéanamh ar na húdaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna) ar leibhéal an Aontais. Ní chuireann an creat dlíthiúil uirlisí forfheidhmiúcháin ar fáil don Ghníomhaireacht, agus mura dtacaíonn an Coimisiún go cuí léi ina chuid iarrachtaí cóineasúcháin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí in ann na spriocanna atá beartaithe aici a bhaint amach.

IV San iniúchadh seo, rinneamar measúnú ar cé acu a rannchuidigh cur chuige rialála an Choimisiúin (treoirlínte a úsáid) agus faireachán ACER, ó 2015 i leith, le feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar fheidhmiú mhargadh inmheánach leictreachais an Aontais. Díríodh san iniúchadh ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún as cóid ghréasáin agus as treoirlínte gréasáin chun comhtháthú an mhargaidh leictreachais a áirithiú, agus ar fhaireachán an Choimisiúin agus ACER ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte gréasáin i ndáil leis na margaí leictreachais. Díríodh san iniúchadh freisin ar fhaireachas ACER ar dhrochúsáid mhargaidh agus ar thrédhearcacht.

V Ar an iomlán, fuaireamar go raibh an rogha a bhí déanta ag an gCoimisiún i dtaobh uirlisí rialála ag cur isteach ar bhaint amach an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Is é a d’éirigh as sin ná go bhfuil struchtúr casta dlí de rialacha trádála trasteorann ann agus moilleanna i gcur chun feidhme. Chuir laigí i gcreat rialachais an Aontais isteach freisin ar mhargadh inmheánach leictreachais a bhaint amach. Thairis sin, níor thionscain cur chuige faireacháin an Choimisiúin agus ACER feabhsúchán a dhóthain ar fheidhmiú mhargadh leictreachais an Aontais. Sa bhreis air sin, bhí an faireachas margaidh chun drochúsáid agus cúbláil margaidh a bhrath agus a dhíspreagadh neamhiomlán.

VI In ainneoin nithe suntasacha áirithe a bheith bainte amach le deich mbliana anuas, bhí an dul chun cinn ar chomhtháthú na margaí leictreachais mall. Ba in 2009 a leagadh síos spriocdháta tosaigh 2014, ach fuaireamar faoi dheireadh 2021, i.e. seacht mbliana ina dhiaidh sin, nach raibh aon cheann de na treoirlínte curtha chun feidhme ina n-iomláine, go raibh a leibhéal cur chun feidhme measctha i margaí agus i dtíortha éagsúla, agus go raibh moilleanna éagsúla tar éis carnadh. Bhíothas ag dréim leis freisin go gcuirfí, leis na treoirlínte, borradh faoi na hacmhainneachtaí tarchurtha trasteorann atá ar fáil, rud a chothódh éifeachtacht na cúplála margaidh. In ainneoin go bhfuil méadú tagtha ar iarrachtaí ACER comhordú a dhéanamh idir oibreoirí córais, ní dhearnadh aon dul chun cinn suntasach.

VII Cuireadh bac ar an sprioc go ndéanfaí an margadh inmheánach leictreachais a thabhairt chun críche de bharr measúnú tionchair neamhdhóthanach, de bharr na n-uirlisí rialála a roghnaíodh agus de bharr laigí i gcreat rialachais an Aontais. Cé go raibh gá leo chun na rialacha a oibríochtú, ní dhearnadh le cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin an Choimisiúin iad a shoiléiriú go leormhaith. Mar thoradh orthu, ba chasta an comhchuibhiú a rinneadh ar na rialacha trádála trasteorann agus bhí moill ar an gcomhchuibhiú sin. Dá bhrí sin, bhí ról ríthábhachtach agus uathúil ag ACER maidir le comhaontuithe ceangailteacha a lorg idir ÚRNanna agus oibreoirí eangaí agus oibreoirí margaidh maidir le mionsonraí teicniúla (téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí, a bhí ag teastáil chun treoirlínte a chur chun feidhme). De ghnáth, ghlac ACER cinntí in am trátha maidir le heasaontais i dtaobh ábhar na mionsonraí teicniúla sin a réiteach.

VIII Braitheann an Coimisiún cuid mhór ar ACER chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme comhsheasmhach na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte gréasáin. Mar sin féin, níor leor an faireachán a rinne ACER ar a gcur chun feidhme comhsheasmhach ar fud na mBallstát agus bhí an tuairisciú a rinne sé neamhdhóthanach. Bhí sé sin amhlaidh go háirithe mar gheall ar easpa faisnéise agus sonraí, easpa bearta leantacha, easpa straitéis faireacháin, acmhainní teoranta, agus comhordú lag leis an gCoimisiún ó thaobh faireacháin de. Le cur chuige rialála an Choimisiúin, méadaíodh go mór agus gan ghá an t-ualach riaracháin, na riachtanais acmhainní agus na costais a bhí ar ACER, ar údaráis rialála náisiúnta, agus ar oibreoirí córais agus margaidh.

IX Bhí an faireachas margaidh, atá ceaptha drochúsáid agus cúbláil margaidh a bhrath agus a dhíspreagadh, neamhiomlán freisin. Tháinig faireachas ACER i bhfeidhm go hiomlán ag deireadh 2017, ach ní raibh an bailiú sonraí cuimsitheach agus níor cumhdaíodh sa mheasúnú ar shonraí a bailíodh ach líon teoranta cineálacha iompraíochta mí-úsáidí. Thairis sin, níor leithdháil ACER dóthain acmhainní chun anailís a dhéanamh ar na sonraí a bailíodh, rud a chuir bac ar a mheasúnú freisin. Ina theannta sin, ní raibh ACER in ann tacú le himscrúduithe ar líon méadaitheach na gcásanna drochúsáide margaidh trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar deireadh, ní raibh ach uirlisí teoranta ag ACER chun a áirithiú go gcuirfí rialacha maidir le faireachas margaidh i bhfeidhm go cuí ar an leibhéal náisiúnta. I ndeireadh na dála, mar gheall ar na cúiseanna thuasluaite, níor tháinig mórán smachtbhannaí as faireachas ACER.

X Ina theannta sin, ní raibh struchtúr rialachais iomchuí ná na hinniúlachtaí riachtanacha ag ACER chun comhordú éifeachtach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta chun tionscadail uaillmhianacha chomhtháthaithe a thabhairt chun críche. Thairis sin, tá uirlis thábhachtach trédhearcachta agus cuntasachta ACER – a shuíomh gréasáin – á reáchtáil go neamhéifeachtach.

XI Molaimid gur cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an creat rialála a shruthlíniú;
  • an creat faireacháin le haghaidh treoirlínte gréasáin a neartú;
  • rialachas ACER a fheabhsú;
  • measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le creat chun pionóis a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.

XII Molaimid gur cheart do ACER an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear chun faireachán a dhéanamh ar na treoirlínte;
  • feabhas a chur ar an bhfaireachas a dhéanann sé ar shláine an mhargaidh mórdhíola leictreachais;
  • trédhearcacht agus cuntasacht a chuid oibre a fheabhsú.

XIII Deis don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun aghaidh a thabhairt ar na laigí atá sainaitheanta san iniúchadh seo is ea na bearta atá le teacht ón Aontas chun na margaí leictreachais a athchóiriú.

Réamhrá

Tuairisc ar an réimse iniúchóireachta

Cúlra beartais

01 I mí Feabhra 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Pacáiste an Aontais Fuinnimh lena n-áirítear ‘Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide’ agus ‘Treochlár don Aontas Fuinnimh’. Is é is cuspóir d’Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhfuil beartas aeráide ina cheartlár, ná fuinneamh atá slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí an Aontais, eadhon teaghlaigh agus gnólachtaí.

Fíor 1 – Na cúig ghné de straitéis an Aontais Fuinnimh

Foinse: CIE.

02 Faoi ghné a dó, is é sin a áirithiú go bhfeidhmeoidh margadh inmheánach leictreachais lán-chomhtháite, is é an aidhm atá ann ná saorshreabhadh fuinnimh tríd an Aontas Eorpach a chumasú, trí bhonneagar leormhaith a chur ar fáil agus gan bacainní teicniúla nó rialála a bheith ann. Le trádáil leictreachais trasteorann, ba cheart go mbeifí in ann an chumhacht tháirgthe is saoire a sheoladh chuig gnólachtaí agus chuig saoránaigh, cibé áit a bhfuil an chumhacht sin san Aontas. Sa lá atá inniu ann, tá rialacha fuinnimh ag an Aontas atá leagtha síos ar an leibhéal Eorpach, ach is é fírinne an scéil go bhfuil 27 gcreat rialála náisiúnta ann. De réir straitéis fuinnimh an Aontais 20151, tá gá le margadh fuinnimh comhtháite chun tuilleadh iomaíochta a chruthú agus chun éifeachtúlacht mhargaidh níos fearr a bhaint amach.

03 Tá dúshláin romhainn. Chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, caithfear níos mó de riachtanais fuinnimh an Aontais a chomhlíonadh le foinsí in-athnuaite fuinnimh. Cruthaítear dúshláin nua ó thaobh eangacha leictreachais a bhainistiú agus cothromaíocht a aimsiú idir an soláthar agus an t-éileamh mar gheall ar a dtáirgeadh scaipthe leictreachais (trí phobail fuinnimh éagsúla agus trí tháirgeoirí beaga), mar gheall ar chineál eadrannach na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus toisc nach ann faoi láthair do réitigh stórála atá inmharthana go heacnamaíoch.

04 Ba cheart go mbeadh roinnt buntáistí ag baint leis an margadh inmheánach leictreachais a thabhairt i gcrích.

  • Ba cheart, dá bharr, go gcuirfí na praghsanna leictreachais foriomlána is fearr ar fáil do thomhaltóirí na hEorpa, ós rud é gur féidir na hacmhainní is saoire san Aontas trí chéile a úsáid chun freastal ar na riachtanais leictreachais.
  • Ba cheart, dá bharr, go méadófaí slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais, ós rud é go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní a chomhroinnt, i gcás ina dtarlódh briseadh gan choinne.
  • Ba cheart, dá bharr, go rannchuideofaí ar bhealach costéifeachtach le tabhairt i gcrích chuspóirí aistriú glas an Aontais, trí sholúbthacht an tsoláthair cumhachta a fheabhsú agus trína áirithiú gur féidir le gníomhaithe sa mhargadh a seasaimh a choigeartú de réir réamhaisnéisí nuashonraithe maidir le giniúint cumhachta.

05 In ainneoin na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud an Aontais chun na margaí náisiúnta a chomhtháthú, tá difríochtaí móra fós idir na praghsanna miondíola leictreachais i dtíortha éagsúla. Tá tionchar mór fós ag na Ballstáit ar phraghsanna miondíola, trí chánacha náisiúnta agus trí mhuirir ghréasáin rialáilte2, seachas trí iomaíocht. Féach Fíor 2.

Fíor 2 – Praghsanna leictreachais teaghlaigh san Aontas in 2021 (€/MWh)

Nóta: In ionannas le meánphraghsanna bliantúla tomhaltais idir 2 500 KWh agus 4 999 KWh.

Foinse: An Coimisiún Eorpach.

06 Thairis sin, sa dara leath de 2021 agus sa chéad leath de 2022, shroich praghsanna leictreachais ar na margaí mórdhíola buaicphraghsanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar fud na hEorpa (tráth an iniúchta seo a thabhairt chun críche). Ba iad praghsanna arda na mbreoslaí iontaise ba chúis leis na buaicphraghsanna sin, agus ba mheasa fós iad mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, agus mar gheall ar thosca tánaisteacha éagsúla, amhail lamháltais astaíochtaí CO2 (féach Fíor 3). Na Ballstáit sin nach raibh ach drochnasc acu le gréasán leictreachais an Aontais agus na Ballstáit sin a bhí ag brath go mór ar ghás chun cumhacht a ghiniúint, bhí siad thar a bheith neamhchosanta ina leith seo.

Fíor 3 – Meánphraghsanna lá roimh ré bliantúla leictreachais, Deireadh Fómhair 2021 (€/MWh)

Nóta: Cé nach cuid den Aontas Eorpach iad, soláthraíonn an Iorua agus an Eilvéis sonraí d’Ardán Trédhearcachta ENTSO-E freisin.

Foinse: ACER – Faireachán ar na Margaí Mórdhíola Leictreachais in 2021.

Margaí mórdhíola leictreachais

07 Sna margaí mórdhíola, díolann lucht ginte leictreachais leictreachas le tomhaltóirí móra tionsclaíocha agus le soláthróirí leictreachais. Díolann na soláthróirí an leictreachas ansin le tomhaltóirí deiridh sna margaí miondíola. Ag brath ar an lá a seachadtar na trádálacha go fisiciúil, eagraítear na margaí mórdhíola leictreachais thart ar cheithre dheighleog (tráthchlár): margadh todhchaíochtaí, margadh lá roimh ré, margadh ionlae agus margadh cothromúcháin, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I.

08 I roinnt Ballstát, is ar mhalartáin chumhachta eagraithe a thrádáiltear an leictreachas den chuid is mó. Ar na malartáin sin, déantar an chuid is mó den leictreachas a thrádáil trí úsáid a bhaint as táirgí caighdeánacha sa tráthchlár lá roimh ré. Ar leibhéal an Aontais, áfach, déantar formhór na cumhachta a thrádáil lasmuigh de mhalartáin chumhachta eagraithe, ar a dtugtar trádáil ‘thar an gcuntar’ (OTC).

Creat rialála an Aontais

09 Tá an fhreagracht maidir le beartas fuinnimh an Aontais roinnte idir an tAontas agus a Bhallstáit3. Tá roinnt ionstraimí beartais éagsúla de chuid an Aontais ann, a ceapadh chun margaí leictreachais an Aontais a chomhtháthú. Áirítear orthu sin gnéithe den bheartas iomaíochta, ionstraimí chun gníomhaithe agus margaí sonracha a rialáil, agus bearta chun cistiú ón Aontas a chur ar fáil d’infheistíochtaí gréasáin. Is éard atá sa reachtaíocht uileghabhálach atá i bhfeidhm ná an Treoir maidir le Leictreachas agus an Rialachán maidir le Leictreachas, lena dtugtar, i dteannta a chéile, sraith prionsabal agus rialacha comhchoiteanna maidir le comhtháthú na margaí náisiúnta leictreachais, amhail comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe de na margaí mórdhíola a bhfuil impleachtaí trasteorann acu.

10 Thairis sin, thug reachtóir an Aontais an ceart don Choimisiún na rialacha a leagtar amach sa reachtaíocht a chur chun feidhme trí rialacháin cur chun feidhme ón gCoimisiún a ghlacadh (cóid ghréasáin agus/nó treoirlínte gréasáin). Leis na treoirlínte, ceanglaíodh freisin comhaontuithe ceangailteacha ar a dtugtar téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí (TCManna) a ghlacadh, idir na húdaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna), nó iad le formheas ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).

11 Sular cuireadh tús le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh in 1996, bhí na margaí fuinnimh náisiúnta faoi cheannas monaplachtaí den chuid is mó. Sa chéad chéim den chomhtháthú, osclaíodh na monaplachtaí sin de réir a chéile do bhreis iomaíochta. Bhí sé sin dírithe ar an gcéad phacáiste fuinnimh (1996) agus ar an dara pacáiste fuinnimh (2003), lenar athraíodh go cuimsitheach an creat lena rialaítear margaí fuinnimh an Aontais. I measc nithe eile, bhí sé mar aidhm ag na pacáistí sin saoirse a thabhairt isteach do thomhaltóirí leictreachas a cheannach ó aon soláthróir dá rogha féin faoin 1 Iúil 2007.

12 Tháinig an tríú pacáiste fuinnimh i bhfeidhm in 2009. Bhí bearta breise ann chun comhtháthú mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais a chur chun cinn agus bunaíodh leis ACER agus an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E). Cuireadh de chúram ar ACER freisin gníomhaíocht na ÚRNanna a chomhordú agus an bhearna rialála a líonadh ar leibhéal an Aontais nuair ba ghá4.

13 Déanann Rialachán 2011 maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh (REMIT)5 comhlánú ar an tríú pacáiste fuinnimh. Cumhdaítear leis saincheisteanna a bhaineann le sláine an mhargaidh, faisnéis ón taobh istigh agus drochúsáid mhargaidh, agus tugtar isteach bunús dlí chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh chun cúbláil mhargaidh a bhrath agus a dhíspreagadh. Tugann REMIT ról tábhachtach do ACER sa chúram sin.

14 Leis an gceathrú pacáiste fuinnimh (2019), dar teideal ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ (CEP), cuirtear tuilleadh leis an gcreat beartais fuinnimh atá ann cheana. Tugtar isteach leis rialacha nua chun iomaíocht a chothú i margaí an leictreachais miondíola, chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa mhargadh ar bhealach níos fearr, chun leormhaitheas acmhainní leictreachais a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus chun an t-éileamh a bhainistiú trí chomhiomlánú agus stóráil fuinnimh. Tugtar aghaidh ann freisin ar roinnt de na laigí a sainaithníodh sa tríú pacáiste fuinnimh, amhail bearnaí in inniúlachtaí ACER.

Beartas fuinnimh an Aontais: na dreamanna éagsúla agus na cúraimí atá orthu

15 Sa Choimisiún Eorpach, tá Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (AS ENER) freagrach as beartas fuinnimh na hEorpa a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de raon feidhme Airteagal 194 CFAE. Áirítear air sin oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú, slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú laistigh den Aontas, agus idirnascadh na ngréasán fuinnimh a chur chun cinn. Is é ról an Choimisiúin:

  1. doiciméid/straitéisí beartais agus bearta reachtacha a mholadh de réir mar is gá;
  2. an chomhlíontacht i dtaca le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, trína sheiceáil go bhfuil na pacáistí fuinnimh trasuite i gceart sa dlí náisiúnta agus á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag na Ballstáit;
  3. cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin a ghlacadh.

16 Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é ACER, a chuireann tabhairt i gcrích na margaí inmheánacha leictreachais agus gáis chun cinn agus a chomhordaíonn obair na ÚRNanna maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo6. Áirítear ar chúraimí ACER: (1) comhairle a chur ar an gCoimisiún, ar ENTSO-E agus ar na ÚRNanna maidir le dearadh an mhargaidh fuinnimh agus slándáil an tsoláthair, (2) mí-úsáid i dtrádáil táirgí mórdhíola fuinnimh a bhrath agus a chosc, agus (3) faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar, mar shampla, cóid ghréasáin / treoirlínte gréasáin a chur chun feidhme sna margaí leictreachais agus gáis. Tá cumhachtaí feidhmiúcháin ag ACER freisin chun cinntí a eisiúint i réimsí sonracha. Tá na cinntí sin ina gceangal go díreach ar na ÚRNanna nó ar na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil siad dírithe chucu. Tá comhlacht cinnteoireachta ACER, an Bord Rialálaithe, comhdhéanta d’ionadaithe ó ÚRNanna gach Ballstáit.

17 Is é an reachtóir náisiúnta a bhunaíonn na ÚRNanna agus ní mór dóibh a bheith neamhspleách go hiomlán ar na rialtais náisiúnta. I measc cúraimí eile, tá na ÚRNanna freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin an Aontais ar bhonn intíre. Tá cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag ÚRNanna laistigh dá ndlínse, is féidir leo imscrúduithe a dhéanamh, agus pionóis a fhorchur. Tá oibleagáid ghinearálta orthu freisin an margadh inmheánach leictreachais a chur chun cinn laistigh den Aontas.

18 Bainistíonn Oibreoirí Córais Tarchurtha (OCTanna), arb eintitis rialáilte náisiúnta iad, slándáil agus cobhsaíocht (margaí cothromúcháin) na gcóras cumhachta ardvoltais agus na n-idirnascairí ardvoltais ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal criosach, agus faigheann siad ioncam ó tharaifí gréasáin agus ó ioncam ó phlódú gréasáin. Oibríonn siad i gcomhar le chéile faoi chuimsiú ENTSO–E7, a chaithfidh gníomhú d’fhonn margadh inmheánach comhtháite leictreachais a bhunú. Ceanglaítear ar ENTSO-E forbairt agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte gréasáin, na n-ardán agus na n-uirlisí chun comhordú oibreoirí córais an Aontais a áirithiú faoi ghnáthdhálaí agus faoi dhálaí éigeandála araon.

19 Is eintitis náisiúnta iad na hOibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais (OAMLanna) atá ainmnithe ag ÚRNanna chun a áirithiú go bhfuil malartuithe cumhachta san Aontas idirnasctha agus go n-oibríonn siad i gceart le haghaidh na dtráthchlár lá roimh ré agus ionlae.

20 Is eintitis náisiúnta iad na hOibreoirí Córais Dáileacháin (OCDanna) atá freagrach as leictreachas a bhainistiú agus a dháileadh ar na tomhaltóirí deiridh. Tá ról na OCDanna ag leathnú chun barrfheabhsú ghiniúint agus thomhaltas áitiúil an leictreachais a chumhdach.

21 Tá róil eacnamaíocha agus cumhachtaí margaidh éagsúla ag na rannpháirtithe sa mhargadh agus bíonn siad san iomaíocht ar mhargaí mórdhíola nó miondíola leictreachais. Áirítear orthu sin táirgeoirí leictreachais, tomhaltóirí móra deiridh, soláthróirí leictreachais, soláthróirí seirbhísí coimhdeacha do OCTanna/OCDanna agus bróicéirí. Tomhaltóirí beaga deiridh, eadhon teaghlaigh agus tomhaltóirí eile a bhfuil tomhaltas fuinnimh níos lú ná 600 MWh in aghaidh na bliana acu, ceannaíonn siad leictreachas ó sholáthróirí leictreachais (cuideachtaí fóntais) ar na margaí miondíola.

Na forbairtí is déanaí

22 I mí Dheireadh Fómhair 2021,8 mhol an Coimisiún réimse beart chun freagairt do na praghsanna eisceachtúla arda gáis agus leictreachais san Aontas. Chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar an mbochtaineacht fuinnimh, mhol sé bearta lena n-áirítear uasteorainneacha ar phraghsanna agus sásraí don aistriú. Chun an tionchar atá ag costais arda fuinnimh ar earnáil na tionsclaíochta a mhaolú, mhol sé bearta amhail leasuithe ar na rialacha maidir leis an státchabhair. I mí an Mhárta 2022, de réir mar a tháinig meath breise ar an staid mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, mhol an Coimisiún plean gníomhaíochta9, lena n-áirítear roinnt beart chun spleáchas an Aontais ar ghás ón Rúis a laghdú sa mheántéarma. Tugadh míniú breise air sin i bPlean REPowerEU ón gCoimisiún a moladh i mí na Bealtaine 202210. D’fhoilsigh an Chúirt Iniúchóirí tuairim11 le déanaí maidir le leasuithe atá beartaithe chun REPowerEU a chur san áireamh i rialachán RRF.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

23 I dTuarascáil speisialta 16/2015 uainn thángamar ar an gconclúid nár baineadh amach cuspóir an Aontais ó thaobh an margadh inmheánach fuinnimh a chur i gcrích faoi 2014. Bhí an t-uafás le déanamh fós sula bhféadfaí a mheas go raibh an tríú pacáiste fuinnimh curtha chun feidhme ina iomláine12. Bhí sé sin ar cheann de na príomhchúiseanna ar bhreithníomar cibé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh cur chuige rialála an Choimisiúin agus formhaoirseacht ACER ó 2015 i leith le feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach leictreachais an Aontais. Thairis sin, ní dhearna Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh riamh ar REMIT, ná ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte gréasáin.

24 Cúis eile leis an iniúchadh seo is ea go bhfuil ról lárnach ag ACER maidir le hoibriú rianúil mhargadh leictreachais an Aontais a áirithiú trí na ÚRNanna a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Ní chuireann an creat dlíthiúil uirlisí forfheidhmiúcháin ar fáil don Ghníomhaireacht, agus mura dtacaíonn an Coimisiún go cuí léi ina cuid iarrachtaí cóineasúcháin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí in ann na spriocanna atá beartaithe aici a bhaint amach.

25 Is é is cuspóir dár dtuarascáil ná geallsealbhóirí a chur ar an eolas agus moltaí a sholáthar chun tacú le forbairt beartais agus le comhtháthú breise a dhéanamh sa mhargadh leictreachais.

26 Ba í an phríomhcheist iniúchóireachta ná ar chuir cur chuige rialála an Choimisiúin agus formhaoirseacht ACER le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Ba iad ACER agus an Coimisiún na príomh-iniúchaithe.

27 Díríodh san iniúchadh ar an méid seo a leanas:

  • an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú;
  • an úsáid a bhaineann an Coimisiún as cóid ghréasáin agus as treoirlínte gréasáin chun comhtháthú an mhargaidh leictreachais a áirithiú;
  • faireachán an Choimisiúin agus ACER ar chur chun feidhme na dtreoirlínte gréasáin le haghaidh na margaí leictreachais;
  • faireachas ACER ar dhrochúsáid mhargaidh agus ar thrédhearcacht (REMIT);
  • struchtúr rialaithe agus inniúlachtaí ACER.

28 Bhreathnaíomar ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun na margaí leictreachais a chomhtháthú, a bhain le margaí mórdhíola leictreachais den chuid is mó (toisc nach bhfuil aon mhórinniúlachtaí ag an gCoimisiún ná ag ACER sna margaí miondíola, agus toisc gur sna margaí mórdhíola den chuid is mó a dhéantar sreafaí trasteorann a thrádáil). Bhreathnaíomar go háirithe ar ghníomhaíocht ACER maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtrí phríomh-threoirlíne maidir le margadh an leictreachais: an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (CACM)13; an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta fadtréimhsí (FCA)14; agus an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (EB)15, chomh maith le cur chun feidhme Rialachán REMIT.

29 Díorthaíodh critéir na hiniúchóireachta ón reachtaíocht is infheidhme, ó dhoiciméid phleanála ACER, ó dhea-chleachtais idirnáisiúnta, lena n-áirítear dea-chleachtais eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh In-athnuaite (IRENA), agus ó mheastóireachtaí agus staidéir a bhí ar fáil. Mínítear tuilleadh faisnéise faoi na critéir a úsáidtear ag tús gach roinne.

30 Bailíodh fianaise iniúchóireachta ar bhonn na nithe seo a leanas:

  • athbhreithnithe agus anailísí ar dhoiciméid ábhartha uile an Choimisiúin agus tuairisciú oibríochtúil ACER, treoirlínte inmheánacha, doiciméadacht cuntasachta bainistíochta, agus doiciméid ábhartha eile;
  • athbhreithnithe ar thuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta (an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh In-athnuaite, ECFE), taighde acadúil agus staidéir atá ar fáil chun teacht ar shamplaí den dea-chleachtas;
  • ceistneoirí, agallaimh agus cruinnithe le daoine den fhoireann agus le saineolaí seachtrach ag a bhfuil saineolas ábhartha in earnáil an leictreachais, a roghnaíodh trí nós imeachta soláthair phoiblí.

31 Cuimsíodh an tréimhse ó lár 2015 go dtí deireadh 2021 inár n-iniúchadh. Dá bhrí sin, bhí gach beart a rinneadh ina dhiaidh sin chun éifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú lasmuigh de scóip na hiniúchóireachta.

32 Díríodh ar an tríú pacáiste fuinnimh inár n-iniúchadh. Níor chuimsíomar spriocanna fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, margaí miondíola ná córais dáileacháin fuinnimh do na tomhaltóirí deiridh, ná gníomhaíochtaí sainordaithe ACER faoi Rialachán TEN-E.

Barúlacha

Dul chun cinn mall le comhtháthú na margaí leictreachais i gcomparáid leis na pleananna uaillmhianacha a bhí ann ar dtús

33 Is é is aidhm do chomhtháthú na margaí leictreachais ná roghanna a chur ar fáil do thomhaltóirí uile an Aontais, deiseanna nua gnó a chur ar fáil, agus bacainní ar thrádáil trasteorann a dhíchur, ionas go dtabharfar i gcrích gnóthachain éifeachtúlachta, praghsanna iomaíocha agus caighdeáin seirbhíse níos airde chun go gcuirfear le cinnteacht an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht. Bhí an margadh inmheánach leictreachais le cur i gcrích faoi 201416. Is iad na hionstraimí dlí a d’úsáid an tAontas chun bacainní ar thrádáil trasteorann a dhíchur ná an Rialachán agus an Treoir maidir le Leictreachas, chomh maith leis an reachtaíocht thánaisteach (féach míreanna 09 go 14).

34 Sa roinn seo, d’úsáideamar na cuspóirí reachtacha seo a leanas mar chritéir iniúchóireachta (féach thuas):

  • Comhtháthú margaidh a chothú trí mhargadh-chúpláil ar fud an Aontais (i.e. malartáin chumhachta a idirnascadh sna Ballstáit);
  • A áirithiú go bhfuil acmhainneacht ar fáil ó na hidirnascairí le haghaidh trádála i gcónaí.

Ba cheart go n-éascófaí leis an dá cheann díobh sin cóineasú praghsanna i margaí mórdhíola leictreachais an Aontais.

35 Chuir reachtóirí an Aontais de chúram ar an gCoimisiún cóid ghréasáin a ghlacadh chun na rialacha teicniúla a chomhchuibhiú le haghaidh bhainistiú chúpláil na margaí gearrthéarmacha eagraithe (margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromaithe). Meastar, leis an margadh-chúpláil, go gcuirtear dlús le comhtháthú na margaí leictreachais gearrthéarmacha. Fágann sé gur féidir margadh-phraghsanna agus méideanna leictreachais arna dtrádáil a ríomh bunaithe ar sholáthar leictreachais uile-Aontais agus ar acmhainneacht tarchurtha trasteorann. Ina theannta sin, b’éigean córas a bhunú chun an acmhainneacht tarchurtha trasteorann a bheidh ann amach anseo a leithdháileadh chun borradh a chur faoi na margaí todhchaíochtaí leictreachais. Bhí OCTanna agus OAMLanna freagrach as an gcóras sin a chur chun feidhme trí thionscadail theicniúla éagsúla faoi mhaoirseacht na ÚRNanna agus faoi chomhordú ACER.

36 Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na OCTanna na hacmhainneachtaí tarchurtha ar fáil agus go n-infheisteoidh siad in idirnascairí i gcomhréir le cuspóirí chomhtháthú na margaí leictreachais ag an Aontas.

Níl an dlús le comhtháthú margaidh trí mhargadh-chúpláil iomlán tugtha i gcrích go fóill

37 Tá dul chun cinn tábhachtach ach mall déanta le fiche bliain anuas, trí na tionscnaimh éagsúla chun malartáin chumhachta na hEorpa a chúpláil (féach Iarscríbhinn II). Níor baineadh amach, faoi dheireadh 2021, sprioc na Comhairle Eorpaí bailchríoch a chur ar chomhtháthú na margaí fuinnimh faoi 2014. In 2015, d’athdhearbhaigh an Coimisiún gur cuspóir lárnach é bailchríoch a chur ar an margadh inmheánach fuinnimh, agus chuir sé san áireamh é i bPlean Straitéiseach 2016-2020 AS ENER. Mar sin féin, níor liostaíodh margadh-chúpláil mar chuspóir go dtí gur foilsíodh Plean Straitéiseach 2020-2024 AS ENER, i.e. cuireadh moill cúig bliana air. Ghlac an Coimisiún na trí threoirlíne ghréasáin ábhartha cheana féin idir 2015 agus 2017 (féach Iarscríbhinn III), ach faoi dheireadh 2021, de réir na faisnéise ó ACER, ní raibh aon cheann de na treoirlínte curtha chun feidhme go hiomlán san Aontas.

38 Bhí an dul chun cinn míchothrom ar fud na margaí mar a léiríodh leis na difríochtaí i dtaobh a éifeachtúla a úsáideadh idirnascairí sna trí dheighleog mhargaidh a bhí le cúpláil (féach Fíor 4). Thairis sin, tá tairbhí sóisialta ar a laghad €1 bhilliún17 in aghaidh na bliana go dtí seo tugtha i gcrích ag cúpláil margaí gearrthéarmacha, i gcomparáid leis na gnóthachain iomlána atá tagtha chun cinn le comhtháthú na margaí leictreachais leis na deacáidí, a bhfuil a luach sin measta ag ACER a bheith ag thart ar €34 bhilliún in aghaidh na bliana (le haghaidh 2021). Bhí an meastachán sin, áfach, bunaithe ar chás nár chuir aon trádáil trasteorann san áireamh18. Tá scóip shuntasach ann i gcónaí na margaí leictreachais a chomhtháthú tuilleadh idir réigiúin san Eoraip.

Fíor 4 – Úsáid éifeachtúil idirnascairí san Aontas sna tráthchláir éagsúla in 2020

Nóta: sainmhínítear an táscaire mar chéatadán d’úsáid na hacmhainneachta tráchtála atá ar fáil sa ‘treo ceart eacnamaíoch’, i.e. chun leictreachas a iompar ó chriosanna tairisceana ísealphraghais go criosanna tairisceana ardphraghais.

Foinse: ACER: Tuarascáil faireacháin margaidh 2020, lch 12.

39 Bhí an cur chun feidhme míchothrom i measc na dtíortha freisin. I margaí lá roimh ré, baineadh amach formhór na dtairbhí eacnamaíocha (thart ar €1 bhilliún in aghaidh na bliana) de thoradh cúpláil dheonach 19 malartán cumhachta iartharacha a chumhdaíonn iarthuaisceart na hEorpa (thart ar thrí cheathrú de mhéid leictreachais an Aontais a thrádáiltear ar na malartáin chumhachta) roimh 2015. De thoradh threoirlíne CACM, is éard a bhí sa dul chun cinn laistigh de na seacht dtír eile ná sraith cúplálacha déthaobhacha, a tharla i gcaitheamh thréimhse 2015-2022. In 2022, bhí gach malartán cumhachta cúpláilte leis an gcreat ama sin. Chuir treoirlíne CACM le tuilleadh cúplálacha ar na margaí ionlae. In ainneoin iarrachtaí ACER, áfach, faoi dheireadh 2021, ní raibh na cúplálacha curtha i gcrích, cé go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún go mbeidís curtha i gcrích faoi 2018. Leag AS ENER sprioc-am nua síos ina Phlean Straitéiseach 2020-2024, is é sin 2024, gan aon mhíniú a thabhairt ar na moilleanna.

40 Tá comhtháthú na margaí cothromúcháin níos laige ná mar atá amhlaidh i gcás na margaí gearrthéarmacha eile. Bhí thart ar dheich TCM ann a bhí ag teastáil, de réir na dtreoirlínte gréasáin, chun margaí cothromúcháin a idirnascadh, agus ní raibh siad sin glactha faoi dheireadh 2021. Thairis sin, faoi dheireadh 2021, ní raibh ach péire de na ceithre ardán trádála trasteorann spriocdhírithe a bhí ag teastáil, de réir na gcód gréasáin, ag feidhmiú. Tá na margaí sin tábhachtach chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú, ionas nach dtarlaíonn lándorchuithe ar fud an Aontais, agus chun foinsí fuinnimh in-athnuaite athraitheacha a chomhtháthú sna margaí (féach Iarscríbhinn I).

41 margaí todhchaíochtaí tábhachtach toisc go dtugann siad an deis do ghineadóirí agus do thomhaltóirí araon an baol géarluaineachtaí praghsanna a fhálú agus an fhéidearthacht a bheith acu ionchas infheistíochta níos cobhsaí a bheith ag gineadóirí. Ghlac an Coimisiún treoirlínte gréasáin nach raibh beartaithe chun na margaí sin a idirnascadh, ach ina ionad sin a bhí beartaithe chun úsáid éifeachtúil na hacmhainneachta idirnaisc trasteorann le haghaidh trádálacha amach anseo a chothú, trí ardán uile-Aontais le haghaidh cearta tarchurtha a chur ar ceant. Bhí an dul chun cinn páirteach agus míchothrom ar fud an Aontais: níor eisigh OCTanna cearta den sórt sin ag gach teorainn laistigh den Aontas19. In 2022, thuairiscigh ACER freisin gur chuir leachtacht íseal na margaí todhchaíochtaí teorainn leis na deiseanna ó thaobh an luaineacht praghsanna reatha a fhálú20 agus d’admhaigh sé go raibh laigí i ndearadh an mhargaidh sin21.

42 In ainneoin an dul chun cinn atá déanta sna tionscnaimh maidir le cúpláil sa mhargadh lá roimh ré, níor baineadh amach cóineasú iomlán praghsanna trasteorann (féach Fíor 5). Thairis sin, tá méadú mór tagtha ar leibhéal na ndifríochtaí i bpraghsanna leictreachais idir tíortha ón dara leath de 2021, i ngeall ar an ngéarchéim praghsanna fuinnimh dhomhanda agus i ngeall ar an gcogadh san Úcráin. Ceann de na príomhchúiseanna atá leis sin is ea an acmhainneacht tarchurtha trasteorann theoranta. Is léiriú í an trádáil mharbhánta trasteorann sa leictreachas sa tréimhse i ndiaidh 2015 ar an easpa cóineasú praghsanna agus ar an bhfíric gur tugadh i gcrích formhór chúpláil na margaí lá roimh ré sular glacadh treoirlíne CACM in 2015 (féach mír 39 agus Iarscríbhinn II).

Fíor 5 – Meánphraghsanna bliantúla ar mhargaí leictreachais lá roimh ré (€/Mwh) agus méideanna na trádála trasteorann leictreachais san Aontas (TWh)

Nóta: Níl praghsanna leictreachais roimh 2015 ar fáil. Ní raibh méideanna trádála 2021 ar fáil nuair a bhí an tuarascáil seo á dréachtú.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ó Ardán Trédhearcachta (ENTSO-E), Eurostat.

Níor tháinig méadú ar an acmhainneacht a bhí ar fáil sna hidirnascairí d’ainneoin chur chun feidhme na dtreoirlínte gréasáin agus d’ainneoin iarrachtaí ACER

43 Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na OCTanna acmhainneacht uasta na n-idirnascairí a chur ar fáil don mhargadh22, ós rud é gur réamhchoinníoll é sin chun margaí leictreachais an Aontais a chomhtháthú tuilleadh agus chun praghsanna a chóineasú. Fiú má dhéantar margaí a chúpláil, b’fhéidir nach ndéanfaí cóineasú praghsanna a bhaint amach má bhíonn srianta ar an trádáil trasteorann de bharr plódú ar leibhéal na n-eangach leictreachais. Is féidir an acmhainneacht atá ar fáil a fheabhsú agus plódú a mhaolú tríd an méid seo a leanas:

  • comhordú níos fearr a dhéanamh ar ríomh a hacmhainneachta idirnasctha arna dhéanamh ag OCTanna comharsanacha a mbeidh laghdú ar an bplódú gréasáin mar thoradh air;
  • infheistíochtaí in idirnascairí, a mbeidh acmhainneacht idirnaisc shuiteáilte níos mó mar thoradh orthu.

44 In ainneoin chur chun feidhme na dtreoirlínte gréasáin, ní dhearnadh aon dul chun cinn suntasach maidir le leibhéal na n-acmhainneachtaí atá ar fáil: léirigh ACER go raibh roinnt réigiún ann in 2020 ar bhocht a gcomhlíontacht i dtaca leis an sprioc a bhí ag reachtóir an Aontais ó thaobh 70 % ar a laghad den acmhainneacht idirnaisc shuiteáilte i ngach Ballstát a chur ar fáil le haghaidh trádáil trasteorann faoi 2025 ar a dhéanaí (féach Tábla 1). Léiríodh staid den chineál céanna in 201623.

Tábla 1 – Feidhmíocht réigiúnach i ndáil leis an acmhainneacht thraschriosach a bhí ar fáil in 2020

Réigiún ríofa acmhainneachta Céatadán den am ar comhlíonadh an sprioc 70 %
Croílár 12 %
An Iodáil Thuaidh 48 %
SEE 8 %
SWE 51 %

Nóta: Leis an Rialachán athmhúnlaithe, tugadh isteach oibleagáid ar gach OCT 70 % ar a laghad dá n-acmhainneacht tarchurtha traschriosach a chur ar fáil don mhargadh, agus é sin le comhlíonadh faoi dheireadh 2025 ar a dhéanaí. Na réigiúin atá liostaithe: Croílár (an Ostair, an Bheilg, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ghearmáin/Lucsamburg, i.e. CWE, agus an Chróit, an tSeicia, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, i.e. CEE), an Iodáil Thuaidh (an Ostair, an Iodáil Thuaidh, an Fhrainc agus an tSlóivéin), SEE (an Bhulgáir, an Ghréig agus an Rómáin), SWE (an Fhrainc, an Phortaingéil agus an Spáinn).

Foinse: ACER: Tuarascáil faireacháin margaidh 2020, lch 49.

45 Is é is cúis leis sin go páirteach ná an forás atá tagtha ar fhoinsí in-athnuaite athraitheacha fuinnimh, rud nach raibh ina chuspóir straitéiseach de chuid chomhtháthú an mhargaidh leictreachais, agus a d’fhéadfadh plódú a chur le heangacha intíre agus le hidirnascairí, méadú a chur ar na costais ar an mbainistiú ar phlódú, agus an acmhainneacht tarchurtha atá ar fáil le haghaidh trádáil trasteorann a laghdú. Léirítear le sonraí Ardán Trédhearcachta ENTSO-E gur tháinig méadú thart ar 25 %, ó €999 milliún go €1.27 billiún, ar chostais OCTanna idir 2015 agus 2017 maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun plódú gréasáin a réiteach. Mar shampla, sa Ghearmáin, an cúiteamh a d’íoc OCTanna le táirgeoirí fuinnimh in-athnuaite, de bharr ar a dtáirgeacht a chiorrú (i.e. bhí sé d’oibleagáid ar na táirgeoirí níos lú a tháirgeadh), b’ionann é agus beagnach leath na gcostas iomlán24.

46 In 2002, shocraigh an Chomhairle Eorpach sprioc de 10 % den idirnascadh leictreachais mar sciar d’acmhainneacht ghiniúna gach Ballstáit, ar sprioc í a bhí le baint amach faoi 2005. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta go dtí 2020, agus socraíodh sprioc nua de 15 % le haghaidh 203025. In ainneoin bearta ar leibhéal an Aontais, ní léirítear sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ón gCoimisiún go bhfuil aon dul chun cinn suntasach déanta ag na Ballstáit: bhí acmhainneacht idirnaisc ainmniúil ag 11 Bhallstát faoi bhun an spriocleibhéil in 2011; faoi 2019 ní raibh feabhas tagtha ar an staid sin.

Tá an treo do na rialacha comhchuibhithe maidir le trádáil trasteorann leagtha síos, ach tá laigí sa chreat beartais

47 Ní féidir margadh aonair leictreachais agus comhtháthú iomlán an mhargaidh a bheith ann ach amháin le creat comhchuibhithe de rialacha trádála trasteorann26. Bhunaigh comhreachtóirí an Aontais an creat sin trí ionstraimí dlíthiúla éagsúla (féach míreanna 09 go 14). Is éard atá i gcóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin an Choimisiúin ná rialacháin de chuid an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo rialacha comhchoiteanna an mhargaidh, oibriú na n-eangach leictreachais agus na rialacha nasctha a shonrú. Ní mór do rialacháin an Aontais a bheith ina gceangal go huile agus go hiomlán agus iad a bheith infheidhme go díreach i ngach Ballstát27. Sa roinn seo, déanfaimid measúnú ar na huirlisí rialála a roghnaíodh chun comhtháthú breise sa mhargadh leictreachais a chumasú.

48 Bhaineamar úsáid as na ceanglais ó bhunúis dlí ábhartha an Aontais (na Conarthaí, an Rialachán agus an Treoir maidir le Leictreachas, ocht gcinn de chóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin) agus as bosca ‘uirlisí um rialáil níos fearr’ an Choimisiúin mar chritéir iniúchóireachta. Bhaineamar leas freisin as dea-chleachtais ECFE maidir le measúnuithe tionchair rialála chun measúnú a dhéanamh ar obair an Choimisiúin maidir leis an meastóireacht ex ante ar roghanna beartais chun margaí leictreachais a chomhtháthú trí chóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin. Ba cheart d’údaráis phoiblí measúnuithe tionchair a chomhtháthú sna luathchéimeanna den phróiseas beartais chun tograí rialála nua a cheapadh, ar féidir leo cabhrú le comhleanúnachas beartais a chur chun cinn trí na comhbhabhtálacha a bhaineann go dlúth le tograí rialála a dhéanamh28.

49 I rith thréimhse 2015-2017, ghlac an Coimisiún ceithre chód gréasáin agus ceithre threoirlíne. Bhí an raon feidhme ba mhó ag gabháil le trí cinn de na treoirlínte sin toisc gur bhain siad le margaí leictreachais agus tarchurtha ar fud an Aontais trasna gach tráthchlár (féach Iarscríbhinn III).

Bhí an brath ar TCManna ina chúis le castacht agus moill i gcomhchuibhiú na rialacha trádála trasteorann

50 Leis an Rialachán maidir le Leictreachas, ceanglaíodh ar an gCoimisiún cóid ghréasáin a ghlacadh chun rialacha trádála trasteorann i réimse an leictreachais a chomhchuibhiú. D’fhonn na cóid ghréasáin a ghlacadh, chuaigh ENTSO-E, an Coimisiún agus ACER i mbun próisis chasta dréachtaithe agus chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara le linn thréimhse 2009-2017 (féach Fíor 6), ach ina ainneoin sin, níor pléadh na mionsonraí teicniúla go léir. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, treoirlínte a ghlacadh (in ionad cóid ghréasáin) lenar ghá sonraíochtaí breise do na mionsonraí teicniúla a dhéanamh trí TCManna seachas trí chóid ghréasáin le haghaidh rialacha an mhargaidh uile, agus chinn sé glacadh cinntí ina dhiaidh sin maidir le TCManna éagsúla a tharmligean chuig ÚRNanna nó chuig ACER.

Fíor 6 – An próiseas agus an amlíne chun Cóid Ghréasáin agus Treoirlínte Gréasáin a ghlacadh

Foinse: CIE.

51 Dá thoradh sin, d’éirigh an creat rialála do rialacha an mhargaidh níos casta, agus níorbh fhéidir treoirlínte an Choimisiúin a chur i bhfeidhm go hiomlán agus láithreach, cé nach raibh aon teorainn ama ann faoin am a thiocfadh na treoirlínte i bhfeidhm go hiomlán. Chiallaigh sé sin gur aistríodh leis na treoirlínte cuid mhór d’fhorbairt na rialacha go céim níos déanaí, rud a d’fhág go raibh níos mó solúbthachta ann ar lámh amháin, ach gur moillíodh nó go ndearnadh níos casta cur chun feidhme na dtreoirlínte agus comhtháthú foriomlán na margaí ar an lámh eile. Thairis sin, cé gur shoiléirigh TCManna na treoirlínte, níor bhain siad tairbhe as na caighdeáin chéanna san obair ullmhúcháin, toisc nach raibh measúnuithe tionchair ex ante ag gabháil leo.

52 Bhí na próisis formheasa le haghaidh TCManna casta, fada agus fadálach, agus cruthaíodh ualach riaracháin iomarcach dá mbarr. Fuaireamar amach gur fhormheas ACER agus ÚRNanna 161 TCM do na ceithre threoirlíne i gcaitheamh thréimhse 2016-2021; ÚRNanna a d’fhormheas a mbunáite sin. I gcás TCManna áirithe, ba ghá leasuithe a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna a bhí ann i gcás an fhormheasa tosaigh (35 leasú ar an iomlán). Maidir le cuid de na leasuithe, ceanglaíodh freisin go nglacfadh ÚRNanna caighdeáin oibríochtúla ar an leibhéal náisiúnta. Thairis sin, d’fhéadfadh an t-athbhreithniú atá ar na bacáin ar threoirlíne CACM rabharta nua leasuithe TCM a thosú29.

53 Cuireadh tús le glacadh TCManna in 2016, agus ag deireadh 2021 fuaireamar amach go raibh 11 TCM fós le formheas. D’ainneoin fhaireachán rialta ACER ar na moilleanna agus iad a bheith á dtuairisciú go córasach don Choimisiún, níor chomhlíon OCTanna agus ÚRNanna na sprioc-amanna a leagadh síos sna treoirlínte maidir lena lán de na TCManna a ghlacadh.

54 I measc cúiseanna eile, tharla glacadh fadálach TCManna mar gheall ar na nithe seo a leanas:

  • easaontais i measc na ÚRNanna i mBallstáit éagsúla a bhfuil a leasanna náisiúnta á saothrú acu nó easaontais idir ÚRNanna agus OCTanna, agus iad sin níos measa fós mar thoradh ar an bpróiseas neamhéifeachtúil cinnteoireachta a leagtar amach sna treoirlínte. Ghníomhaigh an Coimisiún i leith cuid de na neamhéifeachtúlachtaí, ach tharla na hathruithe reachtacha ar threoirlínte gréasáin go déanach (in 2019 nó in 2021), nó níor tionscnaíodh go fóill iad;
  • éifeacht chascáideach na moilleanna. De bharr idirthuilleamaíochtaí idir TCManna, cuireadh moill ar ghlacadh TCManna ina dhiaidh sin mar gheall ar roinnt moilleanna in aon TCM amháin: e.g. de bharr moill ar ghlacadh an TCM maidir le réigiúin ríofa acmhainneachta, cuireadh siar glacadh an togra le haghaidh TCM maidir le ríomh comhordaithe acmhainneachta.

55 I gcás nach raibh na ÚRNanna in ann teacht ar chomhaontú, arna iarraidh sin dóibh go comhpháirteach nó i gcás TCManna ar fud an Aontais (ó 2019 ar aghaidh), ní mór do ACER cinneadh a ghlacadh maidir leis an togra TCM a tíolacadh laistigh de shé mhí30. Ghlac ACER na cinntí in am de ghnáth. D’ainneoin go raibh ar ACER cinntí a dhéanamh maidir le líon méadaitheach TCManna, níor fhoilsigh ACER ach dhá chinneadh – a raibh moill dhá mhí ag gabháil leo – as an 50 cinneadh a glacadh le linn thréimhse iomlán 2016-2021.

56 Rinneadh agóid i gcoinne líon réasúnta ard cinntí a rinne ACER maidir le TCManna trí achomhairc chuig an mBord Achomhairc. Bhain go leor de na caingne dlíthiúla leis an easpa soiléireachta ó thaobh na nósanna imeachta, na gcritéar agus na n-inniúlachtaí a cuireadh ar fáil sna treoirlínte.

Baineadh an bonn den chreat beartais de bharr bearnaí i measúnú tionchair an Choimisiúin ar na rialacháin cur chun feidhme

57 Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus dhréachtaigh sé measúnuithe tionchair sular glacadh na treoirlínte gréasáin, mar a cheanglaítear le rialacha inmheánacha31. Mar sin féin, d’fhoilsigh an Coimisiún na measúnuithe tionchair i dtreo dheireadh an phróisis comhairliúcháin, rud a bhain an bonn dá n-úsáideacht. Thairis sin, ní dhearna an Bord um Measúnú Tionchair sa Choimisiún seiceáil ar cháilíocht an mheasúnaithe tionchair a rinneadh ar threoirlínte CACM agus FCA. Ina theannta sin, níor tugadh aghaidh sna doiciméid ar ghnéithe lárnacha áirithe den chur chun feidhme agus den rialachas. Mar shampla, ní dhearnadh aon mheasúnú ar an ualach cur chun feidhme ná ar na costais a bhí ar ghníomhaithe ábhartha, agus ní dhearnadh aon phlé ar impleachtaí rogha na n-uirlisí rialála (e.g. TCManna) ó thaobh chur chun feidhme na dtreoirlínte agus ó thaobh an fhaireacháin a dhéantar orthu ina dhiaidh sin.

58 Fuaireamar amach freisin gur liostaigh na measúnuithe tionchair táscairí faireacháin áirithe le haghaidh fhorthorthaí na dtreoirlínte ach nár sainíodh go soiléir iad agus nach raibh spriocanna leagtha síos acu (chun tionchair ex post na reachtaíochta ar na margaí agus ar leas sóisialta a thomhas). D’fhéadfadh sé sin an faireachán ar na rialacha a lagú, rud a d’fhág nár leor an treoir ó ACER maidir leis an gcineál sin faireacháin. D’fhorbair ACER táscairí den sórt sin de réir a chéile (féach mír 80). Luaigh an Coimisiún táscairí áirithe nach ndearna ACER faireachán orthu (e.g. éabhlóid praghsanna seirbhísí ionlae agus cothromúcháin). Níor luaigh an Coimisiún príomhtháscairí áirithe le haghaidh faireachán feidhmíochta, mar shampla, táscairí maidir le feidhmíocht algartam arna n-úsáid ag OAMLanna chun malartáin leictreachais a chúpláil, a áiríodh níos déanaí in TCManna.

59 Gné lárnach eile nach ndearnadh anailís iomlán uirthi sa mheasúnú tionchair ar threoirlínte CACM agus FCA ba ea na modhanna praghsála arna roghnú don fhuinneamh a thrádáiltear ar mhalartáin chumhachta chúpláilte agus ar chriosanna tairisceana. Ní dhearnadh anailís ná plé ar na modhanna atá forordaithe (e.g. diúltú do bhlocorduithe32), toisc gur chinn ACER na mionsonraí teicniúla lárnacha trí TCManna ag céim níos déanaí. Mar sin féin, ní thacaíonn measúnuithe tionchair le TCManna.

60 Léiríonn an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair an easpa ullmhachta ó thaobh na rialacha le haghaidh modhanna praghsála i ngéarchéimeanna ina bhféadfadh brabúis iomarcacha a bheith mar thoradh ar an modh sin (féach Bosca 1). Ceann de na bearta géarchéime a mhol an Coimisiún chun saobhadh den sórt sin a cheartú is ea cáin a ghearradh ar bhrabúis amhantair ach ní dhearna an Coimisiún staidéar ar a n-éifeachtaí ar an iomaíocht laistigh de mhargaí inmheánacha fuinnimh an Aontais33.

61 Comhchuid amháin nach ndearnadh anailís uirthi i measúnuithe tionchair an Choimisiúin lena bhféadfaí na margaí leictreachais a fheidhmiú ar bhealach níos fearr is ea solúbthacht an éilimh leictreachais mar fhreagairt ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola. D’fhéadfaí é sin a fháil trí úsáid a bhaint as uirlisí éagsúla amhail comhiomlánú an éilimh, stóráil fuinnimh, ciorrú éilimh a n-íoctar luach saothair ina leith agus comhordú idir OCDanna agus OCTanna. I staidéar a rinne an Coimisiún le déanaí,34 leagadh béim ar na dúshláin a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh mórdhíola a mhéid a bhaineann le solúbthacht éileamh na dtomhaltóirí beaga. Samplaí de na dúshláin sin is ea creat doiléir le haghaidh comhiomlánú sonraí, agus aistrithe sonraí idir oibreoirí eangaí agus oibreoirí margaidh. De réir meastacháin stuama ar na tairbhí sóisialta a éiríonn as solúbthacht éilimh, tá siad sin idir €3 bhilliún agus €5 bhilliún in aghaidh na bliana35.

Bosca 1

Bearnaí i measúnú tionchair an Choimisiúin ar an riail maidir le praghsáil imeallchostais

Le hAirteagal 38 de threoirlíne CACM, glacadh cleachtas an mhargaidh Eorpaigh a deir nach mór cúpláil na malartán cumhachta sna tráthchláir lá roimh ré a bhunú ar riail na praghsála imeallchostais. Luaitear sa riail sin nach mór an praghas céanna a bheith ar na tairiscintí uile a nglactar leo ó sholáthróirí in aghaidh an chreasa tairisceana agus an aonaid ama, agus nach mór luach saothair a íoc ina leith leis an tairiscint is airde lena n-imréitítear an margadh in ord fiúntais (an modh ‘íoc-mar-imréitithe’). Go ginearálta, socraítear an praghas imréitigh sin le stáisiúin chumhachta atá bunaithe ar bhreosla iontaise (i.e. gual, ola nó gás). Tá sé i gceist leis an modh sin a áirithiú go ndéanfaidh gineadóirí glasa brabús, agus toradh ar infheistíocht dá bhrí sin, agus go méadófar an soláthar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus go maolófar praghsanna (féach an graf).

Foinse: CIE, bunaithe ar Next Kraftwerke GmbH.

In 2014, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ex ante ar an treoirlíne a bhí beartaithe. Níor áiríodh sa mheasúnú sin aon anailís ar impleachtaí an mhodha reatha cúplála praghsanna ná aon roghanna malartacha air, go háirithe maidir le géarchéimeanna ina dtarlaíonn suaitheadh sna margaí ionchuir (e.g. praghsanna gáis). Sa dara leath de 2021, tugadh faoi deara gur tháinig méadú mór ar phraghsanna mórdhíola leictreachais i margaí uile an Aontais, toisc go raibh praghsanna gáis níos airde ná mar a bhí riamh: tháinig méadú 200 % ar na meánphraghsanna leictreachais lá roimh ré idir Aibreán agus Deireadh Fómhair 2021 agus tháinig méadú 400 % ar na praghsanna gáis36.

I bhfad na haimsire, in aon chás féideartha a bhí measta ag ENTSO-E nó ag an gCoimisiún a d’fhéadfadh titim amach, níor tuaradh go dtarlóidh ardú praghsanna leictreachais den sórt sin. Mar thoradh ar fhás mall an tsoláthair dhícharbónaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh spleáchas fadtéarmach ann ar luaineacht na gcostas giniúna iontaise-bhunaithe ó thaobh phraghsanna leictreachais an Aontais. Leis an luaineacht praghsanna, b’fhéidir nach dtabharfaí na comharthaí praghais fadtéarmacha atá de dhíth chun go ndéanfar infheistíocht sa ghiniúint: tá cinnteacht ó thaobh ioncam fadtéarmach de dhíth ar tháirgeadh dianchaipitiúil ó fhoinsí in-athnuaite, chun costais, ar costais sheasta iad den chuid is mó, a ghnóthú. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go bhféadfadh sé gur gá forbairt a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh37.

Ní raibh aon mhíniú ann ar an gcaoi a n-áiritheofaí leis an modh praghsála luach saothair margadh-bhunaithe leordhóthanach le haghaidh infheistíocht in acmhainní fuinnimh ísealcharbóin. Le deich mbliana anuas, léiríodh le scéimeanna státchabhrach atá ag dul i méid chun tacú le hinfheistíocht in acmhainneachtaí leictreachais glasa38 nach raibh praghsanna margaidh ag áirithiú luach saothair margadh-bhunaithe leordhóthanach as ucht infheistíochtaí den sórt sin.

I gcásanna ina dtarlaíonn arduithe praghsanna gan choinne, d’fhéadfaí, leis an modh praghsála, brabúis arda gan choinne a ghiniúint do ghineadóirí a oibríonn i bhfad faoi bhun na gcostas táirgthe (e.g. foinsí in-athnuaite), go háirithe agus tairbhe á baint acu as státchabhair náisiúnta don fhuinneamh glas. Mar thoradh ar ghéarchéim 2021-2022, rinne Ballstáit áirithe bearta chun cáin a ghearradh ar bhrabúis amhantair na dtáirgeoirí leictreachais, rud a d’fhéadfadh saobhadh nua a thabhairt isteach i gcomhtháthú na margaí leictreachais.

Níl an faireachán agus an tuairisciú ar chomhtháthú an mhargaidh ar leibhéal an Aontais ina chuidiú chun fadhbanna a bhrath go tráthúil

62 I bhfianaise na solúbthachta a cheadaítear, agus a chasta atá sé na treoirlínte gréasáin a chur chun feidhme (mar a mhínítear sa roinn roimhe seo), is modh lárnach rialaithe é faireachán leanúnach agus córasach arna dhéanamh ag ACER agus ag an gCoimisiún, chun cur chun feidhme comhleanúnach agus aonchineálach a áirithiú ar fud na mBallstát agus chun saincheisteanna cur chun feidhme a bhrath go tráthúil. Tá inniúlachtaí dlíthiúla ag an gCoimisiún agus ag ACER araon maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, agus ar na héifeachtaí eacnamaíocha a bhaineann leo. Bhaineamar úsáid as an mbunús dlí agus as caighdeáin ECFE chun measúnú a dhéanamh ar chreat faireacháin agus tuairiscithe an Choimisiúin agus ACER (féach Bosca 2).

Bosca 2

Caighdeáin ECFE maidir le comhlíontacht éifeachtach a chur chun cinn

Ba cheart go mbeadh faireachán na n-údarás poiblí ar an gcomhlíontacht, agus forfheidhmiú rialála níos fearr mar thoradh air, intuartha trí straitéis dhea-fhoirmithe lena soláthraítear na dreasachtaí cearta le haghaidh eintitis rialáilte. Ba cheart minicíocht an fhaireacháin agus na n-acmhainní arna gcur in úsáid a bheith comhréireach leis an leibhéal riosca. De chionn thorthaí an fhaireacháin, ba cheart easnaimh i gceapadh na rialacha a aithint agus bearta ceartaitheacha (e.g. cinntí, moltaí ó ACER) a ghlacadh go tráthúil39.

Ba cheart d’údaráis phoiblí tuarascálacha a fhoilsiú go rialta maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmíocht an bheartais rialála chun feabhas a chur ar thorthaí na rialála. Ba cheart dóibh straitéisí bailithe sonraí agus bainistithe faisnéise a cheapadh agus a mheasúnú chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ardcháilíochta is gá ar fáil chun na tuarascálacha a ullmhú40.

63 Faoin leagan amach dlíthiúil atá ann faoi láthair, tá sainordú ag ACER faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtaí eacnamaíocha chóid ghréasáin agus threoirlínte gréasáin an Aontais, agus chun fadhbanna cur chun feidhme a bhraitear a thuairisciú don Choimisiún. Sa roinn seo déanfaimid anailís ar chreat faireacháin agus tuairiscithe ACER maidir leis an méid seo a leanas: cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil ag ÚRNanna, OCTanna agus OAMLanna, agus éifeachtaí an chur chun feidhme ar chomhtháthú an mhargaidh41.

64 Ina theannta sin, d’úsáideamar, mar cheann dár gcritéir iniúchóireachta, na ceanglais dhlíthiúla ina sonraítear nach mór do ACER a áirithiú go gcuirfear faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inrochtana go héasca ar fáil don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara, i gcás inarb iomchuí, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre42.

65 Ar cheann de na príomhuirlisí atá ag ACER chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí chomhtháthú an mhargaidh agus chun comhairle a chur ar an gCoimisiún agus ar reachtóir an Aontais tá na tuarascálacha faireacháin ar an margadh (MMRanna) maidir le faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola agus miondíola leictreachais agus gáis nádúrtha, ar cheart dóibh aon bhacainní atá ann ar thabhairt i gcrích an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint agus gníomhaíocht cheartaitheach a spreagadh43. Dá bhrí sin, feidhmíonn sé freisin mar uirlis chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin ar chomhtháthú an mhargaidh leictreachais (féach freisin mír 63). Ar an mbonn sin, féadfaidh ACER a thuairimí a thíolacadh maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun na bacainní sin a dhíchur.

66 Mar thoradh ar na gníomhaíochtaí faireacháin, d’fhéadfadh ACER moltaí a dhéanamh do ÚRNanna maidir leis an gcaoi ar cheart na rialacha a chur chun feidhme nó don Choimisiún maidir leis na cóid ghréasáin agus na treoirlínte gréasáin a leasú nó maidir le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh in aghaidh na mBallstát i gcás nach gcuirtear na rialacha chun feidhme go leordhóthanach. Níl aon chumhachtaí forfheidhmiúcháin ag ACER ach tá ról comhordúcháin ginearálta aige i leith na ÚRNanna ó thaobh chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú dhlí an Aontais.

67 Rinneamar seiceáil freisin ar an gcaoi a ndearna an Coimisiún agus ACER comhordú ar an bhfaireachán a dhéanann siad ar an reachtaíocht. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chur chun feidhme aonfhoirmeach agus cruinn an Rialacháin maidir le Leictreachas agus na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin ag na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta atá glactha ag na hinstitiúidí dá mbun44. Is é cur chun feidhme iomlán agus forfheidhmiú docht na reachtaíochta fuinnimh atá ann cheana agus na reachtaíochta gaolmhaire an chéad tosaíocht chun an tAontas Fuinnimh a bhunú45. Áirítear ar ról an Choimisiúin freisin tacaíocht a thabhairt do ACER agus obair leantach a dhéanamh ar mholtaí ACER.

Laigí suntasacha i gcreat faireacháin agus tuairiscithe ACER

68 Ní shonraítear i reachtaíocht an Aontais conas ba cheart do ACER faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme foriomlán na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin agus ar a n-éifeachtaí (e.g. minicíocht, aschuir a bhfuiltear ag súil leo), ná conas ba cheart dó tuairisciú don Choimisiún. Ní dhearna an Coimisiún foráil maidir le creat tuairiscithe den sórt sin (e.g. minicíocht agus inneachar na dtuarascálacha). Thairis sin, níor ghlac ACER aon straitéis shonrach le haghaidh faireacháin.

69 Ag tosú in 2016, tá sé luaite go leanúnach i gcláir oibre bhliantúla ACER gur cúram ríthábhachtach é faireachán a dhéanamh. Mar sin féin, níl na cláir oibre sainráite go leor chun a shoiléiriú conas a phleanáiltear an faireachán agus an tuairisciú, in ainneoin oibleagáid ACER na haschuir uile a bhfuiltear ag súil leo a chur i láthair46. D’fhéadfaí, dá bharr sin, an bonn a bhaint de chuntasacht ACER agus d’fhéadfaí cur isteach freisin ar thuiscint na ngeallsealbhóirí ar riachtanais sonraí ACER agus ar a rannpháirtíocht san fhaireachán ar an gcur chun feidhme.

70 Fuaireamar amach gur bhain ACER úsáid as foinsí éagsúla chun teacht ar an bhfaisnéis is gá chun gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh, amhail:

  • malartuithe rialta le saineolaithe ó ÚRNanna i Meitheal Leictreachais ACER (EWG) agus i dtascfhórsaí gaolmhara;
  • comhairliúcháin leis na Coistí Eorpacha Geallsealbhóirí47, le Fóram Fhlórans48, agus leis an nGrúpa um Chur Chun Feidhme agus um Fhaireachán na gCód Gréasáin49;
  • Tuarascálacha faireacháin ó ENTSO-E50 agus faisnéis eile arna foilsiú ar a shuíomh gréasáin;
  • freastal ar chruinnithe dul chun cinn na bpáirtithe leasmhara chun tionscadail éagsúla na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin a chur chun feidhme (lena ngabhann clúdach réigiúnach nó clúdach ar fud an Aontais);
  • ceistneoirí/suirbhéanna a seoladh chuig ÚRNanna;
  • uirlis idirlíon-bhunaithe a lig do ÚRNanna glacadh TCManna a thuairisciú agus a fhoilsiú (ó 2019 i leith)51; níor cuireadh an uirlis sin ar fáil do ghlacadh tograí le haghaidh TCManna ag OAMLanna ná ag OCTanna.

71 Bhí cuid de na foinsí cumarsáide sin nach raibh lánéifeachtach, agus dá bharr sin cuireadh bac ar chumas ACER faisnéis thráthúil agus chuimsitheach a fháil, rud a chuir isteach ar chumas ACER fadhbanna a bhrath. Mar shampla, is ar bhonn deonach atá rannpháirtíocht nó láithreacht na saineolaithe náisiúnta in EWG agus bunaithe ar chomhaontú leis na ÚRNanna; is gnách nach mbíonn na ÚRNanna beaga chomh gníomhach céanna (féach Iarscríbhinn VI). Ba threallach an tinreamh a rinne daoine den fhoireann ACER ar chruinnithe dul chun cinn na bpáirtithe leasmhara de bharr ganntanas acmhainní52.

72 Leis an bhfaisnéis atá le fáil ar shuíomh gréasáin ACER ní thugtar fardal rialta agus soláimhsithe de thionscadail agus de TCManna atá le glacadh nó le cur chun feidhme, ná ní chuirtear na spriocanna agus na spriocdhátaí cur chun feidhme i gcomparáid leis na forthorthaí reatha.

73 Níl tuarascálacha poiblí ACER maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin bunaithe ar aon mheasúnú riosca sainráite, ná níl siad córasach, ó thaobh a n-ullmhúcháin nó ó thaobh líon na dtuarascálacha. Maidir leis na trí threoirlíne mhargaidh, a bhfuil tionchar acu ar an raon is mó geallsealbhóirí, níor foilsíodh ach aon tuarascáil faireacháin amháin ar chur chun feidhme (IMR) in 2019; níor clúdaíodh an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais sa tuarascáil sin. Mar sin féin, níl forléargas cuimsitheach ar na TCManna go léir sa tuarascáil sin, ná tuairisc ar chéim chur chun feidhme an tionscadail le haghaidh gach Ballstáit. Níl an tuarascáil chomh soiléir céanna maidir leis na moltaí a cuireadh chun cinn. Thar aon ní eile, ní léir cé acu de na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún. Rinne ACER agus an Coimisiún obair leantach go pointe áirithe ar an tuarascáil sin in 2021.

74 I gcás ina raibh údar cuí le cinntí na ÚRNanna maidir le maolú, ceadaíodh leis na treoirlínte maoluithe a thabhairt ar na ceanglais ghinearálta. Ní dhearna ACER faireachán ná níor eisigh ACER moltaí do ÚRNanna maidir leis an gcaoi ar cheart maoluithe a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, a bhféadfadh an toradh a bheith air go dtiocfadh na maoluithe chun bheith ina mbealach timpeall ar na ceanglais dhlíthiúla.

75 Ós rud é nach bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag ACER, d’fhéadfadh tuairisciú córasach ó ACER a bheith tar éis cur le feasacht thráthúil an phobail agus an Choimisiúin ar easnaimh i gcur chun feidhme na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin, a bheith tar éis piarbhrú ó ÚRNanna a chothú agus a bheith tar éis iad a threorú ar bhealach comhordaithe i dtaca lena bhfaireachán agus lena bhforfheidhmiú féin.

De bharr acmhainní teoranta, cuireadh bac ar fhaireachán agus ar thuairisciú ACER

76 Is í roinn leictreachais ACER an phríomhroinn a dhéanann faireachán ar chomhtháthú an mhargaidh fuinnimh (féach Iarscríbhinn IV). Cheadaigh an Coimisiún na príomh-mhéaduithe foirne don roinn leictreachais in 2019 agus 2020 chun déileáil leis na cúraimí nua atá leagtha amach in CEP. Le linn thréimhse 2016-2020, ní dhearna ACER aon iarraidh shuntasach ar fhoireann breise don roinn.

77 Rinneadh sciar an-suntasach den fhoireann atá sannta don fhaireachán ar chur chun feidhme a ath-leithdháileadh go hathfhillteach agus cuireadh ag obair iad ar TCManna a cheadú, ar leasuithe agus ar achomhairc TCM. Tharla sé sin go páirteach mar gheall ar líon ard, gan choinne, na nósanna imeachta sin.

78 Bhí srianta freisin ar ghníomhaíochtaí eile de chuid na roinne leictreachais ó thaobh scóipe de mar gheall ar an easpa acmhainní, mar shampla:

  • teorainneacha ar raon feidhme na MMRanna (féach mír 80);
  • moilleanna agus teorainneacha raoin feidhme ó thaobh thuairisciú ACER ar thagarmharcáil taraife gréasáin an Aontais.

79 Tugaimid ar aire nár leasaigh ACER a gcláir oibre bhliantúla chun na hathruithe gan choinne ar an ualach oibre agus ar an leithdháileadh acmhainní a léiriú (mar a cheanglaítear a dhéanamh le Rialachán Airgeadais ACER).

Tá tuarascálacha faireacháin margaidh ACER úsáideach, ach baintear an bonn díobh de bharr deacrachtaí a ghabhann le bailiú sonraí agus gan obair leantach a dhéanamh

80 Fuaireamar go bhfuil ACER, le himeacht ama, tar éis na MMRanna a dhéanamh níos ábhartha trí bhreis táscairí maidir le comhtháthú an mhargaidh a chur san áireamh, trí mhodheolaíochtaí a mhíniú agus trí anailís níos fearr a thabhairt ar bhacainní ar chur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh. Fuaireamar freisin gur gá anailís a dhéanamh ar réimsí áirithe fós (e.g. infheistíochtaí in idirnaisc, méideanna a thrádáiltear ar bhonn trasteorann, cóineasú praghsanna le haghaidh gach tráthchláir). Thairis sin, bhí seacht mbacainn mhargaidh a shainaithin ACER nach ndearnadh faireachán orthu (e.g. scéimeanna tacaíochta le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh). D’fhógair ACER nach soláthródh sé tuarascáil iomlán in 2022, rud a chruthaíonn an baol nach ndéanfar na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh go baileach.

81 Bhí srianta ar ACER ó thaobh táscairí ábhartha a fhorbairt, ós rud é go raibh deacrachtaí aige na sonraí ba ghá a bhailiú (e.g. le haghaidh MMR 202053). Ina theannta sin, níl aon straitéis chomhtháite ag an Aontas maidir le sonraí fuinnimh lena gcuirfí faoi deara go ndéanfaí bailiú córasach agus cuimsitheach sonraí maidir le margaí fuinnimh, bíodh sin ag an gCoimisiún nó ag ACER. Sna Stáit Aontaithe, tá gníomhaireacht chónaidhme i gceannas ar shonraí i dtaobh mhargaí fuinnimh na Stát Aontaithe a bhailiú agus a chraobhscaoileadh54. Foilsíonn Eurostat, AS ENER agus ACER sruthanna éagsúla sonraí lena ngabhann tréimhsí éagsúla ama, leibhéil éagsúla inrochtaineachta agus nósanna imeachta éagsúla fíorúcháin, rud a fhágann nach féidir na sonraí a úsáid ar bhealach córasach.

82 Is ardán lárnach é an tArdán Trédhearcachta chun sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú maidir le margaí mórdhíola leictreachais an Aontais, agus tá sé á bhainistiú ag ENTSO-E ó 2015 i leith55. Is úsáideoir lárnach de chuid an ardáin seo é ACER. Léirítear i staidéar ón gCoimisiún in 2017 go bhféadfadh an tArdán Trédhearcachta a bheith ina fhoinse chumhachtach sonraí cuimsitheacha fuinnimh san Aontas, ach go bhfuil roinnt easnamh ar a chur chun feidhme faoi láthair, a bhaineann le cáilíocht agus inrochtaineacht sonraí56. Ní dhearna an Coimisiún obair leantach de dhroim an staidéir sin. Níor shínigh ACER comhaontú comhair le ENTSO-E maidir le soláthar sonraí chun faireachán a dhéanamh ar na Treoirlínte Gréasáin go dtí 2018. In 2021, bhí deacrachtaí fós ag ACER sonraí a rochtain57.

83 D’fhéadfaí, de bharr neamhdhóthain faisnéise a bhaineann le héifeachtaí na dtreoirlínte gréasáin ar chomhtháthú agus ar fheidhmiú na margaí mórdhíola, difear a dhéanamh do chruinneas thuairisciú ACER do na ÚRNanna, don Choimisiún agus don phobal, agus do bhrath tráthúil deacrachtaí maidir le cur chun feidhme na dtreoirlínte agus na TCManna.

84 Ceann de láidreachtaí lárnacha na MMRanna is ea foirmliú moltaí. Ó 2016 i leith, tá moltaí nó tosaíochtaí maidir le gníomhaíocht bhreise curtha san áireamh go rialta sna MMRanna chun na margaí mórdhíola leictreachais a chomhtháthú. Faoin Rialachán maidir le Leictreachas, is féidir obair leantach a dhéanamh de dhroim MMRanna trí bhíthin tuairimí. Mar sin féin, le linn thréimhse 2015-2021, níor chuir ACER aon tuairim oifigiúil faoi bhráid an Choimisiúin ná faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa58.

85 Tá éagsúlacht ó eagrán go chéile agus ó imleabhar go chéile ann ó thaobh na moltaí a chuirtear san áireamh in MMRanna – ní raibh aon chur chuige córasach ann. Is minic nach ndéantar sna moltaí ach cuspóirí beartais a athdhearbhú; uaireanta, ní bhíonn feidhm leo ós rud é go n-athluaitear iontu na hoibleagáidí dlíthiúla atá neadaithe cheana féin i reachtaíocht an Aontais. Déantar a dtionchar a lagú tuilleadh mar gheall ar easpa soiléireachta maidir leis an té chuig a bhfuil na moltaí dírithe, mar gheall ar easpa smaointe soiléire maidir le conas na bacainní margaidh sainaitheanta a réiteach trí bheartas an Aontais agus mar gheall ar easpa spriocdhátaí. Lagaítear a dtionchar freisin mar gheall ar an easpa bearta leantacha sna MMRanna ina dhiaidh sin. Thugamar na laigí sin faoi deara in eagráin 2019 agus 2020 den MMR.

Ní raibh faireachán ACER ar OCTanna ina chúis le dul chun cinn suntasach maidir le hidirnascadh an bhonneagair leictreachais

86 Is é an faireachán an phríomhuirlis atá ag ACER chun comhtháthú breise na n-eangach cumhachta a chothú, cé nach mbíonn de thoradh ar an bhfaireachán as féin go ndéanann na Ballstáit na cóid ghréasáin agus na treoirlínte gréasáin a chur chun feidhme go comhsheasmhach. Rinneamar scrúdú ar thrí ghné faireacháin a bhfuil ríthábhacht leo chun acmhainneacht an ghréasáin a chothú (mar a mhínítear i míreanna 43 go 46):

  • athbhreithniú rialta ar chumraíocht na gcriosanna tairisceana;
  • faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí in idirnascairí;
  • tuairisciú rialta ar infhaighteacht na n-acmhainneachtaí tarchurtha trasteorann.

87 Is é an toradh a bhíonn ar an dá infheistíocht sin lena leathnaítear an acmhainneacht tarchurtha trasteorann agus cumraíocht iomchuí na gcriosanna tairisceana ná go ndéantar uasmhéadú inbhuanaithe ar infhaighteacht na hacmhainneachta don trádáil sna tráthchláir go léir. Tá sé sin ríthábhachtach chun trádáil trasteorann a fhás agus chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú sa mhargadh inmheánach. De bharr difríochtaí sna hacmhainneachtaí traschriosacha atá ar fáil ar fud an Aontais, tá an baol ann nach mbeidh rannpháirtithe sa mhargadh ar comhchéim ó thaobh rochtain a bheith acu ar dheiseanna trádála. Go sonrach, is féidir le OCTanna na hacmhainneachta traschriosacha atá ar fáil a laghdú go struchtúrach chun an plódú gréasáin inchriosacha atá cruthaithe ag criosanna tairisceana míchuí a réiteach.

88 Rinne ACER faireachán ar chumraíocht chriosanna tairisceana an Aontais agus chuir sé fianaise ar fáil a thug le fios nach raibh an chumraíocht reatha iomchuí. Mar sin féin, mar gheall ar chumhachtaí cinnteoireachta neamhleora (ní mór do na Ballstáit an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh bunaithe ar anailís ENTSO-E), lochtanna modheolaíochta, forálacha doiléire i dTreoirlíne CACM agus fianaise neamhleor (de bharr easpa sonraí), ní dhearnadh, de thoradh an fhaireacháin sin, aon athchumrú ar na criosanna tairisceana ná níor tháinig, de thoradh an fhaireacháin sin, aon iarraidh ó ACER ar athbhreithniú a dhéanamh59 (féach Iarscríbhinn V).

89 Trí thuairimí gach dhá bhliain, rinne ACER faireachán ar infheistíochtaí acmhainneachta tarchurtha trasteorann sna pleananna forbartha gréasáin deich mbliana a dhréachtaigh ENTSO-E. Mar sin féin, fuaireamar go raibh, in 2019, moill ar chur chun feidhme thart ar leath de na tionscadail infheistíochta a raibh ábharthacht trasteorann ag baint leo, in ainneoin fhaireachán ACER60.

90 Ag tosú leis an gcéad MMR in 2012, tá faireachán rialta déanta ag ACER freisin ar infhaighteacht acmhainneachtaí tarchurtha traschriosach ag OCTanna. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na OCTanna acmhainneacht uasta na n-idirnascairí agus na ngréasán tarchurtha lena ndéantar difear do shreafaí trasteorann a chur ar fáil don mhargadh. Le faireachán ACER, braitheadh ríomh mícheart na hacmhainneachta tarchurtha traschriosaí ag OCTanna, ach níorbh fhéidir leis laghdú míchuí na n-acmhainneachtaí a chosc (féach mír 44).

91 Mar fhreagairt ar na laigí a bhí sainaitheanta ag ACER laistigh den chreat, agus tríd an Rialachán maidir le Leictreachas nua (2019), ghlac reachtóir an Aontais sprioc cheangailteach maidir leis an gcorrlach íosta idirnasctha acmhainneachta atá ar fáil lena thrádáil (i.e. 70 % den acmhainneacht shuiteáilte i ngach Ballstát faoi 2025 ar a dhéanaí61).

92 Ós rud é nach raibh cur i bhfeidhm an cheanglais 70 % soiléir, tá roinnt bearta teoranta glactha ag ACER chun ríomh comhchuibhithe an chorrlaigh ag na OCTanna agus ag na ÚRNanna a chomhordú62. In ainneoin nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar ACER faireachán a dhéanamh air63, agus nár aontaigh ENTSO-E leis na ríomhanna:

  • d’eisigh ACER moladh do na ÚRNanna agus do na OCTanna, chun an sprioc a shoiléiriú64;
  • ós rud é nach raibh an moladh ceangailteach, bhí cuid de na TSOnna ann agus líon teoranta ÚRNanna nár aontaigh leis an moladh agus shocraíodar cur chuige éagsúil a ghlacadh. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh ACER dhá thuarascáil faireacháin maidir leis an sprioc 70 % in 2021. Níor thug ACER faoi deara go raibh feabhsuithe infheicthe tagtha ar na hacmhainneachtaí traschriosacha a bhí ar fáil.

Na laigí san fhaireachán a dhéanann an Coimisiún, cothaíonn siad an baol nach gcomhlíonfar rialacha trádála trasteorann an Aontais

93 Bhí tuairisciú ACER ina ghné lárnach d’fhaireachán an Choimisiúin ar an gcur chun feidhme. Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar ACER cásanna de neamh-chomhlíonadh rialacha trasteorann AE a bhrath agus a thuairisciú. I mí na Nollag 2021, ghlac ACER creat faireacháin comhlíontachta chun gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na ÚRNanna a chomhordú i ndáil le heintitis ar leibhéal an Aontais (amhail ENTSO-E) agus i ndáil le hoibleagáidí na OCTanna a bhfuil éifeachtaí trasteorann acu. Dá bhrí sin, bhí bearna faireacháin os comhair an Choimisiúin, ós rud é nár leor a bheith ag brath ar ACER chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBallstát i dtaca leis na cóid ghréasáin/na treoirlínte gréasáin agus leis an Rialachán maidir le Leictreachas. Ní raibh aon chomhaontú comhair ná treochlár ann idir ACER agus an Coimisiún chun na róil faireacháin a shoiléiriú agus chun obair nach raibh feidhm léi a sheachaint. Agus gan ach ACER agus ENTSO-E amháin á lua, níor léiríodh, i measúnuithe tionchair an Choimisiúin ar threoirlínte gréasáin, ról an Choimisiúin sa chreat faireacháin.

94 Mar bhreathnóir, d’fhreastail an Coimisiún go rialta ar chruinnithe chomhlachtaí rialaithe agus mheithleacha ACER, chomh maith le cruinnithe geallsealbhóirí ábhartha, ach faoi dheireadh 2021, ní raibh a thuarascálacha féin maidir le seiceálacha comhlíontachta nó comhréireachta ullmhaithe aige.

95 Sna tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí le linn thréimhse 2016-2020, rinne AS ENER faireachán ar líon beag táscairí i dtaobh comhtháthú margaidh (an sprioc maidir le cóineasú praghsanna agus idirnascadh), agus níor leagadh síos aon sprioc maidir le cóineasú praghsanna. Ba ar tháscaire eile i dtaobh cóineasú praghsanna a rinne ACER faireachán. Thairis sin, faoi phlean straitéiseach nua AS ENER le haghaidh 2020-2024, ní dhéanfar faireachán a thuilleadh ar tháscairí den sórt sin.

96 Ní dhearna an Coimisiún ná ACER faireachán ar an gcaoi ar thrasuigh na Ballstáit smachtbhannaí iomchuí agus inchomparáide sa dlí náisiúnta, ná ar an gcaoi a ndearna na ÚRNanna cóid ghréasáin/treoirlínte gréasáin agus dlíthe eile de chuid an Aontais a fhorfheidhmiú. Níor sonraíodh sa Rialachán maidir le Leictreachas roimhe seo (2009) go raibh aon oibleagáid ar Bhallstáit pionós a ghearradh mar gheall ar neamh-chomhlíonadh na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin. Forálann Treoir maidir le Leictreachas 2009/72/CE do phionóis as neamh-comhlíonadh ‘a fhorálacha nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí’, agus forálann sé go bhféadfaidh an t-údarás rialála ‘moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu’65. San athmhúnlú a rinneadh ar an Rialachán maidir le Leictreachas (2019), leagtar amach rialacha cruinne maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit rialacha a leagan síos i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na cóid ghréasáin a glacadh de bhun Airteagal 59 agus ar na treoirlínte a glacadh de bhun Airteagal 61.

97 Toisc nach bhfuil dealú soiléir ann ar na róil faireacháin idir an Coimisiún agus ACER, tá an baol ann go gcruthófar neamhéifeachtúlachtaí ó thaobh faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fuinnimh an Aontais. D’fhéadfaí, dá bharr sin, an bonn a bhaint de chóineasú chleachtais na ÚRNanna maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha mhargadh leictreachais an Aontais agus, dá chionn sin, bac a chur ar an dul chun cinn maidir le comhtháthú na margaí réigiúnacha.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, níl cur chun feidhme an fhaireachais margaidh iomlán go fóill

98 Chun go mbeidh an iomaíocht ar mhargaí mórdhíola fuinnimh na hEorpa oscailte cothrom, is den ríthábhacht é go mbeadh na praghsanna ina léiriú ar éileamh agus soláthar, agus nach saobhtar iad le trádáil cos istigh ná le cineálacha eile cúblála margaidh. D’fhágfadh saobhadh den sórt sin go mbainfí croitheadh as muinín na rannpháirtithe sa mhargadh i sláine an mhargaidh agus bheadh ar chuid acu éirí as an margadh ar fad, rud a bhainfeadh an bonn d’iomaíocht an mhargaidh. Dá thoradh sin bheadh na praghsanna níos airde agus, ar deireadh, bheadh billí leictreachais na dteaghlach agus na bhfiontar níos airde. Dá bhrí sin, ba cheart na margaí a dhearadh le rialacha lena ndéantar iompraíocht mhí-úsáideach a dhíspreagadh agus a bhrath66.

99 Le Rialachán REMIT, cruthaíodh creat chun faireachán a dhéanamh ar na margaí mórdhíola fuinnimh, chun cúbláil margaidh a bhrath agus a dhíspreagadh. Le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún maidir le tuairisciú sonraí REMIT, rinneadh sonrú breise ar na hoibleagáidí maidir le hidirbhearta agus sonraí bunúsacha a thuairisciú. D’úsáideamar ceanglais an Rialacháin mar chritéir iniúchóireachta don roinn seo, chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh an faireachas ar na margaí mórdhíola leictreachais chun feidhme.

100 Ní mór do na rannpháirtithe sa mhargadh gach idirbheart sa mhargadh mórdhíola fuinnimh ar leibhéal an Aontais a thuairisciú do ACER. Ansin déanann ACER scagadh ar an bhfaisnéis sin chun drochúsáidí margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus, i gcás inar gá, tugann sé foláireamh do na ÚRNanna agus déanann sé comhordú i gcomhar leis na ÚRNanna, atá freagrach as an gcomhlíontacht a fhorfheidhmiú agus as smachtbhannaí a fhorchur. Chun a áirithiú go ndéanann na ÚRNanna a gcuid gníomhaíochtaí faoi REMIT ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach, foilsíonn ACER treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm REMIT, cé go bhfuil an treoraíocht sin neamhcheangailteach.

101 Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go dtabharfar na cumhachtaí do na ÚRNanna a chuirfidh ar a gcumas pionóis atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a fhorchur ar aon rannpháirtí sa mhargadh a sháraíonn REMIT67. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht le haghaidh pionós a leagan síos go comhsheasmhach sna Ballstáit go léir, chun arbatráiste rialála ag rannpháirtithe sa mhargadh a chosc.

Níor tháinig an faireachas margaidh i bhfeidhm ar bhonn oibríochtúil ach sé bliana tar éis REMIT a bheith formheasta, agus cuireadh bac air de bharr gur chlis córas TF

102 Fuaireamar amach gurbh é 2017 an chéad bhliain iomlán den tuairisciú ar idirbhearta. Sa dara leath de 2017, chrom ACER ar bhogearraí faireachais a úsáid go rialta chun na sonraí tuairiscithe a scagadh go huathoibríoch. Tugtar léiriú i bhFíor 7 ar amlíne REMIT.

103 Díreach i ndiaidh dhá bhliain go leith de ghníomhaíocht i bhfaireachas an mhargaidh, chlis ar an gcomhchuid de chóras faisnéise REMIT (ARIS) a bhíonn ag fothú idirbhearta tuairiscithe isteach i mbunachar sonraí ARIS, mar go raibh sé plúchta ag an méadú ar líon na n-idirbheart a bhí á dtuairisciú agus é thíos le tearcinfheistíocht leanúnach. De bharr agaí neamhfhónaimh arís agus arís eile, ní raibh na sonraí ba ghá le haghaidh faireachas margaidh ar fáil ó mhí Iúil 2020 go dtí mí an Mhárta 2021. Le linn na tréimhse sin, ní raibh aon fhaireachas éifeachtach margaidh ann go praiticiúil, agus d’fhéadfadh sé nár braitheadh cásanna de dhrochúsáid mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuireadh tús de réir a chéile arís leis an bhfaireachas margaidh i lár na bliana 2021, ach rinneadh measúnú ar an riaráiste don tréimhse ó Iúil go Nollaig 2020 trí úsáid a bhaint as modhanna staitistiúla i.e. úsáideadh measúnú níos éadroime le haghaidh foláirimh a raibh tosaíocht íseal acu. Níl forthoradh na hanailíse staitistiúla sin leordhóthanach, áfach, chun a iarraidh ar na ÚRNanna imscrúdú a thosú.

Fíor 7 – Amlíne maidir le faireachas margaidh REMIT

Foinse: CIE.

Níl an bailiú sonraí cuimsitheach, ní thugtar aghaidh leis ar na príomhréimsí riosca, agus is beag luach a chuirtear le trédhearcacht an mhargaidh dá bharr

104 Ceanglaíonn REMIT ar rannpháirtithe sa mhargadh gach idirbheart sa mhargadh mórdhíola fuinnimh a thuairisciú do ACER, agus faisnéis ón taobh istigh agus sonraí bunúsacha a fhoilsiú ar mhaithe leis an trédhearcacht. Ceanglaíonn REMIT ar ACER freisin na sonraí a bhailíonn sé a chomhroinnt, faoi choinníollacha áirithe. Rinneamar measúnú féachaint an raibh bailiú na sonraí agus na faisnéise a bhaineann le hidirbhearta arna ndéanamh sa mhargadh uileghabhálach, agus ar comhlíonadh na ceanglais trédhearcachta. Sheiceálamar freisin ar chomhroinn ACER na sonraí a bhailigh sé de réir mar a cheanglaítear air agus an ndearna sé sonraí nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chomhroinnt chun críocha taighde, rud a chuideodh le cothú na trédhearcachta.

105 De réir na bhfigiúirí a sholáthair AS ENER68 agus a fuarthas ó sholáthraithe sonraí mór le rá, b’ionann trádálacha thar an gcuntar (OTC) agus 68 % de na méideanna leictreachais a trádáladh in 2019 agus 74 % díobh sin a trádáladh in 2020 (b’ionann an trádáil dhéthaobhach OTC agus 44 % in 2019 agus 46 % in 2020). Tá tromlach an leictreachais mórdhíola dá bhrí sin á thrádáil ar na margaí is lú trédhearcacht agus, dá bhrí sin, tá claonadh chun cúblála i gceist leo. Fuaireamar nach ndéanann ACER sonraí REMIT a bhaineann leis na méideanna bliantúla de leictreachas a thrádáiltear ar mhalartáin chumhachta nó thar an gcuntar a imréiteach go córasach leis na sonraí atá foilsithe ag AS ENER, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé in ann a bhrath an bhfuil an trádáil OTC ar fad á gabháil ag an gcóras TF atá ag REMIT nó nach féidir leis beart a dhéanamh sa chás go mbeadh aon neamhréireacht ann.

106 Déanann saincheisteanna cáilíochta éagsúla difear do na sonraí a thuairiscítear chuig ACER agus a bhaineann le trádáil lasmuigh de na malartáin leictreachais69. Tá sé d’oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh sonraí a thuairisciú, ach níl aon oibleagáid orthu, áfach, déanamh de réir threoraíocht tuairiscithe neamhcheangailteach ACER. Dá réir sin, ní féidir le ACER ráthaíocht a thabhairt go bhfuil na sonraí atá curtha isteach iomlán, nó go bhfuil siad ar cháilíocht sách maith. Cuireann sé sin cosc ar ACER ó na sonraí atá bailithe a phróiseáil go hiomlán. Ós rud é nach ndéantar faireachán iomlán ar an gcuid is mó den mhargadh mórdhíola leictreachais, tá an bonn á bhaint d’éifeachtacht REMIT.

107 Ní gá idirbhearta a bhaineann le conarthaí le haghaidh seirbhísí cothromúcháin a thuairisciú ach amháin nuair a iarrann ACER é sin70. Go dtí seo, níor iarr ACER aon fhaisnéis den sórt sin71. Mar sin féin, tarlaíonn cúbláil margaidh freisin ar an margadh cothromúcháin. I dtrí chás, chuir ÚRN na Ríochta Aontaithe luach £ 50 milliún san iomlán de smachtbhannaí i bhfeidhm, arb ionann iad agus 99.3 % de na smachtbhannaí deiridh uile a cuireadh i bhfeidhm ar sháruithe rialála sa mhargadh mórdhíola leictreachais go dtí seo (féach Iarscríbhinn VII). Fágann an easpa bailiú sonraí sin go bhfuil easpa measúnaithe ann, rud a bhaineann ó uileghabhálacht fhaireachas margaidh ACER.

108 Ní féidir le ACER faireachán a dhéanamh ar bhealaí nua trádála a forbraíodh le blianta beaga anuas. Níor tugadh creat dlíthiúil REMIT cothrom le dáta ó glacadh é. Dá thoradh sin, níl na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le sonraí atá le tuairisciú iomchuí a thuilleadh, rud a chuireann bac ar uilechuimsitheacht an fhaireachais.

109 Ceanglaíonn REMIT72 ar rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis ón taobh istigh73 agus sonraí bunúsacha a nochtadh74 ar mhaithe leis an trédhearcacht. Sonraítear sa Rialachán Cur Chun Feidhme75 gur féidir faisnéis ón taobh istigh a nochtadh ar shuíomh gréasáin an rannpháirtí sa mhargadh, ar cheart fothaí gréasáin a sholáthar uaidh chun gur féidir le ACER an fhaisnéis sin a bhailiú go héifeachtúil, nó trí úsáid a bhaint as ardáin um fhaisnéis ón taobh istigh (IIPanna) arna reáchtáil ag tríú páirtithe.

110 Ní mór do ACER measúnú leanúnach a dhéanamh ar oibriú agus trédhearcacht catagóirí éagsúla margaidh agus bealaí éagsúla trádála, agus tuairisciú a dhéanamh orthu ina thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí faoi REMIT76. Mar sin féin, cuireadh deireadh le foilsiú na tuarascála in 2017 (obair thuairiscithe a rinneadh in 2016), a luaithe a tháinig faireachas faoi REMIT i bhfeidhm.

111 In ionad tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú, d’fhoilsigh ACER faisnéis ina thuarascálacha ráithiúla maidir le REMIT faoi oibríocht agus trédhearcacht na gcatagóirí éagsúla margaidh atá ann agus faoi na bealaí éagsúla a mbítear ag trádáil. Níl an fhaisnéis atá foilsithe chomh mionsonraithe céanna, áfach. Mar shampla, níl faisnéis ann ar na méideanna trádála ná faoina mhéid atá táirgeoirí agus OCTanna ag comhlíonadh na gceanglas foilsiú a dhéanamh. Níl aon mholtaí i dtuarascálacha ráithiúla REMIT ach oiread, murab ionann agus an cleachtas a bhíodh i réim sna tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí faoi REMIT a foilsíodh i mblianta roimhe sin. Sa bhreis air sin, d’fhoilsigh ACER litir oscailte amháin77 in 2018 inar tuairiscíodh forthoradh na hanailíse a rinne sé ar ghníomhaíochtaí foilsitheoireachta na rannpháirtithe sa mhargadh. Ba é a bhí de chonclúid ag ACER ná gur dhealraitheach go raibh gá le breis trédhearcachta maidir le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh.

112 Sa treoraíocht uaidh maidir le hiarratas REMIT in 2019, agus chun an trédhearcacht a fheabhsú, mhol ACER gurb é an réiteach is éifeachtúla go mbainfí úsáid réamhghníomhach as IIPanna78. Ó 2020 i leith, choinnigh ACER clár de na IIPanna a chomhlíonann na híoscheanglais cháilíochta maidir le nochtadh éifeachtach faisnéise ón taobh istigh79. Tá liosta de na IIPanna atá cláraithe foilsithe ar shuíomh gréasáin ACER. Mar sin féin, níl treoraíocht ACER maidir le REMIT ceangailteach ó thaobh dlí de80. Dá bhrí sin, is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh, go fóill féin, faisnéis ón taobh istigh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a ngnólachta féin, cé nach bhfuil sé sin chomh héifeachtach céanna.

113 Ní mór do ACER an fhaisnéis a bhailíonn sé a roinnt le ÚRNanna agus le húdaráis ábhartha eile, amhail údaráis airgeadais náisiúnta, údaráis iomaíochta náisiúnta, agus ESMA81, ar choinníoll go gcomhlíonann na húdaráis sin ceanglais slándála áirithe maidir le haistriú sonraí82. Faoi láthair, déanann ACER na sonraí a bhailítear a chomhroinnt leis na deich ÚRN83 a chomhlíonann a riachtanais um nasc slán. Tá obair ar siúl chun nasc slán a bhunú le cúig ÚRN eile84. Tá teorainn leis an gcomhroinnt faisnéise le hinstitiúidí eile agus ní tharlaíonn sé ach ar bhonn ad hoc. Thar aon ní eile, níl aon chomhroinnt chórasach ann le AS COMP85, cé go bhféadfadh sáruithe ar REMIT a bheith ina sárú freisin ar dhlí na hiomaíochta, mar shampla i gcás ina ndéantar acmhainneacht a choinneáil siar. Níor léirigh ach dhá údarás rialála airgeadais spéis i sonraí REMIT. Mar thoradh ar an easpa spéise i sonraí a úsáid, ní féidir leis na húdaráis ábhartha leas a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil.

114 Ní mór do ACER a bhunachar sonraí trádála nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil chun críocha taighde, agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh é a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú86. Mar gheall ar easpa acmhainní, áfach, níl aon sonraí foilsithe fós ag ACER87 agus is beag an chomhroinnt atá déanta aige ar shonraí. Trí shonraí a fhoilsiú agus a chomhroinnt, mhéadófaí trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola leictreachais, ós rud é go gcuirfí ar chumas tríú páirtithe, ar páirtithe leasmhara iad, anailísí margaidh a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh obair faireachais ACER féin a chomhlánú.

115 Thugamar ar aire freisin nach bhfuil ACER, go hiondúil, in ann faisnéis atá úsáideach d’ullmhú a chuid MMRanna leictreachais a bhaint as a bhunachar sonraí trádála, mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le cáilíocht na sonraí; mar shampla, na méideanna leictreachais a thrádáiltear ar mhargaí eagraithe (OMP) agus OTC, agus de réir an scála ama. Ní úsáideann ACER an fhaisnéis atá ina sheilbh cheana féin; ina ionad sin, faigheann sé an fhaisnéis arís ó sholáthraithe sonraí seachtracha ar tháille. Ciallaíonn sé sin gur beag tairbhe atá le baint as na sonraí atá bailithe ag ACER féin, ag AS ENER nó ag tríú páirtithe faoi láthair, i gcás cúraimí a bhfuil níos mó ná cúbláil margaidh a bhrath i gceist iontu. De réir ACER, táthar ag súil go gcuirfear, le táillí de chuid REMIT (féach mír 139), na hacmhainní is gá ar fáil do ACER chun úsáid sonraí REMIT a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin a luach a mhéadú88.

Níl an faireachas margaidh a dhéanann ACER cuimsitheach

116 Rinneamar measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh an faireachán ar idirbhearta arna dtuairisciú chun cásanna cúblála margaidh a shainaithint uileghabhálach, rud atá ina réamhriachtanas chun faireachas éifeachtach a dhéanamh. Úsáideann ACER próiseas dhá chéim chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála i gcás na dtáirgí mórdhíola fuinnimh (is éard atá i gcéim a haon ná scagadh uathoibríoch agus is éard atá i gcéim a dó ná measúnú agus anailís tosaigh de láimh – féach Fíor 8) chun cúbláil margaidh agus trádáil cos istigh89 a bhrath agus a chosc le bogearraí faireachais speisialaithe (SMARTS) agus foirne speisialaithe.

Fíor 8 – Dealú ar na freagrachtaí faireacháin idir ACER agus ÚRNanna

Foinse: ACER.

117 De réir suirbhéanna ar ghníomhaíochtaí faireacháin na ÚRNanna, a rinneadh ar bhonn bliantúil ó 2016 i leith, tá ról ACER tábhachtach ós rud é nach féidir leis na ÚRNanna ach sciar beag den mhargadh leictreachais a chumhdach, agus go mbraitheann siad ar ACER chun faireachán a dhéanamh ar an gcuid eile.

118 D’fhorbair ACER foláirimh atá bunaithe ar chleachtais bhaolacha shainaitheanta agus a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil rud éigin á dhéanamh mícheart. In 2017, d’fhoilsigh ACER liosta tosaigh inar sainaithníodh na 20 cleachtas a mheas sé a bheith riachtanach chun faireachán éifeachtach a dhéanamh90. Rinneadh an liosta a nuashonrú den chéad uair in 2021, bunaithe ar chomhairliúcháin le saineolaithe. Sa leagan reatha de liosta ACER, tá mionsonraí de 29 cleachtas amhrasta den sórt sin le haghaidh margaí leanúnacha. Tá mionsonraí ar liosta ACER freisin maidir le 15 chleachtas den sórt sin le haghaidh margaí ceantanna.

119 Bunaithe ar mheasúnú riosca ACER, tá na cleachtais a bhraitear ceaptha a bheith ar na cleachtais sin a bhfuil an tionchar is mó acu, agus ar na cleachtais is minice a tharlaíonn. Fuaireamar go gclúdaíonn foláirimh arna gcur chun feidhme chun cúbláil a bhrath níos lú ná leath de na cleachtais amhrasacha ardriosca agus mheánriosca atá ar liosta ACER. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh fós sular féidir a mheas go bhfuil faireachán ACER éifeachtach go leormhaith.

120 Níl ach 5.5 % d’fhoireann iomlán ACER (108 in 2021, féach Tábla 4) i mbun an chúraim sin, atá ríthábhachtach chun go mbeidh ACER in ann a shainordú a chomhlíonadh. Bhí foireann a bhí cobhsaí ach gann (seisear anailísithe ó 2017 i leith, agus cúigear in 2019, lena n-áirítear beirt cheann foirne) freagrach as an líon méadaitheach idirbheart a phróiseáil. Méadaíonn sé seo go mór an meánlíon foláireamh ardriosca a phróiseálann anailísithe de láimh (féach Tábla 2), agus an baol ann go n-íosghrádófar cáilíocht agus uilechuimsitheacht an fhaireachais.

Tábla 2 – Meánlíon na bhfoláireamh ardriosca a phróiseálann anailísithe de láimh

Foláirimh 2017 2018 2019 2020 2021
Meánlíon míosúil 723 1 072 1 633 1 670 1 745
Meánlíon foirne 121 179 327 278 291

Foinse: ACER.

121 I bhfianaise na srianta ar acmhainní daonna, b’éigean do ACER ord tosaíochta a leagan síos: ní dhearnadh measúnú de láimh ach ar sciar beag de na foláirimh a tionscnaíodh91. Cuireadh moill shuntasach ar fheabhsú na bhfoláireamh atá ann cheana agus ar fhorbairt foláireamh breise (féach mír 118), rud a bhain an bonn den chumhdach faireachais margaidh92 agus, ar deireadh thiar, d’éifeachtacht REMIT. Tá líon na sáruithe féideartha ar REMIT a sainaithníodh mar thoradh ar fhaireachas ACER íseal faoi láthair (níor bhraith ACER ach 20 cás as 431 chás shainaitheanta i gcaitheamh thréimhse 2017-2021; féach freisin Iarscríbhinn VIII), agus ar an gcaoi sin cuireadh teorainn le rannchuidiú ACER93.

Ní thugtar de chumhacht do ACER forfheidhmiú comhsheasmhach na rialacha ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú chun drochúsáid mhargaidh a chosc

122 Rinneamar measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na huirlisí iomchuí ag ACER chun a áirithiú go gcuirtear REMIT i bhfeidhm go cuí ar an leibhéal náisiúnta, ar cibé acu atá nó nach bhfuil sé in ann a áirithiú go ndéantar comhordú ar na ÚRNanna agus go dtugtar tacaíocht dóibh ina gcuid imscrúduithe, agus rinneamar measúnú ar an tionchar a bheidh ag faireachas ACER ó thaobh na bpionós a chuirtear i bhfeidhm mar gheall ar dhrochúsáid margaidh.

123 Faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, níl sé de chumhacht ag ACER imscrúduithe a dhéanamh ná rialacha i gcoinne drochúsáid mhargaidh a fhorfheidhmiú. Is ar na ÚRNanna atá na dualgais sin, laistigh dá gcreataí dlíthiúla náisiúnta94. Tugann ACER fógra do ÚRNanna faoi iompar amhrasach a shainaithníonn sé. Bunaithe ar a measúnú féin, cinneann na ÚRNanna ansin cibé acu a dhéanfaidh siad imscrúdú a thionscnamh nó gan a thionscnamh. Tugann ÚRNanna aiseolas do ACER maidir leis na cásanna ar chinn siad iad a scor.

124 Más gá, féadfaidh ACER a iarraidh go foirmiúil ar ÚRNanna imscrúduithe a thionscnamh95; mar sin féin, ní féidir leis iarrataí den sórt sin a fhorfheidhmiú, rud a fhágann nach uirlis lánéifeachtach é. Sa tréimhse faoi iniúchóireacht, níor úsáid ACER riamh an chumhacht sin.

125 Is é ról ACER a áirithiú go gcuireann ÚRNanna a gcuid cúraimí faoi REMIT i gcrích ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach96. Chuige sin, tá sé de chúram ar ACER treoraíocht a chur ar fáil, cé nach bhfuil an treoraíocht sin ceangailteach97. Fuaireamar amach go ndéanann ACER a threoraíocht maidir le cur i bhfeidhm REMIT, a bhfuil an séú heagrán di ann faoi láthair, a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta. Foilsíonn ACER nótaí treoraíochta freisin ina dtugtar faisnéis dhomhain maidir le cineálacha sonracha cleachtas mí-úsáideach98. Cuirtear treoirdhoiciméid theicniúla faoi bhráid ionadaithe ó ÚRNanna agus pléitear iad le hionadaithe ó na ÚRNanna le linn cruinnithe rialta den bhuanchoiste um fhaireachán ar an margadh.

126 Is iad na reachtóirí náisiúnta a leagann síos na pionóis. Ní thugtar ach prionsabail ghinearálta áirithe le REMIT; ceanglaítear leis freisin ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhorálacha pionóis agus faoi aon leasuithe99. Thángamar ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag AS ENER chun a áirithiú go bhfuil na pionóis comhsheasmhach ar fud na mBallstát. Dá thoradh sin, is féidir fíneálacha idir na mílte euro agus na deicheanna de mhilliúin euro a ghearradh (féach Iarscríbhinn VII).

127 I bhfianaise na gcoinníollacha scaoilte forfheidhmiúcháin a léirítear thuas agus na ndifríochtaí suntasacha sna pionóis a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla, measaimid go bhfuil an baol ann go bhféadfadh rannpháirtithe sa mhargadh leas a bhaint as lúba ar lár nó, níos measa fós, go bhféadfadh na Ballstáit dul in iomaíocht le chéile chun an timpeallacht is ceadaithí a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, ó thaobh pionós de agus ó thaobh forfheidhmiú de. Dhéanfaí dochar dá bharr sin do shláine an mhargaidh.

128 D’ardaigh sciar na n-idirbheart trasteorann ó 51.5 % d’iomlán na n-idirbheart a thuairiscigh rannpháirtithe sa mhargadh in 2017, go 69 % in 2021. Tá cásanna amhrasta de dhrochúsáid mhargaidh trasteorann ag méadú freisin, ó 20 cás in 2017 (24 % de líon iomlán na gcásanna nua), go 51 chás in 2021 (47 % de líon iomlán na gcásanna nua). Tá méadú tagtha freisin ar an riaráiste de chásanna trasteorann (féach Tábla 3).

Tábla 3 – Staidreamh ar chásanna trasteorann

Bliain Líon iomlán na gcásanna de shárú féideartha nua Líon na gcásanna nua trasteorann Céatadán na gcásanna nua trasteorann Líon iomlán na gcásanna sa stoc Líon na gcásanna trasteorann sa stoc Céatadán na gcásanna trasteorann sa stoc
2017 85 20 24 % 138 54 39 %
2018 102 32 31 % 189 60 32 %
2019 110 47 43 % 218 85 39 %
2020 102 45 44 % 282 113 40 %
2021 109 51 47 % 298 123 41 %

Foinse: ACER.

129 Tá a lán de na ÚRNanna nach bhfuil sa riocht gur féidir leo anailís a dhéanamh ar mhargaí casta, nó gnéithe ilnáisiúnta a chur san áireamh100. De bharr tosaíochtaí náisiúnta éagsúla, uaireanta baintear an tosaíocht de chásanna trasteorann a bhfuil impleachtaí acu ar fhorbairt mhargadh inmheánach an Aontais.

130 Ní féidir le ACER tacaíocht a chur ar fáil, cé go bhfuil forléargas aige ar an trádáil trasteorann, rud atá ina bhuntáiste luachmhar go teoiriciúil. Dar le ACER101, is é easpa acmhainní is cúis leis sin. Go deimhin, tá an tacaíocht chomhordúcháin teoranta do chruinnithe i dtaobh na gcásanna a eagrú (faoi dhó sa bhliain ar a mhéad) agus do phlé le linn cruinnithe den bhuanchoiste um fhaireachán ar an margadh (sé cinn in aghaidh na bliana). Is féidir le ACER grúpaí imscrúdúcháin a chur ar bun agus a chomhordú chun freagairt do sháruithe a bhfuil tionchar trasteorann acu. Mar sin féin, tá deireadh curtha le rannpháirtíocht ACER i bhfoirne imscrúdúcháin trasteorann de bharr easpa acmhainní102.

131 Is beag tionchar a bhí ag gníomhaíocht ACER i dtaobh drochúsáid mhargaidh sa mhargadh mórdhíola leictreachais a bhrath agus pionóis a fháil curtha i bhfeidhm. Go dtí seo, baineann na fíneálacha go léir, seachas dhá fhíneáil103, a forchuireadh mar gheall ar chúbláil margaidh le mí-úsáidí in earnálacha margaidh nach ndearna ACER faireachán orthu (féach mír 107) nó le sáruithe a tharla roimh an ráithe dheireanach de 2017, nuair a chuir ACER tús lena ghníomhaíocht faireachais margaidh (féach mír 102 agus féach Iarscríbhinn VII).

Chuir ACER in iúl go rialta go raibh ganntanais bhuiséid ann chun faireachas margaidh a dhéanamh, ach níor leithdháil sé acmhainní go maith

132 Faoin gcreat dlíthiúil, ba cheart na hacmhainní cuí a thabhairt do ACER chun a chúraimí a chur i gcrích104. Rinneamar measúnú i dtaobh an ndearna an Coimisiún na hacmhainní iomchuí a chur ar fáil do ACER, agus an ndearna ACER, dá réir sin, iad a leithdháileadh go cuí chun a shainordú a chur i gcrích.

133 Ina chuid doiciméad clársceidealúcháin do thréimhse 2016-2021, chuir ACER in iúl go rialta go raibh imní air nach raibh dóthain foirne ná acmhainní aige, rud a d’fhéadfadh bac a chur air a shainordú a chur i gcrích. Cé gur sainaithníodh gur riosca do bhunáite na ngníomhaíochtaí iad ganntanas acmhainní daonna agus airgeadais, mheas an Coimisiún agus ACER nach raibh siad ina riosca criticiúil ach amháin do ghníomhaíochtaí REMIT. Dar le ACER, ba í an easpa acmhainní daonna agus airgeadais an chúis a bhí le tosaíocht a bhaint de go leor de ghníomhaíochtaí REMIT agus ba í freisin an chúis a bhí le cliseadh ARIS in 2020 (féach mír 103).

134 Fuarthas amach i staidéar neamhspleách105 a choimisiúnaigh Parlaimint na hEorpa go raibh neamhréireacht leanúnach idir iarrataí buiséadacha ACER agus an méid a dheonaigh an Coimisiún. Tugtar le fios sa staidéar gur ann don neamhréireacht mar gheall ar riachtanais acmhainní a bheith faoi ghannmheas nuair a sannadh freagrachtaí nua ar ACER (mar shampla REMIT), agus ar léirmhínithe éagsúla ACER agus na n-údarás buiséadach ar shainordú ACER.

135 Ina thuairimí maidir le dréachtdhoiciméid chlársceidealúcháin ACER do 2017-2021, mhol an Coimisiún gur cheart do ACER déileáil le srianta buiséadacha trí dhíriú ar na cúraimí atá sainordaithe dó de réir dlí, trí líon na mball foirne atá ag obair ar ghníomhaíochtaí tacaíochta a laghdú, agus trí líon na mball foirne a shanntar do ghníomhaíochtaí túslíne a mhéadú.

136 Mar sin féin, fuaireamar amach gur tháinig méadú 47 % ar mhéid na roinne seirbhísí corparáideacha le linn thréimhse 2016-2021, cé go ndearna ACER a lán gníomhaíochtaí cothrománacha a sheachfhoinsiú106, agus go raibh an roinn sin ag brath ar an gcuid is mó den fhoireann eatramhach a d’fhostaigh ACER. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 17 % ar fhoireann ACER ina hiomláine. Níor tháinig ach 14 % de mhéadú ar an dá roinn REMIT, arb iad na ranna iad is mó a bhfuil acmhainní de dhíth orthu, le linn na tréimhse sin (féach Tábla 4).

Tábla 4 – Miondealú ar an bhfoireann de réir roinne

Líon foirne a d’earcaigh ACER go hiarbhír 2016 2017 2018 2019 2020 2021 Difríocht 2021-2016 % de mhéadú
Oifig an Stiúrthóra 14 13 11 12 13 14 0 0 %
Seirbhísí corparáideacha 15 15 17 18 20 22 7 47 %
Leictreachas 13 14 16 22 25 20 7 54 %
Gás 19 15 16 16 14 16 -3 -16 %
REMIT (MIT + MSC) 29 30 30 29 33 33 4 14 %
Iomlán 90 87 90 97 105 105 15 17 %

Foinse: Bunaithe ar shonraí atá foilsithe i ndoiciméid chlársceidealúcháin ACER.

137 Ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, bhí líon na bpost coibhéiseach lánaimseartha arna leithdháileadh ar fhoireann seachadta agus cumarsáide ACER laistigh d’oifig an stiúrthóra (sé phost choibhéiseacha lánaimseartha agus dhá phost eatramhacha) níos mó ná an líon arna leithdháileadh ar a fhoireann faireachais margaidh (sé phost choibhéiseacha lánaimseartha agus beirt oiliúnaithe). Admhaíonn ACER go bhfuil an fhoireann atá freagrach as faireachas margaidh gann ar fhostaithe (féach mír 120). Le leithdháileadh na bpost ag ACER, tá sárú á dhéanamh ar Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) 2019/942, ina sonraítear nach gcuirfear, le leithdháileadh na n-acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide, croíghníomhaíochtaí ACER i mbaol.

138 Roinnt uaireanta, thug ACER rabhadh go raibh an córas TF atá ag REMIT gann ar acmhainní. Fuaireamar amach gurb amhlaidh, i gcaitheamh na mblianta, a tháinig fadhbanna chun cinn i roinnt réimsí mar thoradh ar thearcmhaoiniú (mar shampla, bonneagar agus bogearraí atá as dáta agus neamhleor, tacaíocht neamhleor d’úsáideoirí, agus easpa seirbhísí stórála fadtéarmaí sonraí).

139 In 2021, d’éirigh le ACER Cinneadh ón gCoimisiún107 maidir le bailiú táillí chun gníomhaíochtaí REMIT a mhaoiniú (‘táillí REMIT’) a chur chun feidhme. Thug sé sin sreabh ioncaim breise de €8.8 milliún do ACER. Leis an ioncam breise sin, a fritháiríodh go páirteach le ciorrú €2.5 milliún ar ranníocaíocht bhuiséad an Aontais le buiséad ACER, cuireadh ar chumas ACER méid bhuiséad 2021 le haghaidh caiteachas oibríochtúil ar chóras TF REMIT a mhéadú go €6.2 milliún, i.e. 88 % níos airde ná buiséad deiridh 2020. Mar sin féin, b’ionann agus ceithre oiread mhéideanna 2020 na méideanna a tugadh anonn agus a bhain le caiteachas oibríochtúil ar chóras TF REMIT (€4.0 milliún in 2021, agus €1.1 milliún in 2020). Go hachomair, cé gur shroich an ráta de chur chun feidhme gealltanas le haghaidh thionscadal REMIT 97.58 %, níor caitheadh laistigh den bhliain an sreabh airgid a gineadh as táillí REMIT sa chéad bhliain sin.

140 In 2020, leag ACER béim ar an easpa maoinithe mar chúis le hinfheistíochtaí i gcóras TF REMIT a chur siar108. Ina theannta sin, chuir ACER moill ar chur chun feidhme a bhuiséid le haghaidh 2021; ba é an réasúnaíocht a shonraigh sé ina leith sin ná go raibh éiginnteacht ann i dtaobh bhailiú éifeachtach tháillí REMIT. Dá réir sin, cuireadh moill ar thús roinnt tionscadail oibríochtúla go dtí tar éis an 30 Aibreán 2021, arbh é sin an dáta socraíochta a leagadh síos don chéad tráthchuid de tháillí REMIT le haghaidh 2021109. Mar sin féin, bailíodh dhá thrian de tháillí REMIT faoi dheireadh mhí Aibreáin 2021, agus bhí eolas ar réimsí inar ghá feabhas a chur ar chóras TF REMIT ar feadh na mblianta. Ba ghá pleanáil níos fearr agus gníomhaíocht níos tapúla chun aghaidh a thabhairt air sin.

Ní chuireann uirlisí cóineasúcháin agus struchtúr rialachais ACER lena éifeachtacht ná lena chuntasacht

141 De réir Rialachán ACER, is é príomh-mhisean ACER ná obair na ÚRNanna a chomhordú ionas go mbainfear amach cur chun feidhme cóineasaithe na rialacha trádála trasteorann le haghaidh na margaí leictreachais. Sa roinn seo, rinneamar measúnú ar inniúlachtaí ACER i gcomparáid le creat dlíthiúil an Aontais agus i gcomparáid le tagarmharcanna an Aontais amhail gníomhaireachtaí comhchosúla de chuid an Aontais agus inniúlachtaí an Choimisiúin. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag ACER chun a fheidhmeanna rialála a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach, réasúnaithe agus, thar aon rud eile, neamhspleách110. Rinneamar measúnú freisin ar struchtúr rialachais ACER, bunaithe ar mholtaí ECFE, chun a áirithiú gur ar bhonn oibiachtúil, neamhchlaonta agus comhsheasmhach, gan aon choinbhleacht leasa, claontacht ná tionchar míchuí, a dhéantar cinntí na ngníomhaireachtaí rialála111. Molann ECFE freisin gur cheart d’eagraíochtaí poiblí agus d’oifigigh oscailteacht a áirithiú sa phróiseas chun coinbhleacht leasa a réiteach nó a bhainistiú112.

142 Ní mór d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre a dhéanamh ar shlí chomh hoscailte agus is féidir chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú ionas go ndéanfar an dea-rialachas a chur chun cinn113. Tá ceangal dlíthiúil ar ACER a chuid oibre a chur in iúl go trédhearcach don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar114. Rinneamar measúnú freisin ar thrédhearcacht ar líne ACER i gcomparáid le tagarmharcanna an Aontais amhail gníomhaireachtaí comhchosúla de chuid an Aontais agus uirlisí an Choimisiúin.

Ní féidir, le huirlisí cóineasúcháin ACER, comhordú iomlán a dhéanamh ar na ÚRNanna

143 Bhí cumhacht ACER rochtain a bheith aige ar shonraí rúnda ar cheann de na saincheisteanna a tháinig chun cinn go mion minic le linn an fhaireacháin a rinne sé ar ghníomhaíochtaí (e.g. féach míreanna 81, 82). Le Rialachán athmhúnlaithe ACER, tugadh de chumhacht do ACER cinntí ceangailteacha a eisiúint chun faisnéis a iarraidh ar ÚRNanna, ar OCTanna, ar ENTSO-E, agus ar OAMLanna (Airteagal 3). Níl aon chumhacht ag ACER, áfach, pionóis a fhorchur i gcás neamh-chomhlíonadh na gcinntí sin. Tá cumhachtaí den sórt sin ag an gCoimisiún i gcás nach gcuireann na Ballstáit faisnéis leordhóthanach ar fáil don Choimisiún115.

144 Is féidir le ACER, agus rinne sé, tuairimí agus moltaí atá dírithe chuig na príomhghníomhaithe, amhail ENTSO-E agus na ÚRNanna, a ghlacadh. Ní chuirtear de ghnáth, le Rialachán ACER, aon oibleagáid ar ACER obair leantach a dhéanamh orthu sin. Níl de cheangal ar na seolaithe (e.g. ÚRNanna, an Coimisiún, ENTSO-E) tuairisciú do ACER maidir lena gcomhlíontacht i dtaca leis na tuairimí/na moltaí ná míniú a thabhairt ar na cúiseanna le neamh-chomhlíontacht. Leagtar amach cur chuige den sórt sin (i.e. ‘comhlíon nó mínigh’) i Rialachán ESMA le haghaidh mholtaí ESMA116.

145 Ar an gcaoi chéanna, ní chuireann Rialachán ACER de cheangal ar ACER faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuiltear ag comhlíonadh a chuid cinntí ceangailteacha (e.g. cinntí maidir le glacadh TCManna). Níl an chumhacht ag ACER iad sin a fhorfheidhmiú. Thairis sin, níor úsáid an Coimisiún riamh na cumhachtaí forfheidhmithe atá aige i dtaca le TCManna.

146 Sa bhreis air sin, le Rialachán ACER, ní thugtar do ACER uirlisí cóineasúcháin maoirseachta áirithe atá ar fáil do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (e.g. ÚBE, ESMA); mar shampla, athbhreithnithe piaraí ar ÚRNanna, nó imscrúduithe ar sháruithe ar dhlí an Aontais ar a thionscnamh féin. Le sainchumais den sórt sin, d’fhéadfaí cur chun feidhme aschur comhairleach agus rialála ACER agus éifeachtacht chomhordú na ÚRNanna ar chleachtais mhaoirseachta a chothú nó d’fhéadfaí a áirithiú go ndéanfaí obair ENTSO-E a ailíniú ar shlí níos fearr le leasanna an Aontais.

147 Tuilleann OCTanna ioncam suntasach ó phlódú ón trádáil trasteorann sna margaí lá roimh ré (féach mír 18). Ní mór do na ÚRNanna a sheiceáil an infheistíonn OCTanna an t-ioncam sin in acmhainneacht idirnaisc i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Leictreachas. Níl aon sainordú ar leith ag ACER chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann OCTanna as ioncam ó phlódú, ná chun cleachtais mhaoirseachta na ÚRNanna sa réimse sin a chomhordú.

De bharr struchtúr rialachais ACER, tá bac á chur ar a éifeachtacht agus ar a neamhspleáchas

148 Bíonn ar Stiúrthóir ACER tuairim fhabhrach le haghaidh na bpríomh-aschur rialála (e.g. cinntí ACER maidir le glacadh TCManna, formhór na ndea-chleachtais, na moltaí agus na dtuairimí) a fháil ón mBord Rialálaithe (BoR), atá comhdhéanta d’ionadaí amháin ó ÚRN in aghaidh an Bhallstáit. Ina theannta sin, formheasann an Bord Rialálaithe ceapachán Stiúrthóir ACER, a chuireann na dréachtaí rialála sin faoi bhráid an Bhoird Rialálaithe lena bhformheas. Cé go gceanglaítear ar an mBord Rialálaithe gníomhú ar mhaithe leis an Aontas Eorpach ina iomláine, agus ar mhaithe leis sin amháin, níl aon choimircí reachtacha i Rialachán ACER chun a chinntiú nach mbeidh na hionadaithe páirteach i gcinntí an Bhoird Rialálaithe atá contrártha do chinntí sonracha na ÚRNanna nó do leasanna náisiúnta (i gcás ina ndéanann ÚRNanna iad a chosaint i gcomhréir lena stádas dlíthiúil). Is amhlaidh atá toisc go bhféadfadh difríocht a bheith ann idir an measúnú ar ghlantairbhí leasa ar an leibhéal náisiúnta agus an measúnú ar ghlantairbhí leasa ar leibhéal an Aontais a eascraíonn as idirghabhálacha ACER. Mar chomparáid, tá roinnt coimircí neadaithe in athbhreithniú 2019 ar Rialachán ESMA117.

149 Le linn na hiniúchóireachta, thugamar faoi deara freisin go raibh laigí i gcur chun feidhme rialacha inmheánacha ACER118 maidir le bainistiú agus foilsiú na ndearbhuithe leasanna do chomhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus an Bhoird Riaracháin. Le tuilleadh trédhearcachta i bpróisis chinnteoireachta bhoird agus mheithleacha ACER, d’fhéadfaí cur leis an ngrinnscrúdú poiblí ar leasanna coinbhleachtacha (e.g. miontuairiscí agus torthaí vótála a fhoilsiú, féach Iarscríbhinn IX).

150 Ós rud é go dtugann an Bord Rialálaithe a thuairimí bunaithe ar thromlach dhá thrian, chuir an Coimisiún in iúl gur cúis imní dó go bhféadfadh mionlach beag tograí stiúrthóir ACER a chrosadh, rud a fhágann go dteipeann ar thionscnaimh rialála nó go gcuirtear moill orthu, agus go raibh saincheisteanna ann go mion minic maidir le neamhspleáchas na ÚRNanna ar na rialtais agus maidir le leormhaitheas a n-acmhainní (ceanglas de chuid na Treorach maidir le Leictreachas)119. Mar sin féin, níor cuireadh aon athchóirithe maolaitheacha san áireamh i Rialachán athmhúnlaithe ACER. In 2021, léiríodh imní i bplé sa Bhord Rialálaithe maidir le neamhspleáchas na ÚRNanna agus maidir le sainiú na bhfreagrachtaí idir ÚRNanna agus na rialtais náisiúnta120. Thairis sin, braitheann saineolas seachtrach in ACER go mór ar rannpháirtíocht shaineolaithe na ÚRNanna sna meithleacha agus sna tascfhórsaí. Féadfaidh saineolaithe ÚRNanna a bheith faoi réir na gcoinbhleachtaí leasa a luadh roimhe seo freisin. Níl orthu, áfach, aon dearbhú i dtaca le coinbhleachtaí leas a shíniú.

151 Cé go leithdháiltear acmhainní suntasacha chun straitéis agus cumarsáid a chur i gcrích, tá príomhuirlis chumarsáide ACER – a shuíomh gréasáin – á reáchtáil go neamhéifeachtach. Mar shampla, ní furasta doiciméid riachtanacha a rochtain, nó ní fhoilsítear in aon chor iad. An trédhearcacht a bhíonn de dhíth ar uirlis dea-rialachais, tá sí in easnamh ar an suíomh gréasáin. I gcásanna áirithe, ní chomhlíontar ceanglais rialála leis fiú (féach Iarscríbhinn IX).

Conclúidí agus moltaí

152 Leis an roghnú uirlisí rialála a rinne an Coimisiún, cuireadh isteach ar an tionscadal uaillmhianach agus casta a bhí ann go ndéanfaí an margadh inmheánach leictreachais a thabhairt i gcrích, rud a d’fhág gur cruthaíodh struchtúr dlíthiúil atá casta ó thaobh na rialacha trádála trasteorann de, agus go raibh moilleanna ann. Chuir na laigí i gcreat rialachais an Aontais isteach freisin air. Níor rannchuidíodh, le cur chuige rialála an Choimisiúin agus le cur chuige faireacháin an Choimisiúin agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), go leordhóthanach le feabhsú fheidhmiú mhargadh leictreachais an Aontais. Sa bhreis air sin, bhí an faireachas margaidh chun drochúsáid agus cúbláil margaidh a bhrath agus a dhíspreagadh neamhiomlán.

153 Maidir leis an dul chun cinn ar chomhtháthú na margaí leictreachais trí na margaí leictreachais náisiúnta go léir a chúpláil – rud a éilítear le treoirlínte gréasáin an Aontais, bhí sé sin mall i gcaitheamh thréimhse 2015-2021. Bhí an dul chun cinn sa chomhtháthú measctha idir na tráthchláir (deighleoga) éagsúla mhargaidh, agus ní raibh sé tugtha chun críche faoi dheireadh 2021. Bhí sé sin amhlaidh seacht mbliana tar éis an spriocdháta tosaigh, cé gur cuireadh tús le tionscadail thábhachtacha chúplála go deonach sular glacadh na treoirlínte. Níor cuireadh aon cheann de na treoirlínte i bhfeidhm go hiomlán. Tá tairbhí eacnamaíocha ann nach bhfuil leas bainte fós astu agus a thagann ó chóineasú níos mó ar phraghsanna, ar rud é sin a eascraíonn as forás sa trádáil trasteorann. Ina theannta sin, cuireadh bac ar éifeachtacht chomhtháthú na margaí leictreachais mar gheall ar an easpa dul chun cinn maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil ó na hidirnascairí traschriosacha (féach mír 37 go mír 46).

154 Ba chéim thábhachtach iad na cóid ghréasáin agus na treoirlínte gréasáin a ghlac an Coimisiún le linn thréimhse 2015-2017 chun cuspóirí reachtóir an Aontais a bhaint amach, eadhon iomaíocht trasteorann a chothú i dtaobh giniúint leictreachais agus deireadh a chur le bacainní rialála ar an trádáil trasteorann. Mar sin féin, mar thoradh ar chur chuige rialála an Choimisiúin, eadhon na Téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí (TCManna) a bhí le glacadh ag na hÚdaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna) agus ag ACER a roghnú, bhí cur chun feidhme fhormhór na rialacha sin róchasta agus bhí moill curtha air.

155 In ainneoin go ndearna ACER TCManna faoina shainchúram a fhormheas go tráthúil, bhí moill ar chur chun feidhme na gcód/na dtreoirlínte gréasáin, go háirithe mar gheall ar an líon ard TCManna, mar gheall ar chomhaontuithe moillithe i dtaobh TCManna ag ÚRNanna agus ag Oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) agus mar gheall ar phróisis neamhéifeachtacha formheasa a leagtar amach sna treoirlínte gréasáin (féach mír 50 go mír 56). Ina mheasúnú tionchair, ní dhearna an Coimisiún anailís leordhóthanach ar thionchar dhearadh an mhargaidh agus an rialachais a cuireadh i bhfeidhm, go háirithe na gnéithe lárnacha a bhaineann le hobair rialála a tharmligean chuig ÚRNanna agus chuig ACER, agus ar chomhleanúnachas dhearadh an mhargaidh, e.g. na himpleachtaí a bhíonn ag modhanna praghsála i gcásanna géarchéime lena ngabhann suaitheadh ar mhargaí ionchuir agus i bhfianaise an fháis ar an bhfuinneamh in-athnuaite (féach mír 57 go mír 61).

Moladh 1 – Cur chun feidhme an chreata rialála a shruthlíniú

Ba cheart don Choimisiún:

  1. nuair a bheidh cóid ghréasáin agus treoirlínte nua á bhforbairt aige, measúnú a dhéanamh go córasach ar na costais agus tairbhí a ghabhann lena leagan amach cén chaoi a ndéanfar iad a chur chun feidhme tuilleadh, agus é sin a dhéanamh trí théarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí a ghlacadh, go háirithe i bhfianaise an ualaigh riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann do ACER, do na ÚRNanna agus do pháirtithe eile atá páirteach ann;
  2. athmheasúnú a dhéanamh ar rialacha an Aontais lena rialaítear leagan síos phraghsanna mórdhíola leictreachais, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair agus an mhéadaithe ar fhuinneamh in-athnuaite;
  3. rialacha a leagan síos trína ndéantar solúbthacht an éilimh a dhreasú.

Spriocdháta cur chun feidhme: amhail ó dheireadh 2023 do 1(a) agus 1(b); 2025 do 1(c).

156 Leis an rogha a rinne an Coimisiún a bheith i dtuilleamaí treoirlínte gréasáin agus TCManna chun rialacha an mhargaidh a chur chun feidhme, arna neartú le piarbhrú ó gheallsealbhóirí, fágtar breis saoirse cur chun feidhme ag na Ballstáit ná mar a bheadh acu le rialáil dhíreach. Dá réir sin, bhí gá le róil láidre faireacháin a bheith ag na comhlachtaí de chuid an Aontais atá freagrach (an Coimisiún agus ACER), chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar dul chun cinn comhsheasmhach maidir leis an gcur chun feidhme ó Bhallstát go chéile.

157 Tá freagracht chomhroinnte ar ACER agus ar an gCoimisiún as forfheidhmiú aonfhoirmeach na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin ag na ÚRNanna a chomhordú. Rinne ACER faireachán ar ghlacadh na TCManna, nótáil sé moilleanna agus rinne sé, de ghnáth, TCManna a formheas laistigh dá shainchúram in am trátha (féach mír 54). Theip air, áfach, breithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme cheanglais na dtreoirlínte gréasáin agus na TCManna agus tuairisciú go rialta don Choimisiún agus do na ÚRNanna ina leith sin, mar gheall ar easpa straitéis shoiléir faireacháin, agus mar gheall ar shrianta ar acmhainní (féach míreanna 68 go 78). Ina theannta sin, de bharr easpa sonraí cuireadh bac ar fhaireachán ACER ar éifeachtaí na rialacha margaidh agus ní raibh moltaí láidre ann do ÚRNanna dá thoradh sin. Níor chuir ACER bearta féideartha ar fáil chun comhtháthú an mhargaidh a chothú trí thuairimí a eisiúint chuig an gCoimisiún agus chuig an bParlaimint (féach míreanna 80 go 85).

158 Ní raibh creat coiteann ag an gCoimisiún ná ag ACER chun faireachán a dhéanamh ar na cóid/na treoirlínte gréasáin (féach míreanna 93 go 97). Níor chuidigh faireachán ACER le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhordaithe ag ÚRNanna. De bharr, go páirteach, forálacha doiléire sna treoirlínte gréasáin nó de bharr sonraí a bhí ar cháilíocht lag nó sonraí a bhí in easnamh (e.g. an tArdán Trédhearcachta), níor rannchuidigh faireachán ACER leis an dul chun cinn ar ghnéithe lárnacha den chur chun feidhme, i.e. an t-athbhreithniú ar na criosanna tairisceana agus uasmhéadú na n-acmhainneachtaí idirnaisc (míreanna 86 go 92). Dá thoradh sin, níor tháinig ACER i dtír ar an gcumas atá ann forfheidhmiú tráthúil agus cóineasaithe na dtreoirlínte ag ÚRNanna agus, i ndeireadh na dála, comhtháthú mhargadh leictreachais an Aontais, a chothú.

Moladh 2 – Feabhas a chur ar an gcreat faireacháin le haghaidh treoirlínte gréasáin

  1. Ba cheart don Choimisiún agus do ACER soiléiriú a dhéanamh ar a straitéis maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód gréasáin/na dtreoirlínte gréasáin agus ar éifeachtaí an chéanna, agus an straitéis sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama agus sna Ballstáit trí chéile.
  2. Le tacaíocht ó ACER, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar laigí an Ardáin Trédhearcachta agus chreat sonraí fuinnimh an Aontais, agus, más gá, bearta reachtacha ceartaitheacha a ghlacadh.

Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023 le haghaidh 2(a); 2025 le haghaidh 2(b).

159 Níl faireachán ACER ar shláine na margaí mórdhíola leictreachais (REMIT) uileghabhálach (féach mír 117 go mír 121). Ní raibh an bailiú sonraí cuimsitheach, níor tugadh aghaidh leis ar na príomhréimsí riosca (féach mír 105 go mír 108) agus cuireadh bac ar chóras TF REMIT de bharr tearcinfheistíochta (féach mír 103). Ina theannta sin, bhí forfheidhmiú na rialacha i gcoinne drochúsáid mhargaidh neamh-chomhsheasmhach de bharr cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta agus toisc go bhfuil cumhachtaí agus acmhainní ACER teoranta. Tá ról cinntitheach ag ÚRNanna maidir leis na gnéithe is tábhachtaí den phróiseas forfheidhmiúcháin (féach mír 123 go mír 127), agus níl sé d’acmhainn ag ACER breisluach a thabhairt ó thaobh comhordú imscrúduithe trasteorann, atá ag tarlú ar bhonn i bhfad níos minice (féach mír 128 go mír 130). Níor tháinig mórán smachtbhannaí as faireachas ACER (féach mír 131).

160 Go dtí seo, cuireadh an bhéim ba mhó ar bhailiú sonraí ardcháilíochta. Is gné lárnach de REMIT é seo, ach tá sé tánaisteach i gcomparáid le príomhchuspóir an Rialacháin, is é sin a áirithiú go ndéantar faireachas margaidh (féach mír 100) agus go n-úsáidtear na sonraí a eascraíonn as sin chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú (féach mír 113 go mír 115).

161 Deich mbliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, níor éirigh le Rialachán REMIT – ar na cúiseanna a bhfuil tuairisc anseo thuas orthu – teacht i dtír go hiomlán ar an deis atá ag gabháil leis drochúsáid mhargaidh a chosc agus an trédhearcacht a chur chun cinn sa mhargadh mórdhíola leictreachais. Dá thoradh sin, tá an baol ann go saobhfar margadh leictreachais an Aontais trí chúbláil margaidh, agus go ndéanfar dochar dá réir do na tomhaltóirí deiridh (féach mír 102 go mír 140).

Moladh 3 – Feabhas a chur ar fhaireachas ACER ar shláine na margaí mórdhíola

Chun faireachas na margaí a fheabhsú agus chun saobhadh margaidh féideartha a chosc, ba cheart do ACER rialachán REMIT a chur chun feidhme go hiomlán, mar shampla tríd an gcumhdach sonraí a bhaineann le faireachas margaidh REMIT a chur i gcrích, trí fheabhas a chur ar chumhdach na n-iompraíochtaí mí-úsáideacha a ndéanann sé faireachán orthu, agus trí chomhar imscrúdaitheach trasteorann a chothú trí ghrúpaí imscrúdaitheacha a chur ar bun.

Spriocdháta don chur chun feidhme: 2025.

162 Le linn thréimhse 2016-2021, thug ACER rabhadh go mion minic go raibh sé gann ar acmhainní, agus go mbeadh tionchar diúltach ag an easpa acmhainní sin ar chomhlíonadh a shainordaithe. Go deimhin, d’fhulaing ACER ganntanais struchtúracha bhuiséadacha (féach mír 133 go mír 134); mar sin féin, thángamar ar fhianaise freisin lena dtugtar le fios gur measa na fadhbanna sin de dheasca leithdháileadh easnamhach acmhainní daonna agus airgeadais ag ACER (féach mír 135 go mír 140).

163 In 2021, d’éirigh le ACER bailiú táillí REMIT a chur chun feidhme, rud a thug sruth nua ioncaim de €8.8 milliún dó. Mar sin féin, fágadh gan úsáid an chuid is mó den sreabhadh airgid a ghin táillí REMIT in 2021. Amach anseo, beidh sé ríthábhachtach do ACER an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní suntasacha breise airgeadais atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt go pras ar na saincheisteanna struchtúracha.

Moladh 4 – Úsáid táillí REMIT a bhrostú chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh i bhfaireachas margaidh ACER

Ba cheart do ACER dlús a chur le húsáid acmhainní airgeadais breise a fhaightear trí tháillí REMIT chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh ina ghníomhaíochtaí REMIT (mar shampla, córas TF atá go mór as dáta, ganntanas foirne). Ba chóir do ACER feabhas a chur ar an bhfaireachán ar na riachtanais foirne sna ranna uile, bunaithe ar na tosaíochtaí atá leagtha síos aige.

Spriocdháta don chur chun feidhme: faoi dheireadh 2023.

164 In ainneoin na dtionscnamh ón gCoimisiún chun Rialachán ACER a thabhairt cothrom le dáta, tá srianta fós ar ACER maidir le héifeachtacht na gcumhachtaí agus an rialachais is gá chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha maidir le margadh leictreachais an Aontais a chothú sna ÚRNanna, sna OCTanna agus sna hOibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais (OAMLanna) (féach míreanna 143 go 150).

Moladh 5 – Rialachas ACER a fheabhsú

Ba cheart don Choimisiún feabhsuithe ar rialachas ACER a mheas agus a mholadh trí fheabhas a chur ar neamhspleáchas ACER ar ÚRNanna agus ar leasanna náisiúnta, trí chumhachtaí forfheidhmiúcháin, agus trí uirlisí cóineasúcháin.

Spriocdháta don chur chun feidhme: 2025.

165 Tá príomhuirlis chumarsáide ACER – a shuíomh gréasáin – á reáchtáil go neamhéifeachtach. Níl rochtain éasca ag geallsealbhóirí ná ag an bpobal i gcoitinne ar dhoiciméid thábhachtacha, nó ní fhoilsítear in aon chor iad. An trédhearcacht a theastaíonn le haghaidh uirlis chumarsáide, tá sí in easnamh ar an suíomh gréasáin. I gcásanna áirithe, ní chomhlíonann sé na ceanglais rialála fiú (féach mír 151).

Moladh 6 – Trédhearcacht agus cuntasacht ACER a fheabhsú

Ba cheart do ACER trédhearcacht agus cuntasacht a chuid oibre a fheabhsú trí rochtain phoiblí ar na doiciméid agus ar na sonraí atá ar a shuíomh gréasáin a éascú, trína áirithiú go bhfoilsítear a chinntí agus a shonraí go hiomlán agus go tráthúil i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla, agus trí bheartas trédhearcachta atá sainithe go soiléir agus atá bunaithe ar dhea-chleachtais a thabhairt isteach.

Spriocdháta don chur chun feidhme: Faoi 2024.

166 Is uirlis thábhachtach iad pionóis chun comhlíonadh cheanglais dlí an Aontais a áirithiú. Chun machaire réidh san Aontas a ráthú, is den ríthábhacht é a áirithiú go mbeidh na pionóis comhsheasmhach ar fud na mBallstát.

167 Ní dhearna an Coimisiún ná ACER faireachán ar an gcaoi ar thrasuigh na Ballstáit pionóis iomchuí agus inchomparáide sa dlí náisiúnta, ná ar an gcaoi a ndearna na ÚRNanna cóid ghréasáin/treoirlínte gréasáin agus dlíthe eile de chuid an Aontais a fhorfheidhmiú. Ní fhoráiltear le REMIT ach do phrionsabail ghinearálta áirithe; is iad na reachtóirí náisiúnta a dhéanann pionóis a leagan síos. Fuaireamar nach ndearna an Coimisiún aon rud chun a chinntiú go raibh pionóis comhleanúnach ar fud na mBallstát, bíodh sin i gcás na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte gréasáin nó i gcás REMIT (féach míreanna 96 agus 126).

Moladh 7 – Measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le creat chun pionóis a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach

Chun comhlíonadh rialacha an Aontais a chothú agus arbatráiste rialála a chosc, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na pionóis as sáruithe ar rialacha an Aontais achtaithe sa reachtaíocht agus á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát.
  2. má tá údar leis, creat a fhorbairt ina leagfar amach íoscheanglais chomhchoiteanna maidir le pionóis.

Spriocdháta don chur chun feidhme: 2023.

Is é Seomra IV, faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 13 Nollaig 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
An tUachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Margaí mórdhíola leictreachais

Is tráchtearra neamhghnách é leictreachas. Fágann airíonna éagsúla gur gá ceithre chineál margaidh mórdhíola leictreachais a bheith ann.

  • Ach a dtáirgtear é, ní féidir leictreachas a stóráil go tíosach. Ina theannta sin, tá roinnt stáisiúin chumhachta ann nach féidir leo a n-aschur a athrú ach go mall, toisc go mbíonn roinnt uaireanta an chloig de dhíth orthu chun tosú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chionsiocair le harduithe tobanna suntasach ar phraghsanna, a leagtar ar na tomhaltóirí ansin. Fágann sé sin gur gá margaí lá roimh ré a bheith ann inar féidir an táirgeadh a phleanáil agus a thrádáil lá amháin roimh ré.
  • Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an sciar den fhuinneamh ar fuinneamh in-athnuaite é, is féidir leis an acmhainneacht ghiniúna athrú go tapa. Mar shampla, ní féidir an t-aschur iarbhír gaoithe agus gréine a thuar agus ní féidir teacht ar an eolas ina leith ach gar d’fhíor-am. Thairis sin, ós rud é nach féidir leictreachas a ghintear a stóráil, bíonn laghdú láithreach ar an soláthar mar thoradh ar bhristeacha bonneagair. Fágann sé sin gur gá margaí a bheith ann inar féidir an t-éileamh atá beartaithe a choigeartú faoi ghearrfhógra: na margaí ionlae.
  • Chun go dtiocfar roimh an riosca go dtarlódh lándorchuithe, ní mór an t-éileamh agus an soláthar san eangach leictreachais a mheaitseáil i gcónaí. Fágann sé sin gur gá margaí a bheith ann inar féidir le hoibreoirí córais tarchurtha, a sholáthraíonn gar don am seachadta fisiciúil (OCTanna), an fuinneamh is gá a fháil chun an eangach a choinneáil cothrom: na margaí cothromúcháin.
  • Mar gheall ar luaineacht na spotphraghsanna a chruthaítear de bharr na heaspa stórála, tá sé tábhachtach do mhiondíoltóirí agus do tháirgeoirí a rioscaí a imfhálú ar mhargaí todhchaíochtaí (d’fhéadfadh sé gur blianta, míonna nó seachtainí roimh an dáta seachadta a bheadh i gceist anseo).

Foinse: CIE, bunaithe ar Tennet 2019.

Ós rud é nach mór na gréasáin a oibriú de réir teorainneacha sábháilte acmhainneachta, déanann na hoibreoirí córais tarchurtha an acmhainneacht idirnaisc a leithdháileadh ar thrádálacha lena seachadadh idir criosanna tairisceana. Is limistéir ghréasáin iad na criosanna tairisceana nár cheart go ndéanfadh plódú struchtúrach difear dóibh. Ag brath ar chineál na margaí mórdhíola, úsáidtear modhanna éagsúla leithdháilte. Ar na margaí lá roimh ré, díolann na hoibreoirí córais tarchurtha an acmhainneacht tarchurtha go hintuigthe, trí úsáid a bhaint as algartam, lena meaitseáiltear an soláthar agus an t-éileamh leictreachais agus an acmhainneacht thraschriosach. Ar an margadh todhchaíochtaí déantar na cearta a thrádáil ar leithligh ón leictreachas. Is féidir leis na hoibreoirí córais tarchurtha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh freisin chun plóduithe gréasáin neamhphleanáilte a réiteach (e.g. athsheoladh agus fritrádáil).

Iarscríbhinn II – Na príomhfhorbairtí i gcúpláil na malartán cumhachta

Margadh-chúpláil dheonach:

  • 1996-2000: cúpláiltear spotmhargaí cumhachta na hIorua agus na Sualainne (Nord Pool – tráthchláir lá roimh ré, ionlae, chothromaithe); glacann an Fhionlainn agus an Danmhairg páirt in Nord Pool;
  • 2006: cúplálann an Bheilg, an Fhrainc agus an Ísiltír a gcuid margaí (Margadh-chúpláil Thríthaobhach, i.e. TMC);
  • 2010: glacann an Ghearmáin agus Lucsamburg páirt in TMC (agus cruthaítear Iarthar Mór-roinneach na hEorpa, i.e. CWE);
  • 2012: cúpláiltear an tSeicia, an Ungáir agus an tSlóvaic;
  • 2013: glacann an Ostair páirt in CWE;
  • 2014: cúpláiltear CWE, an Ríocht Aontaithe, Nord Pool, an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin; cúpláiltear an Spáinn agus an Phortaingéil le CWE; cúpláiltear an Ungáir agus an Rómáin (agus cruthaítear 4M MC);
  • 2015: cúpláiltear an Iodáil leis an bhFrainc, an Ostair agus an tSlóivéin (agus cruthaítear limistéar MRC ina bhfuil 19 mBallstát cúpláilte);
  • 2015: déanann CWE margadh-chúpláil atá bunaithe ar shreabhadh a chur chun feidhme.

Gníomhaíochtaí éigeantacha (tar éis Treoirlínte/TCManna margaidh a ghlacadh):

  • 2018: cúpláiltear margaí ionlae 15 Bhallstát (CWE móide Ballstáit mhór-roinneacha eile);
  • 2019: glacann seacht mBallstát eile páirt i gcúpláil ionlae;
  • 2020: cúpláil lá roimh ré ar an Iodáil agus ar an nGréig;
  • 2021: cúpláil lá roimh ré ar an nGréig agus ar an mBulgáir; tionscadal cúplála eatramhaí lá roimh ré inar cúpláladh 4M MC le MRC; cúpláil lá roimh ré ar an Rómáin agus ar an mBulgáir; cúpláil lá roimh ré ar an Iodáil leis an 22 Bhallstát chúpláilte eile.

Iarscríbhinn III – Forléargas ar na príomhcheanglais atá sna treoirlínte gréasán

Deighleog mhargaidh Treoirlíne ón gCoimisiún Príomhriachtanais
Margaí lá roimh ré

Margaí ionlae
Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015, lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (CACM)
  1. Rialacha maidir le ríomh na hacmhainneachta tarchurtha lá roimh ré agus ionlae
  2. Ríomh agus leithdháileadh na hacmhainneachta tarchurtha trasteorann atá bunaithe ar shreabhadh, bhí sé níos éifeachtúla ná ríomh na glanacmhainneachta tarchurtha (NTC)121
  3. Cumraíocht éifeachtúil na gcriosanna tairisceana lena léirítear plódú struchtúrach gréasáin
  4. Algartaim phraghsála chomhchuibhithe, amanna dúnta geataí agus táirgí
  5. Rialacha maidir le hioncam ó phlódú a dháileadh idir OCTanna
Margaí todhchaíochtaí Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016, lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta fadtréimhsí (FCA)
  1. Cearta maidir le tarchur fadtéarmach a eisiúint ag gach teorainn (seachas i gcás maoluithe)
  2. Ardán Eorpach aonair chun leithdháileadh sainráite ar chearta tarchurtha a chur ar ceant le haghaidh tráthchláir atá níos faide ná lá roimh ré
  3. Táirgí agus modhanna praghsála atá comhchuibhithe go páirteach
  4. Rialacha maidir le ríomh na hacmhainneachta tarchurtha todhchaíochtaí
  5. Rialacha maidir le hioncam ó phlódú a dháileadh idir OCTanna
Margaí don chothromú Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017, lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (EB)
  1. Róil na bpáirtithe atá freagrach as cothromú agus na soláthraithe seirbhíse cothromúcháin
  2. Próisis ar leithligh chun fuinneamh cothromúcháin agus acmhainneacht cothromúcháin a sholáthar
  3. Ceithre ardán cothromúcháin uile-Aontais a sholáthraíonn rochtain OCTanna ar tháirgí fuinnimh cothromúcháin
  4. Algartaim phraghsála chomhchuibhithe, amanna dúnta geataí agus táirgí
  5. Rialacha maidir le ríomh na hacmhainneachta tarchurtha cothromúcháin

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn IV – Cairt eagraíochta ACER

Nóta: Déantar Seachadadh Straitéise & Seirbhísí Cumarsáide agus Dlí a riar faoin Stiúrthóir; tá Barr Feabhais Sonraí faoi MIT; agus tá ITSP go comhpháirteach faoi MIT agus faoi sheirbhísí Corparáideacha araon.

Iarscríbhinn V – Forléargas ar fhaireachán ACER ar chriosanna tairisceana

Is limistéir gheografacha iad criosanna tairisceana (CTanna) ina bhfuil rannpháirtithe sa mhargadh in ann leictreachas a thrádáil gan iallach a bheith orthu acmhainneacht tarchurtha a fháil chun gur féidir leo a n-idirbhearta a chur i gcrích. Luaitear i dtreoirlíne CACM gur cheart leithdháileadh na n-acmhainneachtaí ar rannpháirtithe sa mhargadh a bheith bunaithe ar shaorphraghsáil an phlódaithe tarchurtha ag na teorainneacha idir criosanna tairisceana. Le cumraíocht iomchuí na gcriosanna tairisceana is féidir borradh a chur faoin acmhainneacht tarchurtha a chuirtear ar fáil le haghaidh trádála agus, ar deireadh thiar, le haghaidh trádáil agus iomaíocht trasteorann. Is féidir criosanna tairisceana a mhodhnú trí theorainneacha na gcriosanna a dheighilt, a chumasc nó a choigeartú.

Ceanglaítear ar ACER an méid seo a leanas a dhéanamh de réir threoirlíne CACM:

  • meastóireacht a dhéanamh ar thionchar chumraíocht CTanna ar éifeachtúlacht an mhargaidh gach trí bliana (‘tuarascáil mhargaidh’), bunaithe ar thuarascáil theicniúil ó ENTSO-E;
  • athbhreithniú ag OCTanna faoi seach ar chumraíochtaí criosanna tairisceana atá ann cheana a thionscnamh i gcás ina sainaithnítear neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh.

Ní leagtar amach cumraíocht na gcriosanna tairisceana i dtreoirlíne CACM, ach ceadaítear do ACER, do ÚRNanna, do OCTanna agus do na Ballstáit i réigiún ríofa acmhainneachta a iarraidh ar OCTanna faoi seach athbhreithniú a sheoladh ar chumraíochtaí na gcriosanna tairisceana atá ann cheana. Bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin, tíolacfaidh OCTanna togra comhpháirteach, a ndéanfaidh na Ballstáit faoi seach cinneadh ina leith.

Chuir ACER dhá thuarascáil mhargaidh ar fáil (in 2018 agus 2021) mar a cheanglaítear le treoirlíne CACM. Ina theannta sin, bhí ACER i gceannas ar scéim phíolótach chomhpháirteach le ENTSO-E maidir le measúnú agus athbhreithniú CTanna (a seoladh in 2012 sular glacadh treoirlíne CACM, agus a cuireadh i gcrích in 2018).

In ainneoin gur chuir sé fianaise ar fáil i dtaobh neamhéifeachtúlachtaí ar feadh trí bliana (2015-2017) mar a leagtar síos sa treoirlíne, bhí an measúnú foriomlán a rinne ACER in 2018 neamhchonclúideach maidir leis an ngá le leasú a dhéanamh ar aon CT ar leith. Tar éis dó measúnú a dhéanamh, níor thionscain ACER athbhreithniú in 2018 agus sholáthair sé moltaí cineálacha le haghaidh imscrúduithe breise.

Thángamar ar dhá chineál cúise le heaspa conclúidí soiléire:

  • d’áitigh ACER gur easpa sonraí agus faisnéise a ba chúis leis, lena n-áirítear fianaise neamhleor a bheith tugtha ag ENTSO-E.
  • bunaíodh measúnú ACER ar thuarascáil athbhreithnithe ENTSO-E in 2018 nár clúdaíodh inti ach réigiúin áirithe de chuid an Aontais (arna iarraidh sin ag ACER faoi chuimsiú na scéime píolótaí) in ionad thuarascáil theicniúil ENTSO-E (arna seachadadh i mí Dheireadh Fómhair 2018), de bharr mhoill ENTSO-E leis an tuarascáil sin (chuathas trí mhí thar an spriocdháta dlíthiúil). /li>

Thairis sin, níor chuir bearnaí sa chreat dlíthiúil le soiléireacht argóintí agus chonclúidí ACER. I dtreoirlíne CACM, ní shainítear coincheap an chreasa tairisceana ná ní leagtar síos inti critéir shonracha le haghaidh measúnuithe ACER ar chriosanna tairisceana. Ní léir an ndearnadh measúnú iomlán sa tuarascáil mhargaidh ar thionchar na cumraíochta ar éifeachtúlacht an mhargaidh: ní dhearna ACER critéir amhail leachtacht an mhargaidh agus cumhacht an mhargaidh a chur i bhfeidhm (cé go luaitear iad i dtreoirlíne CACM, féach Airteagal 33).

Rinne ACER an dara measúnú ar CTanna in 2021 (lenar cumhdaíodh tréimhse 2018-2020). Bhí sé neamhéifeachtach agus neamhchonclúideach araon. Go deimhin, bhí forluí idir é agus an t-athbhreithniú leanúnach ar CTanna a tionscnaíodh le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Leictreachas a seoladh in 2020 (Airteagal 14). Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh ACER an chonclúid ‘go dtí seo, níor léiríodh le cumraíochtaí na gcriosanna tairisceana an plódú struchtúrach foluiteach; ina ionad sin, is minic a leanann a bhformhór na teorainneacha náisiúnta’. Léiríodh sa tuarascáil go raibh roinnt réigiún ann nár éirigh go maith leo ó thaobh éifeachtúlacht an mhargaidh de. Mar sin féin, arís eile, níor moladh sa dara tuarascáil aon athruithe a chur ar an gcumraíocht, ach staidéir níos mionsonraithe a dhéanamh.

Níl aon cheangal dlíthiúil ar ACER meastóireacht ex post a dhéanamh ar athbhreithnithe ar chriosanna tairisceana. Mar sin féin, sa tuarascáil ar an margadh ó ACER a eisíodh in 2018 chomh maith le IMR maidir le treoirlínte CACM agus FCA (2019), cuireadh moltaí ar fáil maidir le hathruithe an Choimisiúin ar phróiseas athbhreithnithe na CTanna, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal píolótach. Bhí tionchar ag moltaí ACER: leis an Rialachán maidir le Leictreachas nua (Airteagal 14), ní mór tús a chur le próiseas athbhreithnithe lena ngabhann saintréithe níos sonraí (e.g. céimeanna agus spriocdhátaí níos soiléire, formheas na modheolaíochta ag ACER etc.). Mar sin féin, ní léir go fóill a mhéid atá na nósanna imeachta agus na critéir don phróiseas athbhreithnithe a shainítear i dtreoirlíne CACM fós infheidhme, maidir leis an athbhreithniú athdheartha sin agus maidir le cinn eile a bheidh ann go luath amach anseo. Níor leasaíodh treoirlíne CACM bunaithe ar na ceanglais nua sin faoin Rialachán maidir le Leictreachas.

Cuireadh moill shuntasach (breis agus bliain amháin) ar an bpróiseas athbhreithnithe nua sin (a tionscnaíodh le hAirteagal 14 den Rialachán maidir le Leictreachas athmhúnlaithe) de bharr iarrataí breise ar fhaisnéis ó ACER, chun go mbeidh sé in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cumraíochtaí malartacha a bheidh le breithniú san athbhreithniú atá le déanamh go luath ag OCTanna ar chriosanna tairisceana.

Iarscríbhinn VI – Rannpháirtíocht na ÚRNanna i Meitheal Leictreachais ACER (2019-2021)

Líon na gcruinnithe a tionóladh 26
An Ostair 26
An Ghearmáin 26
An Fhrainc 26
An Bheilg 25
An Spáinn 26
An tSualainn 26
An Phortaingéil 26
An Iodáil 26
An Ísiltír 26
An Pholainn 26
An Ungáir 20
An Danmhairg 25
An Fhionlainn 25
An tSeicia 24
Éire 24
Lucsamburg 19
An tSlóivéin 10
An Chróit 11
An Ghréig 19
An Liotuáin 13
An Laitvia 18
Málta 0
An Rómáin 17
An Eastóin 4
An Chipir 4
An Bhulgáir 0
An tSlóvaic 10
An Ríocht Aontaithe 13

Foinse: ACER.

Iarscríbhinn VII – Cinntí forfheidhmiúcháin ÚRNanna maidir le REMIT – An Margadh mórdhíola leictreachais (an stádas mar a bhí an 4 Meitheamh 2022)

Dáta an tsáraithe Dáta an chinnidh ÚRN, Ballstát Rannpháirtí sa Mhargadh Cineál an tsáraithe ar REMIT Margadh cothromúcháin i gceist ann Fíneáil Stádas
Deireadh Fómhair 2016 25 Aibreán 2022 CRE (FR) Electricité de France SA Airteagal 3 agus Airteagal 4 Níl €500 000 Is féidir achomharc a dhéanamh
Samhain 2016 25 Aibreán 2022 CRE (FR) EDF Trading Limited Airteagal 5 Níl €50 000 Is féidir achomharc a dhéanamh
Meitheamh 2019 30 Meán Fómhair 2021 BNetzA (DE) Energi Danmark A/S Airteagal 5 Níl €200 000 Críochnaitheach
Meitheamh 2019 30 Meán Fómhair 2021 BNetzA (DE) Optimax Energy GmbH Airteagal 5 Níl €175 000 Achomharc déanta ina leith
Márta 2019 – Meán Fómhair 2020 24 Lúnasa 2021 OFGEM (UK) ESB Independent Generation Trading Limited agus Carrington Power Limited Airteagal 5 £6 000 000 (tuairim is €7 milliún) Críochnaitheach
Meán Fómhair 2017 – Márta 2020 16 Nollaig 2020 OFGEM (UK) EDF Energy (Thermal Generation) Limited Airteagal 5 £6 000 000 (tuairim is €6.7 milliún) Críochnaitheach
Geimhreadh 2016 25 Márta 2020 OFGEM (UK) InterGen (UK) Ltd, Coryton Energy Company Ltd, Rocksavage Power Company Ltd, Spalding Energy Company Ltd Airteagal 5 £37 291 000 (tuairim is €42.5 milliún) Críochnaitheach
18 Márta 2019 Meán Fómhair 2019 MEKH (HU) MAVIR Magyar Villamosenergia-ipari Átviteli Rendszerirányító Zártkörűen Működő Részvénytársaság Airteagal 5 Níl HUF 1 000 000 (tuairim is €3 000) Críochnaitheach
2015 21 Nollaig 2018 Prosecutor/DUR (DK) Neas Energy A/S Airteagal 5 Níl DKK 153 000 (tuairim is €20 400) Críochnaitheach
2015 30 Deireadh Fómhair 2018 Prosecutor/DUR (DK) Energi Danmark A/S Airteagal 5 Níl DKK 1 104 000 (tuairim is €147 000) Críochnaitheach
30 Samhain – 23 Nollaig 2013 24 Samhain 2015 CNMC (ES) Iberdrola Generación S.A.U. Airteagal 5 Níl €25 000 000 Achomharc déanta ina leith
        Iomlán na bhfíneálacha   €82 295 400  

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn VIII – Líon iomlán na gcásanna nua ina bhféadfadh sárú a bheith déanta ar REMIT in aghaidh na bliana agus in aghaidh an ÚRN

ÚRN Ceannais 2017 2018 2019 2020 2021 Iomlán Cásanna ó Fhaireachas ACER Cásanna ó Fhógraí eile
ÚRN 1 7 5 10 8 6 36 2 34
ÚRN 2 1 2 0 0 0 3   3
ÚRN 3 2 3 3 13 6 27 2 25
ÚRN 4 2 5 0 2 1 10   10
ÚRN 5 9 15 14 13 12 63 4 59
ÚRN 6 19 13 4 2 12 50   50
ÚRN 7 16 4 7 7 12 46   46
ÚRN 8 2 5 3 6 2 18   18
ÚRN 9 0 1 0 3 0 4   4
ÚRN 10 2 7 3 8 8 28 1 27
ÚRN 11 2 0 3 6 12 23 2 21
ÚRN 12 0 0 0 2 0 2   2
ÚRN 13 1 2 4 5 4 16   16
ÚRN 14 7 5 7 10 5 34 1 33
ÚRN 15 0 1 0 0 0 1   1
ÚRN 16 3 5 14 0 4 26 1 25
ÚRN 17 3 2 1 5 2 13   13
ÚRN 18 2 4 7 3 7 23   23
ÚRN 19 3 3 1 0 2 9   9
ÚRN 20 0 2 0 0 0 2   2
ÚRN 21 3 15 19 5 1 43   43
ÚRN 22 0 0 0 1 0 1   1
ÚRN 23 0 0 0 2 1 3   3
ÚRN 24 0 2 5 1 1 9   9
ÚRN 25 0 0 2 0 2 4   4
ÚRN 26 0 0 0 0 0 0   0
ÚRN 27 0 0 0 0 0 0   0
ÚRN 28 0 0 0 0 0 0   0
Breis agus ÚRN ceannais amháin 1 1 3 0 9 14 7 7
Iomlán (gach sárú REMIT) 85 102 110 102 109 508 20 488
Cásanna ó Fhaireachas ACER 0 2 4 5 9 20    
Cásanna ó Fhógraí eile 85 100 106 97 100 488    
Iomlán (Sáruithe REMIT – Airteagail 3 agus 5) 64 82 90 93 102 431 20 411
Cásanna ó Fhaireachas ACER 0 2 4 5 9 20    
Cásanna ó Fhógraí eile 64 80 86 88 93 411    

Foinse: ACER.

Iarscríbhinn IX – Suíomh gréasáin ACER: uirlis trédhearcachta atá á reáchtáil go neamhéifeachtach

Níl suíomh gréasáin ACER chomh maith leis an méid a mbeifí ag dréim leis nuair a chuirtear i gcomparáid é le suíomh gréasáin an Choimisiúin nó le suíomhanna ghníomhaireachtaí eile an Aontais. Mar shampla:

  • Níl an suíomh gréasáin so-úsáidte. I gcomórtas le suíomhanna gréasáin an Choimisiúin nó ESMA, tá an uirlis chun an suíomh iomlán a chuardach neamhbheacht, agus is minic nach mbíonn toradh ar bith ann nuair a bhíonn doiciméad ar leith á chuardach. Toisc nach bhfuil an rogha ann an cuardach a scagadh, ní féidir le húsáideoirí seachtracha baisceanna doiciméad a aimsiú de réir critéir shonracha. Ní oibríonn an uirlis scagtha atá ceaptha an deis a thabhairt d’úsáideoirí seachtracha fógraí sonracha ó ÚRNanna i dtaobh TCManna a chuardach122.
  • Níl gach TCM le fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ACER, agus ní thugtar aon fhaisnéis i dtaobh cé na leaganacha atá i bhfeidhm agus cé na leaganacha a bhfuil leaganacha nua tagtha ina n-ionad.
  • Ní thugtar aon fhaisnéis ar an suíomh gréasáin faoin gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar dhoiciméid nach bhfuil teacht orthu as láimh.
  • Ní fhoilsíonn ACER doiciméid i dtaobh ghníomhaíochtaí mheithleacha, thascfhórsaí nó ghrúpaí saineolaithe ACER: mar shampla, miontuairiscí nó cláir na gcruinnithe, liosta de rannpháirtithe na gcruinnithe, pleananna gníomhaíochta, seachadáin, nó tuairisciú. Ceanglaítear le rialacha inmheánacha ACER go mbeadh trédhearcacht ann ó thaobh cruinnithe le heagraíochtaí agus le daoine féinfhostaithe123.
  • Ní thaifeadtar i miontuairiscí an Bhoird Rialálaithe cé acu de na ÚRNanna a vótáil i gcoinne cinntí áirithe agus tuairimí áirithe, ná cén fáth.
  • Tá doiciméid áirithe ann a bhfuil ceanglas dlíthiúil ann iad a fhoilsiú agus nach bhfuil foilsithe ar chor ar bith124. Mar shampla, doiciméid chúlra le haghaidh chruinnithe an Bhoird Riaracháin nó an Bhoird Rialálaithe125. Ina theannta sin, ní raibh fáil ar chinntí áirithe ón Stiúrthóir ná ar chinntí AB126, agus níor fhoilsigh an Bord Rialálaithe aon doiciméid oifigiúla in 2022127.
  • Tá sonraí i dtaobh gach MMR, mar shampla, ceangailte leis an eagrán MMR faoi seach, in ionad bunachar sonraí amháin a chruthú ar féidir é a chuardach de réir scagairí, agus atá in ann amshraitheanna a ghiniúint128.
  • Ní fhoilsíonn ACER aon sonraí ó bhunachar sonraí REMIT (féach mír 114) agus tá sonraí áirithe MMR ann nach bhfoilsítear129 (níl aon réasúnaíocht ina leith seo le fáil go poiblí).

Acrainmneacha agus giorrúcháin

ACER: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

An Rialachán/Treoir maidir le Leictreachas: An Rialachán/Treoir maidir le Leictreachas

AS COMP: An Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta sa Choimisiún

AS ENER: An Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh sa Choimisiún

CACM: Treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú

ECFE: An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

ENTSO-E: Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais

ESMA: An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí

EU-DSO: An t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córas dáileacháin

IMR: Tuarascáil faireacháin ar chur chun feidhme

OAML: Oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais

OCD: Oibreoir córais dáileacháin

OCT: Oibreoir córais tarchurtha

REMIT: Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh

TCManna: Téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí

ÚRN: Údarás rialála náisiúnta

Gluais

Acmhainneacht tarchurtha: An méid cumhachta is féidir a iompar idir criosanna tairisceana san eangach leictreachais.

Crios tairisceana: An limistéar geografach is mó ina bhfuil rannpháirtithe sa mhargadh in ann fuinneamh a mhalartú gan iallach a bheith orthu acmhainneacht tarchurtha a fháil.

Idirnascaire: An nasc gréasáin tarchurtha fhisiciúil idir dhá chrios tairisceana nó dhá thír thairisceana.

Malartán cumhachta: An margadh fíorúil chun leictreachas mórdhíola a thrádáil de réir rialacha foirmiúla.

Margadh cothromúcháin: An margadh le haghaidh thrádáil an fhuinnimh is gá chun an soláthar a chothromú leis an éileamh san eangach leictreachais i bhfíor-am, arna bhainistiú ag oibreoirí córais tarchurtha.

Margadh ionlae: An margadh ar a ndéantar leictreachas agus acmhainneacht tarchurtha a thrádáil an lá céanna a ndéantar an leictreachas a sheachadadh.

Margadh lá roimh ré: An margadh ar a ndéantar an acmhainneacht leictreachais agus tarchurtha a thrádáil lá roimh lá an tseachadta.

Margadh mórdhíola leictreachais: An margadh ar a ndéantar leictreachas a thrádáil idir cuideachtaí giniúna agus cuideachtaí miondíola, lena mbaineann idirghabhálaithe airgeadais, trádálaithe fuinnimh agus tomhaltóirí móra freisin.

Margadh todhchaíochtaí: An margadh ar a ndéantar leictreachas agus cearta tarchurtha a thrádáil laethanta, seachtainí nó míonna roimh an seachadadh.

Oibreoir córais tarchurtha: An chuideachta atá freagrach as eangach ardvoltais náisiúnta.

Plódú gréasáin: An staid inar mó an soláthar leictreachais ná acmhainneacht na heangaí.

Téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí: Na sonraíochtaí teicniúla atá ina gcomhlánú ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte ghréasáin, agus atá riachtanach chun iad a chur chun feidhme.

Thar an gcuntar: An trádáil idir rannpháirtithe sa mhargadh, go déthaobhach nó trí bhróicéir, gan malartán cumhachta a bheith i gceist.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta CIE, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistiú i dtaobh réimsí buiséadacha sonracha. Roghnaíonn agus leagann CIE amach na cúraimí iniúchta sin a mbeidh an tionchar is mó is féidir acu trí bhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíontacht, ar leibhéal an ioncaim nó an chaiteachais lena mbaineann, ar fhorbairtí atá ar na bacáin agus ar an leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta IV – Rialáil na margaí agus an gheilleagair iomaíoch, faoi cheannas an Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt) a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Ba é Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt) a stiúir an t-iniúchadh, agus fuair sé tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Edite Dzalbe (Ceann na hOifige Príobháidí), Laura Graudina (Ataisé na hOifige Príobháidí), Valeria Rota agus Juan Ignacio Gonzalez Bastero (Príomhbhainisteoirí), Stefano Sturaro (Ceann Cúraim), Adrian Savin (Leas-Cheann Cúraim), Marc Hertgen agus Satu Levelä‑Ylinen (Iniúchóirí). Chuir Richard Moore agus Laura McMillan tacaíocht teanga ar fáil. Chuir Zsolt Varga tacaíocht sonraí ar fáil.

Ó chlé go deas: Adrian Savin, Stefano Sturaro, Laura Graudina, Mihails Kozlovs, Edite Dzalbe, Juan Ignacio Gonzalez Bastero.

Críochnótaí

1 Straitéis fuinnimh an Aontais Eorpaigh (2015), lch. 3.

2 Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Tuarascáil 2020 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’, 14.10.2020, COM(2020) 950 final, lch. 10.

3 Airteagal 194 CFAE.

4 Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh.

5 Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh.

6 https://www.acer.europa.eu/.

7 https://www.entsoe.eu/.

8 COM(2021) 660 final, 13 Deireadh Fómhair 2021: Ag dul i ngleic le praghsanna méadaitheacha fuinnimh: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht.

9 COM(2022) 108 final an 8 Márta 2022: REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe

10 https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_3131

11 Tuairim 04/2022 – REPower EU.

12 Tuarascáil speisialta 16/2015 ó CIE, míreanna 113 agus 115.

13 Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (CACM).

14 Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta fadtréimhsí (FCA).

15 Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (EB).

16 Conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011.

17 ACER MMR 2013, mír 288.

18 Measúnú Deiridh ACER ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais Mórdhíola san Aontas Eorpach (2022), lch. 22.

19 ACER MMR 2020 – margadh mórdhíola leictreachais, lch. 53.

20 Measúnú Deiridh ACER ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais Mórdhíola san Aontas Eorpach (2022), lgh. 37 agus 44.

21 https://www.ceer.eu/documents/104400/-/-/8fca26ef-8791-7da0-1fa2-e64518b4ebf8

22 Airteagal 16.3 den Rialachán maidir le Leictreachas a bhí roimhe seo ann agus mír 1.7 d’Iarscríbhinn I; agus Airteagal 16.4 den Rialachán maidir le Leictreachas reatha.

23 ACER: Tuarascáil faireacháin margaidh 2016.

24 https://eepublicdownloads.entsoe.eu/clean-documents/Publications/ENTSO-E general publications/ENTSO-E_PowerFacts_2019.pdf

25 Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 15-16 Márta 2002 agus an 23-24 Deireadh Fómhair 2014.

26 Aithris 74 den Rialachán maidir le Leictreachais.

27 Airteagal 288 CFAE.

28 ‘Moladh ECFE ón gComhairle maidir le Beartas Rialála agus Rialachas’, 2012.

29 https://www.acer.europa.eu/events-and-engagement/news/acer-provides-recommendation-reasoned-amendments-capacity-allocation-and congestion management regulation

30 Féach, mar shampla, Airteagal 9(11) de threoirlíne CACM.

31 ‘An bosca uirlisí um rialáil níos fearr’ de chuid an Choimisiúin.

32 ‘Dearadh an mhargaidh a oiriúnú do sciartha arda d’fhuinneamh in-athnuaite athraitheach’ (IRENA, 2017), roinn 2.2.

33 REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe (COM(2022) 108 final).

34 https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/38fbccf2-35de-11eb-b27b-01aa75ed71a1/language-ga

35 ACER: Tuarascáil faireacháin margaidh 2013, mír 237.

36 https://documents.acer.europa.eu/en/The_agency/Organisation/ Documents/Energy Prices_Final.pdf

37 ‘Peirspictíochtaí infheistíochta sna margaí leictreachais’ (SWD(2015) 142).

38 https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/be5268ba-3609-11ec-bd8e-01aa75ed71a1/language-ga

39 Prionsabail Dea-Chleachtais ECFE maidir le Forfheidhmiú agus Cigireachtaí an Bheartais Rialála, 2014.

40 ‘Moladh ECFE ón gComhairle maidir le Beartas Rialála agus Rialachas’, 2012.

41 Airteagal 5(1)(e) de Rialachán (AE) 2019/942 maidir le ACER agus Airteagal 6(6) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 maidir le ACER a bhí ann roimhe seo.

42 Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2019/942 maidir le ACER agus Airteagal 10(2) de Rialachán (CE) 713/2009 maidir le ACER a bhí ann roimhe seo.

43 Airteagal 11 den Rialachán maidir le Leictreachas roimhe seo agus Airteagal 15 den Rialachán maidir le Leictreachas reatha.

44 Airteagal 17 CAE.

45 COM(2015) 80 final.

46 Airteagal 32 de Chinneadh 8/2019 ón mBord Riaracháin maidir le Rialachán Airgeadais ACER.

47 Bunaíodh Coistí Geallsealbhóirí Eorpacha (CGEnna) chun páirtithe leasmhara a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo faoi na ceanglais a áirítear sna cóid ghréasáin leictreachais/sna treoirlínte gréasáin leictreachais le linn na tréimhse cur chun feidhme. Ó 2015 i leith, tá trí CGE á gcomheagrú ag ACER agus ag ENTSO-E, ceann amháin le haghaidh gach grúpa cód (an margadh, oibriú an chórais, nasc leis an eangach).

48 https://ec.europa.eu/info/events/european-electricity-regulatory-forum-florence-forum_ga#past-events

49 https://www.entsoe.eu/network_codes/esc/#network-code-implementation-and-monitoring-group

50 Foilsíonn ENTSO-E tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme CACM agus FCA dar teideal ‘Tuarascáil Mhargaidh’ (2016-2021) agus dhá thuarascáil maidir leis an treoirlíne um chothromú an mhargaidh (2020, 2022): https://www.entsoe.eu/network_codes/monitoring/

51 https://surveys.acer.europa.eu/eusurvey/runner/ACERnotification

52 Féach mír 123 de Thuarascáil cur chun feidhme ACER maidir le treoirlínte CACM/FCA: De bharr easpa acmhainní, ní raibh ACER in ann gach plé a leanúint go gníomhach i ngach réigiún ríofa acmhainneachta.

53 MMR – margaí mórdhíola leictreachais 2020, lch. 15 (Tábla i agus ii).

54 https://www.eia.gov/

55 I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún.

56 Athbhreithniú ar Ardán Trédhearcachta ENTSO-E – Aschur 1 (2017).

57 Tuarascáil ó ACER ar thoradh an fhaireacháin ar an gcorrlach a bhí ar fáil de bharr trádáil thraschriosach leictreachais san Aontas sa dara leath de 2020.

58 Airteagal 11(3) den Rialachán maidir le Leictreachas a bhí ann roimhe seo agus Airteagal 15(3) den Rialachán maidir le Leictreachas nua.

59 Airteagal 34(7) de threoirlíne CACM.

60 Tuairim 6/2019 ó ACER.

61 Airteagal 16 den Rialachán maidir le Leictreachas athmhúnlaithe.

62 Moladh 1/2019 ó ACER maidir le cur chun feidhme an chorrlaigh íosta atá ar fáil don trádáil thraschriosach; dhá Thuarascáil ó ACER ar thoradh an fhaireacháin ar an gcorrlach íosta atá ar fáil don trádáil thraschriosach leictreachais san Aontas (arna bhfoilsiú in 2020 agus in 2021).

63 Ní cheanglaítear le hAirteagal 15 den Rialachán maidir le Leictreachas athmhúnlaithe ar OCTanna ach a gcuid measúnuithe bliantúla ar chomhlíontacht agus a gcuid pleananna bliantúla comhlíontachta a chur faoi bhráid ACER.

64 Moladh 1/2019 ó ACER maidir le cur chun feidhme an chorrlaigh íosta atá ar fáil le haghaidh trádáil thraschriosach de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943.

65 Airteagal 37(4)(d) de Threoir 2009/72/CE.

66 Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, Aithrisí (1), (2) agus (3).

67 Airteagal 18 de REMIT.

68 Tuarascáil Ráithiúil ar Mhargaí leictreachais na hEorpa – R4 2020.

69 Ráitheachán REMIT R2/2022; 6ú Fóram REMIT, Sleamhnán 86 sa Chur i Láthair.

70 Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún.

71 Litreacha um Fhaoiseamh ó Ghníomhaíocht an 7 Eanáir 2015 (ACER-VZ-pp 2015-3), an 15 Nollaig 2016 (ACER-VZ-MG-mm-up-201 6-662) agus an 14 Nollaig 2017 (ACER-VZ-MG-tl-653). Ó 2018 i leith, cuireadh deireadh leis na ‘litreacha um fhaoiseamh ó ghníomhaíocht’, cé gur coimeádadh an beartas. Is amhlaidh a cuireadh leis an Doiciméad Clársceidealúcháin é, mar shampla, i roinn 2.10 ar lch. 115 de PD 2019: ‘Lena chois sin, ní iarrfaidh an Ghníomhaireacht tuairisciú ar chonarthaí intuairiscithe arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún in 2019’.

72 Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

73 Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

74 i.e. faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí chun leictreachas a tháirgeadh, a stóráil, a thomhailt nó a tharchur, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin.

75 Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún.

76 Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

77 Litir Oscailte maidir le Faisnéis ón Taobh Istigh a nochtadh agus úsáid Ardán Faisnéise ón Taobh Istigh (IIPanna) an 30 Bealtaine 2018 – ACER-VZ-az-jws-tl-2018-266.

78 Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh, an 6ú hEagrán, Roinn 4.2.1.

79 https://www.acer-remit.eu/portal/list-inside-platforms

80 Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

81 Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

82 Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

83 AT, FR, Sl, DK, DE, SE, NL HU, FI, BE.

84 IT, LT, RO, LV, CZ – Cur i láthair ó ACER an 4 Márta 2021.

85 Fóram REMIT, 2021 – Seisiún speisialta: ‘Sonraí agus teicneolaíocht REMIT’ – Gnéithe sonraí REMIT – sleamhnán 3.

86 Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

87 Doiciméad Clársceidealúcháin ACER, 2020-2022, lch. 79.

88 Fóram REMIT 2021, Seisiún speisialta ‘Sonraí agus teicneolaíocht REMIT’ – Bainistiú Faisnéise agus Teicneolaíocht, sleamhnán 7.

89 Tuarascáil Bhliantúil REMIT 2016, lch. 25.

90 CAAR 2017, lch. 8.

91 CAAR 2020, lch. 34.

92 CAAR 2020, lch. 33.

93 Cuireadh tús le faireachas margaidh ACER sa ráithe deiridh de 2017.

94 Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

95 Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

96 Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

97 Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

98 Nóta Treoraíochta 1/2017 – Trádálacha Cothromacain; Nóta Treoraíochta 1/2018 – Cnapaireacht Acmhainneachta Tarchurtha; Nóta Treoraíochta 1/2019 – Carnadh Orduithe agus Spúfáil.

99 Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

100 ‘1/3 de na ÚRNanna, leag siad béim ar easpa acmhainní (cistiú) nach bhfuil, dar leo, comhsheasmhach le prionsabail neamhspleáchais ÚRN’ Comhairle na Rialtóirí Eorpacha, Tuarascáil Faireacháin ar Neamhspleáchas ÚRNanna, Aibreán 2021, lch. 7.

101 CAAR 2020, lch. 17.

102 CAAR 2020, lch. 33.

103 Cinntí BNETZ (DE NRA) an 30 Meán Fómhair 2021 i gcoinne Energy Denmark A/S (an Danmhairg) ar €200 000 agus Optimax Energy GmbH (an Ghearmáin) ar €175 000.

104 Rialachán athmhúnlaithe Uimh. 942/2019 maidir le ACER, Aithris 37.

105 Riachtanais bhuiséadacha agus foirne na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), PE 658.177, Samhain 2020.

106 Ó mhí Mheán Fómhair 2010 i leith, tá a ríomhanna ar thuarastail agus ar theidlíochtaí foirne seachfhoinsithe ag ACER chuig an PMO, agus ó mhí Mheán Fómhair 2017 i leith tá a chuntasaíocht á seachfhoinsiú aige chuig AS BUDG. Anuas air sin, rinne sé tacaíocht, cothabháil agus forbairt TF a sheachfhoinsiú chuig conraitheoirí seachtracha agus chuig an gCoimisiún [ABAC, ARES, SYSPER].

107 Cinneadh (AE) 2020/2152 an 17 Nollaig 2020.

108 CAAR 2020.

109 CAAR 2021, lch. 84.

110 Rialachán (AE) 2019/942 maidir le ACER, aithris 33.

111 ‘Moladh ECFE ón gComhairle maidir le Beartas Rialála agus Rialachas’, 2012.

112 ‘Moladh maidir le ECFE ón gComhairle maidir le Treoirlínte ó ECFE maidir le Coinbhleacht Leasa a Bhainistiú sa tSeirbhís Phoiblí’, 2003.

113 Airteagal 15 CFAE.

114 Airteagal 14.2 Rialachán 2019/942 (Rialachán ACER Athmhúnlaithe).

115 Airteagal 22 den Rialachán maidir le Leictreachas a bhí ann roimhe seo agus Airteagal 66 den Rialachán maidir le Leictreachas.

116 Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Airteagail 14, 15, 16. Tá forálacha comhchosúla le fáil i Rialacháin ÚBE agus ÚEÁPC.

117 Mar shampla, ní fhéadfaidh ÚRNanna vóta a chaitheamh a thuilleadh i bpainéil maidir le cásanna de ‘shárú dhlí an Aontais’ a bhaineann leo féin (Airteagal 41 de Rialachán ESMA).

118 Cinneadh 02/2015 ó Bhord Riaracháin ACER.

119 Féach freisin Meastóireacht an Choimisiúin ar an tríú pacáiste fuinnimh: SWD(2016) 412 final, Roinn 7.1.1.

120 https://documents.acer.europa.eu/Official_documents/BoR/Meeting_Docs/A21-BoR-98-02.pdf

121 Seasann an ghlanacmhainneacht tarchurtha don uasmhéid cumhachta arna ríomh ar bhonn ex ante is féidir a aistriú trí idirnascaire i dtreo áirithe, nuair a chuirtear an corrlach iontaofachta (i.e. an toisc shábháilteachta) as an áireamh.

122 https://surveys.acer.europa.eu/eusurvey/publication/ACERnotification

123 Cinneadh 2017-35 ón Stiúrthóir maidir le foilsiú faisnéise i dtaobh cruinnithe le heagraíochtaí nó le daoine féinfhostaithe.

124 Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/942 agus Airteagal 10(4) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 a bhí ann roimhe seo

125 Mar shampla, tuarascáil ó ACER ar Úsáid Ioncaim ó Phlódú 2020.

126 Mar shampla, níor foilsíodh Cinneadh oifigiúil ón Stiúrthóir maidir le bunú Choiste REMIT.

127 https://acer.europa.eu/the-agency/organisation-and-bodies/board-of-regulators/bor-official-documents

128 Mar shampla, https://ec.europa.eu/energy/data-analysis/energy-union-indicators/scoreboard_en.

129 MMR – margaí mórdhíola leictreachais, 2020, lch. 15 (sonraí maidir le Táblaí i agus ii).

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PDF ISBN 978-92-847-9362-4 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/880622 QJ-AB-23-003-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9342-6 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/44846 QJ-AB-23-003-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2023

Is igCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Fíor Bosca 1: © Next Kraftwerke GmbH.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.