Tuarascáil speisialta
24 2022

Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais

Maidir leis an tuarascáil:I bhfianaise thábhacht mhéadaithe seirbhísí digiteacha, déantar measúnú sa tuarascáil seo ar éifeachtacht Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin do 2016 atá dírithe ar r-Rialtas a chothú san Aontas. Fuaireamar amach gur thug an Coimisiún i gcrích go rathúil na gníomhaíochtaí atá clúdaithe inár n-iniúchadh.

Thacaigh sé le cur chun feidhme sheirbhísí digiteacha sna Ballstáit freisin trí chistiú, trí thacaíocht theicniúil agus trí chomhar a chothú. Níl na seirbhísí digiteacha go léir ar fáil ar fud an Aontais, áfach, mar gheall ar mhoilleanna sna Ballstáit.

Bhí faireachán an Choimisiúin teoranta do roinnt gníomhaíochtaí aonair seachas cur chun feidhme an Phlean ina iomláine.

Ina theannta sin, ní raibh aon straitéis uileghabhálach ann chun na réitigh r-Rialtais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn i measc príomhúsáideoirí.

Tá roinnt moltaí á ndéanamh againn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Tuarascáil iniúchóireachta ar ghníomhaíochtaí ‘r-Sláinte’ do ghnólachtaí an Aontais

Achoimre Feidhmiúcháin

I Ó na 1990í i leith, tá r-Rialtas á chur chun cinn ar leibhéal an Aontais Tagraíonn r-Rialtas d’úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun seirbhísí rialtais a chur ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Is é is aidhm leis ná ualaí riaracháin ar shaoránaigh agus gnólachtaí a laghdú trína n-idirghníomhaíocht le húdaráis phoiblí a dhéanamh níos tapa, níos caoithiúla agus níos costéifeachtaí, agus iomaíochas agus fás eacnamaíoch a spreagadh ar an gcaoi sin.

II In 2016, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta r-Rialtais an Aontais do 2016-2020. Bhí an Plean Gníomhaíochta ceaptha a bheith mar spreagadh chun iarrachtaí nuachóirithe agus acmhainní san earnáil phoiblí a chomhordú i réimse an r-Rialtais. Áiríodh ann 25 ghníomhaíocht a bhí le cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Ní raibh buiséad tiomnaithe ann don Phlean Gníomhaíochta ach fuair sé tacaíocht trí chláir éagsúla agus bearta tionlacain atá ar fáil do na Ballstáit.

III I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach seirbhísí digiteacha, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19, agus an maoiniú suntasach a dhéantar don digiteáil go ginearálta, chinneamar an t-iniúchadh seo a dhéanamh chun lucht ceaptha beartais a chur ar an eolas maidir le saincheisteanna a dhéanann difear do dhearadh agus cur chun feidhme bhearta an Aontais a chuireann r-Rialtas chun cinn.

IV Rinneamar measúnú féachaint an raibh gníomhaíochtaí r-Rialtais an Choimisiúin éifeachtach. Chuige sin, rinneamar scrúdú ar dhearadh foriomlán na ngníomhaíochtaí chomh maith leis na socruithe le haghaidh faireacháin agus cur chun feidhme. Dhíríomar ár measúnú maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí ar spriocdhíriú ar ghnólachtaí, mar gheall go bhfuil r-Rialtas tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt agus bacainní rialachais, agus dá bhrí sin chun a chur ar chumas gnólachtaí méadú agus oibriú thar teorainneacha.

V Is é ár gconclúid nach raibh gníomhaíochtaí an Choimisiúin éifeachtach ach go pointe áirithe maidir le cur chun feidhme agus glacadh réitigh r-Rialtais ag na Ballstáit a chothú. Tá gníomhaíochtaí Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020, atá clúdaithe inár n-iniúchadh, tugtha i gcrích ag an gCoimisiún. Níl na seirbhísí poiblí digiteacha go léir atá forbartha le déanaí ar fáil ar fud an Aontais, áfach, mar gheall ar mhoilleanna sa chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát.

VI Cé gur chomhlíon Plean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 na riachtanais a bhí sainaitheanta sna comhairliúcháin agus sna measúnuithe, níor áiríodh ann ach gníomhaíochtaí a bhí le cur chun feidhme ag an gCoimisiún féin, agus dá bhrí sin bhí sé deacair fís an Phlean Gníomhaíochta a bhaint amach i.e. riaracháin agus institiúidí poiblí oscailte, éifeachtúla agus cuimsitheacha a bheith san Aontas faoi 2020.

VII Thairis sin, ní dhearna an Coimisiún faireachán cuimsitheach ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta ina iomláine. Ní raibh na táscairí r-Rialtais a bhí ann cheana (an Tagarmharc don r-Rialtas agus an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach) nasctha go díreach le haon cheann de na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin bPlean Gníomhaíochta, agus mar sin ní raibh siad feiliúnach chun a dtionchar foriomlán a thomhas. Tugaimid ar aire gur thug an togra ón gCoimisiún in 2021 don chlár beartais dar teideal ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ creat comhair isteach lena bhféadtar obair leantach a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo na dtáscairí digiteacha atá leagtha amach ar leibhéal an Aontais.

VIII Thacaigh an Coimisiún le cur chun feidhme réitigh r-Rialtais ag na Ballstáit trí thionscadail a bhí cistithe ag an Aontas agus trí thacaíocht theicniúil a thabhairt. Ina theannta sin, thacaigh an Coimisiún ar bhealach gníomhach le comhar agus malartuithe dea-chleachtais i roinnt bealaí, lena n-áirítear trí ghrúpaí saineolaithe agus ardáin. Ba dhíol sásaimh í an tacaíocht sin do na Ballstáit ar thugamar cuairt orthu.

IX Ní raibh aon straitéis uileghabhálach ann chun na réitigh r-Rialtais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn i measc príomhúsáideoirí. Bhí cur chun cinn réitigh r-Rialtais ag an gCoimisiún teoranta, agus ní raibh aon fhorléargas aige ar ghníomhaíochtaí a bhí déanta i ndáil leis sin ag na Ballstáit cé go bhféadfadh sé go mbeadh torthaí níos fearr ann dá mbeadh na iarrachtaí comhordaithe.

X Ní dhearna an Coimisiún measúnú ar fheasacht gnólachtaí maidir leis na seirbhísí r-Rialtais atá ar fáil, agus ní dhearna sé anailís go ginearálta ar na riachtanais sa réimse sin, cé gur príomhchéim é sin maidir le glacadh seirbhísí r-Rialtais. An t-aon eisceacht atá ann ná staidéar agus clár eolais agus foghlama i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide i réimse an ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe margaidh.

XI Molaimid gur ceart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an creat cur chun feidhme a neartú chun tathant ar na Ballstáit seirbhísí r-Rialtais a thabhairt i gcrích; agus
  • straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun seirbhísí r-Rialtais a fhorbairt go héifeachtach.

Réamhrá

An tábhacht a bhaineann le r-Rialtas san Aontas Eorpach

01 Tagraíonn r-Rialtas d’úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna) chun seirbhísí rialtais a chur ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Táthar ag súil go méadóidh sé éifeachtacht agus éifeachtúlacht trí na nithe seo a leanas a laghdú: (i) costais agus am idirbheart1; (ii) cur chuige aonarach i riaracháin ó thaobh cúrsaí faisnéise de; agus (iii) an t-ualach riaracháin ar shaoránaigh agus gnólachtaí, trína n-idirghníomhaíochtaí le húdaráis phoiblí a dhéanamh níos tapa, níos caoithiúla agus níos saoire, agus, ar an gcaoi sin, borradh a chur faoi iomaíochas agus fás eacnamaíoch2.

02 Sna 1990í, tugadh faoi na céad tionscnaimh r-Rialtais ar leibhéal Eorpach. Ó shin:

  • tá Teachtaireachtaí agus Pleananna Gníomhaíochta3 eisithe ag an gCoimisiún go tráthrialta agus tá cláir chistiúcháin ar leith curtha ar bun aige, go háirithe chun úsáid TFCanna a chothú chun seirbhísí trasteorann a áirithiú (is é sin le rá chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir roinnt seirbhísí éagsúla);
  • ar leibhéal na mBallstát, tá béim leagtha ar thábhacht r-Rialtais i roinnt dearbhuithe aireachta4. Áiríodh sna dearbhuithe sin freisin iliomad gníomhaíochtaí a raibh gealltanais á dhéanamh ag na Ballstáit ina leith, ach iarradh ar an gCoimisiún freisin roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh trí Phleananna Gníomhaíochta agus moladh go n-eagródh an Coimisiún comhrialtachas Pleananna Gníomhaíochta r-Rialtais (chun forléargas iomlán a fháil ar na forbairtí san Aontas ó 2006 féach Iarscríbhinn I).

03 In 2016, mar chuid den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta r-Rialtais an Aontais Eorpaigh do thréimhse 2016-2020. Sainaithníodh ann 25 ghníomhaíocht, ar cuireadh cúig cinn díobh sin isteach sa Phlean Gníomhaíochta tar éis atbhreithniú meántéarma ar an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach i mí na Bealtaine 2017. Áiríodh sa phlean Gníomhaíochta gníomhaíochtaí de chineálacha a bhí an-difriúil ó chéile. Bhí cuid acu dírithe go sonrach ar ghnólachtaí (e.g. ‘Tionscnamh a thíolacadh chun úsáid réitigh dhigiteacha a éascú ar fud saolré chuideachta’ nó ‘Treoirthionscadal a sheoladh ar “phrionsabail na haonuaire” do ghnólachtaí’). Bhí cinn eile dírithe ar na saoránaigh go léir (e.g. ‘Measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm do shaoránaigh i gcomhthéacs trasteorann’ nó ‘forfheidhmiú reachtaíocht agraibhia an Aontais i dtaca le díolacháin idirlín agus faisnéis do thomhaltóirí’). Chun liosta iomlán de na tionscadail a fháil, féach Iarscríbhinn II.

04 Níor tháinig Plean Gníomhaíochta nua tar éis an Phlean Gníomhaíochta i ndiaidh 2020, ach tháinig roinnt tionscnamh eile ar an bhfód. Is iad seo a leanas na cinn is ábhartha:

  • an Clár don Eoraip Dhigiteach5, a ndearna na reachtóirí é a fhormheas le buiséad foriomlán beartaithe de €7.5 billiún (ag praghsanna reatha). Tá sé dírithe ar theicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, saoránaigh agus riaracháin phoiblí agus soláthróidh sé cistiú do thionscnaimh i gcúig réimse (sár-ríomhaireacht, intleacht shaorga, cibearshlándáil, ardscileanna digiteacha, agus úsáid leathan teicneolaíochtaí digiteacha a áirithiú ar fud an gheilleagair agus na sochaí);
  • teachtaireacht a d’eisigh an Coimisiún maidir le ‘Compás Digiteach 2030: an bealach Eorpach don deacáid dhigiteach’. Nasctha leis sin, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’. Sa dá dhoiciméad sin, leagtar amach na spriocanna digiteacha ar leith atá an tAontas ina iomláine ceaptha a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide. Áirítear na nithe seo a leanas leis na spriocanna maidir le seirbhísí poiblí a dhigiteáil: rochtain ar líne ar phríomhsheirbhísí poiblí, rochtain ar thaifid leighis, agus úsáid a bhaint as réiteach don sainaitheantas digiteach (ID).

05 Léirigh sonraí na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta6 go bhfuil seirbhísí r-Rialtais níos ábhartha do ghnólachtaí ná do dhaoine aonair. Tá gnólachtaí coinnithe siar ag ilroinnt agus bacainní rialtachta, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra dóibh méadú agus a bheith ag oibriú thar teorainneacha laistigh de mhargadh aonair an Aontais7.

06 Le tionchar phaindéim COVID-19 ar an ngeilleagar domhanda agus ar shaol na saoránach, léiríodh an tábhacht a bhaineann le seirbhísí digiteacha ar fud réimsí uile gheilleagar agus shochaí an Aontais. Ba iad teicneolaíochtaí nua a choimeád gnólachtaí agus seirbhísí poiblí ag feidhmiú agus a d’áirithigh gur lean trádáil ar fud an Aontais ag sreabhadh go saorálach. Chuidigh siad freisin chun saoránaigh a choimeád nasctha lena chéile, chun cianobair a dhéanamh, agus chun tacú le hoideachas leantach do dhaoine óga.

Róil agus freagrachtaí

07 Mar a leag na hairí ábhartha béim air ina nDearbhú 2017, is iarracht chomhchoiteann é claochlú digiteach an riaracháin phoiblí ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena gcuirtear san áireamh deighilt na n-inniúlachtaí idir na leibhéil éagsúla8. De réir phrionsabal na coimhdeachta, is ar na Ballstáit go bunúsach atá an fhreagracht as seirbhísí rialtais a dhigiteáil ar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha. Tá freagracht ar an gCoimisiún i gcás dúshláin trasteorann agus trasnáisiúnta, áfach, go háirithe carnadh bacainní leictreonacha a sheachaint a d’fhéadfadh bac a chur ar riaracháin phoiblí nascadh le chéile, agus ar shaoránaigh agus gnólachtaí teacht ar na seirbhísí poiblí digiteacha atá ar fáil i dtíortha seachas a dtír féin, agus na seirbhísí sin a úsáid9.

08 Tá an dul chun cinn maidir le r-Rialtas san Aontas ag brath ar an gCoimisiún, ach ní air sin amháin é, tá sé ag brath freisin ar thoil pholaitiúil agus uaillmhian na mBallstát. Mar a leag an Coimisiún béim air ina Thuarascáil maidir leis an staid reatha i dtaca le riarachán poiblí digiteach agus idir-inoibritheacht in 2020, mura measann rialtais go leanúnach gur príomhthosaíocht den chlár oibre polaitiúil é r-Rialtas, beidh a n-iarrachtaí gan tairbhe agus neamh-inbhuanaithe.

09 Ar leibhéal an Aontais, tá Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún (AS CNECT) freagrach as réimse beartais an r-Rialtais a chomhordú. I bhfianaise éagsúlacht na 25 ghníomhaíocht atá i gceist le Plean Gníomhaíochta 2016-2020, bhí suas le 11 ardstúrthóireacht rannpháriteach, agus bhí gach ceann díobh freagrach as gníomhaíocht amháin nó níos mó (féach Iarscríbhinn II).

10 Ar an gcaoi céanna, ar leibhéal na mBallstát, bhí roinnt riarachán poiblí éagsúla freagrach as réitigh r-Rialtais ar leith a chur chun feidhme. Áirítear orthu sin aireachtaí nó gníomhaireachtaí lárnacha, ach chomh maith leis sin áirítear orthu údaráis réigiúnacha agus áitiúla, amhail bardais nó rialtais áitiúla.

11 Ar mhaithe leis an bPlean Gníomhaíochta a chomhordú, cuireadh ‘Bord Stiúrtha an Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais’ ar bun. Ba é an Coimisiún a rinne cathaoirleacht ar an mbord agus bhí sé comhdhéanta d’ionadaí ó na Ballstáit atá freagrach as a straitéisí náisiúnta r-Rialtais.

Cur chun feidhme r-Rialtais a mhaoiniú

12 Ní raibh buiséad tiomnaithe ann do Phlean Gníomhaíochta 2016-2020. Faigheann gníomhaíochtaí r-Rialtais tacaíocht go ginearálta, áfach, trí fhoinsí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais. I dTábla 1 tugtar mionsonraí maidir leis na príomhfhoinsí cistiúcháin ón Aontas (do thréimhse 2014-2020) agus ár meastacháin ar na leithdháiltí bhuiséadacha chuig tionscadail agus gníomhaíochtaí r-Rialtais.

Tábla 1 – Leithdháiltí buiséadacha measta chuig gníomhaíochtaí r-Rialtais ar fud cláir éagsúla thar tréimhse 2014-2020.

  Clár Méid (milliún €)
Bainistithe go lárnach ag an gCoimisiún Teileachumarsáid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE)

Cistíonn sé, i measc nithe eile, forbairt agus cur chun feidhme bhonneagair seirbhísí sonraí agus digiteacha uile-Aontais chun tacú lena dtabhairt isteach i bpríomhréimsí leasa poiblí, e.g. an tairseach don r-Cheartas nó Córas Idirnasctha na gClár Gnó.
704
Fís 2020

Cistíonn sé, i measc nithe eile, réitigh nuálacha do riaracháin phoiblí agus chun earnáil phoiblí nua-aimseartha agus TFC-chumasaithe a chruthú.
192
Réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa (ISA2)

Cistíonn sé réitigh idir-inoibritheachta, lena n-áirítear réitigh dhigiteacha do sheirbhísí poiblí trasteorann agus trasearnálacha idir-inoibritheacha, agus chun dea-chleachtais a mhalartú agus réitigh r-Rialtais a chur chun cinn.
131
An Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Cistíonn sé tionscadail um chúnamh theicniúil a chuidíonn le Ballstáit fás a chur chun feidhme a fheabhsaíonn athchóirithe institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin, lena n-áirítear digiteáil fheabhsaithe.
61
(An Coimisiún agus na Ballstáit)
Bainistíocht chomhroinnte
Cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme (Cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa)

Féadann siad cómhaoiniú a chur ar fáil do thionscadail chun an earnáil phoiblí a dhigiteáil (leibhéal náisiúnta agus áitiúil), d'fhiontair bheaga agus mheanmhéide, agus do leathadh amach an leathanbhanda.
3 940
  5 028

Nóta: Tá na meastacháin bunaithe ar an méid atá tiomnaithe do Bhonneagair Sheirbhísí Digiteacha (do SCE); faisnéis atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún (do Fís 2020 agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach); na méideanna leithdháilte chuig ‘seirbhísí agus feidhmchláir r-Rialtais’ (le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa).

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiún.

13 I dtréimhse 2021-2027, beidh roinnt foinsí éagsúla de chistiú ón Aontas ar fáil chun tacú leis an digiteáil go ginearálta agus gníomhaíochtaí r-Rialtais go háirithe. Ní mór na leithdháiltí buiséadacha do chuid díobh sin a shocrú fós:

  • beidh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) agus na cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme fós ar fáil;
  • faoi shraith amháin den Chlár nua don Eoraip Dhigiteach (féach mír 04), tá tacaíocht beartaithe (le buiséad de €1.1 billiún), i measc nithe eile, d’idir-inoibritheacht agus chun riaracháin phoiblí a chumasú chun teicneolaíochtaí digiteacha urscothacha a imscaradh agus rochtain a fháil orthu;
  • leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a glacadh in 2021, ceanglaítear ar na Ballstáit ar a laghad 20 % de bhuiséad iomlán a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a leithdháileadh ar bhearta a rannchuidíonn le cuspóirí digiteacha. I mí Iúil 2022, bhí 25 de na pleananna sin glactha agus b’ionann an caiteachas iomlán a bhaineann le cuspóirí digiteacha agus €127 billiún, a sheasann do 26 % den mhéid iomlán. Tá níos mó ná an tríú chuid (36 %, €46 billiún) de sin leithdháilte ar sheirbhísí poiblí a dhigiteáil, lena n-áirítear iompar a dhigiteáil.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

14 I bhfianaise ábharthacht an r-Rialtais do chomhlachtaí poiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, ba é ár n-aidhm lucht ceaptha beartais a chur ar an eolas trí léargas a thabhairt ar dhearadh bhearta an Aontais a chothaíonn r-Rialtas agus béim a leagan ar na bacainní atá ann dá gcur chun feidhme rathúil.

15 I bhfianaise go bhfuil tábhacht mhéadaitheach le seirbhísí digiteacha, mar a léirigh paindéim COVID-19, agus go bhfuil cistiú suntasach á leithdháileadh ar an digiteáil go ginearálta (féach míreanna 12-13), chinneamar an t-iniúchadh seo a dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta 2016-2020. Thairis sin, níl iniúchóireacht déanta againn ar aon cheann de na tionscnaimh dhigiteacha a chuir an Coimisiún chun feidhme roimhe seo ó 2001 i leith (féach mír 02 agus Iarscríbhinn I), seachas gníomhaíochtaí an Aontais i réimse ar leith an chúraim sláinte trasteorann10.

16 An cheist a bhí againn ná an raibh gníomhaíochtaí r-Rialtas an Choimisiúin éifeachtach. Chun freagra a thabhairt ar an gceist sin, rinneamar measúnú féachaint:

  1. ar dhear an Coimisiún a ghníomhaíochtaí r-Rialtais go hiomchuí;
  2. an ndearna an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 go hiomchuí;
  3. ar bhain gníomhaíochtaí r-Rialtais a spriocdhíríonn ar ghnólachtaí a gcuspóir amach; agus
  4. ar chuir an Coimisiún malartú dea-chleachtais agus seirbhísí digiteacha poiblí nua-bhunaithe chun cinn go hiomchuí.

17 Is é an tréimhse a bhí clúdaithe leis an iniúchadh seo ná an tréimhse inar dearadh Plean Gníomhaíochta 2016-2020 agus inar cuireadh chun feidhme é. Bhreathnaíomar freisin ar dhearadh ghníomhaíochtaí iar-2020 (féach mír 04), nuair ab ábhartha é sin, chun a fhíorú ar tugadh aghaidh ar laigí agus an ndearnadh ceachtanna a foghlaimíodh ó Phlean Gníomhaíochta 2016-2020 a chur san áireamh.

18 Mar gheall ar na cúiseanna a luaitear i mír 05, bhí fócas ár n-iniúchta dírithe ar fhreagra a fháil ar fhocheisteanna (c) agus (d) (féach mír 16) maidir le sé cinn de na 25 ghníomhaíocht i bPlean Gníomhaíochta 2016-2020 a bhain go díreach le gnólachtaí (féach Tábla 2).

Tábla 2 – Gníomhaíochtaí dírithe ar ghnólachtaí a bhí san áireamh i scóip na hiniúchóireachta

Uimh. Gníomhaíocht An bunús dlí a bhí ann cheana féin nuair a glacadh an Plean Gníomhaíochta
2 Dlús a chur lena mhéid a dhéantar Sainaithint leictreonach, Fíordheimhniú agus Seirbhísí Iontaoibhe (seirbhísí eIDAS) a gabháil isteach, lena n-áirítear eID agus r-Shíniú Rialachán Uimh. 910/2014
7 Togra a thíolacadh le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach (i.e. pointe rochtana aonair ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne)  
9 Idirnasc éigeantach do chláir ghnó na mBallstát uile a chur ar bun, i chomhar leis na Ballstáit Treoir 2012/17
10 Idirnasc leictreonach na gclár dócmhainneachta a fhorbairt tuilleadh Rialachán 2015/848
11 Tionscnamh a thíolacadh chun an úsáid a bhaintear as réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta a éascú  
13 Treoirthionscnamh a sheoladh maidir le prionsabal ‘na haonuaire’ don ghnó.  

Foinse: CIE.

19 Scrúdaíomar fianaise ó réimse foinsí:

  • athbhreithniú deisce ar dhoiciméid ábhartha ón gCoimisiún, comh maith le ceistneoirí a bhí comhlánaithe ag daoine d’fhoireann an Choimisiúin agus agallaimh a cuireadh orthu;
  • anailís ar dhoiciméid ábhartha a bhaineann le sampla de cheithre Bhallstát (an Danmhairg, an Ghearmáin, an Pholainn agus an Rómáin) comh maith le ceistneoirí a chomhlánaigh daoine den fhoireann i seirbhísí poiblí ábhartha sna tíortha sin, agus agallaimh leo. Bhí an rogha sin de Bhallstáit bunaithe ar dhul chun cinn r-Rialtas na mBallstát faoi seach agus áirithíodh ag an am céanna gur áiríodh sa sampla Ballstáit a tháinig isteach san Aontas roimh agus i ndiaidh 2004;
  • anailís ar shampla de 24 thionscadal a bhainistítear go lárnach agus a fhaigheann cistiú ón Aontas: 13 thionscadal SCE, ocht ngníomhaíocht ISA2 agus trí thionscadal Fís 2020. Tá liosta iomlán de na tionscadail roghnaithe ar fáil in Iarscríbhinn III. Roghnaíomar na tionscadail sin bunaithe ar a staid cur chun feidhme, ar ábharthacht agus ar leathadh geografach (a mhéid is a d'fheadfaí iad sin a nascadh leis na ceithre Bhallstát roghnaithe);
  • agallaimh le geallsealbhóirí ábhartha, i.e. eagraíochtaí atá ionadaíoch ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) Eorpacha11;
  • athbhreithniú ar fhoilseacháin acadúla, staidéir saineolaithe agus tagarmharcanna idirnáisiúnta nó dea-chleachtais.

Barúlacha

Tá feabhas tagtha ar dhearadh ghníomhaíochtaí r-Rialtais in imeacht ama

20 Is é is aidhm do Phleananna Gníomhaíochta ná rannchuidiú le dearadh reachtaíochta, ionstraimí agus tionscnamh an Aontais atá ann cheana nó rannchuidiú le hathbhreithniú a dhéanamh orthu. Níl sé ceangailteach ó thaobh dlí. D’úsáid an Coimisiún Pleananna Gníomhaíochta r-Rialtais mar uirlis pholaitiúil chun nuachóiriú riarachán poiblí a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh.

21 Ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí a dhearadh atá oiriúnach chun réiteach a fháil ar easnaimh r-Rialtais, agus aird á tabhairt aige ar thorthaí ó mheastóireachtaí, tuairimí geallsealbhóirí trí chomhairliúcháin, agus measúnuithe tionchair (éigeantach do gach idirghabháil airgeadais a bhfuil caiteachas suntasach i gceist leo, i.e. sa bhreis ar €5 mhilliún agus ag teastáil le haghaidh tionscnaimh de chuid an Choimisiúin ar dócha go mbeidh tionchair suntasacha eacnamaíocha, comhshaoil nó sóisialta acu)12.

22 Rinneamar measúnú, dá bhrí sin, féachaint ar dhear an Coimisiún na nithe seo a leanas ar bhealach iomchuí:

  • Plean Gníomhaíochta 2016-2020, agus
  • Gníomhaíochtaí iar-2020 a bhaineann le r-Rialtas.

Níor chomhlíon na gníomhaíochtaí a áiríodh i bPlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 an fhís a bhí acu

23 Tá an Plean Gníomhaíochta bunaithe ar fhís agus ar thrí thosaíocht bheartais (féach Bosca 1).

Bosca 1

Fís agus tosaíochtaí beartais an Phlean Gníomhaíochta

Fís: Faoi 2020, ba cheart go mbeidh riaracháin phoiblí agus institiúidí poiblí san Aontas Eorpach oscailte, éifeachtúil agus cuimsitheach, agus go ndéanfaidís seirbhísí poiblí digiteacha gan teorann atá pearsantaithe agus furasta le húsáid a chur ar fáil do gach saoránach agus gnólacht san Aontas. Úsáidtear cuir chuige nuálacha chun seirbhísí níos fearr a dhearadh agus a sholáthar i gcomhréir le riachtanais agus éilimh saoránach agus gnólachtaí. Úsáideann riaracháin phoiblí na deiseanna a chuireann an timpealleacht dhigiteach nua ar fáil chun a n-idirghníomhaíochtaí le geallsealbhóirí agus le chéile a éascú.

Tosaíochtaí beartais:

  • Riaracháin phoiblí a nuachóiriú le TFC, trí úsáid a bhaint as príomhchumasóirí;
  • Soghluaisteacht trasteorann a chumasú le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha;
  • Idirghníomhaíocht dhigiteach idir riaracháin agus saoránaigh/gnólachtaí a éascú maidir le seirbhísí poiblí ardcháilíochta.

Foinse: Plean Gníomhaíochta r-Rialtais an Aontais Eorpaigh do 2016-2020.

24 Chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí agus, ar deireadh, an fhís de riarachán poiblí oscailte, éifeachtúil agus furasta le húsáid a bhaint amach san Aontas, sainaithníodh 25 ghníomhaíocht sa Phlean Gníomhaíochta , a raibh gach ceann díobh nasctha le ceann de na tosaíochtaí. Bhí nádúir éagsúla ag baint leis na gníomhaíochtaí agus áiríodh ina measc gníomhartha dlí a thíolacadh, réitigh theicniúla a fhorbairt nó tacaíocht do Bhallstáit (féach Iarscríbhinn II do na gníomhaíochtaí go léir). Is é ár gconclúid gur léirigh siad na riachtanais a sainaithníodh sna meastóireachtaí ábhartha chomh maith leis an aiseolas ó dhaoine a rinne ionadaíocht ar riaracháin na mBallstát, ar ghnólachtaí, ar shaoránaigh agus ar gheallsealbhóirí. Léirítear cuid de na riachtanais agus na gníomhaíochtaí gaolmhara i mBosca 2.

Bosca 2

Samplaí de riachtanais na ngeallsealbhóirí agus an chaoi a léiríodh iad i bPlean Gníomhaíochta 2016-2020

Maidir leis na riachtanais seo a leanas:

  • réitigh a fhorbairt le haghaigh malartuithe faisnéise gan pháipéar idir riaracháin éagsúla, tugadh aghaidh air sin le gníomhaíochtaí 6, 14, 15, 16, 17, 21 agus 22 den Phlean Gníomhaíochta;
  • a áirithiú nach gá faisnéis a chur ar fáil do riarachán poiblí ach uair amháin (prionsabal na ‘haonuaire’), tugadh aghaidh air sin le gníomhaíochtaí 6, 13 agus 18;
  • córais náisiúnta idir-inoibritheacha a bheith ann chun seirbhísí trasteorann a áirithiú, tugadh aghaidh air le gníomhaíochtaí 4 agus 6;
  • níos mó tacaíochta a thabhairt do ríomhsholáthar, tugadh aghaidh air sin le gníomhaíochtaí 1, 5 agus 6.

Chun an liosta iomlán de na tionscadail a fháil, féach Iarscríbhinn II.

Foinse: CIE.

25 In ainneoin an fhíorais gur sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta ar Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2011-201513 gurbh é nádúr deonach na ngníomhaíochtaí sna Ballstáit an phríomhchúis go raibh gníomhaíochtaí gan réiteach nó neamhchríochnaithe ann, bhí na gníomhaíochtaí go léir i bPlean Gníomhaíochta 2016-2020 dírithe ar an gCoimisiún amháin, gan aon oibleagáid ar na Ballstáit.

26 D’fhormhór na ngníomhaíochtaí, áfach, áiríodh na hoibleagáidí sin sna gníomhartha dlí ábhartha a bhí ann roimh an bPlean Gníomhaíochta (e.g. gníomhaíochtaí 9 agus 10; féach Tábla 2) nó tugadh isteach iad mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta (e.g. gníomhaíocht 7). Do ghníomhaíocht amháin (gníomhaíocht 2) níor chuir an bunús dlí a bhí ann cheana aon oibleagáid ar na Ballstáit scéim eID a chur chun feidhme, in ainneoin an fhíorais gur gné ríthábhachtach é modh slán eID chun margadh aonair digiteach a áirithiú.

27 Ós rud é go raibh na gníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta dírithe ar an gCoimisiún amháin, níor cuireadh san áireamh leis na spriocdhátaí cur chun feidhme an t-am a bhí ag teastáil ó na Ballstáit a n-oibleagáidí a d’eascair ó na gníomhartha dlí a chomhlíonadh. I roinnt cásanna, shín na spriocdhátaí cur chun feidhme a bhí leagtha amach sna gníomhartha dlí thar ré an Phlean Gníomhaíochta agus a dháta físe de 2020 (féach samplaí i mBosca 3). Thairis sin, ós rud é go raibh gach seirbhís phoiblí ar gach leibhéal rialtais (ó leibhéal an Aontais, go leibhéal náisiúnta go leibhéal áitiúil) mar chuid den fhís de riarachán poiblí oscailte, éifeachtúil agus furasta le húsáid san Aontas, ní bheadh sé indéanta é sin a bhaint amach ach amháin trí chur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí ábhartha ag leibhéal an Aontais chomh maith le leibhéal na mBallstát.

Bosca 3

Gníomhaíochtaí reachtacha an Choimisiúin dá bhfuil gníomhaíocht na mBallstát ag teastáil

Gníomhaíocht 11 (úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta): Bhí go dtí Lúnasa 2021 ag na Ballstáit chun Treoir 2019/1151 a thrasuí leis an bhféidearthacht go gcuirfí síneadh de bhliain amháin leis an spriocdháta go dtí Lúnasa 2022.

Gníomhaíocht 7 (Tairseach Aonair Dhigiteach): Tá feidhm ag cuid de na hairteagail i Rialachán 2018/1724 ó Nollaig 2023 ar aghaidh.

Tugann beartas beartaithe an Choimisiún i ndiaidh 2020 aghaidh ar na heasnaimh, ach níl sé glactha go fóill

28 Nuair a bhí doiciméid beartais r-Rialtais iar-2020 á ndearadh (féach mír 04), bhunaigh an Coimisiún iad ar na doiciméid a éilítear leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr agus chuir sé san áireamh go hiomchuí na riachtanais a bhí sainaitheanta. Ós rud é, áfach, go bhfuil an togra don ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’ fós ag dul tríd an bpróiseas reachtach (amhail ag Meán Fómhair 2022) agus go bhféadfadh sé go leasófaí é dá bhrí sin, ní léir go fóill an mbeidh raon feidhme agus tosaíochtaí spriocanna an Chinnidh a ghlacfar ar deireadh i gcomhréir leis na riachtanais iarbhír.

29 Cé nach n-áirítear sa ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’ aon ghníomhaíocht ar leith do na Ballstáit, beidh ar gach Ballstát treochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a thíolacadh don Choimisiún, a bheidh i gcomhréir le cuspóirí an Aontais agus na spriocanna digiteacha atá leagtha síos, agus a rannchuideoidh leis na cuspóirí sin (féach Bosca 4).

Bosca 4

Spriocanna atá le baint amach chun seirbhísí poiblí a dhigiteáil

Na spriocanna sa togra maidir le seirbhísí poiblí a dhigiteáil sa ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’:

  • soláthar inrochtaine 100 % ar líne de phríomhsheirbhísí poiblí do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais;
  • tá rochtain ag 100 % de shaoránaigh an Aontais ar a dtaifid leighis;
  • úsáideann ar a laghad 80 % de shaoránaigh an Aontais réiteach don sainaitheantas digiteach (ID).

Foinse: Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’.

30 A mhéid a bhaineann leis na trí sprioc atá sainithe sa ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’, tugaimid an méid seo a leanas ar aire:

  • tagraíonn Sprioc (1) do ‘phríomhsheirbhísí poiblí’ ach níor tugadh sainmhíniú orthu sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach 2030 ná sa togra le haghaidh an ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’. Mar gheall nach bhfuil sainmhíniú comhchoitinn ar leibhéal an Aontais ann, d’fhéadfadh léirmhínithe éagsúla a bheith ag Ballstáit éagsúla ar an gcoincheap sin agus dá bhrí sin, seirbhísí poiblí náisiúnta éagsúla a bheith inrochtaine ar líne.
  • Tagraíonn Sprioc (3) don úsáid a bhaineann na saoránaigh as, ach mar gheall nach féidir iallach a chur ar shaoránaigh réitigh eID a úsáid, tá an sprioc seo lasmuigh de smacht aon riaracháin phoiblí.

31 Tugaimid ar aire freisin gur tugadh isteach leis an togra ón gCoimisiún creat comhair leis na Ballstáit. I gcomhréir leis an gcreat, beidh ar Bhallstáit a dtreochláir náisiúnta a ailíniú le cuspóirí agus spriocanna digiteacha an Aontais agus tuairisciú chuig an gCoimisiún maidir lena dul chun cinn i dtaca le spriocanna digiteacha 2030 a bhaint amach in am trátha. Mar sin, tugann an creat bunús dlí don Choimisiún chun cur chun feidhme a bheartais a stiúradh agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta.

Bhí socruithe faireacháin do Phlean Gníomhaíochta 2016-2020 neamhiomlán

32 Tá faireachán riachtanach chun go mbeadh lucht ceaptha beartais agus geallsealbhóirí in ann meastóireacht a dhéanamh féachaint an bhfuil cur chun feidhme an bheartais ‘ar an mbóthar ceart’ agus an bhfuil cuspóirí á mbaint amach.14 Chuige sin, ba cheart don Choimisiún15, i measc nithe eile, nasc soiléir a bhunú idir cuspóirí beartais agus príomhtháscairí cuí a chuireann san áireamh na socruithe is gá chun fianaise leordhóthanach a bhailiú in am.

33 Rinneamar measúnú, dá bhrí sin, féachaint an raibh na nithe seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:

  • faireachán iomchuí ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta;
  • córas iomchuí a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh féachaint an raibh na spriocanna digiteacha a bhí leagtha síos i gCompás Digiteach 2030 bainte amach.

Ní dhearnadh aon mheasúnú cuimsitheach ar an bPlean Gníomhaíochta

34 Ní raibh fís ná tosaíochtaí beartais Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 (féach Bosca 1) sonrach go leor chun measúnú a dhéanamh ar a mbaint amach. Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún aon chreat faireacháin sonrach ar bun, lena n-áirítear tacar de tháscairí feidhmíochta, chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngníomhaíochtaí agus na dtosaíochtaí beartais agus ar a mhéid ar comhlíonadh iad. Ar an gcaoi céanna, níor ullmhaigh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ná chríochnaitheach ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta.

35 Fuaireamar amach gur dhírigh an Coimisiún ar fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na gníomhaíochtaí aonair a chríochnú. Ní dhearna sé faireachán ar a dtionchar. Níor rianaigh Deais an Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais ach an raibh aon ghníomhaíocht críochnaithe nó idir lámha.

36 Ina theannta sin, phléigh an Coimisiún an dul chun cinn leis na Ballstáit i gcruinnithe an Bhoird Stiúrtha (féach mír 11) agus sna foghrúpaí ábhartha de. Do ghníomhaíochtaí aonair, tharla na malartuithe sin i rith na gcruinnithe rialta a bhí ag grúpaí saineolaithe ábhartha, amhail Grúpa Saineolaithe eIDAS, Grúpa Comhordaithe na Tairsí Digití Aonair, agus Grúpa Saineolaithe SCE.

37 Níor iarr an Coimisiún aon aiseolas córasach ó na Ballstáit, áfach, chun obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí ar leith ar an leibhéal náisiúnta.

38 Mar sin féin, do chuid de na gníomhaíochtaí a áiríodh sa Phlean Gníomhaíochta (gníomhaíocht 1 – r-Soláthar, gníomhaíocht 2 – eIDAS, gníomhaíocht 4 – an Creat Eorpach Idir-Inoibritheachta, agus gníomhaíocht 7 – Tairseach Aonair Dhigiteach), chuir ranna ábhartha an Choimisiún socruithe faireacháin ar bun. Tugtar sampla i mBosca 5.

Bosca 5

Socruithe faireacháin ar leith don Chreat Eorpach Idir-Inoibritheachta

Déantar faireachán ar chur chun feidhme an Chreata Eorpaighh Idir-Inoibritheachta (gníomhaíocht 4), trí Fhaireachlann an Chreata Idir-Inoibritheachta Náisiúnta ar bhonn níos mó ná 70 príomhtháscaire beartais (e.g. pointí aonair teagmhálacha sa réimse faireacháin atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí nó úsáid an idirlín le haghaidh idirghníomhaíocht leis na húdaráis phoiblí). Tá na torthaí léirithe i sraith scórchlár sonraí agus deaiseanna agus cuirtear san áireamh iad sa tuarascáil bhliantúil maidir leis an staid reatha ar riarachán poiblí digiteach agus idir-inoibritheacht.

Foinse: CIE.

39 In ionad creat faireacháin ar leith, d’úsáid an Coimisiún na táscairí a bhí aige cheana, go háirithe an Tagarmharc r-Rialtais agus an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) le haghaidh faireacháin (féach Bosca 6).

Bosca 6

Táscairí r-Rialtais

Gach bliain ó 2001, tá an Tuarascáil Tagarmhairc don r-Rialtas foilsithe ag an gCoimisiún, ina dtugtar léargas ar úsáid TFCanna san earnáil phoiblí. Déantar tíortha a thagarmharcáil bunaithe ar an bhfáil atá ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus na saintréithe atá acu. Déanann sé measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán r-Rialtais na mBallstát ar scála ó 0 % go 100 %.

Gach bliain ó 2015, tá an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) foilsithe go bliantúil ag an gCoimisiún freisin, ina léirítear an dul chun cinn maidir le r-Rialtas ar fud na mBallstát. Is innéacs ilchodach é, a dhéanann faireachán ar fheidhmíocht dhigiteach fhoriomlán na hEorpa agus a rianaíonn claochlú na mBallstát maidir le hiomaíochas dhigiteach. Thosaigh DESI amach le cúig ghné agus laghdaíodh an méid sin go ceithre ghné ina dhaidh sin, lena n-áirítear seirbhísí poiblí digiteacha (r-Rialtas). Déanann sé faireachán ar éileamh agus soláthar seirbhísí r-Rialtais chomh maith leis na beartais sonraí oscailte agus cur chun feidhme.

Foinse: CIE.

40 Cuireadh san áireamh sa Tagarmharc r-Rialtais leibhéal ard thosaíochtaí beartais Phlean Gníomhaíochta 2011-2015 agus Plean Gníomhaíochta 2016-2020 (féach Bosca 1). Is é a phríomhchuspóir, áfach, ná anailís a dhéanamh ar staid reatha na seirbhísí digiteacha a sholáthraíonn riaracháin phoiblí na hEorpa go ginearálta, seachas faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus baint amach na bPleananna Gníomhaíochta. Níl na táscairí a úsáidtear faoin Tagarmharc r-Rialtais nasctha le haon cheann de na gníomhaíochtaí atá curtha chun feidhme faoin bPlean Gníomhaíochta, agus mar sin níl na tuarascálacha Tagarmhairc r-Rialtais oiriúnach chun a thomhas cé chomh mór agus a bhaintear amach iad.

41 Is amhlaidh atá i gcás DESI, ós rud é gur táscairí an Tagarmhairc r-Rialtais i bhfírinne iad trí cinn de na cúig tháscaire atá i ngné DESI de na seirbhísí poiblí. Mar thoradh air sin, ní féidir leis an gCoimisiún torthaí ceachtar de na táscairí a nascadh le torthaí agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta sna Ballstáit.

42 Rinneamar comparáid ar scór foriomlán an Tagarmhairc r-Rialtais de réir tíre ag tús agus deireadh chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Fuaireamar amach gur tháinig méadú ar an meánscór (do na 27 mBallstát uile, AE-27) ó 58.5 % ag tús go 71.9 % ag deireadh chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Tháinig feabhas ar na Ballstáit go léir maidir le seirbhísí r-Rialtais a sholáthar. Ba mhó an feabhas a tháinig ar roinnt tíortha, áfach, (e.g. an Ungáir agus Lucsamburg) ná roinnt tíortha eile (e.g. an tSualainn agus an Ghearmáin) (féach Fíor 1). Ní féidir an t-athrú sa scór a nascadh le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, mar gheall ar an easpa táscairí oiriúnacha atá nasctha leis na gníomhaíochtaí sin. Tá na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhluamháin i ndáil leis sin ag brath ar na Ballstáit féin (féach mír 08).

Fíor 1 – Scór foriomlán an Tagarmhairc r-Rialtais de réir tíre, 2017 i gcomparáid le 2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Tagarmhairc r-Rialtais.

43 Tugaimid ar aire freisin, ós rud é gur athraigh an Coimisiún an mhodheolaíocht a úsáidtear chun fothacar táscairí a thiomsú in 2021, nach féidir an Tagarmharc a úsáid chun an dul chun cinn i bhfeidhmíocht r-Rialtais na mBallstáit roimh agus tar éis 2020 a chur i gcomparáid. D’aithin an Coimisiún an méid sin sa Tuarascáil Tagarmhairc. Ina theannta sin, níl na scóir r-Rialtais de réir tíre in dTuarascáil Tagarmhairc r-Rialtais 2021 comhleanúnach mar gheall go ndearnadh iad a chomhiomlánú mar mheán de dhá tháscaire a measadh le modheolaíochtaí éagsúla gan na coigeartuithe iomchuí a dhéanamh.

44 Faoi chuimsiú an Tagarmhairc r-Rialtais, déanann an Coimisiún tomhas freisin ar fheidhmíocht na dtíortha i gcomparáid le himeachtaí saoil. Is tacar de na seirbhísí poiblí digiteacha is coitianta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí iad imeachtaí saoil. Áirítear le himeachtaí saoil gnólachtaí: gnólacht a bhunú agus oibríochtaí luaithe trádála (e.g. an chuideachta nó an fhoireann a chlárú) agus oibríochtaí rialta gnó (e.g. cáin a dhearbhú agus a íoc ar líne)16.

45 Léiríonn an anailís ar na torthaí le haghaidh imeachtaí saoil gnólachtaí atá sa Tagarmharc r-Rialtais méadú ar mheánscór AE-27 ó 71.1 % ag tús go 79.9 % ag deireadh chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta (féach Fíor 2). Léiríonn na torthaí an méid seo a leanas:

  • tá na seirbhísí r-Rialtais do ghnólachtaí níos aibí na cinn atá ar fáil do shaoránaigh;
  • d’éirigh le formhór na riarachán Eorpach a seirbhísí digiteacha do ghnólachtaí a fheabhsú, agus cuireadh dlús leis an bpróiseas mar gheall ar phaindéim COVID-19;
  • bhí forbairt éagothrom ann sna Ballstáit. Rinne roinnt tíortha, iad siúd a bhí faoi bhun an mheánscóir den chuid is mó (amhail an Ungáir, an tSlóvaic agus Lucsamburg), dul chun cinn suntasach sa tréimhse sin. I gcodarsnacht leis sin, bhí meath beag ann i dtíortha eile (amhail an tSualainn agus an Danmhairg) in imeacht na tréimhse céanna.

Fíor 2 – Scór Tagarmhairc r-Rialtais le haghaidh imeachtaí saoil gnólachtaí de réir tíre, 2017 i gcomparáid le 2020

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí as an Tuarascáil Tagarmhairc r-Rialtais.

Tá forálacha le haghaidh córas faireacháin i mbeartas iar-2020 an Choimisiúin atá beartaithe

46 Mar atá luaite cheana i míreanna 30-31, i gcodarsnacht le Plean Gníomhaíochta 2016-2020, áirítear sa chlár beartais nua atá beartaithe, i.e. ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, spriocanna cainníochtaithe agus is éard atá beartaithe leis ná creat ina gceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn in am trátha trí shonraí agus staidreamh ábhartha a sholáthar. Thairis sin:

  • ba cheart don Choimisiún na príomhtháscairí feidhmíochta do gach sprioc dhigiteach a leagan amach i ngníomhartha cur chun feidhme a luaithe is a thagann Cinneadh i bhfeidhm. Is féidir leis an gCoimisiún na táscairí a nuashonrú nuair is gá chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.
  • ceanglaítear ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, conairí a shainiú maidir leis an gcaoi a ndéanfar gach ceann de na spriocanna digiteacha a bhaint amach, a bheadh ina bhunús le haghaidh faireacháin agus le haghaidh na dtreochlár straitéiseach náisiúnta don Deacáid Dhigiteach;
  • d’fhéadfadh an tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn atá beartaithe a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle bearta agus gníomhaíochtaí a shainaithint i réimsí ina gcinntear nach bhfuil an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha leordhóthanach.

47 De réir an togra, bheadh faireachán ag brath ar leagan feabhsaithe de DESI, i.e. ina léirítear na spriocanna atá leagtha síos. Fuaireamar amach go raibh eagrán 2020 de DESI oiriúnaithe cheana féin (i) chun é a ailíniú go pointe áirithe leis na spriocanna atá sa ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’, (ii) chun an mhodheolaíocht a fheabhsú agus (iii) chun na teicneolaíochtaí is déanaí agus forbairtí beartais a chur san áireamh. Tá DESI anois bunaithe ar na ceithre thoise atá i gCompás Digiteach 2030, atá tagtha in ionad an struchtúir cúig-thoisigh a bhí ann roimhe (féach Bosca 6).

48 Ós rud é go bhfuil an togra le haghaidh Cinneadh maidir leis an ‘gConair i dtreo na Deacáide Digití’ fós ag dul tríd an bpróiseas reachtach (amhail ag Meán Fómhair 2022), chinn an Coimisiún athruithe a thabhairt isteach in DESI de réir a chéile, rud a chiallaíonn nach gclúdaíonn sé na spriocanna go léir go fóill. Go háirithe, níl dhá cinn de na trí sprioc dhigiteacha (2 agus 3, féach Bosca 4) áirithe go díreach i sprioc DESI go dtí seo: tá sprioc (1) áirithe ann ach ós rud é nach bhfuil aon sainmhíniú go fóill ann maidir le céard is ‘príomhsheirbhísí’ poiblí ann (féach mír 30), níl sé soiléir cad a thomhaisfear.

Chuir an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta chun feidhme, ach tá moilleanna ar ghníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát

49 Tá roinnt cineálacha gníomhaíochtaí éagsúla sa Phlean Gníomhaíochta, amhail ceangal a bheith ar an gCoimisiún tograí reachtacha a dhéanamh, réitigh digiteacha a chur ar fáil agus treoirthionscadail a sheoladh.

50 Anuas ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, bhí sé d’oibleagáid ar Bhallstáit, i gcásanna áirithe, gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhonn gníomhartha dlí a bhí ann roimh an bPlean Gníomhaíochta (féach Tábla 2), nó a cuireadh ar bun mar thoradh air.

51 Rinneamar measúnú, dá bhrí sin, ar na nithe seo a leanas:

  • an raibh a chuid gníomhaíochtaí tugtha i gcrích aige in am tráthúil ag an gCoimisiún;
  • ar chomhlíon na Ballstáit a n-oibleagáidí dlí.

Chuir an Coimisiún na gníomhaíochtaí a áirítear sa Phlean Gníomhaíochta chun feidhme

52 Bunaithe ar ár n-athbhreithniú ar na doiciméid ábhartha, fuaireamar amach go ndearna an Coimisiún na sé ghníomhaíocht de Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 a bhí san áireamh i scóip na hiniúchóireachta a thabhairt i gcrích. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Tábla 3 agus Iarscríbhinn IV.

Tábla 3 – Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí r-Rialtais a áirítear i scóip na hiniúchóireachta

Gníomhaíocht Staid an chur chun feidhme Miononraí maidir le gníomhaíochtaí an Coimisiún atá curtha chun feidhme
Gníomhaíocht 2 – dlús a chur lena mhéid a dhéantar Sainaithint Leictreonach, Fíordheimhniú agus Seirbhísí Iontaoibhe (seirbhísí eIDAS), lena n-áirítear eID agus r-shíniú, a ghabháil isteach Curtha chun feidhme Rinne an Coimisiún ardáin chroísheirbhíse (i.e. moil lárnacha lena gcumasaítear nascacht tras-Eorpach) agus comhéadain a chur ar bun, agus déanann sé iad a chothabháil agus a nuashonrú, lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla, bogearraí agus tacaíocht theicniúil maidir le feidhmchláir náisiúnta a nascadh.

Chun dlús a chur lena ngabháil isteach, chuir an Coimisiún fóraim malartaithe ar bun, d’eisfhoinsigh sé na staidéir ábhartha, d’eagraigh sé seimineáir agus rinne sé gníomhaíochtaí forfheidhmithe bunaithe ar ghearáin a fuarthas. Táthar ag súil le hathruithe níos suntasaí sa ghabháil isteach, áfach, ag éirí as Rialachán eIDAS nua a moladh i mí an Mheithimh 2021.
Gníomhaíocht 7 – togra a thíolacadh le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach (i.e. pointe rochtana aonair ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne) Curtha chun feidhme Thíolaic an Coimisiún an togra, a formheasadh ina dhaidh sin mar gníomh reachtach (Rialachán 2018/1724).
Gníomhaíocht 9 – idirnasc éigeantach chláir gnó na mBallstát uile a chur ar bun, i chomhar leis na Ballstáit Curtha chun feidhme Rinne an Coimisiún ardáin chroísheirbhíse (i.e. moil lárnacha lena gcumasaítear nascacht tras-Eorpach) agus comhéadain a chur ar bun, agus déanann sé iad a chothabháil agus a nuashonrú,, lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla, bogearraí agus tacaíocht theicniúil maidir le cláir náisiúnta a nascadh. Féach freisin mír 52.
Gníomhaíocht 10 – idirnasc leictreonach na gclár dócmhainneachta a fhorbairt tuilleadh Curtha chun feidhme
Gníomhaíocht 11 – tionscnamh a chur i láthair chun úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta a éascú Curtha chun feidhme Thíolaic an Coimisiún an togra, a formheasadh ina dhiaidh sin mar ghníomh reachtach (Treoir 2019/1151 lena leasaítear Treoir 2017/1132).
Gníomhaíocht 13 – treoirthionscadal a sheoladh maidir le prionsabal ‘na haonuaire’ don ghnó. Curtha chun feidhme Seoladh an treoirthionscadal.

Foinse: CIE.

53 Fuaireamar, cé go raibh gníomhaíochtaí 9 agus 10 curtha chun feidhme, nach raibh uirlis próiseála íocaíochtaí ag na córais a bhí forbartha ós rud é go raibh moilleanna i gceist lena forbairt (féach Bosca 7 le haghaidh sonraí). Níor cheanglas dlíthiúil é uirlis íocaíochtaí a fhorbairt. Cé go soláthraíonn na córais an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi na gníomhartha reachtacha, is é an staid atá ann, áfach, mar gheall nach bhfuil uirlis íocaíochta ann ná go gcuirtear iallach ar úsáideoirí filleadh ar ardáin náisiúnta i gcás ina bhfuil faisnéis nó doiciméid ag teastáil uathu a bhfuil táille i gceist leo.

Bosca 7

Moill ar chur chun feidhme na huirlise próiseála íocaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí 9 agus 10

Trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó, tá rochtain ag úsáideoirí na Tairsí Eorpaí don r-Cheartas ar dhoiciméid cuideachtaí, lena n-áirítear an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt de réir gníomhartha dlí. Tá doiciméid ar leith saor in aisce, ach tá cead ag na Ballstáit táille a ghearradh ar dhoiciméid eile. Thréig an Coimisiún na pleananna tosaigh a bhí aige córas lárnach íocaíochta a fhorbairt a phróiseálfadh íocaíochtaí agus a d’eiseodh sonraisc don íocaí. Ina ionad sin, tá sé ag smaoineamh ar chóras díláraithe íocaíochta a fhorbairt, a eisfhoinseoidh íocaíocht dhoiciméid cuideachtaí go díreach chuig soláthraí chóras íocaíochta an chláir gnó náisiúnta atá ag díol an doiciméid. Measann an Coimisiún go bhféadfaí an córas a imscaradh sa ráithe dheireanach de 2023.

Ar an gcaoi chéanna, níl uirlis próiseála íocaíochta chun cláir dhócmhainneachta a idirnascadh curtha chun feidhme go fóill ag an gCoimisiún (gníomhaíocht 10). Ina ionad sin, tá sé i gceist aige an réiteach céanna le Córas Idirnasctha na gClár Gnó a úsáid.

Foinse: CIE.

54 Rinneamar measúnú freisin féachaint an ndearna an Coimisiún obair leantach ar na moltaí óna mheastóireacht ar Rialachán eIDAS 2004 atá nasctha le gníomhaíocht 2 (eIDAS). D’fhéach an Rialachán le creat aonair a chruthú le haghaidh sainaithint leictreonach (eID) agus seirbhísí iontaoibhe, agus é a dhéanamh níos furasta dá bhrí sin seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais, gan beann ar an tír ina mbíonn siad. Ní dhearna an Rialachán comhchuibhiú ar eIDanna náisiúnta ach chumasaigh sé aitheantas frithpháirteach trí phróiseas fógartha agus athbhreithnithe piaraí.

55 Eisíodh an mheastóireacht ar Rialachán eIDAS in 2021. Shainaithin sé na laigí seo a leanas:

  • Níor ceanglaíodh ar na Ballstáit, leis an Rialachán, eID a chur ar fáil dá saoránaigh agus gnólachtaí chun rochtain shlán ar sheirbhísí poiblí ar líne a chumasú. Fiú nuair a rinne siad an méid sin, ní raibh sé d’oibleagáid orthu fógra a thabhairt i dtaobh na scéimeanna sin. Thairis sin, ba é conclúid na meastóireachta ná nach bhfuil ach líon teoranta seirbhísí poiblí ann a chuireann fíordheimhniú eIDAS ar fáil nó atá nasctha leis an mbonneagar, agus cuireann earráidí teicniúla bac ar úsáideoirí fíordheimhniú a dhéanamh go héifeachtach.
  • Níor fhéad creat eID aghaidh a thabhairt ar éilimh margaidh nua i measc cinn eile mar gheall ar na nithe seo leanas: (i) go bhfuil sé teoranta don earnáil phoiblí agus do rochtain trasteorann ar sheirbhísí poiblí a dhaingniú (is é sin le rá gur bhain na seirbhísí a raibh Rialachán eIDAS spriocdhírithe orthu le céatadán beag de dhaonra an Aontais); (ii) an chastacht do sholáthróirí seirbhísí príobháideacha a nascadh leis an gcóras; agus (iii) infhaighteacht neamh-leordhóthanach sna Ballstáit go léir.
  • Tá an creat bunaithe ar chórais náisiúnta eID a fheidhmíonn de réir caighdeáin éagsúla, rud a fhágann go bhfuil srian ar úsáid sheirbhísí eIDAS; easnamh a sainaithníodh freisin i gcás tionscadal SCE (féach Bosca 8).

Bosca 8

Creat bunaithe ar chórais náisiúnta eID a fheidhmíonn de réir caighdeáin éagsúla

Rinne tionscadal SCE amháin (2016-EU-IA-0064) gabháil isteach eID ag soláthraithe seirbhísí a chur chun cinn. Más mian le soláthraí seirbhíse céannacht a gcliant a dhearbhú, ní mór dó a bheith nasctha le nód eIDAS náisiúnta ar leith. D’fhéach an tionscadal le cúig sholáthraí seirbhíse príobháideacha a nascadh, a raibh gach ceann díobh ag feidhmiú néal-ardáin (a chuireann seirbhísí príobháideacha ar fáil) ag a raibh cúig nód eIDAS éagsúla (an Spáinn, an Iorua, an Danmhairg, an Ísiltír agus an Íoslainn, faoi seach). Leis an nasc sin, tá sé indéanta sonraí sainaitheantais a iarraidh, a fháil agus a phróiseáil.

Bhí deacrachtaí agus moilleanna ann maidir leis an gcur chun feidhme ós rud é go raibh beartais éagsúla ag tíortha éagsúla maidir le rochtain a fháil ar nóid eIDAS náisiúnta.

Bhí nasc díreach indéanta sa Spáinn, san Íoslainn agus san Iorua. Bhí ar sholáthraithe seirbhíse san Ísiltír, áfach, nód idirmheánach a rochtain. I gcás na Danmhairge, bhí ar sholáthraithe seirbhíse comhéadan comhtháthaithe speisialta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun nód eIDAS na Danmhairge a rochtain. Trí bhogearraí breise a bhí ag úsáid caighdeáin teicniúla éagsúla a fhorbairt, bhí an próiseas nasctha casta agus fadálach.

Foinse: CIE.

56 Fuaireamar amach, mar fhreagra ar na laigí sin, go mbeidh an t-athbhreithniú ar rialachán eIDAS atá beartaithe á chur de cheangal ar gach Ballstát Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a eisiúint do gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas chun a áirithiú go bhfuil rochtain shlán, iontaofa agus gan uaim acu ar sheirbhísí trasteorann poiblí agus príobháideacha. Ní mór do gach Ballstát fógra a thabhairt i dtaobh scéim do shainaithint leictreonach amháin ar a laghad, lena n-áirítear ar a laghad modh sainaithinte amháin. Mar iarmhairt air sin, nuair a bheidh an Tiachóg in úsáid, níor ghá caighdeáin theicniúla nóid eIDAS náisiúnta a chomhchuibhiú a thuilleadh, ós rud é go mbeadh ar sholáthraithe seirbhíse nascadh leis an gcóras.

57 Ó glacadh an Rialachán maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach mar thoradh ar ghníomhaíocht 7 (Tairseach Aonair Dhigiteach), rinneamar measúnú freisin féachaint ar chomhlíon an Coimisiún ceanglas sa Rialacháin nua, eadhon comhéadan comhchoiteann úsáideoirí a fhorbairt agus a chothabháil (lena n-áirítear inneall cuardaigh agus uirlisí aiseolais úsáideoirí). Éascaíonn an Tairseach Aonair Dhigiteach rochtain ar líne ar fhaisnéis, nósanna imeachta riaracháinagus seirbhísí cúnta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais i dtír eile de chuid an Aontais.

58 Fuaireamar amach gur fhorbair an Coimisiún comhéadan, i.e. an pointe iontrála aonair, arb é sin an tairseach ‘An Eoraip Agatsa’ (féach Fíor 3). Tríd an tairseach, beidh úsáideoirí nasctha leis na suíomhanna gréasáin náisiúnta ábhartha ar a bhfuil an tseirbhís atá á chuardach acu lonnaithe. Faoi Nollaig 2023 ar a dhéanaí, tá ar na Ballstáit 21 nós imeachta a dhigiteáil chun iad a bheith inrochtana tríd an tairseach. Seo a leanas samplaí de nósanna imeachta atá ábhartha do ghnólachtaí: cead a iarraidh le haghaidh gníomhaíochta gnó nó clárú mar fhostóir le haghaidh pinsin agus slándáil shóisialta. Seoladh na chéad seirbhísí a bhí ar fáil ar an tairseach ar an 12 Nollaig 2020.

Fíor 3 – An Tairseach Aonair Dhigiteach

(*) Riaracháin phoiblí, dlíodóirí, breithiúna, nótairí, gairmithe.

Foinse: CIE.

59 I dtaca le gníomhaíochtaí 7 (Tairseach Aonair Dhigiteach) agus 13 (treoirthionscadal phrionsabal na haonuaire do ghnólachtaí), fuaireamar amach go raibh an treoirthionscadal a fuair maoiniú ó chlár taighde Fís 2020 an Aontais (tionscadal ‘TOOP’, maoiniú de €8 milliún) in ann dul chun cinn a dhéanamh maidir le prionsabal na ‘haonuaire’ a chur chun feidhme. Is é is aidhm leis an bprionsabal ná nach mbíonn ar shaoránaigh agus gnólachtaí faisnéis ar fáil do riarachán poiblí san Aontas ach uair amháin. Chruthaigh an tionscadal ailtireacht réitigh lena nasctar 40 córas faisnéise. Thairis sin, tháinig an treoirphlean ailtireachta a forbraíodh faoin tionscadal chun bheith mar chuid den Rialachán maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach. Mar thoradh air sin, cuireadh an tionscadal, a thosaigh in 2017 agus a bhí dírithe go príomha ar an idir-inoibritheacht, in oiriúint nuair a glacadh an Rialachán maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach chun go bhféadfaí an córas teicniúil a bhfuil cur síos air sa Rialachán a chur chun feidhme.

Moill ar chur chun feidhme roinnt seirbhísí poiblí digiteacha sna Ballstáit

60 Cé nár áiríodh sa Phlean Gníomhaíochta ach gníomhaíochtaí don Choimisiún, braitheann an fháil atá ar réitigh dhigiteacha go mór ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí comhlántacha ar leibhéal na mBallstát. Do na gníomhaíochta a áirítear i scóip na hiniúchóireachta, fuaireamar amach, in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin, nach ndearnadh trí cinn as na sé ghníomhaíocht a chur chun feidhme ach go pointe áirithe mar gheall ar fhreagairt neamhdhóthanach nó moillithe ag na Ballstáit (féach Tábla 4). Mar thoradh air sin, ní raibh athruithe suntasacha do ghnólachtaí agus saoránaigh ar fud an Aontais mar thoradh go dtí seo ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin idir 2016 agus 2020.

Tábla 4 – Cur chun feidhme réitigh r-Rialtais ar leibhéal na mBallstát

Gníomhaíochtaí an Choimisiúin Gníomhaíochtaí gaolmhara ar leibhéal na mBallstát Staid an cur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát
Gníomhaíocht 2 – dlús a chur lena mhéid a dhéantar Sainaithint Leictreonach, Fíordheimhniú agus Seirbhísí Iontaoibhe (seirbhísí eIDAS), lena n-áirítear eID agus r-shíniú, a ghabháil isteach Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 910/2014 Curtha chun feidhme go pointe áirithe
Gníomhaíocht 7 – togra a thíolacadh le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach (i.e. pointe rochtana aonair ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne) Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1724 Curtha chun feidhme go pointe áirithe

(Sprioc-am don chur chun feidhme: Nollaig 2023)
Gníomhaíocht 9 – idirnasc éigeantach chláir gnó na mBallstát uile a chur ar bun, i chomhar leis na Ballstáit Treoir Cur Chun Feidhme 2012/17, Treoir 2017/1132 agus Treoir 2019/1151 Curtha chun feidhme le moilleanna
Gníomhaíocht 10 – idirnasc leictreonach na gclár dócmhainneachta a fhorbairt tuilleadh. Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/848 Curtha chun feidhme go pointe áirithe
Gníomhaíocht 11 – tionscnamh a chur i láthair chun úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta a éascú Treoir Cur Chun Feidhme 2019/1151 lena leasaítear Treoir 2017/1132 Curtha chun feidhme go pointe áirithe
Gníomhaíocht 13 – treoirthionscadal a sheoladh maidir le prionsabal ‘na haonuaire’ don ghnó. Ag glacadh páirt sa treoirthionscadal Curtha chun feidhme

Foinse: CIE.

61 I dtaca le gníomhaíocht 2 (eIDAS), bhí freagraí ó na Ballstáit deonach. Mar thoradh air sin, ag deireadh 2021, i.e. cúig bliana tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin, bhí naoi mBallstát fós ann, a sheasann do 41 % den phobal, nach raibh mar chuid den chreat go fóill. Cuireann líon suntasach na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach teorainn shuntasach leis an bhféidearthacht do shaoránaigh agus gnólachtaí ríomh-idirghníomhaíochtaí níos sláine, níos tapa agus níos éifeachtúla a bheith acu.

62 Maidir le gníomhaíocht 9 (idirnascadh na gclár gnó) agus gníomhaíocht 10 (idirnascadh na gclár dócmhainneachta), bhí ar an gCoimisiún ardán croísheirbhísí agus comhéadan a chur ar bun agus a nuashonrú agus bhí ar na Ballstáit a gcláir ghnó agus dhócmhainneachta a dhigiteáil agus iad a nascadh leis an gcóras (féach Fíor 4). D’úsáid an Coimisiún an tairseach don r-Cheartas mar chomhéadan, agus bhí cistiú SCE ar fáil chun tacú leis na Ballstáit (a dtagraítear dó mar ‘seirbhísí cineálacha’ ag SCE).

Fíor 4 – Córas Idirnasctha na gClár Gnó

(*) Riaracháin phoiblí, dlíodóirí, breithiúna, nótairí, gairmithe.

Foinse: CIE.

63 A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht 9 (idirnascadh na gclár gnó), tá Córas Idirnasctha na gClár Gnó beo ón 8 Meitheamh 2017 agus ligeann sé d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh ar fhaisnéis ó chuideachtaí ata cláraithe in aon tír san Aontas (móide Lichtinstéin agus an Iorua). Tá an fheidhm chuardaigh agus an fhaisnéis bhunúsach aistrithe ó na teangacha náisiúnta ábhartha go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Bhí moilleanna maidir le nascadh ann do shé Bhallstát17, leis an gceann deireanach ag nascadh i Márta 2022, beagnach cúig bliana tar éis an spriocdháta a leagadh síos sa Treoir ábhartha agus ní dhearnadh an méid sin go dtí go raibh an t-ábhar curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iúil 2021. I rith 2021, a mhéid a bhaineann le húsáid, bhí idir 17 300 agus 39 100 cuardach in aghaidh na míosa ann.

64 A mhéid a bhaineann leis an gcóras le haghaidh gníomhaíocht 10 (idirnascadh na gclár dócmhainneachta) chuir an rialachán cur chun feidhme ábhartha, de cheangal ar na Ballstáit idirnasc a áirithiú faoin 30 Meitheamh 2021. I mí Iúil 2022, ní raibh ach 17 as na 26 Bhallstát nasctha (ní raibh an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán18). Bhí cúig19 Bhallstát eile sa phróiseas forbartha agus tástála. Do na ceithre Bhallstát eile20, tá an Coimisiún fós ag feitheamh ar aiseolas. Go dtí go mbeidh na naoi mBallstát atá fágtha nasctha, ní féidir le húsáideoirí cuardach a dhéanamh tríd an inneall cuardaigh aonfhoirmeach ilteangach le haghaidh eintitis dhócmhainneacha atá cláraithe sna Ballstáit sin. Tá pointe rochtana poiblí leictreonach den chineál sin le haghaidh sonraí maidir le féichiúnaithe atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta an-úsáideach do chreidiúnaithe atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, nó do tríú páirtithe a bhfuil tionchar indíreach ag na himeachtaí sin orthu. I rith 2021, bhí idir 2 500 agus 6 500 cuardach in aghaidh na míosa ann.

65 Mar thoradh ar ghníomhaíocht 11 (úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta), bhí ar na Ballstáit Treoir 2019/1151 maidir le huirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi Lúnasa 2021, ach amháin sa chás go dtabharfaidís fógra don Choimisiún á rá go raibh siad ag cur síneadh i bhfeidhm, a bhféadfadh aon bhliain amháin a bheith i gceist leis sin. Ag tráth an iniúchta, bhí fógra den chineál sin tugtha ag 17 mBallstát. Léiríonn an méid sin nach féidir le cuideachtaí i bhformhór na mBallstát úsáid a bhaint fós as na huirlisí agus próisis dhigiteacha chun cuideachtaí a chruthú, brainsí a chlárú agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.

66 Tugaimid ar aire, maidir le tromlach na mBallstát a bhfuil tuilleadh ama ag teastáil uathu chun gníomhaíocht 2 (eIDAS), gníomhaíocht 10 (idirnascadh na gclár dócmhainneachta) agus gníomhaíocht 11 (úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta)a chur chun feidhme, go raibh scór Thagarmhairc r-Rialtais a bhí faoi bhun an mheáin Eorpaigh acu in 2017 agus 2020 (féach Fíor 1).

67 Mar atá luaite cheana (féach Tábla 1 agus mír 62), bhí Ballstáit in ann cistiú a fháil chun a gcórais a nascadh leis na hardáin a bhí forbartha ag an gCoimisiún. D’úsáid Ballstáit cistiú SCE go háirithe do na nithe seo a leanas:

  • gníomhaíocht 2 (eIDAS), €25.35 milliún do 26 Bhallstát;
  • gníomhaíocht 9 (idirnascadh na gclár gnó), €2.44 milliún do 10 mBallstát;
  • agus gníomhaíocht 10 (idirnascadh na gclár dócmhainneachta), €1.16 milliún do sheacht mBallstát.

Bunaithe ar ár n-iniúchadh ar shampla de thionscadail a fuair cistiú ón Aontas (féach mír 19), fuaireamar amach gur mheas roinnt Ballstát gur deis a bhí ann go raibh cistiú ón Aontas ar fáil, agus chuir sé sin borradh faoi chur chun feidhme a seirbhísí r-Rialtais. Chuidigh na tionscadail SCE chun míbhuntáistí áirithe a bhí ag baint leis na réitigh a bhí ann a shainaithint (féach Bosca 8).

68 Chomhlíon 23 as na 24 thionscadal agus gníomhaíochta faoi iniúchóireacht (i.e. iad sin a raibh bailchríoch curtha leo ag tráth ár n-iniúchta) na cuspóirí a bhí leagtha síos. Go háirithe, dhearbhaigh siad idir-inoibritheacht na réiteach forbartha agus d’athúsáid siad blocanna tógála SCE a bhí ann cheana (i.e. bonneagair seirbhíse digiteacha bunúsacha, ar príomhchumasóirí iad is féidir a athúsáid i seirbhísí digiteacha níos casta) nó bonneagair seirbhísí digiteacha (i.e. réitigh a thacaíonn le cur chun feidhme tionscadal uile-Eorpacha, agus a chuireann seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpacha don leas comhchoiteann ar fáil).

69 Ba mhór ag na Ballstáit a chuireamar faoi agallamh an tacaíocht theicniúil leanúnach a chuir an Coimisiún ar fáil nuair a d’úsáid siad bonneagair seirbhíse dhigiteacha a fuair cistiú ó SCE nó nuair a bhí orthu córais ó Bhallstát eile a chomhtháthú, a bhfuil an bonneagair seirbhísí dhigiteacha curtha chun feidhme acu, go háirithe le haghaidh seirbhísí eIDAS. Dar leosan, d’fhéadfaí idirnaisc inbhuanaithe idir córais roinnt Ballstát a fhorbairt mar gheall ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin.

Chothaigh an Coimisiún malartú dea-chleachtais, ach níor leor iad maidir le seirbhísí poiblí digiteacha nua a chur chun cinn

70 D’aithin na dearbhuithe aireachta is déanaí (féach mír 02) an tábhacht a bhaineann le malartuithe dea-chleachtais a chur chun cinn, agus naisc a chruthú idir na húdaráis ábhartha agus na seirbhísí poiblí digiteacha atá ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth21 a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a chur chun cinn.

71 Rinneamar measúnú, dá bhrí sin, féachaint an raibh na nithe seo a leanas déanta go hiomchuí ag an gCoimisiún:

  • comhar agus malartú dea-chleachtais a chothú;
  • na seirbhísí poiblí digiteacha nua a bhí ar fáil a chur chun cinn.

Chruthaigh an Coimisiún an-chuid deiseanna le haghaidh comhair agus malartuithe dea-chleachtais

72 Rinneamar measúnú ar na huirlisí a d’úsáid an Coimisiún chun malartú dea-chleachtais a chothú. Fuaireamar amach, nach é amháin gur chruthaigh sé grúpaí ina bhféadadh geallsealbhóirí cruinnithe a bheith acu, ach gur chistigh sé tionscadail ar leith freisin i dtaca leis sin.

73 Áiríodh leis na grúpaí sin:

  • Plean Gníomhaíochta an Bhoird Stiúrtha (féach mír 11), a tháinig le chéile dó nó trí huaire in aghaidh na bliana agus inár chuir na Ballstáit a ndul chun cinn i láthair maidir le forbairt réiteach r-Rialtais agus samplaí de dhea-chleachtais agus dúshláin a bhain le réitigh ar leith a fhorbairt. Ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an bPlean Gníomhaíochta, chuir an Bord deireadh lena ghníomhaíochtaí in 2021;
  • grúpaí saineolaithe le haghaidh ábhair nó réitigh shonracha, amhail grúpa saineolaithe eIDAS (gníomhaíocht 2), Grúpa comhordaithe don Tairseach Aonair Dhigiteach (gníomhaíocht 7), grúpa saineolaithe maidir le dlí na gcuideachtaí (gníomhaíochtaí 9 agus 11) agus grúpa saineolaithe maidir le hidir-inoibritheacht sheirbhísí poiblí Eorpacha. Leanann na grúpaí saineolaithe sin de bheith ag oibriú.

74 Bhí na tionscadail a bhí i gceist cistithe go príomha faoi na cláir seo a leanas:

  • clár ISA2, inarbh iad comhar agus malartuithe dea-chleachtais a bhí go fírinneach ina gcroí-ghnéithe de bheartas idir-inoibritheachta agus gníomhaíochtaí tacaíochta an Choimisiúin (féach Airteagail 3 agus 8 de Chinneadh 2015/2240). Sampla de thionscnamh an-chuimsitheach is ea Ardán Joinup a thaispeántar i mBosca 9 (a fuair cistiú faoi dhá ghníomhaíocht ISA2 atá ar áireamh sa sampla iniúchóireachta agus a raibh luach de €6 mhilliún ag gabháil leo). Tar éis deireadh a theacht le clár ISA2, chuir an Coimisiún cistiú breise ar fáil le haghaidh Ardán Joinup faoin gClár don Eoraip Dhigiteach do 2021 agus 2022 ar a laghad;
  • Fís 2020, a spreag tionscnaimh ad hoc le haghaidh saincheisteanna sonracha. Sampla amháin is ea tionscadal SCOOP4C, lenar cothaíodh pobal geallsealbhóirí a chomhroinn a dtaithí agus dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire (cistiú Fís 2020 arb ionann é agus €1 mhilliún). Níl aon fhianaise ann, áfach, gur lean gníomhaíochtaí an phobail ar aghaidh tar éis deireadh a theacht leis an tionscadal, cé go bhfuil an tsaincheist fós ábhartha.

Bosca 9

Ardán Joinup – ardán tiomnaithe chomhar idir-inoibritheachta agus malartaithe an Aontais

Bhunaigh an Coimisiún Joinup in 2011 chun láthair chomhchoiteann a chur ar fáil a chumasaíonn riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh chun réitigh TF agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus a athúsáid, agus cumarsáid agus comhoibriú a éascú maidir le tionscadail TF ar fud na hEorpa. Tá Joinup dírithe ar idir-inoibritheacht séimeantach r-Rialtais agus ar bhogearraí foinse oscailte. Is iad seo a leanas na príomhthréithe:

  • Oibríonn Joinup mar chatalóg inar féidir le húsáideoirí réitigh atá forbartha cheana féin a aimsiú agus a íoslódáil go héasca. Tá níos mó ná 2 800 réiteach idir-inoibritheachta ann, i.e. uirlisí bogearra atá réidh nó seirbhísí in-athúsáidte, lena n-áirítear eID SCE agus ríomh-síniú, r-Shláinte agus r-Sholáthar;
  • Tá pobail chleachtais amhail Ailtireacht Tagartha Idir-inoibritheachta na hEorpa, Comhroinnt agus Athúsáid réitigh TF, an pobal le haghaidh Faireachlann an Chreata Idir-Inoibritheachta Náisiúnta, An Fhaireachlann Foinsí Oscailte agus Seirbhísí Poiblí Nuálacha ar fáil in Joinup;
  • Is é Joinup an pointe iontrála freisin don Acadamh Idir-inoibritheachta, atá deartha chun eolas a scaipeadh agus malartuithe a chur chun cinn idir cleachtóirí agus taighdeoirí atá páirteach sa rialtas digiteach. Cuireann an tAcadamh Idir-inoibritheachta cineálacha éagsúla acmhainní foghlama agus cúrsaí ar siúl, ó ócáidí beo (e.g. ceardlanna, seimineáir gréasáin, scoileanna séasúir agus oiliúint) go cúrsaí féinluais (e.g. cúrsaí lánbheoite, nó páirtbheoite le hathúsáid ábhair a bhí ann cheanna).

In 2021, bhí thart ar 18 000 úsáideoir cláraithe ag an ardán. Tugadh cuairt air beagnach leathmhilliún uair, agus tá níos mó ná milliún amharc leathanaigh aige.

Foinse: CIE.

75 Bunaithe ar ár gceithre ghníomhaíocht ISA2 (féach Iarscríbhinn III), miontuairiscí de chruinnithe an Bhoird Stiúrtha agus na ngrúpaí saineolaithe, mar aon le hagallaimh de daoine den fhoireann sna Ballstáit, is é ar gconclúid ná gur thug an Coimisiún tacaíocht mhaith don chomhoibriú agus malartú dea-chleachtais, agus go raibh na malartuithe idir geallsealbhóirí bunaithe ar shaincheisteanna a raibh leas acu iontu.

76 Fuaireamar freisin gur chur an Coimisiún san áireamh ar bhealach iomchuí an gá atá le comhar agus dea-chleachtais a chothú nuair a bhí na cláir do thréimhse 2021-2027 á n-ullmhú.

  • áiritear sa chlár oibre lena gcuirtear an Chlár don Eoraip Dhigiteach do 2021 agus 2022 chun feidhme gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta, a bhfuil sé mar phríomhaidhm leo comhar a cur chun cinn agus/nó tacaíocht a chur ar fáil do bheartais an Aontais;
  • tá sásra le haghaidh comhar bliantúil idir na Ballstáit agus an Coimisiún beartaithe sa togra ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, (féach mír 31).

Níor chuir an Coimisiún seirbhísí poiblí digiteacha chun cinn ar bhealach cuimsitheach agus comhordaithe

77 Rinneamar measúnú ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun seirbhísí poiblí digiteacha a chur chun cinn, agus fuaireamar go raibh straitéis uileghabhálach in easnamh. I gcleachtas, bhí an cur chun cinn ginearálta nó nasctha le gníomhaíochtaí nó cláir chistiúcháin ar leith i gcás ina raibh sé ina cheanglas de réir an bhunúis dlí.

78 A mhéid a bhaineann le cur chun cinn ginearálta a bheartas r-Rialtais agus/nó réitigh r-Rialtais, ghníomhaigh an Coimisiún trí na nithe seo a leanas:

  • an nuachtlitir r-Rialtais, a eisítear uair in aghaidh na míosa do dhaoine atá liostáilte, agus ina dtugtar an nuacht is déanaí maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann an Aontais, an néal do sheirbhísí poiblí, agus nuálaíocht san earnáil phoiblí;
  • an grúpa eGovernment4EU ar an ardán Futurium. Bhí rochtain ag an bpobal i gcoitinne air sin, agus thug sé faisnéis faoi Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 agus faoin mbeartas don rialtas digiteach amach anseo. Ní dhéantar an grúpa ar an ardán a nuashonrú a thuilleadh, ós rud é go bhfuil an Plean Gníomhaíochta tagtha chun críche;
  • meáin shóisialta (Facebook, LinkedIn agus Twitter).

79 Maidir leis an straitéis chumarsáide a bhí iarrtha de réir an bhunúis dlí ábhartha, rinne an Coimisiún, i gcás ghníomhaíocht 7, a fheachtas poiblíochta a sheoladh i Nollaig 2020 nuair a tháinig an Tairseach Aonair Dhigiteach i bhfeidhm (féach mír 58). Fuaireamar amach go raibh sé cuimsitheach agus measaimid gur dea-chleachtas é gur phléigh an Coimisiún an feachtas agus na himeachtaí náisiúnta faoi seach leis na comhordaitheoirí náisiúnta gach mí ag físchomhdhálacha (ar a dtugtar ‘Caiféanna cumarsáide’). Léirítear i bhFíor 5 na sonraí maidir le líon na gcuairteanna ar an tairseach 'An Eoraip Agatsa'.

Fíor 5 – Líon na gcuairteanna ar an tairseach 'An Eoraip Agatsa' (i milliúin)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin (AS GROW).

80 Ar an gcaoi chéanna, ceanglaíodh leis an gCinneadh lena mbunaítear clár ISA2 go ndéanfaí cur chun cinn ar chur chun feidhme na Straitéise Eorpaí Idir-inoibritheachta, agus an Chreata agus na hAiltireachta Tagartha a ghabhann leis sin, chomh maith leis na sonrúcháin agus caighdeáin ábhartha. Fuaireamar amach go raibh an feachtas poiblíochta réamhghníomhach agus cuimsitheach. Chomh maith leis an Ardán Joinup a chur ar bun agus a reáchtáil (féach mír 74 agus Bosca 9), mhaoinigh Cár ISA2 gníomhaíocht (a raibh luach de €3.62 milliún ag gabháil léi) a chuir comhar chun cinn agus a d’éascaigh idirchaidreamh idir geallsealbhóirí an chláir.

81 Ar deireadh, ceanglaíodh leis an SCE straitéis cumarsáide a bheith curtha chun feidhme. Fuaireamar an méid seo a leanas:

  • forbraíodh an straitéis sin chun réitigh SCE a chur chun cinn a raibh leas go príomha ag forbróirí réitigh iontu. Bhí na daoine den fhoireann ar chuireamar agallamh orthu dearfach i leith na réitigh sin agus dhearbhaigh siad gur athúsáid siad iad, go háirithe do sheirbhísí trasteorann. Tá athúsáid Bonneagair Sheirbhísí Dhigiteacha ceaptha forbairt níos tapa, níos éasca agus níos costéifeachtaí ar sheirbhísí digiteacha a áirithiú trí theicneolaíochtaí atá ann cheanna a úsáid, seachas go bhforbródh gach eagraíocht na seirbhísí sin go neamhspleách. De réirDeais athúsáide SCE, faoi dheireadh 2021, úsáideadh blocanna tógála in 353 thionscadal ar fud an Aontais den chuid is mó;
  • níor eagraigh an Coimisiún feachtais múscailte feasachta ná poiblíochta ar leith chun úsáideoirí ionchasacha a chur ar an eolas mar gheall ar Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (atá i bhfeidhm ó 2017) nó mar gheall ar chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta (atá i bhfeidhm ó 2021), ar forbraíodh iad sin faoi SCE. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go bhfuil sé i gceist aige feachtas den chineál sin a bheith ann (i) do Chóras Idirnasctha na gClár Gnó a luaithe atá an uirlis próiseála íocaíochtaí ar fáil (féach Bosca 7) agus (ii) do chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta a luaithe atá na Ballstáit go léir nasctha leis (go dtí seo tá 17 nasctha) (féach mír 64). Ag deireadh 2021, sheol an Coimisiún feachtas cumarsáide ar líne don Tairseach don r-Cheartas, ach gan ach tagairt an-teoranta ann do Chóras Idirnasctha na gClár Gnó.

82 Cé go bhfuil feasacht úsáideoirí riachtanach chun gabháil isteach sheirbhísí r-Rialtais a áirithiú, fuaireamar nár mheas an Coimisiún a mhéid a bhí gnólachtaí feasach air, ná ní dhearna sé anailís ar riachtanais sa réimse sin. Luaigh ionadaithe na gcomhlachas gnólachtaí Eorpacha ar chuireamar agallamh orthu go bhfuil gnólachtaí feasach ar na seirbhísí r-Rialtais a bhfuil sé de cheangal dlí orthu iad a úsáid, ach go bhfuil i bhfad níos lú feasachta ann ina measc mar gheall ar aon seirbhís eile den chineál sin.

83 Mar sin féin, fuaireamar amach go bhfuil gné amháin ann, eIDAS, inar eisfhoinsigh an Coimisiún staidéar chun anailís a dhéanamh ar an margadh atá ann do shainaithint leictreonach, d'fhíordheimhniú agus do sheirbhísí iontaoibhe agus chun treoirchlár a fhorbairt agus a reáchtáil chun feasacht a ardú ar na réitigh sin i measc FBManna:

  • fuair an staidéar a cuireadh amach in 2019 amach go raibh leibhéal íseal feasachta ann go ginearálta maidir le réitigh eIDAS i measc FBManna. Fuarthas amach gur príomhbhacainn a bhí san fhíoras sin;
  • reáchtáladh an treoirchlár go déanach in 2018 agus áiríodh ann clár eolais agus foghlama, Sraith Uirlisí eIDAS do FBManna, agus straitéis chun an tSraith Uirlisí do FBManna a chur chun cinn. Tá an clár eolais agus foghlama agus an tSraith Uirlisí eIDAS do FBManna fós ar fáil ar líne. Ina theannta sin, cruthaíonn Faireachlann eIDAS (ardán comhair ar líne a sheol an Coimisiún) pobal fíorúil geallsealbhóirí agus is é is aidhm leis ná comhthuiscint a chothú ar na saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme agus glacadh Rialachán eIDAS.

84 Cé gur mhol an staidéar gur cheart an tSraith Uirlisí a fhorbairt tuilleadh chun riachtanais úsáideoirí níos sonraí a chur san áireamh, agus gur cheart struchtúr rialachais geallsealbhóirí fadtéarmach a bhunú, lena n-áirítear Ballstáit agus ionadaithe réigiúnacha, comhlachais FBManna agus soláthraithe seirbhísí, ní dhearna an Coimisiún aon ghníomhaíocht i dtaca leis sin. Níor thug an Coimisiún aon réasúnaíocht maidir le cén fáth nár cuireadh an moladh ón staidéar chun feidhme.

85 Rinneamar measúnú freisin féachaint an raibh aon fhorléargas ag an gCoimisiún ar ghníomhaíochtaí poiblíochta a rinne na Ballstáit, agus an ndearna sé iarracht (i) na gníomhaíochtaí sin a chomhordú, dá mba rud é gurbh ann dóibh; nó (ii) chun dea-chleachtais a scaipeadh i dtaca leis sin. Fuaireamar amach nach bhfuil aon fhorléargas ag an gCoimisiún ar ghníomhaíochtaí na mBallstát chun réitigh r-Rialtais Eorpacha nó naisiúnta a chur chun cinn. Mar thoradh air sin, níor shainaithin sé dea-chleachtais, ná ní raibh sé in ann na gníomhaíochtaí a bhí ann cheana a chomhordú.

Conclúidí agus moltaí

86 Is é ár gconclúid fhoriomlán ná nach raibh gníomhaíochtaí an Choimisiún éifeachtach ach go pointe áirithe maidir le cur chun feidhme agus gabháil isteach réitigh r-Rialtais ag na Ballstáit a chothú. Cé gur thug an Coimisiún na gníomhaíochtaí atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 a clúdaíodh inár n-iniúchadh i gcrích, níl na seirbhísí poiblí digiteacha go léir, atá nuafhorbartha, ar fáil ar fud an Aontais mar gheall ar mhoilleanna ar ghníomhaíochtaí sna Ballstáit. Thairis sin, níor chuir an Coimisiún na seirbhísí sin chun cinn go cuimsitheach i measc gnólachtaí agus úsáideoirí go ginearálta.

87 Cé gur chomhlíon Plean Gníomhaíochta 2016-2020 na riachtanais a bhí sainaitheanta sna comhairliúcháin agus sna measúnuithe, níor áiríodh ann ach gníomhaíochtaí a bhí le cur chun feidhme ag an gCoimisiún féin, agus dá bhrí sin bhí sé deacair an fhís a bhí luaite a bhaint amach. Níor áiríodh sa Phlean Gníomhaíochta aon oibleagáidí do na Ballstáit, cé gur sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta roimhe sin gur easnamh a bhí i nádúr deonach ghníomhaíochtaí na mBallstát. Mar sin féin, maolaíodh an méid sin mar gheall ar an bhfíoras, d’fhormhór na ngníomhaíochtaí, go raibh oibleagáidí den sórt sin sna gníomhartha dlí a bhí ann roimh an bPlean Gníomhaíochta, nó a glacadh mar thoradh air. I roinnt cásanna, áfach, lean cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar aghaidh tar éis 2020, agus dá bhrí sin tar éis dháta deiridh an Phlean Gníomhaíochta (féach míreanna 23-27).

88 Thugamar ar aire gur thug an togra ón gCoimisiún in 2021 lenar cuireadh ar bun an clár beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ isteach creat comhair a chuir ar chumas an Choimisiúin obair leantach a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo na dtáscairí digiteacha atá leagtha amach ar leibhéal an Aontais. Is go doiléir atá ceann de na trí sprioc sainithe, áfach, agus tá riosca ann go mbainfeadh na Ballstáit léirmhínithe éagsúla as, rud a d’fhéadfadh ina sheal baint amach na spriocanna a chur i mbaol. De réir an togra ó 2021 lena mbunaítear an ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’, ba cheart don Choimisiún príomhtháscairí feidhmíochta a shainaithint do gach sprioc dhigiteach i ngníomhartha cur chun feidhme (féach míreanna 28-31 agus 46-48).

89 Bhí an faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta ilroinnte sa chaoi nár chuir an Coimisiún creat faireacháin ar bun (lena n-áirítear táscairí) don Phlean Gníomhaíochta ina iomláine. Bhí creat den chineál sin ar bun, áfach, do roinnt gníomhaíochtaí aonair (ceithre cinn as na sé ghníomhaíocht a clúdaíodh inár n-iniúchadh). Ní raibh na táscairí r-Rialtais a bhí ann cheana (an Tagarmharc r-Rialtais agus an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach) a fhoilsíonn an Coimisiún go bliantúil nasctha go díreach le haon cheann de na gníomhaíochta a cuireadh chun feidhme faoin bPlean Gníomhaíochta, agus mar sin ní raibh siad feiliúnach chun a thionchar a thomhas (féach míreanna 32-45).

90 Thug an Coimisiún sé ghníomhaíocht i gcrích a spriocdhíríonn ar ghnólachtaí agus a clúdaíodh, mar sin, inár n-iniúchadh. Thacaigh sé freisin le cur chun feidhme réitigh r-Rialtais ag Ballstáit trí thionscadail a fhaigheann cistiú ón Aontas, agus trí thacaíocht theicniúil a chur ar fáil, a bhí ina dhíol sásaimh d’fhoireann na mBallstát ar chuireamar agallamh orthu (féach míreanna 49-69).

91 D’ainneoin na n-iarrachtaí sin, níor cuireadh trí cinn as na sé ghníomhaíocht chun feidhme ach go pointe áirithe ar fud an Aontais. In dhá chás, (idirnascadh na gclár dócmhainneachta agus réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta) bhí sé sin mar gheall ar mhoilleanna i roinnt Ballstát (do chuid díobh sin, níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún maidir le dul chun cinn). I gcás amháin (sainaithint leictreonach, fíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe, eIDAS), foráladh sa rialachán ábhartha go raibh sé roghnach do Bhallstáit gníomhú. Mar thoradh air sin, ní raibh athruithe suntasacha do ghnólachtaí agus saoránaigh ar fud an Aontais mar thoradh go dtí seo ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin idir 2016 agus 2020. Bhí moill i gcuid de na Ballstáit ar chur chun feidhme gníomhaíochta eile (Córas Idirnasctha na gClár Gnó), ach tá an réiteach ar fáil i ngach Ballstát ó Mhárta 2022 (féach míreanna 60-65).

92 Tugaimid ar aire, sa togra in 2021 lenar cuireadh ar bun an ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’, gur thug an Coimisiún isteach an coincheap (i) go raibh treochláir na Deacáide Digití le hullmhú ag na Ballstáit; agus (ii) go raibh conairí le sainiú do gach Ballstát d’fhonn spriocanna digiteacha a bhaint amach. Mar gheall go bhfuil an togra fós ag dul tríd an bpróiseas reachtach (amhail ag Meán Fómhair 2022), áfach, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir leasuithe (féach mír 46).

93 I dtaca le eIDAS, rinne an Coimisiún togra le haghaidh leasú ar an rialachán atá ann cheana a thíolacadh in 2021 mar fhreagairt ar an meastóireacht air. Tugann sé aghaidh ar fhormhór na laigí, agus – níos tábhachtaí fós – ceanglaíonn sé anois ar na Ballstáit scéim do shainaithint leictreonach a sholáthar (féach míreanna 54-56).

Moladh 1 – An creat cur chun feidhme a neartú chun tathant ar na Ballstáit seirbhísí r-Rialtais a thabhairt i gcrích

I bhfianaise an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh lena mbunaítear an clár beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ 2030, ba cheart don Choimisiún tuilleadh forbartha ar sheirbhísí r-Rialtais agus faireachán orthu a spreagadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. na téarmaí a úsáidtear sna spriocanna digiteacha a shainiú go ríshoiléir ionas go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna ar fud an Aontais;
  2. anailís a dhéanamh ar threochláir náisiúnta na Deacáide Digití, agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh má mheasann sé go bhfuil na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí atá leagtha amach ann neamh-dhóthanach agus go gcuireann siad baint amach tráthúil na spriocanna atá leagtha amach sa Chinneadh i mbaol;
  3. gníomhú i gcás ina mbíonn moilleanna ann do Bhallstáit maidir lena spriocanna digiteach a bhaint amach i gcomparáid lena gconair bheartaithe.

Spriocdháta cur chun feidhme: tar éis ghlacadh an togra le aghaidh Cinneadh lena mbunaítear ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, i gcomhréir leis na spriocamanna atá sainithe sa Chinneadh

94 Chothaigh an Coimisiún ar bhealach gníomhach comhoibriú agus malartuithe dea-chleachtais ar go leor bealaí (e.g. grúpaí saineolaithe agus ardáin), agus bhí dearcadh dearfach ina leith sin ag daoine den fhoireann sna Ballstáit. Ina dhoiciméad beartais do ‘Chonair i dtreo na Deacáide Digití’ iar-2020 a bhí molta ag an gCoimisiún, thug sé aird chuí ar an ngá atá le leanúint den tacaíocht sin (féach míreanna 70-76).

95 Ní raibh straitéis uileghabhálach ag an gCoimisiún chun na réitigh r-Rialtais atá ar fail ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn i measc príomhúsáideoirí. Chiallaigh sé sin nach raibh a ghníomhaíochtaí poiblíochta cuimsitheach ná comhordaithe. Níor chuir sé réitigh chun cinn ach amháin i gcás ina raibh sé mar cheanglas sna gníomhartha dlí ábhartha, agus mar sin níor chlúdaigh sé iad go léir (féach míreanna 77-78).

96 Nuair a reáchtáil an Coimisiún feachtais chumarsáide, bhí siad go maith. Cé gur ndearna an Coimisiún réitigh theicniúla a bhí forbartha ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a chur chun cinn i measc forbróirí, áfach, níl seirbhísí nua, amhail Córas Idirnasctha na gClár Gnó agus córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta, curtha chun cinn i measc úsáideoirí go fóill aige. Anuas air sin, níl aon fhorléargas ag an gCoimisiún ar na gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit chun réitigh r-Rialtais náisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn, cé go bhféadfadh iarrachtaí comhordaithe torthaí níos fearr a bhaint amach (féach míreanna 79-81 agus 85).

97 Ní dhearna an Coimisiún measúnú ar fheasacht gnólachtaí maidir le seirbhísí r-Rialtais, agus den chuid is mó ní dhearna sé anailís ar na riachtanais sa réimse sin – cé gur príomhchéim é sin maidir le gabháil isteach seirbhísí r-Rialtais. Ba é an t-aon eisceacht ansin ná margadh eIDAS: rinne an Coimisiún staidéar agus reáchtáil sé treoirchlár feasachta agus foghlama i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide. I measc nithe eile, bhí Sraith Uirlisí do na fiontair sin mar thoradh air. Cé gur moladh sa staidéar gur cheart an tSraith Uirlisí a fhorbairt tuilleadh, ní dhearna an Coimisiún aon ghníomhaíocht ina leith sin (féach míreanna 82-84).

Moladh 2 – Straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun seirbhísí r-Rialtais a chur chun cinn go héifeachtach

Chun tacaíocht níos éifeachtaí a chur ar fáil maidir le gabháil isteach seirbhísí r-Rialtais uile-Eorpacha, ba cheart don Choimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun seirbhísí r-Rialtais a chur chun cinn go héifeachtach, bunaithe ar mheasúnú ar an leibhéal feasachta maidir le seirbhísí r-Rialtais i measc úsáideoirí. Chuirfeadh an straitéis san áireamh gníomhaíochtaí atá déanta ag na Ballstáit i ndáil leis sin chun a n-iarrachtaí a éascú nó chun a áirithiú nach ndéantar a n-iarrachtaí a dhúbláil.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2024

Is é Seomra IV, faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 11 Deireadh Fómhair 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
An tUachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Forbairtí r-Rialtais san Aontas Eorpach ó 2006

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn II – Plean Gníomhaíochta r-Rialtais – liosta de na gníomhaíochtaí

Tosaíocht bheartais Gníomhaíocht Spriocdháta cur chun feidhme AS atá freagrach
Riaracháin phoiblí a nuachóiriú le TFC, ag baint úsáid as príomhchumasóirí digiteacha
  1. Tacú le haistriú na mBallstát i dtreo r-sholáthar iomlán agus úsáid chlár na gconarthaí.
2019 GROW
  1. Dlús a chur le gabháil isteach seirbhísí eIDAS, lena n-áirítear eID agus r-Shíniú.
2016 CNECT
  1. Inbhuanaitheacht fadtéarmach trasteorann an bhonneagair seirbhísí digiteacha a áirithiú.
2018 CNECT
  1. Leagan athbhreithnithe den Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta (EIF) a chur i láthair agus tacú lena mhéid a dhéanann riaracháin náisiúnta é a ghabháil isteach.
2016-2019 DIGIT
  1. Forbairt fréamhshamhla do Chatalóg Eorpach de chaighdeáin TFC le haghaidh soláthar poiblí a comhordú.
2017 GROW
  1. Úsáidfidh an Coimisiún na bloic thógála chomhchoiteanna amhail bonneagair sheirbhísí digiteacha SCE agus leanfaidh sé an Creat Eorpach Idir-Inoibritheachta. Tabharfaidh sé isteach, de réir a chéile, an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ agus prionsabal na ‘haonuaire’, r-Shonrascadh agus r-Sholáthar agus déanfaidh sé measúnú ar an impleacht atá ag cur chun feidhme féideartha an phrionsabal ‘gan aon leagáid’.
2016-2019 DIGIT
Soghluaisteacht trasteorann a chumasú le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha
  1. Togra a thíolacadh le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach.
2017 GROW
  1. Ionad ilfhreastail a dhéanamh den Tairseach Eorpach don r-Cheartas le haghaidh faisnéis maidir le saincheisteanna a bhaineann le ceartas Eorpach.
2016 JUST
  1. Idirnasc éigeantach chláir gnó na mBallstát uile a chur ar bun, i gcomhar leis na Ballstáit.
2017 JUST
  1. Idirnasc leictreonach na gclár dócmhainneachta a fhorbairt tuilleadh.
2019 JUST
  1. Tionscnamh a chur i láthair chun úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta a éascú.
2017 JUST
  1. Togra reachtach a thíolacadh chun síneadh a chur leis an Sásra Aonair Leictreonach chun CBL a chlárú agus a íoc.
2016 TAXUD
  1. Treoirscéim a sheoladh maidir le prionsabal ‘na haonuaire’ don ghnó.
2016 CNECT
  1. Ionad ilfhreastail a bhunú ar mhaithe le tuairisciú i réimse an iompair mhuirí agus r-dhoiciméid iompair a dhigiteáil.
2018 MOVE (le TAXUD)
  1. Cur ar bun an Mhalartaithe Leictreonaigh d'Faisnéis Slándála Sóisialta a chur i gcrích.
2019 EMPL
  1. An Tairseach Eorpach um shoghluaisteacht ó phost go chéile (EURES) a fhorbairt tuilleadh.
2017 EMPL
  1. Tacú leis na Ballstát chun seirbhísí r-Shláinte trasteorann a fhorbairt.
2016-2018 SANTE
Idirghníomhaíocht dhigiteach idir riaracháin agus saoránaigh/gnólachtaí a éascú le haghaidh seirbhísí poiblí ardcháilíochta.
  1. Measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí prionsabal na ‘haonuaire’ a chur i bhfeidhm do shaoránaigh i gcomhthéacs trasteorann.
2019 CNECT
  1. Dlús a chur le himscaradh agus gabháil isteach bhonneagar sonraí Threoir INSPIRE.
2016-2020 ENV
  1. A shuíomhanna gréasáin a thrasfhoirmiú chun tacú le rannpháirtíocht mhéadaithe saoránach agus gnólachtaí i gcláir an Aontais agus i gceapadh beartais.
2018 COMM
-
  1. Ardán TF le haghaidh malartú fianaise leictreonaí idir na húdaráis bhreithiúnacha (nua Bealtaine 2017).
2019 JUST
-
  1. Rialú Oifigiúil Leictreonach ar earraí bia agus plandaí – timpeallacht iomlán dí-ábhartha a chur chun feidhme chun gluaiseacht shaor agus shlán le haghaidh táirgí bia agus plandaí a chothú (nua Bealtaine 2017).
2020 SANTE
-
  1. Reachtaíocht agraibhia an Aontais a fhorfheidhmiú i ndíolacháin ar líne agus ó thaobh faisnéis do thomhaltóirí (nua Bealtaine 2017).
2020 SANTE
-
  1. An Chairt um ‘Rialtas Digiteach do Shaoránaigh’ (nua Bealtaine 2017).
2017 CNECT
-
  1. Gníomhaíochtaí maidir leis an ‘Aistriú Digiteach Uirbeach’ (nua Bealtaine 2017).
2018 REGIO agus CNECT

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn III – Liosta de thionscadail faoi iniúchóireacht a fuair cistiú ón Aontas

Ciste Uimh. na Gníomhaíochta/an Tionscadail Ainm na Gníomhaíochta/an Tionscadail Ranníocaíocht AE (in euro)
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2014-PL-IM-0002 Cur ar bun agus feidhmiú na Seachsheirbhíse Uile-Eorpaí ar an leibhéal náisiúnta sa Pholainn 200 000
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2014-DK-IM-0004 Nód agus oibríochtaí eID na Danmhairge 150 000
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2015-DE-IA-0065 Seirbhísí Fíordheimhnithe Tras-Eorpacha (TREATS) 560 378
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2015-DK-IA-0091 r-Sheirbhísí na Danmhairge a comhtháthú sa tairseach eID náisiúnta 909 528
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2016-IT-IA-0007 TF Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) 178 306
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2016-RO-IA-0041 Córas Leictreonach na Rómáine chun an Oifig Clárúcháin Trádála Náisiúnta a idirnascadh le BRIS 332 221
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2016-ES-IA-0047 Idirnascadh na gClár Dócmhainneachta (IRI) sa Spáinn 118 266
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2016-EU-IA-0064 eID@Cloud – r-Shainaithint i néalardáin Eorpacha a chomhtháthú de réir Rialachán eIDAS 676 723
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2016-EU-IA-0074 IRI don Eoraip 711 248
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2017-SK-IA-0005 Idirnascadh Chláir Dócmhainneachta IRI sa tSlóvaic 104 625
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2017-CY-IA-0023 Idirnascadh na gClár Dócmhainneachta – an Chipir 229 998
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2017-HU-IA-0027 Clár Gnó na hUngáire a chomhtháthú in BRIS an Aontais 216 489
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2017-RO-IA-0038 Oibriúchán agus Cothabháil le haghaidh Pointe Rochtana BRIS na Rómáine 37 978
ISA2 2016.05 An Tionscnamh Eorpach um Idir-Inoibritheacht an tSoláthair Phoiblí 7 682 403
ISA2 2016.11 Tuairisciú Gnó Uathoibrithe 149 927
ISA2 2016.20 Joinup – Ardán agus Catalóg Eorpach um Chomhoibriú 5 473 606
ISA2 2016.22 Tógáil Pobail agus Úsáid Éifeachtach Ardáin Chomhoibrithe 502 328
ISA2 2016.27 CAMSS – na Caighdeáin agus Sonraíochtaí Comhchoiteanna don Mhodh Measúnaithe 1 208 659
ISA2 2016.30 Feasacht a ardú maidir le hIdir-Inoibritheacht – Gníomhaíochtaí Cumarsáide 3 620 012
ISA2 2016.31 Comhroinnt agus Athúsáid 3 036 585
ISA2 2017.05 Ceanglais Idir-Inoibritheachta le haghaidh Cur Chun Feidhme na Tairsí Digití Aonair 220 000
Fís 2020 737460 Tionscadal Phrionsabal na hAonuaire (TOOP) 7 996 708
Fís 2020 737492 An pobal geallsealbhóirí le haghaidh prionsabal na haonuaire: An t-ualach riaracháin do shaoránaigh a laghdú (SCOOP4C) 992 480
Fís 2020 870635 Eoraip dhigiteach do chách (DE4A) 7 997 861

Foinse: CIE.

Iarscríbhinn IV – Cur chun feidhme gníomhaíochtaí a áirítear i scóip na hiniúchóireachta

Gníomhaíocht
Bunús Dlí
Freagrachtaí an Choimisiúin Freagrachtaí na mBallstát Staid reatha
2. Dlús a chur le gabháil isteach sheirbhísí eIDAS, lena n-áirítear eID agus r-Shíniú.

Rialachán 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE
  1. An tArdán Croísheirbhíse a chur ar bun, a chothabháil agus a nuashonrú, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla, bogearraí agus tacaíocht do nascadh na n-ardán náisiúnta eIDAS (nóid).
  2. Fóraim malartaithe a bhunú
  3. Na staidéir ábhartha a eisfhoinsiú
  4. Seimineáir a eagrú
  5. Gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh bunaithe ar ghearáin a fhaightear
  1. Scéim eIDAS a fhorbairt
  2. An t-ardán náisiúnta eIDAS (nód) a fhorbairt le húsáid cistiú faoi Thionscadail Sheirbhísí Cineálacha SCE
  3. Fógra a thabhairt i dtaobh scéime/scéimeanna
  1. Thug 18 mBallstát fógra (14) nó réamhfhógra (4) i dtaobh córas eID. Ciallaíonn sé sin go bhfuil naoi mBallstát nach bhfuill rannpháirteach go fóill.
  2. B’ionann cistiú SCE le haghaidh eID agus r-Shíniú agus €20.39 milliún d’Ardáin Chroísheirbhíse agus €25.35 milliún do 72 thionscadal Seirbhísí Cineálacha i 26 thír.
  3. Agus na heasnaimh atá i Rialacháin eIDAS á gcur san áireamh aige, thíolaic an Coimisiún, i mí an Mheithimh 2021, togra le haghaidh rialachán nua lena mbunaítear creat le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach.
7. Togra a thíolacadh le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach (i.e. pointe rochtana aonair ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne)

Rialachán 2018/1724 lena mbunaítear Tairseach Aonair Dhigiteach chun rochtain a chur ar fáil ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus seirbhísí chun fadhbanna a réiteach agus lena leasaítear Rialachán 1024/2012
  1. Togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí
  2. An Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a chur chun feidhme: forbairt, fáil, faireachán, nuashonrú, cothabháil, slándáil agus óstáil na tairsí dar teideal 'An Eoraip Agatsa' (an chomhéadan úsáideora), lena n-áirítear inneall cuardaigh, an stór do naisc, an aimsitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh, uirlisí aiseolais ó úsáideoirí
  1. Digiteáil ar 21 nós imeachta a bheidh ar fáil ar líne faoin Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
  2. Feidhmchláir TFC a bhaineann leis na suíomhanna agus leathanaigh gréasáin náisiúnta a bhainistíonn siad agus atá nasctha leis an gcomhéadan úsáideora (An Eoraip Agatsa) a fhorbairt, a chur ar fáil, a fhaire, a nuashonrú, a chothabháil agus a choimeád slán.
  1. Seoladh na céad seirbhísí an 12 Nollaig 2020 agus tá siad ar fáil ó phointe rochtana aonair ar thairseach ‘An Eoraip Agatsa’.
  2. Faoi dheireadh 2023, tabharfaidh An Eoraip Agatsa rochtain ar 21 nós imeacht ar líne i ngach tír den Aontas a bheidh iomlán digiteáilte gan aon ghá le páipéarachas.
9. Idirnasc éigeantach chláir ghnó na mBallstát uile a chur ar bun, i gcomhar leis na Ballstáit.

Treoir 2012/17, a aisghaireadh le Treoir 2017/1132

Rialachán Cur Chun Feidhme (IR) 2015/884

Treoir 2019/1151 (lena leasaítear Treoir 2017/1132)

IR 2020/2244 (lena n-aisghairtear IR 2015/884)

IR 2021/1042 (lena n-aisghairtear IR 2020/2244)
  1. An tArdán agus an comhéadan Croísheirbhíse (an tArdán don r-Cheartas) a chur ar bun, a chothabháil agus a nuashonrú, lena n-áirítear sonraíochtaí, bogearraí agus tacaíocht theicniúil do nascadh na gclár náisiúnta
  1. Cláir náisiúnta a dhigiteáil
  2. Cláir náisiúnta a nascadh le húsáid cistiú faoi Thionscadail Sheirbhísí Cineálacha SCE
  1. Níos mó ná ceithre bliana ó imscaradh Chóras Idirnasctha na gClár Gnó, níl uirlis próiseála íocaíochtaí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó curtha chun feidhme go fóill ag an gCoimisiún.
  2. B’ionann cistiú SCE agus €8 milliún don Ardán Croísheirbhíse agus €2.44 milliún do 16 thionscadal Seirbhísí Cineálacha i 10 dtír.
10. Idirnasc leictreonach na gclár dócmhainneachta a fhorbairt tuilleadh.

Rialachán 2015/848

Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/917
  1. An tArdán agus an comhéadan Croísheirbhíse (an tArdán don r-Cheartas) a chur ar bun, a chothabháil agus a nuashonrú, lena n-áirítear sonraíochtaí, bogearraí agus tacaíocht theicniúil do nascadh na gclár náisiúnta
  1. Cláir náisiúnta a dhigiteáil
  2. Cláir náisiúnta a nascadh le húsáid cistiú faoi Thionscadail Sheirbhísí Cineálacha SCE
  1. Níl ach 17 as na 26 Bhallstát (i.e. 27 lúide ceann amháin a roghnaigh gan a bheith páirteach) nasctha. Tá cúig Bhallstát eile i mbun an phróisis forbartha agus tástála. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ceithre Bhallstát nach bhfuill rannpháirteach go fóill.
  2. B’ionann cistiú SCE agus €1.16 milliún do 4 thionscadal Seirbhísí Cineálacha i 7 dtír.
11. Tionscnamh a chur i láthair chun úsáid réitigh dhigiteacha le linn saolré chuideachta a éascú.

Treoir 2019/1151 lena leasaítear Treoir 2017/1132
  1. Togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí
  1. Treoir 2019/1151 a chur chun feidhme
  1. Bhí ar na Ballstáit Treoir 2019/1151 a thrasuí faoi Lúnasa 2021, mura rud é gur dhearbhaigh siad go raibh siad chun síneadh a chur i bhfeidhm, a bhféadfadh aon bhliain amháin a bheith i gceist leis sin. Dhearbhaigh seacht mBallstát déag go raibh siad chun úsáid a bhaint as an síneadh
13. Treoirscéim a sheoladh maidir le prionsabal ‘na haonuaire’ don ghnó.
  1. Treoirthionscadal a sheoladh
  1. I gcuibhreannas TOOP, bhí 19 riarachán náisiúnta a bhí comhdhéanta de 51 eagraíoch (nó comhlachtaí a bhí údaraithe acu) ó 17 mBallstát éagsúla agus dhá thír chomhlachaithe.
  1. Cruthaíodh ailtireacht réitigh lena nasctar 40 córas faisnéise.
  2. Tá an treophlean ailtireachta forbartha faoin tionscadal mar chuid den Rialachán maidir leis na Tairseach Aonair Dhigiteach agus tá na haschuir theicniúla curtha ar aghaidh chuig SCE.
  3. ‘Leabhar TOOP’, foilsithe in 2021 (https://www.springer.com/gp/book/9783030798505).
  4. Cistiú do Fhís 2020 cothrom le 98.52 % de bhuiséad foriomlán an tionscadail de €8.12 milliún.

Foinse: CIE.

Acrainmneacha agus giorrúcháin

AS DIGIT: Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta

AS CNECT: Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta

AS GROW: An Ardstiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

AS: Ardstiúrthóireacht

DESI: An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach

eID: Sainaithint leictreonach

eIDAS: Sainaithint leictreonach, Fíordheimhniú agus Seirbhísí Iontaoibhe

FBManna: Fiontair bheaga agus mheánmhéide

ISA2: Réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh Eorpacha

SCE: An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

TFC: Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide

Gluais

An Creat Eorpach Idir-Inoibritheachta Treoirdhoiciméad ina leagtar amach cur chuige comhchoiteann maidir le soláthar seirbhísí poiblí ar fud an Aontais a nascadh le chéile.

An Néal (Néalríomhaireacht): Sonraí a phróiseáil agus a stóráil go cianda tríd an idirlíon.

An Tairseach Eorpach don r-Cheartas: Suíomh gréasán de chuid an Aontais ina bhfuil faisnéis maidir le córais dlí na mBallstát, cúnamh dlíthiúil, bunachair sonraí dlí agus cláir dhócmhainneachta agus réadmhaoine.

An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI): Uirlis chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht dhigiteach fhoriomlán an Aontais agus dul chun cinn na mBallstát i dtreo iomaíochas digiteach a rianú.

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Ionstraim Eorpach a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais chun bonneagar idirnasctha inbhuanaithe a chruthú san earnáil fuinnimh, san earnáil iompair agus in earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.

Ardáin Chroísheirbhíse: Moil lárnacha lena gcumasaítear nascacht tras-Eorpach. Déanann an Coimisiún an chuid seo de bhonneagar seirbhíse digití a bhainistiú, a chur chun feidhme agus a fheidhmiú.

Bogearraí foinse oscailte (OSS): Bogearra ar féidir le héinne a chód foinse a úsáid, a mhodhnú nó a chomhroinnt go saorálach.

Bonneagar Seirbhísí Digiteacha (DSInna): Creat a thugann tacaíocht do tionscadail ar fud an Aontais chun seirbhísí digiteacha idir-inoibritheacha a bhunú. Tá sé comhdhéanta d’ardáin chroísheirbhíse agus seirbhísí cineálacha.

eID: Seirbhís eIDAS chun aitheantas frithpháirteach scéimeanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais a éascú idir Ballstáit.

eIDAS: Sainaithint leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

Idir-inoibritheacht: Cumas atá ag córas cumarsáid a dhéanamh le córais eile agus oibriú leo, lena n-áirítear trí mhalartú sonraí.

Imeachtaí saoil (Tagarmharc r-Rialtais): Pacáiste de sheirbhísí a ndéanann gníomhaireachtaí rialtais iomadúla iad ar fáil de ghnáth maidir le téama comhchoiteann ó dhearcadh an tsaoránaigh nó an fhiontraí atá i gceist. Clúdaíonn an Tagarmharc r-Rialtais ocht n-imeacht saoil (réimsí rialtais).

Intleacht Shaorga: Leas a bhaint as ríomhairí chun intleacht an duine a ionsamhlú trí chumais amhail foghlaim agus réiteach fadhbanna.

ISA²: Clár de cuid an Aontais a thacaigh le seirbhísí poiblí trasearnálacha agus trasteorann idir-inoibritheacha a fhorbairt.

Margadh Aonair digiteach: Limistéar gan teorainneacha inmheánacha le haghaidh seirbhísí digiteacha.

Mórshonraí (olltiomsú sonraí): Méideanna móra de shonraí neamhstruchtúrtha ó fhoinsí éagsúla, agus an phróiseáil, bailiú, stóráil agus anailís a dhéantar orthu chun patrúin, treochtaí agus caidrimh fhóinteacha a nochtadh.

Príomhchumasóirí (Tagarmharc r-Rialtais): Uirlisí digiteacha amhail sainaithint leictreonach (eID), r-Dhoiciméid nó post digiteach a thacaíonn le sainaithint agus cumarsáid shlán idir úsáideoir agus seirbhísí rialtais.

Prionsabal na haonuaire: An prionsabal nár cheart go mbeadh ar dhaoine agus gnólachtaí faisnéis a chur ar fáil do riarachán poiblí san Aontas ach uair amháin, agus gur cheart do riaracháin an fhaisnéis sin a chomhroinnt le chéile.

r-Shíniú: Seirbhís eIDAS a thacaíonn le riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ríomhshínithe a úsáid.

Seirbhísí Cineálacha: Seirbhísí tairseacha a nascann cuid amháin nó níos mó de bhonneagar náisiúnta le hardán/ardáin chroísheirbhíse.

Seirbhísí iontaoibhe: Deimhnithe digiteacha a sholáthar agus a chaomhnú chun r-shínithe a chruthú agus a bhailíochtú agus sínitheoirí nó suíomhanna gréasáin a fhíorú.

Tagarmharc r-Rialtais: Táscaire a dhéanann comparáid ar an gcaoi a ndéanann rialtais i 36 thír Eorpach seirbhísí poiblí digiteacha a chur ar fáil.

Tairseach Aonair Dhigiteach: Pointe rochtana aonair ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne.

Tiachóg na Céannachta Digití: Feidhmchlár chun sonraí agus doiciméid phearsanta a stóráil go digiteach.

Treophlean ailtireachta: I gcomhthéacs na teicneolaíochta faisnéise, is léaráid chineálach é seo a úsáidtear chun ailtireacht ardleibhéil chórais fiontair a léirshamhlú ar leibhéal coincheapúil, loighiciúil, nó fisiciúil. Léiríonn sé na príomh-chomhpháirteanna agus na hidirghaoil atá eatarthu.

Treophlean TF: Uirlis nó doiciméad pleanála a chruthaíonn eagraíocht teicneolaíochta faisnéise chun a tosaíochtaí, tionscadail, buiséid, foireann agus tionscnaimh TF eile a bhaineann le straitéis a threorú. Leagtar amach i dtreophlean TF spriocanna na heagraíochta don todhchaí agus déantar taifead ann ar na céimeanna ar leith atá ag teastáil chun iad a bhaint amach.

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta IV – Rialáil Margaí agus Geilleagair Iomaíoch, atá faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Ivana Maletić (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Sandra Diering (Ceann na hOifige Príobháidí), Tea Vlainic (Ataisé na hOifige Príobháidí), Marion Colonerus (Príomhbhainisteoir), Agnieszka Plebanowicz (Ceann Cúraim), Maria Echanove agus Stefan-Razvan Hagianu (Iniúchóirí). Thug Mark Smith tacaíocht teanga.

Ó chlé go deas: Maria Echanove, Marion Colonerus, Stefan-Razvan Hagianu, Ivana Maletić, Agnieszka Plebanowicz, Tea Vlainic, Sandra Diering.

Críochnótaí

1 Bonn Eolais r-rialtais na Náisiún Aontaithe.

2 Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Grinnanailís, r-Rialtas: Teicneolaíocht a úsáid chun seirbhísí poiblí agus rannpháirtíocht dhaonlathach a fheabhsú, Meán Fómhair 2015, lch. 1.

3 Plean Gníomhaíochta ‘r-Eoraip 2002’ do thréimhse 2001-2002, Plean Gníomhaíochta ‘r-Eoraip 2005’ do thréimhse 2003-2005, Plean Gníomhaíochta r-Rialtais ‘i2010’ do thréimhse 2006-2010 agus Plean Gníomhaíochta do thréimhse 2011-2015.

4 Samplaí le déanaí: Dearbhú Aireachta Thaillinn maidir le r-Rialtas, 2017; Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe, 2020.

5 Rialachán 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2015/2240.

6 ECFE (2015), ‘Úsáid sheirbhísí r-Rialtais ag daoine aonair agus gnólachtaí’, in Government at a Glance 2015, OECD Publishing, Páras.

7 ‘Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip’; COM(2015) 192 final.

8 2017 Dearbhú Aireachta Thaillinn maidir le r-Rialtas

9 Réamhrá ar an bhFaireachlann um an gCreat Idir-Inoibritheachta Náisiúnta.

10 Tuarascáil speisialta 07/2019: ‘Gníomhaíochtaí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann – Tá uaillmhianta suntasacha ann, ach bainistíocht fheabhsaithe ag teastáil.’ Sa tuarascáil sin, breathnaíodh ar chur chun feidhme Treorach lena gclúdaítear earnáil an-sonrach: cúram sláinte trasteorann.

11 Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, EuroChambres – Comhlachas Tráchtála agus Tionsclaíochta na hEorpa, Ordghrúpa FBManna Digiteacha na hEorpa, SMEunited.

12 Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr.

13 SWD(2016) 108 final.

14 Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr de chuid an Choimisiúin.

15 Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr de chuid an Choimisiúin.

16 Tá cur síos ar an liosta iomlán de na himeachtaí saoil a úsáidtear le fáil sa Tuarascáil Tagarmhairc r-Rialtais féin.

17 Is iad seo a leanas na sé Bhallstát: an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, Éire, an Phortaingéil agus an Rómáin.

18 I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, roghnaigh an Danmhairg gan Rialachán 2015/848 a ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

19 Is iad seo a leanas na cúig Bhallstát: an Bheilg, Poblacht na Seice, an Iodáil, an Ísiltír agus an tSlóivéin.

20 Is iad seo a leanas na ceithre Bhallstát: an Bhulgáir, an Ghréig, an Ungáir agus an Phortaingéil.

21 Tuarascáil ar Phlean Gníomhaíochta r-Rialtais 2016-2020 an Aontais, Parlaimint na hEorpa, Bealtaine 2017, A8-0178/2017.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-8960-3 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/791284 QJ-AB-22-022-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9004-3 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/838621 QJ-AB-22-022-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

  • Fíoreacha 3 agus 4 – Deilbhíní: rinneadh na fíoracha sin a dhearadh ag úsáid acmhainní ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógónna An Eoraip Agatsa agus r-Cheartais

Ní fhéadtar lógónna An Eoraip Agatsa agus r-Cheartais a úsáid gan toiliú a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.