Tuarascáil speisialta
27 2022

Tacaíocht AE do chomhar trasteorann le tíortha comharsanacha Tacaíocht luachmhar, ach bhí cur chun feidhme an-mhall ag tosú agus ní foláir aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sa chomhordú

Maidir leis an tuarascáil:Is gné lárnach de bheartas comharsanachta na hEorpa iad na cláir um chomhar trasteorann. Go dtí le déanaí, bhí siad fós ar cheann den chorr-réimse comhair a bhí idir an tAontas Eorpach agus an Rúis. Fuaireamar gur spriocdhírigh na cláir ar riachtanais ábhartha agus gur thug siad tacaíocht luachmhar do réigiúin ar an dá thaobh de theorainneacha seachtracha an Aontais. Bhí an cur chun feidhme an-déanach ag tosú, áfach, agus ní raibh a mhéid a bhí siad ag comhlánú cláir eile a bhí á maoiniú ag an Aontas Eorpach leordhóthanach; agus níor leordhóthanach ach oiread páirtíocht thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh sna tíortha comharsanacha. Tá moltaí á ndéanamh againn a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna comhordúcháin agus chomhlántachta sin, agus feabhas a chur ar an bhfaireachán ar thorthaí na gclár. Beidh sé sin bunriachtanach mar go bhfuil todhchaí dhúshlánach i ndán don chomhar trasteorann: tá ionradh na Rúise ar an Úcráin tar éis amhras mór a tharraingt ar leath na gclár atá beartaithe do thréimhse 2021-2027.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Comhar trasteorann le tíortha comharsanacha

Achoimre Feidhmiúcháin

I Is gné lárnach de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, a chlúdaíonn 16 thír ar feadh theorainn sheachtrach an Aontais, é an comhar trasteorann. Go dtí le déanaí, bhí sé fós ar cheann de na fíor-chorr-réimse comhair a bhí idir an tAontas Eorpach agus an Rúis. I gcás thréimhse 2014-2020, bhí 15 chlár chomhpháirteacha curtha ar bun ag an gCoimisiún le tíortha comharsanacha (cláir CBC ENI). Le ranníocaíocht iomlán de bheagnach €1 bhilliún ón Aontas Eorpach, tá na cláir sin ceaptha dul chun tairbhe do na Ballstáit agus do na tíortha comharsanacha a bhfuil teorainn talún nó mhara á roinnt le chéile go díreach acu.

II Rinneamar ár n-iniúchadh ag tráth a raibh cláir 2014-2020 ag tarraingt ar dheireadh a gcur chun feidhme. Fónfaidh an tuarascáil seo mar fhaisnéis do chur ar bun na gclár atá beartaithe do thréimhse mhaoinithe 2021-2027.

III Is é an cuspóir a bhí againn ná a dhéanamh amach an raibh na cláir éifeachtach ó thaobh comhar críochach a fheabhsú trasna teorainneacha seachtracha an Aontais. Chun freagra a thabhairt ar an bpríomhcheist iniúchóireachta sin, scrúdaíomar:

  • an raibh na cláir ag spriocdhíriú ar riachtanais agus tosaíochtaí a bhí sainaitheanta go soiléir agus a bhí i gcoiteann ag na réigiúin ar feadh theorainneacha seachtracha an Aontais agus an raibh siad ina gcomhlánú ar chláir eile atá cistithe ag an Aontas Eorpach;
  • an raibh na tionscadail roghnaithe agus curtha chun feidhme ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil;
  • ar bhain an Coimisiún agus na húdaráis bhainistithe úsáid éifeachtach as sásraí faireacháin agus meastóireachta, agus ar fhoghlaim siad as nithe a tháinig chun solais d’fhonn bainistiú na gclár trasteorann atá beartaithe do thréimhse mhaoinithe 2021-2027 a neartú.

IV Fuaireamar go raibh na cláir ag spriocdhíriú ar riachtanais ábhartha, ach nach raibh a gcomhlántacht le cláir eile atá cistithe ag an Aontas leordhóthanach agus go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar an leibhéal páirtíochta a bhí ag Toscaireachtaí AE chuig tíortha comharsanacha. Cé is moite de chorr-eisceacht, rinneadh na tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Shainaithníomar laigí, áfach, sna torthaí i gcreat faireacháin na gclár i ndáil le comhiomlánú na dtorthaí agus i ndáil leis an tuairisciú ar a inbhuanaithe atá na tairbhí tar éis an tionscadal a dhúnadh. D’éirigh leis na cláir dáileadh cothrom a bhaint amach ó thaobh na rannpháirtithe sna cláir ó thíortha an Aontais agus ó thíortha comharsanacha. Tá coimircí i bhfeidhm chun an riosca calaoise a mhaolú, ach ní féidir leis na cláir úsáid éifeachtach a bhaint as an uirlis tuairiscithe calaoise atá molta ag an gCoimisiún mar gheall nach bhfuil rochtain ar an uirlis sin ag tíortha lasmuigh den Aontas atá páirteach sna cláir.

V Tagaimid ar an gconclúid gur thug cláir 2014-2020 tacaíocht ábhartha agus luachmhar do na réigiúin ar an dá thaobh de theorainneacha seachtracha an Aontais. D’fhulaing na cláir, áfach, ó mhoilleanna suntasacha ar thús a gcur chun feidhme agus bhí na cláir fós ar siúl le linn ár n-iniúchta. Dá bhrí sin, bhí sé róluath measúnú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht fhoriomlán a bhí acu. Tá an creat dlíthiúil do chláir 2021-2027 ag tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh. Tá an fhéidearthacht ag athruithe a tugadh isteach éascú a dhéanamh ar thús chur chun feidhme na gclár sin. Tá rioscaí breise ag gabháil leo, áfach, agus laghdaíonn siad an leibhéal maoirseachta atá ag an gCoimisiún ar mhórthionscadail bhonneagair ar féidir leo a bheith tábhachtach ó thaobh straitéise de sa chaidreamh le tíortha comharsanacha.

VI Tá todhchaí dhúshlánach i ndán don chomhar trasteorann le tíortha comharsanacha: mar chuid den fhreagairt ghinearálta ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá comhaontuithe maoinithe do cláir leis an Rúis agus leis an mBealarúis fionraithe ag an gCoimisiún. Tá an t-ionradh sin freisin tar éis amhras mór a tharraingt ar leath na gclár atá beartaithe do thréimhse mhaoinithe 2021-2027. Sa deisceart, is fóram i gcónaí é an Clár maidir le hImchuach na Meánmhara le haghaidh idirphlé agus comhar idir na tíortha rannpháirteacha. Mar sin féin, tá an líon tionscadal comhpháirteach idir na rannpháirtithe Iosraelacha agus Arabacha fós íseal, fiú nuair is féidir a rá gur scéal rathúil ann féin é na tionscadail chomhpháirteacha sin a bheith ann ar chor ar bith.

VII Mar thoradh ar ár n-iniúchadh, molaimid gur cheart don Choimisiún:

  • feabhas a chur ar an gcomhordú idir cláir a bhfuil forluí geografach páirteach ag roinnt leo;
  • feabhas a chur ar rannpháirtíocht Thoscaireachtaí AE;
  • uirlis TF le haghaidh tuairisciú calaoise a oiriúnú;
  • treoraíocht a thabhairt maidir le faireachán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht tar éis tionscadal a bheith dúnta;
  • dul i gcomhchomhairle leis na seirbhísí ábhartha go léir i dtaobh mórthionscadail bhonneagair;
  • feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as táscairí coiteanna.

Réamhrá

Comhar trasteorann le tíortha comharsanacha

01 Is gné lárnach de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, a chlúdaíonn 16 thír ar feadh theorainn sheachtrach an Aontais (féach an léarscáil in Iarscríbhinn I), é an comhar trasteorann (CBC). Go dtí le déanaí, bhí sé fós ar cheann de na fíor-chorr-réimse comhair agus idirphlé leanúnaigh a bhí idir an tAontas Eorpach agus an Rúis. Tá cláir CBC faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (ENI)1 ceaptha dul chun tairbhe do na Ballstáit agus do na tíortha comharsanacha a bhfuil teorainn talún nó mhara á roinnt le chéile go díreach acu. I rith thréimhse mhaoinithe 2014-2020, bhí trí chuspóir straitéiseacha ag cláir CBC ENI2:

  • forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn sna réigiúin ar gach aon taobh de theorainneacha comónta;
  • aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomónta i réimse an chomhshaoil, i réimse na sláinte poiblí, i réimse na sábháilteachta agus i réimse na slándála;
  • coinníollacha agus módúlachtaí feabhsaithe a chur chun cinn chun soghluaisteacht daoine, earraí agus chaipitil a áirithiú.

02 Le haghaidh thréimhse 2014-2020, rinne an Coimisiún suas le 15 chlár CBC (chomh maith le tionscadal a thug maoiniú do thacaíocht theicniúil) a chur ar bun trína ndéantar cistiú a chomhthiomsú ó ENI agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), a raibh luach iomlán de bheagnach €1 bhilliún ag gabháil leo. Tá na cláir sin ag rannchuidiú ag an am céanna le beartais sheachtracha agus réigiúnacha an Aontais3. As na 15 chlár, clúdaíonn seacht gcinn acu comhar leis an Rúis; clúdaíonn sé cinn acu comharsanacht an Oirthir; agus clúdaíonn an péire eile comharsanacht an Deiscirt. I bhFíor 1, liostaítear na cláir aonair agus taispeántar cén leithdháileadh a rinneadh in aghaidh an chláir.

Fíor 1 – Leithdháiltí AE chuig cláir CBC ENI 2014-2020

*Nóta: Níor glacadh an clár don Atlantach Láir.

Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméad clársceidealaithe 2014 ón gCoimisiún.

03 Formhór na gclár a bhí ag tacú leis an gcomhar leis an Rúis agus a bhí ag fáil cistiú ón Aontas, rinneadh iad sin a fhionraí mar fhreagairt ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé in 20144. Eisceacht a bhí i gcláir CBC ENI go dtí tús an Mhárta 2022, tráth a d’fhionraigh an tAontas Eorpach na comhaontuithe maoinithe leis an Rúis agus leis an mBealarúis mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022.

Socruithe rialachais

04 I rialachán cur chun feidhme CBC ENI5, sainítear na róil agus na tascanna do gach ceann de na comhlachtaí cláir. Déantar cláir CBC ENI a chur chun feidhme trí thionscadal a roghnaítear trí ghlaonna ar thairiscintí, nó trí mhórthionscadail bhonneagair (LIPanna) a roghnaítear trí dhámhachtain dhíreach. Tá sé de fhreagracht ar chomhchoistí faireacháin tionscadail a roghnú agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Bíonn údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla (as na Ballstáit agus as tríú tíortha) rannpháirteach iontu sin, agus is féidir leis an gCoimisiún Eorpach páirt a ghlacadh iontu mar bhreathnóir. Tuairiscíonn údaráis bhainistithe, a bhíonn ainmnithe ag na Ballstáit, don Choimisiún agus déanann siad cláir CBC ENI a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na ‘bainistíochta comhroinnte’, lena n-áirítear i gcás tionscadail atá á gcur chun feidhme lasmuigh den Aontas (a mbeadh an Coimisiún de ghnáth á gcur sin chun feidhme go díreach). Mar shampla, gníomhaíonn Comhairle Réigiúnach Karelia Theas san Fhionlainn mar an t-údarás bainistithe don chlár idir an Fhionlainn Thoir-Theas agus an Rúis. I gcás fhormhór na n-údarás bainistithe, is freagracht í sin atá orthu sa bhreis ar bhainistiú a dhéanamh ar chistí eile as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Taispeántar i bhFíor 2 na comhlachtaí cláir atá i ngnáthchlár CBC agus tugtar tuairisc ar na róil atá acu.

Fíor 2 – Comhlachtaí i ngnáthchlár CBC

Nóta: Bhí ar gach tír atá rannpháirteach i gclár CBC ENI údarás náisiúnta a shainaithint.

Foinse: CIE, bunaithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún.

05 Is ar an Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR) atá an fhreagracht as bainistiú foriomlán chistiú ENI. Bíonn sé ag comhoibriú le seirbhísí eile sa Choimisiún atá freagrach as beartais théamacha agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus le Toscaireachtaí AE. Rinne AS NEAR bainistiú ar chláir CBC ENI go dtí deireadh 2019. An 1 Eanáir 2020, aistríodh iad go dtí Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO)6. Sa bhreis ar an bhfreagracht as cláir CBC ENI a bhí nua-aistrithe chuige, bhí freagracht freisin ar AS REGIO as clár Réigiún Mhuir Bhailt agus as clár Trasnáisiúnta na Danóibe (a rabhadar araon páirtchistithe ag ENI), agus chomh maith leis sin bhí freagracht air as cláir CBC faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

06 Is é an cuspóir a bhí ag an iniúchadh seo ná a dhéanamh amach an raibh cláir CBC ENI éifeachtach ó thaobh comhar críochach a fheabhsú trasna teorainneacha seachtracha an Aontais. Chun an phríomhcheist iniúchóireachta seo a fhreagairt, thugamar aghaidh ar thrí fho-cheist:

  1. An raibh cláir CBC ENI ag spriocdhíriú ar riachtanais agus tosaíochtaí a bhí sainaitheanta go soiléir agus a bhí i gcoiteann ag na réigiúin ar feadh theorainneacha seachtracha an Aontais agus an raibh siad ina gcomhlánú ar chláir eile atá cistithe ag an Aontas Eorpach?
  2. An raibh tionscadail CBC ENI roghnaithe agus curtha chun feidhme ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach?
  3. Ar bhain an Coimisiún agus na húdaráis bhainistithe úsáid éifeachtach as sásraí faireacháin agus meastóireachta, agus ar fhoghlaim siad as nithe a tháinig chun solais d’fhonn bainistiú chláir CBC (Interreg NEXT) atá beartaithe do thréimhse mhaoinithe 2021-2027 a neartú?

07 Dhírigh an t-iniúchadh isteach ar chláir CBC ENI atá ag tarraingt ar dheireadh a gcur chun feidhme (ag a bhfuil spriocdháta rialála den 31 Nollaig 2023 chun gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche) d’fhonn go bhféadfaí an t-iniúchadh a úsáid mar fhaisnéis le haghaidh cur ar bun na gclár atá beartaithe do thréimhse mhaoinithe 2021-2027. Rinneamar measúnú ar na cláir is mó de na cláir atá ann do thréimhse 2014-2020 i réigiúin an tuaiscirt, an oirthir agus an deiscirt, agus é mar aidhm againn clúdach maith airgeadais agus geografach a bhaint amach. Tá trí cinn de na cláir sin (in éineacht) ag seasamh do thart ar 44 % de chistiú iomlán CBC ENI a bhí beartaithe do thréimhse 2014-2020 (féach Fíor 3):

  • An Fhionlainn Thoir-Theas–An Rúis (SEFR), lena údarás bainistithe in Lappeenranta;
  • An Pholainn–An Bhealarúis–An Úcráin (PL-BY-UA), lena údarás bainistithe i Vársá;
  • Imchuach na Meánmhara (MED), lena údarás bainistithe in Cagliari (an tSairdín).

Fíor 3 – Scóip na hiniúchóireachta: leithdháiltí ar na trí chlár CBC ENI (ENI agus CFRE)

Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméad clársceidealaithe 2014 ón gCoimisiún.

08 Rinneamar anailís ar dhoiciméid a thug an Coimisiún agus SEGS dúinn a bhain le forbairt, cur chun feidhme agus faireachán chláir CBC ENI do thréimhse 2014-2020, agus a bhain leis na ceachtanna a foghlaimíodh le haghaidh cláir CBC atá le bheith ann i dtréimhse 2021-2027. Sa bhreis air sin, bhí roinnt agallamh againn le hionadaithe ó sheirbhísí éagsúla sa Choimisiún, ó SEGS, ó TESIM (tionscadal tacaíochta teicniúla do chláir CBC ENI) agus ón gclár Interact (tacaíocht theicniúil do chláir inmheánacha Interreg an Aontais). Bhí agallaimh freisin againn le Toscaireachtaí AE chun na hIordáine, na Liobáine, na Rúise, na hÚcráine agus na Túinéise.

09 Idir Deireadh Fómhair agus Samhain 2021, rinneamar cuairteanna ar an bhfód san Fhionlainn, sa Pholainn, sa Rúis agus san Úcráin. Is cruinnithe físe a bhí againn in ionad na cuairte ar an tSairdín (a bhí beartaithe do Nollaig 2021) mar gheall ar phaindéim COVID-19. Bhí cruinnithe againn leis na húdaráis bhainistithe agus le comhlachtaí cláir eile, agus le hionadaithe na 15 thionscadal a scrúdaíomar go mion (cúig thionscadal as gach ceann de na trí chlár; féach Iarscríbhinn III). Roghnaíomar na tionscadail sin le haird againn ar a n-ábharthacht, ar a mhéid a chlúdaíodar cuspóirí téamacha éagsúla, agus ar an dul chun cinn sa chur chun feidhme. In Iarscríbhinn IV, tá achoimre ar ár measúnú ar na tionscadail sin.

10 Sa bhreis ar chláir thrasteorann le tíortha comharsanacha, tá cláir thrasteorann ann idir Ballstáit den Aontas Eorpach, agus freisin le tíortha réamhaontachais. Níor chlúdaíomar na cláir sin san iniúchadh, mar go bhfuil bunúis dlí agus saintréithe ar leithligh acu agus go ndearnadh meastóireacht orthu le déanaí:

  • Laistigh den Aontas Eorpach, is cuid é an comhar trasteorann de chreat beartais níos leithne arb é sin an Comhar Críochach Eorpach, ar a dtugtar Interreg de ghnáth. Tá isteach agus amach le €10.1 billiún curtha i leataobh ag CFRE don chomhar críochach. D’fhoilsíomar tuarascáil speisialta le déanaí ar chláir a thagann faoin gcomhar trasteorann san Aontas Eorpach7.
  • Tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, maoinítear cláir thrasteorann ar feadh theorainn sheachtrach an Aontais (e.g. an Chróit/an tSeirbia), ach faoin ionstraim sin freisin maoinítear cláir thrasteorann idir na tíortha réamhaontachais iad féin (e.g. an tSeirbia/Montainéagró). Rinne an Coimisiún measúnú8 le déanaí ar fheidhmíocht chláir CBC i measc na dtíortha réamhaontachais.

11 Aithnímid go bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, arna éascú ag an mBealarúis, tar éis tionchar as cuimse a imirt ar gach ceann de chláir CBC ENI a bhfuil an Rúis, an Bhealarúis, an Úcráin nó an Mholdóiv bainteach leo, agus go bhfuil tionchar as cuimse imeartha freisin aige ar inbhuanaitheacht na dtionscadal is bun leis na cláir sin. Léiríonn ár measúnú ar na tionscadail atá cistithe faoi chláir SEFR agus PL-BY-UA an staid mar a bhí ag deireadh 2021, sular tharla an t-ionradh, agus nuair a bhí an obair allamuigh don iniúchadh seo críochnaithe againn. I míreanna 85-88, tugaimid achoimre ar na forbairtí is déanaí a tharla i ndiaidh na hiniúchóireachta sa tréimhse ó Fheabhra go Meitheamh 2022.

Barúlacha

Spriocdhírigh cláir CBC ENI ar riachtanais ábhartha, ach ní raibh a gcomhlántacht le cláir eile a bhí cistithe ag an Aontas leordhóthanach agus cuireadh moill shuntasach ar a dtús

12 Sa roinn seo, scrúdaimid an méid seo a leanas i dtaobh chláir CBC ENI:

  1. ar sainaithníodh tosaíochtaí iontu a théann i ngleic le dúshláin chomónta na réigiún cois teorann, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha;
  2. ar leagadh amach iontu cén chaoi a mbeidís ina gcomhlánú ar chláir eile atá maoinithe ag an Aontas agus cén chaoi a ndéanfaí comhordú idir iad agus cláir eile atá maoinithe ag an Aontas;
  3. ar cuireadh ar bun iad ar mhodh tráthúil chun go mbeidís mar éascú do thús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal.

Sainaithníodh tosaíochtaí sna cláir a bhí ailínithe le dúshláin chomónta atá ag réigiúin cois teorann agus rinneadh iad a fhorbairt ar mhodh rannpháirteach

Freagairt ar dhúshláin na réigiún cois teorann

13 Maidir leis na cláir chomhpháirteacha oibríochtúla (JOPanna), a ullmhaíonn Ballstáit an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta, is doiciméid lárnacha iad ina leagtar amach an creat agus na tosaíochtaí le haghaidh cláir aonair CBC ENI. I Meitheamh 2015, rinne na húdaráis bhainistíochta (MAnna) do na trí chlár a ndearnamar measúnú go mion orthu na JOPanna a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Bhí anailís mhion sna JOPanna sin ar na dúshláin a raibh ar na réigiúin cois teorann dul i ngleic leo, chomh maith leis na deiseanna a d’fhéadfaidís a thapú trí chomhar níos mó a bheith idir na réigiúin sin.

14 Rinne an Coimisiún anailís ar na dréachtaí de gach JOP, go háirithe chun a mheasúnú cé chomh maith a bhíodar ag comhlíonadh rialachán cur chun feidhme CBC ENI9, agus chuir sé barúlacha mionsonraithe ar ais chuig na MAnna. Seachas saincheist chonspóideach a bhain leis an gcaidreamh déthaobhach leis an Rúis (a bhfuil tuairisc uirthi i mír 80), thug na hardstiúrthóireachtaí sa Choimisiún agus SEGS tuairimí fabhracha agus is mionathruithe amháin a mhol siad a dhéanamh ar na JOPanna.

15 Bhí ceithre chuspóir théamacha i gceist le gach ceann de na trí JOP a ndearnamar measúnú orthu. Is é sin an líon is mó is féidir a bheith iontu as an 11 a bhforáiltear dóibh i ndoiciméad clársceidealaithe an Aontais10. Léiríonn an rogha a rinne siad an chomhthoil a bhí bainte amach i measc na dtíortha rannpháirteacha. Fuaireamar go raibh na cuspóirí téamacha ag teacht leis an anailís ar na dúshláin agus laigí a bhí ann do na réigiúin faoi mar a bhí leagtha amach sna JOPanna. I bhFíor 4, taispeántar na cuspóirí téamacha a bhí roghnaithe ag na 15 chlár CBC ENI, mar aon leis an gcistiú a leithdháileadh orthu. Níor roghnaigh ceachtar acu cuspóir téamach 9 (‘Fuinneamh inbhuanaithe agus slándáil fuinnimh a chur chun cinn, agus comhar sa réimse sin’) ná cuspóir téamach 11 (‘Réimsí eile’).

Fíor 4 – Na cuspóirí téamacha a bhí roghnaithe ag cláir CBC ENI, mar aon leis an gcistiú a leithdháileadh orthu

Foinse: CIE, bunaithe ar an Athbhreithniú meántéarma ar chláir CBC ENI, Doiciméad comhpháirteach SEGS-AS NEAR, 11.6.2018, lch. 19, agus ar shonraí a thuairiscigh na cláir (buiséad formheasta amhail an 30.6.2021).

16 Don tréimhse mhaoinithe roimhe sin (2007-2013), bhí 26 sampla de chuspóirí mar ‘shampla léirithe amháin’ liostaithe ag an gCoimisiún11, rud a chiallaíonn go raibh lánsaoirse ag na cláir cuspóirí eile a fhorbairt. I meastóireacht ex post an Choimisiúin, fuarthas go raibh easpa fócais sna cláir sin agus moladh feabhas a chur ar an bhfócas straitéiseach a bhí acu chun an buntáiste is fearr a bhaint as a dtionchar12. Cé go bhféadfadh cláir 2014-2020 ceithre chuspóir théamacha ar a mhéid a roghnú as an aon cheann déag a bhí réamhshainithe, bhí a gclúdach téamach fós an-leathan – ag dul ó oidhreacht chultúrtha go dtí gníomhú in aghaidh na coireachta eagraithe. Rinne sé sin, ina sheal, an cumas inchomparáideachta idir na cláir aonair a laghdú agus d’fhág sé níos deacra é faireachán a dhéanamh ar na torthaí ar an leibhéal foriomlán beartais (féach míreanna 60-71).

17 Do thréimhse mhaoinithe 2021-2027, chinn an Coimisiún raon feidhme na gclár a shruthlíniú tuilleadh, trí chúig chuspóir beartais a bhí i gcoiteann ag na cláir go léir a leagan síos13, mar aon le dhá chuspóir shonracha bhreise le haghaidh cláir Interreg14.

Rannchuidiú na n-údarás náisiúnta agus réigiúnach le riachtanais agus tosaíochtaí a shainaithint

18 B’éigean gach clár a ullmhú ‘le comhthoil na dtíortha rannpháirteacha go léir’15. I gcás chláir PL-BY-UA agus SEFR, bhí na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha an-pháirteach ó thaobh riachtanais agus tosaíochtaí a shainaithint trína bheith páirteach iad féin sna comhchoistí don chlár (JPCanna) a dhréachtaigh na JOPanna tosaigh idir 2013 agus 2015. I gcás chlár SEFR, ba chabhair freisin é suíomh an MA laistigh de chomhairle réigiúnach Karelia Theas chun toise láidir réigiúnach a thabhairt don chlár agus chun geallsealbhóirí áitiúla a thabhairt isteach i bpleanáil an chláir. I gcodarsnacht leis sin, i gcás chlár MED, a chlúdaíonn 112 réigiún, is iad na húdaráis lárnacha náisiúnta (in éineacht le hionadaithe réigiúnacha as ceithre thír) a rinne ionadaíocht ar na 13 thír rannpháirtíochta.

19 Sa bhreis air sin, bhí ar gach clár cómhaoiniú de 10 % ar a laghad de ranníocaíocht an Aontais a sholáthar, cé go raibh lánsaoirse acu a chinneadh cárb as a dtiocfadh an t-airgead, cá mhéad airgid a bheadh i gceist agus cén chaoi a ndéanfaí é a dháileadh16. Is isteach agus amach le €950 milliún a bhí i ranníocaíocht an Aontais do na cláir ar fad. Mar chomhlánú air sin, tháinig €270 milliún ó fhoinsí eile, rud a thug an cistiú iomlán a bhí ar fáil le haghaidh chláir CBC ENI go dtí €1.2 billiún. I bhFíor 5, taispeántar na foinsí cistithe do na cláir.

Fíor 5 – Foinsí cistithe do chláir 2014-2020

Nóta: Ní thuairiscítear sna cláir a raibh an Fhionlainn páirteach iontu cad é an cómhaoiniú a tugadh de réir tionscadail (arb ionann é sin agus 10 % ar a laghad de na costais incháilithe).

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí a thuairiscigh na cláir (buiséad formheasta amhail an 30.6.2021).

20 I gcásanna áirithe, mheas na tíortha rannpháirteacha go raibh sé tábhachtach an cómhaoiniú le cistí náisiúnta do na cláir a mhéadú go dtí leibhéal os cionn an 10 % a bhí éigeantach. Mar shampla, rinne an Fhionlainn agus an Rúis araon ranníocaíocht de thart ar 25 % den chistiú do chlár SEFR, agus is é an tAontas Eorpach a chlúdaigh an 50 % eile. Léiriú maith é sin ar an úinéireacht láidir a bhí ag na tíortha rannpháirteacha ar an gclár. I gcásanna eile, is iad tairbhithe na dtionscadal a sheas an cómhaoiniú iad féin. I bhFíor 6, taispeántar na foinsí cistithe in aghaidh an chláir CBC ENI.

Fíor 6 – Foinsí cistithe in aghaidh an chláir do thréimhse 2014-2020

Nóta: Ní thuairiscítear sna cláir a raibh an Fhionlainn páirteach iontu cad é an cómhaoiniú a tugadh de réir tionscadail (arb ionann é sin agus 10 % ar a laghad de na costais incháilithe).

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí a thuairiscigh na cláir (buiséad formheasta amhail an 30.6.2021).

21 I meastóireacht ex post an Choimisiúin ar chláir 2007-2013, moladh an cómhaoiniú náisiúnta a mhéadú chun comhpháirtíocht níos cothroime a bhaint amach le tíortha comharsanacha eile17. Ní dhearna an Coimisiún ranníocaíochtaí níos airde ó na tíortha comhpháirtíochta comharsanacha a chur chun cinn, áfach, mar shampla ag na seimineáir faisnéise a bhí ann ag tús thréimhse mhaoinithe 2021-2027.

Rannchuidiú na sochaí sibhialta le riachtanais agus tosaíochtaí a shainaithint

22 Chuathas i gcomhairle le hionadaithe ón tsochaí shibhialta nuair a bhí trí cinn de na cláir á n-ullmhú. D’eagraigh gach ceann de na trí MA, le cúnamh ó chraobh-oifigí sna tíortha comhpháirtíochta, comhairliúcháin phoiblí maidir le riachtanais agus tosaíochtaí na gclár. Mheall sé sin lear mór rannpháirtithe, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, cinnteoirí áitiúla agus réigiúnacha, agus FBManna. Bhí na comhairliúcháin sin úsáideach chun úinéireacht áitiúil na gclár a chothú agus chun a áirithiú go mbeidís ábhartha do straitéisí forbartha na réigiún agus go mbeidís ag réiteach leis na straitéisí sin.

Leagadh amach i gcláir CBC ENI cén chaoi a mbeidís ina gcomhlánú ar chláir agus straitéisí eile de chuid an Aontais, ach ní raibh an comhordú oibríochtúil leordhóthanach

Comhleanúnachas agus comhlántacht le cláir eile de chuid an Aontais agus le straitéisí macrairéigiúnacha

23 I ngach ceann de na trí JOP a scrúdaíodh, sainaithníodh an gá a bhí le comhordú agus comhleanúnachas maith le beartais, cláir agus straitéisí eile de chuid an Aontais a bhfuil forluí i gceist leo ó thaobh na geografaíochta nó ó thaobh téama de. Rinne an Coimisiún a dhícheall aon dúbailt ar chistiú tionscadal a sheachaint agus d’fhéach sé le sineirgí féideartha a shainaithint. Dá bhrí sin, le linn a athbhreithnithe ar na dréachtaí de na JOPanna (féach mír 13), mhol an Coimisiún do na MAnna tuairisc bhreise a thabhairt ar an gcomhordú idir an clár agus tionscnaimh eile, agus comhairliúchán neamhfhoirmiúil a bhunú leis an gCoimisiún i gcás tionscadail roghnaithe sula ndéanfaí na deontais a dhámhachtain.

24 Rinne na MAnna sa Pholainn agus sa tSairdín de réir na moltaí sin agus, ag deireadh gach glao ar thograí agus sular chuir siad na tionscadail amach ar chonradh, chuir siad liostaí de na tionscadail a bhí roghnaithe ag a gcomhchoistí faireacháin (JMCanna) féin faoi bhráid an Choimisiúin. Bhreithnigh na MAnna agus na JMCanna na tráchtanna a rinne an Coimisiún agus Toscaireachtaí AE ar na tionscadail aonair, a mhéid arb indéanta sin. I gcodarsnacht leis sin, níor chruthaigh clár SEFR sásra comhordaithe neamhfhoirmiúil den sórt sin leis an gCoimisiún, ná le cláir eile de chuid an Aontais.

25 Tá clár MED, ag a bhfuil an scóip gheografach is leithne (ag clúdach seacht mBallstát den Aontas agus sé thír chomhpháirtíochta Meánmhara18), ag forluí le lear mór tionscnamh i limistéar na Meánmhara. Is clár uathúil é sa mhéid, murab ionann agus cláir CBC ENI eile (ar cláir dhéthaobhacha iad den chuid is mó), go dtugann tionscadail an chláir seo rannpháirtithe le chéile ó cheathair nó cúig de thíortha, agus amanna ó níos mó ná sin. Ina leith sin, tá an-chosúlacht ag tionscadail MED faoi CBC ENI le cláir réigiúnacha ENI19. Tá sraith de tháblaí sa JOP ina dtugtar achoimre ar a mhéid atá clár MED comhleanúnach le cláir dhéthaobhacha AE eile le tíortha aonair i ndeiseacht réigiún na Meánmhara. Ní thagraíonn na táblaí sin, áfach, do chláir réigiúnacha ENI, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le deiseanna a chailleadh ó thaobh buntáiste a bhreith de chomhlántachtaí.

26 Sna trí JOP, sainaithníodh straitéisí macrairéigiúnacha ábhartha an Aontais agus rinneadh measúnú ar shineirgí agus comhlántachtaí na gclár lena gcuid cuspóirí. Áiríodh iad seo a leanas orthu sin: an Straitéis do Réigiún na Danóibe; an Straitéis do Réigiún Mhuir Bhailt; agus an Straitéis don Réigiún Aidriadach agus Iónach. Sa bhreis air sin, tá tíortha comharsanacha páirteach i dtrí thionscnamh thábhachtacha réigiúnacha: Comhpháirtíocht an Oirthir20; An tAontas don Réigiún Meánmhuirí (UfM); agus Diminsean an Tuaiscirt. In Iarscríbhinn II, taispeántar an clúdach geografach atá ag na straitéisí agus na tionscnaimh. Rinne an Coimisiún agus Toscaireachtaí AE a ndeachthas i gcomhairle leo maidir le tionscadail CBC ENI a fhíorú go raibh na tionscadail ag comhlánú tionscadail a bhí forbartha faoi na creataí sin agus nach raibh siad ag forluí ar a chéile.

27 I gcás chlár MED, tugadh chun suntais sa mheastóireacht ex post go raibh gá leis an gcomhar le UfM a neartú21. Dá thoradh sin, thug an MA meabhrán comhthuisceana i gcrích leis an UfM an 10 Aibreán 2019. Sampla nithiúil den chomhar méadaithe seo ab ea rannpháirtíocht rúnaíocht UfM in ullmhú na dtrí cinn deiridh de na glaonna ar thograí a bhí eagraithe ag clár MED22.

Comhlántacht le cláir CBC eile a bhfuil forluí páirteach i gceist leo

28 Tá gach aon cheann de na trí chlár ag forluí ar bhonn geografach le líon áirithe clár trasteorann (inmheánach agus seachtrach) eile: SEFR le 6, PL-BY-UA le 9, agus MED le 21 chlár eile. Sa bhreis air sin, tá roinnt cuspóirí téamacha á roinnt le chéile ag na cláir sin. Bhí méid áirithe comhordaithe ann. Mar shampla, d’fhóin imeachtaí faisnéise a bhí eagraithe ag clár ‘Interact’ agus ag tionscadal tacaíochta teicniúil ‘TESIM’ mar dheis do na MAnna ar chláir éagsúla CBC idirghníomhú le chéile, dúshláin choiteanna a phlé agus dea-chleachtais a mhalartú. Ar bhonn ad hoc, má bhí amhras ar bith faoi thionscadail ar an MAnna le linn an phróisis roghnúcháin, chuaigh siad i gcomhchomhairle leis na cláir eile. Níor tharla sé ach uair amháin gur sheol an MA do chlár MED liosta de na ‘gnáth-thionscadail’ a bhí roghnaithe chuig cláir CBC eile mar chuid de chomhairliúchán idir na cláir.

29 Sa mhéid nach mbíonn comhordú struchtúrtha ann le linn roghnú na dtionscadal, áfach, fágann sé sin go bhféadfadh cláir thrasteorann cailleadh amach ar dheiseanna féideartha a bheith ina gcomhlánú ar a chéile agus a bheith ag treisiú a chéile. Dheimhnigh an anailís chúlra a rinne an Coimisiún roimh thréimhse 2021-2027 go raibh gá le comhordú den sórt sin a bhunú23.

Páirtíocht Thoscaireachtaí AE

30 Chuathas i gcomhairle le Toscaireachtaí AE maidir le dearadh chláir CBC ENI. Ag deireadh gach glao ar thograí, chuir an Coimisiún faisnéis achomair ar na tograí a bhí roghnaithe ag na JMCanna, sula raibh siad curtha amach ar chonradh ag na MAnna, chuig na Toscaireachtaí AE sna tíortha lena mbaineann24. Chuir Toscaireachtaí AE tráchtanna ar ais lena chinntiú go mbeadh tionscadail CBC ag teacht leis an gcistiú a bhí á fháil ó fhoinsí eile. Ó am go chéile, lorg an Coimisiún agus SEGS a gcomhairle ar na Toscaireachtaí i dtaobh thionscadail CBC ENI, chomh maith le comhairle a lorg ar shaincheisteanna níos ginearálta a raibh tionchar acu ar na cláir.

31 Mar sin féin, dúirt ceithre cinn de na cúig Thoscaireacht AE a chuireamar faoi agallamh25 go raibh sé riachtanach go mbeidís páirteach níos dlúithe sa phróiseas roghnúcháin (mar shampla, mar bhreathnóirí i gcáil chomhairleach) agus i bhfaireachán na dtionscadal, mar gheall:

  • go mbíonn siad ag díriú isteach ar chúnamh déthaobhach ón Aontas (punann níos mó faoina mbainistíocht dhíreach) seachas ar thionscadail CBC ENI (faoi bhainistíocht chomhroinnte), in ainneoin na naisc a d’fhéadfadh a bheith idir an péire;
  • nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil dóibh chun measúnú a dhéanamh ar fhorluí (nó easpa sineirgí) a d’fhéadfadh a bheith ann le tionscadail ó fhoinsí eile, mar gur achoimre amháin ar na tionscadail CBC ENI atá roghnaithe a fhaigheann siad chun trácht a dhéanamh orthu. Is i dtaca leis na LIPanna amháin, agus ní i dtaca leis na ‘gnáth-thionscadail’, a chuathas i gcomhairle leis an Toscaireacht chun na Rúise;
  • nach bhfuil siad páirteach i bhfaireachán na dtionscadal. Fágann sé sin nach bhfuil siad in ann tionscadail nach bhfuil ag feidhmiú go maith a bhrath, agus nach mbíonn siad ullmhaithe nuair a bhíonn orthu déileáil le cásanna nuair nach féidir gnóthachain a dhéanamh;
  • go dtagraíonn siad ó am go chéile do thionscadail rathúla CBC ENI le linn idirphlé polaitiúil agus cruinnithe ardleibhéil, ach nach ndéanann siad é sin go córasach mar nach bhfuil dóthain eolais tugtha dóibh faoi na scéalta rathúla sin;
  • go ndeachthas i gcomhchomhairle leo i dtaobh tosaíochtaí oiriúnacha don tsraith nua de chlár le haghaidh thréimhse 2021-2027 agus gur sholáthair siad ionchur i scríbhinn trí bhíthin páipéar comhpháirteach26. Níor tugadh cuireadh, áfach, do cheachtar de na cúig Thoscaireacht chuig cruinnithe JPC 2021-2027.

32 Cé go bhfuil ról lárnach ag MAnna sa ‘bhainistíocht chomhroinnte’, rannchuidíonn cláir ENI CBC le beartas seachtrach an Aontais. Níl Toscaireachtaí AE páirteach go córasach, áfach, agus ní féidir leo fiosrú iomlán a dhéanamh ar a mhéid atá na cláir ina gcomhlánú ar bheartais eile de chuid an Aontais agus cé chomh mór a chuireann siad forás leis na tairbhí polaitiúla atá ag comhar rathúil trasteorann. Tugadh é seo faoi deara freisin i meastóireacht ex post an Choimisiúin ar chláir CBC faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI), inar moladh ‘páirtíocht níos gníomhaí ag Toscaireachtaí AE’27. Ar an gcaoi chéanna, chuir dhá Thoscaireacht AE ar a laghad moladh i scríbhinn chuig an gCoimisiún á rá gur cheart go mbeadh an comhordú idir Toscaireachtaí AE agus na cláir agus tionscadail níos dlúithe agus níos foirmiúla. Sa bhreis air sin, thuairiscigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach sa Choimisiún go raibh ‘laigí an-tábhachtach’ sa chomhordú ar an gcúnamh foriomlán ón Aontas a tugadh do thír ar leith (lena n-áirítear faoin ngné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais), agus go raibh na laigí sin le sonrú i measc ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin, SEGS agus Toscaireachtaí AE. Mar sin féin, ní dhearna an Coimisiún obair leantach ar na fionnachtana agus moltaí sin le haghaidh cláir Interreg NEXT do thréimhse 2021-2027 (féach míreanna 73-79).

Bhí moilleanna suntasacha ar chur ar bun na gclár, agus laghdaigh sé sin an t-am a bhí ar fáil chun tionscadail CBC ENI a chur chun feidhme

Cur ar bun na JOPanna

33 Bhí moilleanna suntasacha ar sheoladh na gclár comhpháirteach oibríochtúil. Rinneadh na trí JOP a scrúdaíodh a chur isteach in Iúil 2015, agus thóg sé thart ar sé mhí ar an gCoimisiún iad sin a fhormhuiniú tar éis iad a bheith curtha isteach. Faoi mhí na Nollag 2017, bhí comhaontuithe maoinithe sínithe ag an gCoimisiún le tír amháin ar a laghad lasmuigh den Aontas faoi gach aon cheann de na trí chlár, rud a chiallaíonn go raibh gach ceann de na spriocdhátaí de réir an rialacháin comhlíonta. Maidir leis na céimeanna ina dhiaidh sin i seoladh na gclár, áfach, thóg siad sin achar fada agus cuireadh moill ar thús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal, nach bhféadfadh tosú go dtí an cúigiú nó an séú bliain den tréimhse mhaoinithe (féach Fíor 7).

Fíor 7 – Na príomhchéimeanna i gcur ar bun na gclár

Foinse: CIE, bunaithe ar thuarascálacha bliantúla (an chuid theicniúil) a chuir na trí chlár isteach.

34 Bhí éagsúlacht ó chlár go chéile le sonrú sna cúiseanna a bhí leis na moilleanna:

  • I gcás chlár PL-BY-UA, ní raibh an próiseas foirmiúil chun an MA a ainmniú tugtha i gcrích ag an gCoimisiún go dtí Meitheamh 2018, seacht mí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maoinithe leis an mBealarúis, agus in ainneoin go raibh an aireacht chéanna ainmnithe cheana féin chun cistí eile ón Aontas a bhainistiú sa Pholainn.
  • I gcás chlár SEFR, ba í an chonstaic a bhí ann ná daingniú an chomhaontaithe maoinithe in Duma na Rúise, nár tugadh i gcrích go dtí Lúnasa 2018.
  • Níor ainmnigh an Coimisiún an MA do chlár MED go dtí Bealtaine 2019, in ainneoin gur sainaithníodh ‘laigí suntasacha’ sa chóras bainistithe agus rialaithe. Bhí laigí beaga fós ann ag an tráth a ndearnamar ár n-iniúchadh. Mar shampla, ní raibh nóta ar bhearta chun dul i ngleic le calaois formheasta go fóill ag JMC an chláir. Níor cuireadh rúnaíocht chomhpháirteach theicniúil (JTS) an chláir ar bun go dtí Feabhra 2020, rud a chiallaíonn gurb é an MA, le cúnamh ón dá chraobh-oifig, a reáchtáil an chéad ghlao ar thograí ina iomláine – cúram a dhéanfaí a tharmligean de ghnáth chuig an JTS. Thairis sin, níor síníodh an comhaontú maoinithe deiridh (leis an Éigipt) go dtí Eanáir 2018.

35 Bhí tionchar díreach ag na moilleanna i gcur ar bun chlár MED ar an gcaoi ar eagraíodh an glao ar thograí. Chiallaigh sé nach bhféadfadh na tionscadail a roghnaíodh sa chéad ghlao tús a chur leis an gcur chun feidhme go dtí 2019. D’fhág sé sin ann féin go raibh na moilleanna sin ina gcúis le laghdú suntasach i mbuiséad, ré agus raon feidhme na dtionscadal a roghnaíodh sa dara glao, a bhí beartaithe ó thús a bheith ina dtionscadail ‘straitéiseacha’. Is é an t-aon bhealach a bhféadfadh an glao deiridh (le haghaidh tionscadail don ‘chaipitliú’ in 2020) tarlú, idir an dá linn, ná gur fhadaigh an Coimisiún an spriocdháta de réir an rialacháin do thréimhse chur chun feidhme na gclár mar gheall ar phaindéim COVID-19 (féach mír 52).

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

36 Chun tús tráthúil do chur chun feidhme na gclár a éascú, thug na trí MA faoi ‘ghníomhaíochtaí ullmhúcháin’ (atá ceadaithe le rialachán cur chun feidhme CBC ENI) a ndearnadh iad a oiriúnú do na himthosca. Go sonrach, d’eagraigh siad na chéad ghlaonna ar thograí sula raibh a n-ainmniú foirmiúil déanta ag an gCoimisiún agus sular tháinig na comhaontuithe maoinithe le tíortha comhpháirtíochta i bhfeidhm (agus é mar choinníoll do chistiú an tionscadail go mbeadh an MA ainmnithe go deimhin agus go mbeadh na comhaontuithe maoinithe daingnithe). Ní fhéadfadh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin sin, áfach, cúiteamh do na moilleanna suntasacha a bhí ag baint le cur ar bun na JOPanna.

Rinneadh na tionscadail, ar an mórchóir, a roghnú agus a chur chun feidhme go héifeachtúil agus go héifeachtach, ach bhí laigí ag baint le faireachán ar na torthaí agus leis an gcreat tuairiscithe

37 Sa roinn seo, déanaimid measúnú féachaint:

  1. an raibh an próiseas roghnúcháin a bhí i bhfeidhm trédhearcach agus an raibh sé deartha ar shlí go roghnófaí na tionscadail ab oiriúnaí ó thaobh a n-ábharthachta de, ó thaobh a ngné trasteorann de agus ó thaobh a n-inbhuanaitheachta fadtéarmaí de;
  2. ar sholáthair an Coimisiún agus na húdaráis bhainistithe treoraíocht ar mhaithe le bainistiú na gclár agus ar mhaithe le cur chun feidhme na dtionscadal, lena n-áirítear treoraíocht ar choimircí chun an riosca calaoise a mhaolú;
  3. an ndearna tionscadail CBC ENI dul chun cinn sásúil sa chur chun feidhme agus ar bhain siad amach na torthaí a bhí beartaithe nó ar dhócha go mbainfidís na torthaí sin amach;
  4. ar úsáid cláir agus tionscadail CBC ENI creat fónta don fhaireachán agus don mheastóireacht.

Ar an mórchóir, bhí an próiseas roghnúcháin a bhí i bhfeidhm trédhearcach agus deartha ar shlí go roghnófaí na tionscadail CBC ENI ab oiriúnaí

Measúnú ar a ábhartha a bhí na tionscadail, ar an ngné thrasteorann agus ar inbhuanaitheacht

38 Sna glaonna ar thograí faoi na trí chlár, bhí critéir roghnúcháin a bhí dírithe ar a áirithiú – i gcás na n-iarratas ar thionscadail a roghnaíodh – go dtabharfaidís aghaidh ar na dúshláin a bhí sainaitheanta sa JOP, go raibh siad ábhartha do chuspóirí an chláir agus don tosaíocht a bhí roghnaithe, gur spreag siad comhar trasteorann agus go mbeadh tionchar marthanach acu ar fhorbairt na réigiún cois teorann. Bhí éagsúlacht san ualú a tugadh do na critéir sin ó chlár go chéile agus idir na glaonna aonair ar thograí. Bhí siad leordhóthanach, áfach, chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca a bhain le togra a shásódh an tairseach íosta don roghnúchán ach fós gan tuairisc fhónta a bheith ann ar a ábhartha a bhí sé agus ar a thionchar trasteorann.

Rangú na dtionscadal

39 Bhí ar gach togra do thionscadal a cuireadh isteach seiceáil comhlíontachta ó thaobh riaracháin agus incháilitheachta a phasáil sula ligfí ar aghaidh é chuig an gcéim mheastóireachta. Ag deireadh gach glao, rinne na trí chlár na tograí a rangú de réir an scóir a fuair siad sa chéim mheastóireachta. Bhí an próiseas roghnúcháin do na trí chlár trédhearcach, cé is moite den chás nach raibh doiciméadacht leordhóthanach ann don réasúnú a bhí le scóráil a dhéanamh an athuair do chuid de na tograí thionscadail faoi chlár SEFR (féach Bosca 1).

Bosca 1

Scóráil an athuair neamh-thrédhearcach do thionscadail áirithe faoi SEFR

Rinne an JMC ar chlár SEFR coiste comhpháirteach roghnúcháin a cheapadh ar a raibh ionadaithe ón rialtas láir agus ionadaithe ón leibhéal réigiúnach. Tá sé de chumhacht ag an gcoiste sin na scóir mheastacháin do na tograí tionscadail aonair a choigeartú, rud a shanntar chuig measúnóirí neamhspleácha.

Nuair a rinne an coiste athmheasúnú agus athscóráil ar thograí tionscadail ag a chruinniú, áfach, rinne sé an méid sin gan doiciméadú leormhaith a dhéanamh ar na cúiseanna a bhí aige na scóir a athrú, agus dá bhrí sin gan an trédhearcacht ba ghá a bheith ag gabháil leis an bpróiseas. D’ardaigh údarás iniúchóireachta an chláir an tsaincheist seo freisin, agus mheas an t-údarás sin nach raibh doiciméadú mhiontuairiscí chruinnithe an choiste chomhpháirtigh roghnúcháin don chéad cheithre bhabhta den ghlao ar thograí leormhaith. Don dá bhabhta deiridh den ghlao, bhí an doiciméadú feabhsaithe – é sin freisin mar thoradh ar mholtaí an údaráis iniúchóireachta.

Bhí tionchar díreach agus substainteach ag an athscóráil ar chinntí cistiúcháin. I mbabhta 3, mar shampla, rinneadh tionscadal amháin a athscóráil ó 166.33 pointe go dtí 133. Dá réir sin, chuaigh sé ó cheann de na tionscadail ab airde go dtí tionscadal nár cháiligh ar chor ar bith do chistiú.

Cothromaíocht gheografach thairbhithe na dtionscadal

40 Sna glaonna ar thograí, bhí ar gach tionscadal – le bheith incháilithe – a bheith comhdhéanta de thairbhí amháin ar a laghad as an Aontas Eorpach agus de thairbhí amháin ar a laghad as tír chomharsanach lasmuigh den Aontas. I bhFíor 8, taispeántar gur éirigh leis na trí chlár dáileadh cothrom de rannpháirtithe tionscadal ó thíortha den Aontas agus ó thíortha lasmuigh den Aontas a bhaint amach, nuair a chuirimid san áireamh na cineálacha tairbhithe go léir (tairbhithe ceannais nó tairbhithe eile) agus na catagóirí tionscadail go léir (iad sin a roghnaíodh trí ghlaonna ar thogra agus iad sin a roghnaíodh trí dhámhachtain dhíreach).

Fíor 8 – Tairbhithe de thionscadail CBC ENI (gach catagóir)

Nóta: Má bhí an eagraíocht chéanna páirteach i roinnt tionscadal éagsúil, chomhair muid gach uair iad. Áirítear LIPanna agus tionscadail a roghnaíodh trí ghlaonna ar thograí sa tábla.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón MA agus ar thaifid i mbunachar sonraí Keep.eu (arna rochtain an 5.4.2022).

41 Bhí deighilt chothrom de réir an bhuiséid bainte amach ag na trí chlár freisin. Chuir clár MED ceangal go sainráite ar gach tionscadal 50 % ar a laghad do chostais dhíreacha a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí a bhí le cur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta na Meánmhara. Mar thoradh air sin, rinneadh thart ar 48 % de bhuiséad an chláir a leithdháileadh ar an Aontas Eorpach agus 52 % ar thíortha comhpháirtíochta na Meánmhara. D’éirigh leis an dá chlár eile a gcuid buiséad a leithdháileadh freisin i measc na dtíortha comhpháirtíochta i gcion cothrom28.

42 Mar sin féin, lean na tairbhithe ceannais ó thíortha an Aontais de bhuntáiste níos fearr a bheith acu ar na tairbhithe ó thíortha comhpháirtíochta. I bhFíor 9, taispeántar nach raibh ach thart ar an trian de na tairbhithe ceannais ann a raibh a mbunadh i dtíortha lasmuigh den Aontas. Faoi chlár MED, bhí éagsúlacht mhór freisin sa líon tairbhithe ceannais ó thír rannpháirtíochta go chéile: sa mhéid go raibh 60 tairbhí ceannais ann a raibh a mbunadh san Iodáil, sa Spáinn nó sa Ghréig, agus gur idir náid agus cúig thairbhí ceannais a bhí i ngach ceann de na deich dtír eile.

Fíor 9 – Tairbhithe ceannais ar thionscadail CBC ENI

Nóta: Is iad na tionscadail a roghnaíodh trí ghlaonna ar thograí, agus iadsan amháin, atá sa tábla seo.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón MA agus ar thaifid i mbunachar sonraí Keep.eu (arna rochtain an 5.4.2022).

43 Bhí an sciar íseal de thairbhithe ceannais ó thíortha lasmuigh den Aontas mórán mar a chéile i gcláir ENPI do thréimhse 2007-2013. Is i gcás chlár MED amháin a mhéadaigh an sciar sin; é sin ó thart ar 6 % go dtí 16 %. Thug na MAnna do na trí chlár cúiseanna comhchosúla do ghannionadú na dtíortha sin: is minic nach mbíonn taithí le tionscadail AE ag tairbhithe ó thíortha lasmuigh den Aontas; ní airíonn siad ar a gcompord an oiread céanna agus iad ag cur isteach ar thacaíocht; tá orthu déileáil le hualach riaracháin (lena n-áirítear deacrachtaí ó thaobh cistí a aistriú thar lear); nó níl na scileanna teanga is gá acu.

Thug an Coimisiún agus na húdaráis bhainistithe treoraíocht úsáideach ar chur chun feidhme na dtionscadal agus ar mhaolú an riosca go dtarlódh calaois

Rannpháirtíocht in JMCanna agus treoraíocht tugtha

44 Tá freagracht ar JMCanna as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár agus as an dul chun cinn ionsar chuspóirí an chláir (féach mír 04). Bhí an Coimisiún páirteach, mar bhreathnóir, i bhformhór na gcruinnithe JMC a bhí eagraithe ag cláir SEFR agus MED. I rith ár n-agallamh, dúirt na MAnna gur dhíol sásaimh dóibh an tacaíocht agus an rannpháirtíocht ghníomhach sin ón gCoimisiún. I gcás chlár PL-BY-UA, áfach, níor ghlac an Coimisiún páirt ach i gcruinniú amháin JMC as na cúig cinn a bhí ann idir 2016 agus 2020. Bhí oifigeach TESIM páirteach i ngach uile chruinniú JMC do na trí chlár, mar bhreathnóir.

45 Bunaithe ar ár n-agallaimh, bhí na MAnna, na JTSanna agus na craobh-oifigí sásta leis an treoraíocht agus leis an gcúnamh a fuair siad ón gCoimisiún, rud a tugadh go sciobtha agus nuair a theastaigh sé. Ar an gcaoi chéanna, ba dhíol sásaimh dóibh an tacaíocht theicniúil sainoiriúnaithe a fuair siad ó TESIM. Chuir TESIM oiliúint úsáideach ar fáil freisin, lena n-áirítear ar bhainistiú clár/tionscadal, agus d’ullmhaigh sé bileoga eolais do thairbhithe ar nithe amhail soláthar poiblí nó státchabhair. Ar deireadh, thug gach tairbhí tionscadail a chuireamar faoi agallamh aiseolas dearfach ar a n-idirghníomhaíocht leis na MAnna, JTSanna agus craobh-oifigí.

Coimircí chun an riosca calaoise a mhaolú

46 Mheas na MAnna do na trí chlár go raibh treoraíocht leordhóthanach faighte acu faoi bhealaí chun an riosca calaoise a mhaolú. Go sonrach, d’fhorbair TESIM treoraíocht maidir le bainistiú rioscaí do chomhlachtaí an chláir agus do na húdaráis náisiúnta, ina raibh gnéithe faoi rioscaí calaoise agus éillithe29. I gcomhréir leis an treoraíocht sin, rinne na trí chlár measúnú ar rioscaí ar leibhéal an tionscadail mar chuid de na seiceálacha incháilitheachta agus riaracháin ar thograí do thionscadail, agus rinne siad measúnuithe riosca ar bhonn tráthrialta ar thionscadail a bhí idir lámha. I gcás chláir 2014-2020 faoi iniúchóireacht, dheimhnigh na trí MA, ag tráth ár n-iniúchta, nach raibh aon cheann de na tionscadail tuairiscithe acu mar chásanna de chalaois amhrasta.

47 Sa nóta treoraíochta ón gCoimisiún do chláir CBC ENI, spreagtar na MAnna chun úsáid a bhaint as sain-uirlis TF ar a dtugtar ‘An córas Bainistithe Neamhrialtachtaí’30 chun neamhrialtachtaí a thuairisciú. Níl rochtain ar an gcóras sin, áfach, ach ag comhlachtaí frithchalaoise ó líon teoranta tíortha lasmuigh den Aontas (e.g. an Eilvéis agus tíortha réamhaontachais).

48 Sna comhaontuithe maoinithe a síníodh le tíortha comhpháirtíochta, bhí forálacha chun neamhrialtachtaí, calaois agus éilliú a chosc. Go sonrach, bhí clásail iontu a d’éascódh cistí a caitheadh go míchuí a ghnóthachan arís ó thairbhithe atá bunaithe i dtíortha comhpháirtíochta. Tá eintitis phríobháideacha eisiata as na clásail sin, áfach. Sa bhreis air sin, sna comhaontuithe maoinithe le dhá thír chomhpháirtíochta i réigiún na Meánmhara, tá comhlachtaí áirithe atá cistithe go poiblí, amhail bardais agus fiontair phoiblí, eisiata freisin as an sainmhíniú ar ‘eintitis phoiblí’. Ciallaíonn na forálacha sin nach bhfuil an dá thír sin faoi dhliteanas a aisíoc ach na cistí sin a bheadh caite go míchuí ag comhlachtaí an rialtais láir – comhlachtaí arb annamh leo páirt a ghlacadh i dtionscadail CBC.

49 Bhí coimircí curtha chun feidhme ag na MAnna do na trí chlár a scrúdaíomar chun an líon gnóthachan neamhrathúil a laghdú, go háirithe i ndáil le tairbhithe príobháideacha i dtíortha lasmuigh den Aontas (amhail ráthaíochtaí bainc, uas-sciar teoranta de chistiú tionscadail, nó íocaíochtaí codánaithe). Sa bhreis air sin, tá uirlis sceithireachta ar líne le fáil ar a suíomhanna gréasáin nó déantar tagairt d’uirlis den sórt sin ar a gcuid suíomhanna gréasáin. Tugann an taithí ón tsraith de chláir roimhe seo (2007-2013) le tuiscint gur gnách leis na méideanna nach féidir a ghnóthachan ó thairbhithe a bheith sách íseal. Faoi Dheireadh Fómhair 2021, is é €5.9 milliún a bhí i gceist le ‘gnóthachain faoi chonspóid’31. Sin thart ar 0.6 % de leithdháileadh foriomlán an Aontais de €947 milliún chuig cláir 2007-2013. Bhí an méid iomlán a tarscaoileadh do thairbhithe príobháideacha i dtíortha comhpháirtíochta níos ísle fós: €210 891, nó 0.02 % de leithdháileadh iomlán an Aontais32.

Bhí na tionscadail faoi iniúchóireacht i staid mhaith chun a gcuid aschur beartaithe a bhaint amach, ach bhí tionchar trasteorann níos laige ag cuid acu

Cur chun feidhme tionscadail

50 Cuireadh moill shuntasach ar thosú chur chun feidhme chláir CBC ENI do thréimhse 2014-2020 (féach mír 33). I bhFíor 10, taispeántar an dul chun cinn a bhí déanta ag na trí chlár faoi dheireadh 2021.

Fíor 10 – Dul chun cinn na gclár amhail an 31 Nollaig 2021

Nóta: Bhí clár PL-BY-UA fós ag síniú conarthaí le haghaidh tionscadail nua i rith 2022.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí faoi na cláir.

51 Tríd is tríd, d’fhág paindéim COVID-19 go raibh ar na tionscadail roinnt athchoigeartuithe a dhéanamh (den chuid is mó, tiontú go dtí gníomhaíochtaí ar líne agus fad a chur le sceidil). Léirigh gach ceann de na trí MA solúbthacht ó thaobh dul i ngleic le moilleanna agus le deacrachtaí cur chun feidhme eile. Rinne na MAnna do chláir SEFR agus MED suirbhé go forghníomhach i measc na dtionscadal go léir ag tús na paindéime chun saincheisteanna féideartha a shainaithint agus ar mhaithe le haontú ar bhearta maolaitheacha. Is i gcás chlár PL-BY-UA amháin a cuireadh tionscadail ar ceal mar gheall ar iarmhairtí na paindéime: luaigh na tairbhithe de shé thionscadal paindéim COVID-19 mar cheann de na cúiseanna a bhí lena gcur ar ceal. Mar sin féin, d’éirigh leis an gclár sin freisin coigiltis de €3 mhilliún a ath-leithdháileadh ar 12 thionscadal CBC a bhain le cúram sláinte chun cabhrú leis na hiarrachtaí cur i gcoinne na paindéime (ní raibh aon cheann díobh sin san áireamh inár sampla). Ar an gcaoi chéanna, rinne ceithre cinn de na tionscadail i gclár MED a gcuid gníomhaíochtaí a oiriúnú chun cabhrú le cur i gcoinne na paindéime, lena n-áirítear ‘Aquacycle’ (tionscadal inár sampla) a rinne oiriúnú ar an bhfaireachán ar fhuíolluisce chun go mbeadh brath víreas COVID-19 san áireamh ann.

52 Ag freagairt don phaindéim dó, leasaigh an Coimisiún an rialachán cur chun feidhme33 ar shlí a thug solúbthacht bhuiséadach níos mó do gach uile chlár CBC ENI agus a chuir fadú d’aon bhliain amháin, go dtí an 31 Nollaig 2023, leis an spriocdháta chun gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche.

53 Taobh amuigh de phaindéim COVID-19, bhí staid dheacair eacnamaíoch i dtíortha comhpháirtíochta na Meánmhara (e.g. géarchéim mhór airgeadais sa Liobáin) ag cur isteach ar thionscadail áirithe. I gcás na dtionscadal sin, thug an MA agus an JTS (i gcomhchomhairle le TESIM) cúnamh le teacht ó na deacrachtaí airgeadais, mar shampla ó thaobh íocaíochtaí a fháil ón gcoigríoch.

54 In Iarscríbhinn III, tugtar tuairisc ar na 15 thionscadal a ndearnamar scrúdú go mion orthu. In Iarscríbhinn IV, tugtar forléargas ar na torthaí a bhí ar ghnéithe éagsúla a ndearnamar measúnú orthu.

55 De na 15 thionscadal, cuireadh sé cinn acu chun feidhme de réir mar a bhí beartaithe, ó thaobh raon feidhme, buiséad agus tráthchlár de. Bhí deacrachtaí beaga ag cúig cinn eile agus b’éigean ath-choigeartuithe áirithe a dhéanamh orthu, go príomha mar gheall ar phaindéim COVID-19. Maidir leis an gceithre thionscadal eile, ní dhearnadh iad sin a chur chun feidhme go sásúil agus bhí moilleanna suntasacha i gceist leo.

Aschuir, forthorthaí agus tionchar trasteorann na dtionscadal

56 Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil ag tráth ár n-iniúchta, measaimid go raibh a n-aschuir agus a bhforthorthaí bainte amach ag seacht gcinn as na 15 thionscadal faoi iniúchóireacht, nó gur dhóchúil go mbainfidís amach iad. Bhí deacrachtaí ag trí thionscadal, ach tá feabhas tagtha orthu ó shin agus tá a dtairbhithe ceannais agus a gcomhpháirtithe tiomanta ar na haschuir a bhí beartaithe a thabhairt i gcrích. Tá a phríomh-aschur tugtha i gcrích ag tionscadal amháin, ach níl a phríomh-fhorthoradh trasteorann bainte amach (féach mír 59). Maidir leis an gceithre thionscadal eile, ní fhéadfadh muid a dheimhniú an raibh a gcuid torthaí beartaithe bainte amach acu ná ar dhóchúil go ndéanfaidís amhlaidh. Sin mar gheall nach raibh tuarascálacha críochnaitheacha ann (dhá thionscadal), mar gheall ar shrianta taistil COVID-19 (tionscadal amháin) agus, i gcás amháin, mar gheall ar laigí sa tuairisciú ar an tionscadal.

57 Ar mhaithe leis an iniúchadh seo, bhaineamar úsáid as an sainmhíniú seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar an ‘tionchar trasteorann’ a bhí ag tionscadail faoi iniúchóireacht: ‘cur chun feidhme comhpháirteach gníomhaíochtaí ag comhpháirtithe, as a leanann treisiú ar naisc thrasteorann agus ar chomhpháirtíochtaí inbhuanaithe trasteorann agus/nó bacainní trasteorann ar fhorbairt inbhuanaithe shocheacnamaíochta a dhíchur’34. De na 15 thionscadal, bhí gné láidir thrasteorann ag naoi gcinn acu (nó an fhéidearthacht tairbhí trasteorann a thabhairt i gcrích, i gcás tionscadail a bhí idir lámha). Bhí comhpháirtithe ón dá thaobh den teorainn páirteach go gníomhach i gcur chun feidhme na dtionscadal (cé go raibh leibhéil éagsúla rannpháirtíochta ann, ag brath ar an ról a bhí acu). Ar an gcaoi chéanna, bhí sé dóchúil go dtairbheodh réigiúin ar an dá thaobh den teorainn, ar a laghad go pointe áirithe, de na torthaí a thiocfadh ó gach aon cheann de na tionscadail. Rinneamar ár measúnú, áfach, sular tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin. Mar chuid de fhreagairt níos leithne, chuir an Coimisiún comhaontuithe maoinithe le haghaidh cláir leis an Rúis agus an Bhealarúis ar fionraí, agus dá réir sin cailleadh aon ghné trasteorann a bhí ag gabháil le tionscadail a raibh na tíortha sin páirteach iontu. Tá na hiarmhairtí atá ag an gcoinbhleacht tar éis neamhchinnteachtaí a chruthú i ndáil leis na tairbhí marthanacha trasteorann atá ag tionscadail áirithe atá á maoiniú faoi chláir a bhfuil an Úcráin agus an Mholdóiv páirteach iontu.

58 I gcás na gcúig thionscadal eile, fuaireamar go raibh an tionchar trasteorann níos laige (do chuid acu mar gheall ar shrianta taistil COVID-19). Mar shampla, i gcás an tionscadail chun Riosca na hEitinne a Laghdú, bhí an trealamh fáthmheasa a cheannaigh an comhpháirtí tionscadail sa Pholainn in úsáid cheana féin chun galair scamhóg a dhiagnóisiú, lena n-áirítear riochtaí galair a bhí gaolmhar do COVID-19. Le linn ár gcuairte i nDeireadh Fómhair 2021 (roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin), áfach, mhínigh ospidéal Rzeszow dúinn nach raibh aon othar as an Úcráin ansin le déanaí chun cóir leighis a fháil. Ó na staitisticí ar úsáid an trealaimh, ní léir cé chomh mór agus a úsáideadh an trealamh chun scaipeadh na heitinne a dhiagnóisiú agus a stopadh – an príomhchuspóir trasteorann a bhí leis an tionscadal. Thairis sin, bhí an comhar idir na hospidéil in Rzeszow agus in Nyzhnya Apsha teoranta go docht chuig cur chun feidhme agus inseachadáin an tionscadail, agus ní raibh ionchas ar bith ann go leanfaí den chomhar. Tá sé sin contrártha do choincheap na gcomhpháirtíochtaí inbhuanaithe trasteorann atá luaite sa sainmhíniú ar ‘thionchar trasteorann’; (déanaimid measúnú ar ionchais na dtionscadal ó thaobh torthaí inbhuanaithe a thabhairt i gcrích i míreanna 69-71).

59 Ar deireadh, tá tionscadal amháin inár sampla nach bhfuil gné thrasteorann ar bith ann go dtí seo: bóthar réigiúnach 885 atá ag síneadh go dtí teorainn na Polainne leis an Úcráin (féach Bosca 2).

Bosca 2

Bóthar athchóirithe ag críochnú díreach ag an teorainn náisiúnta

Bhí an t-athchóiriú ar bhóthar 885, a osclaíodh arís don trácht i dtús 2021, ceaptha réigiúin teorann na Polainne–na hÚcráine a dhéanamh níos inrochtana agus an trácht idirnáisiúnta a mhéadú. Bhí baint amach an tionchair bheartaithe trasteorann ag brath ar phointe trasnaithe teorann a oscailt in Malhowice agus an dá bhóthar ceangail san Úcráin a athnuachan.

Níor phasáil na hoibreacha tógála don phointe trasnaithe teorann – a bhí ceaptha a bheith críochnaithe in 2020 – na seiceálacha incháilitheachta le haghaidh cistiú ón gclár, áfach, agus níor cuireadh tús leo go dtí 2021 agus iad beartaithe a bheith críochnaithe le haghaidh 2025 de réir an sceidil. Ar an gcaoi chéanna, níor thosaigh athnuachan na mbóithre san Úcráin, a bhí beartaithe freisin do 2020, go dtí 2021. Mar gheall ar na hiarmhairtí atá ag ionradh na Rúise ar an Úcráin, ní móide go gcríochnófar an pointe trasnaithe teorann ná na bealaí ceangail aon am go luath amach anseo.

Go dtí go mbeidh an pointe trasnaithe teorann nua oscailte, is d’áitritheoirí shráidbhaile Malhowice sa Pholainn, agus dóibhsean amháin, a bheidh an bóthar athchóirithe ag fónamh mar cheann de na bóithre atá ag ceangal an sráidbhaile le baile Przemyśl atá in aice láimhe. Níl ach thart ar 200 duine ina gcónaí in Malhowice, cé gurb í an sprioc don bhóthar athchóirithe ná go mbeadh 4 000 feithicil in aghaidh an lae de thrácht ann.

Foinse: CIE.

Faisnéis theoranta i dtaobh na dtorthaí foriomlána atá bainte amach ag leibhéal na gclár agus i dtaobh a n-inbhuanaitheachta, in ainneoin go bhfuil faireachán leormhaith á dhéanamh ag na húdaráis bhainistithe ar na tionscadail

Táscairí

60 Bhí foráil sa doiciméad clársceidealaithe do chláir 2014-202035 maidir le húsáid a bhaint as táscairí coiteanna aschuir (COInna) chun faireachán agus meastóireacht ar na cláir a éascú. Bhí sé beartaithe ann freisin go dtabharfaí isteach ‘táscairí comhiomlánaithe ar fud an tslabhra iomláin ón chéim an tionscadail ar aghaidh trí thosaíocht an chláir, tríd an gcuspóir téamach, trí CBC ina iomláine, agus ar deireadh go dtí leibhéal an ENI’. Chuir an doiciméad de cheangal ar na cláir ‘cuid ar a laghad’ de na 38 COI a bhí forbartha ag Interact ENPI (réamhtheachtaí TESIM) a ghlacadh. Is iad a gcuid táscairí aschuir sonracha féin, áfach, is mó a shainigh na cláir agus níor úsáid siad ach cúpla ceann de na COInna (féach Fíor 11).

Fíor 11 – Glacadh íseal leis na táscairí coiteanna aschuir

Foinse: Anailís CIE ar na JOPanna a formheasadh.

61 Is é an míniú a thug na MAnna do na trí chlár ar an nglacadh íseal a bhí le COInna ná go bhfuil gníomhaíochtaí an chláir i bhfad níos leithne i scóip ná mar a bheadh clúdaithe ag na 38 COI a bhí réamhshainithe. Ós rud é nach bhfuil formhór aschuir na gclár clúdaithe ag na COIanna, áfach, beidh deacrachtaí ag an gCoimisiún comhiomlánú a dhéanamh ar na haschuir agus beidh deacrachtaí aige meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí chláir CBC ENI ar an leibhéal beartais ar an iomlán.

62 Sa bhreis ar na COInna, d’ullmhaigh Interact ENPI treoraíocht freisin do na cláir maidir le táscairí le haghaidh torthaí a fhorbairt (táscairí forthoraidh)36. Ní raibh aon chall do na cláir an treoraíocht sin a úsáid, áfach. In 2016, thug grúpa oibre le haghaidh faireacháin agus meastóireachta a bhí eagraithe ag TESIM ar aire go raibh ‘réimse leathan táscairí toraidh (129 ar an iomlán)’ ag na 15 chlár CBC ENI, ‘agus fíorbheagán deiseanna ar chomhiomlánú ag leibhéal ionstraime [ENI]’37.

63 Thugamar laigí den chineál céanna ar aire i gcás na dtáscairí a bhí sainithe ar leibhéal an tionscadail. Go sonrach, faoi chlár SEFR, bhain siad sin go sonrach, den chuid is mó, le gach aon tionscadal aonair, rud a d’fhág dodhéanta é iad a chomhiomlánú don chlár ina iomláine. Óna thaobh siúd de, bhain clár MED úsáid as córas catagóraithe le cóid chun a áirithiú go raibh táscairí a bhain go sonrach le tionscadal nasctha leis na táscairí aschuir a bhí sainithe don chlár. Bhain trí thionscadal inár sampla, áfach, úsáid as an gcód céanna chun aschuir éagsúla a thomhas. Nuair a dhéanfar achoimre orthu sin ar leibhéal an chláir, beidh go leor eilimintí difriúla sna táscairí sin, dá bhrí sin, agus ní thabharfaidh siad léargas soiléir ar an scéal. Is é clár PL-BY-UA amháin a leag síos go raibh sé éigeantach do na tionscadail táscairí a roghnú as liosta réamhshainithe, agus as an liosta sin amháin. Is ceanglas é sin a dhéanann níos éasca é na táscairí a chomhiomlánú agus an dul chun cinn foriomlán don chlár ar leith sin a thomhas.

Faireachán ar na tionscadail

64 I gcomhréir le prionsabal na ‘bainistíochta comhroinnte’, ní dhéanann an Coimisiún faireachán go díreach ar thionscadail agus bíonn sé ag brath ar na MAnna chuige sin (cé gurb ar an gCoimisiún faoi dheoidh atá an fhreagracht as cistí ón Aontas a bhainistiú). Sa chomhthéacs sin, faigheann an Coimisiún faisnéis bhunriachtanach ar dhul chun cinn na gclár ag cruinnithe JMC, má ghlacann sé páirt iontu (féach mír 44), agus, uair sa bhliain, ó na MAnna nuair a thíolacann siad a gcuid tuarascálacha bliantúla. Níl faisnéis atá sonrach do thionscadail sna tuarascálacha sin, áfach, ach amháin i gcás LIPanna.

65 Tá próiseas faireacháin forbartha ag na MAnna do na trí chlár a scrúdaíomar, le cúnamh óna JTSanna agus a gcraobh-oifigí, a fhágann gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar na tionscadail. Ar na nithe atá sa phróiseas sin, tá siad seo a leanas: faireachán ó lá go lá (cumarsáid rialta idir an JTS agus na tairbhithe); freastal ar chruinnithe tosaigh (faoi chláir SEFR agus MED); measúnuithe riosca ar an tionscadal a dhéantar go tréimhsiúil; anailís ar thuarascálacha dul chun cinn airgeadais agus insinte a chuireann na tairbhithe ceannais isteach; seiceálacha ar an bhfód; agus cuairteanna faireacháin chuig tionscadail roghnaithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca.

66 Chuir gach ceann de na 15 thionscadal inár sampla na doiciméid riachtanacha isteach lena léiriú cén dul chun cinn a bhí déanta acu, agus measaimid go raibh faireachán leormhaith déanta ar 14 díobh. I gcás inarb iomchuí, rinneadh cuairteanna ar an bhfód i gcás naoi gcinn de na tionscadail sin (nó bhí cuairteanna den sórt sin beartaithe don chéad leath de 2022). Is é ár mbreithiúnas ar an bhfaireachán a rinneadh ar LIP885 (a bhfuil tuairisc air i mBosca 2) ná nach raibh sé sásúil ach go pointe áirithe, mar nach ndearnadh aon chuairt ar an bhfód i gcás an tionscadail sin in ainneoin gurb é an tionscadal is mó é a maoiníodh faoi chlár PL-BY-UA. Dá ndéanfaí cuairt den sórt sin, bheadh sé tugtha faoi deara luath go maith i dtimthriall an tionscadail nach raibh pointe trasnaithe teorann ann.

Faireachán dírithe ar thorthaí

67 Cuireann an rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún de cheangal ar na MAnna ‘clár dírithe ar thorthaí mar aon le faireachán tionscadail i gcrích anuas ar an bhfaireachán laethúil’38. D’ullmhaigh TESIM treoraíocht ar an bhfaireachán dírithe ar thorthaí (ROM) a tharraing aird ar a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtionscadal ó thaobh ábharthachta, éifeachtúlachta, éifeachtachta agus inbhuanaitheachta de39. Bhí difríochtaí, áfach, sa chur chuige a bhí ag na MAnna. I gclár SEFR, foráladh do ROM le haghaidh na dtionscadal go léir ag a raibh buiséad os cionn €1 milliún nó ar measadh riosca ard a bheith ag gabháil leo, agus bhí ROM déanta ar dheich dtionscadal faoi dheireadh 2021. Faoi chlár MED, is i dtús 2022 a rinneadh na chéad chuairteanna ROM ar thionscadail. I gcodarsnacht leis sin, ní dhearnadh aon ROM ar thionscadail faoi chlár PL-BY-UA, agus níl aon cheann beartaithe.

68 Faoi rialachán nua Interreg do thréimhse mhaoinithe 2021-2027, ní cheanglaítear a thuilleadh ROM a dhéanamh ar chláir ná ar thionscadail. Beidh na cláir faoi réir an chreata faireacháin feidhmíochta chéanna leo sin faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa40. Tá meastóireachtaí éigeantacha ar na cláir ag na Ballstáit tugtha isteach ag an gcreat dlíthiúil41. I gcás tionscadal, áfach, ní fhorálann an creat nua do shásra ar bith atá cosúil le ROM chun measúnú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtionscadal ó thaobh ábharthachta, éifeachtúlachta, éifeachtachta agus inbhuanaitheachta de.

Inbhuanaitheacht na dtorthaí

69 Rinne gach ceann de na trí chlár measúnú ar thograí tionscadail ó thaobh na hinbhuanaitheachta de ag céim an roghnúcháin (féach mír 38) agus chuir siad de cheangal ar na tionscadail tuairisciú ar inbhuanaitheacht ina dtuarascálacha críochnaitheacha. Déanann an MA do chlár SEFR faireachán ar inbhuanaitheacht na dtionscadal i gcaitheamh a dtimthrialla agus ag gach uile chéim: le linn na céime roghnúcháin, mar chuid de na critéir roghnúcháin; le linn na céime cur chun feidhme, mar chuid den mheasúnú riosca ar an tionscadal; agus le linn na céime tuairiscithe, i dtuarascálacha críochnaitheacha na dtionscadal. Leis an aird sin ar inbhuanaitheacht i gcaitheamh thimthriall an tionscadail, méadaítear a dhóchúla atá sé go mbeidh tairbhí marthanacha ann, agus mheasamar gur dea-chleachtas atá ansin.

70 Inár measúnú ar inbhuanaitheacht, a bhfuil achoimre air in Iarscríbhinn IV, dhíríomar isteach ar ionchas na dtionscadal torthaí inbhuanaithe a thabhairt i gcrích. Sin mar gheall go raibh tionscadail áirithe fós idir lámha nuair a rinneamar ár gcuairteanna (féach mír 56). Bunaithe ar na doiciméid a bhí ar fáil agus ar ár n-agallaimh le comhpháirtithe an tionscadail, measaimid go raibh seans maith ag 11 thionscadal as na 15 a scrúdaíomar ar thairbhí inbhuanaithe a thabhairt i gcrích. I gcás trí cinn de na tionscadail, tá inbhuanaitheacht ag brath ar thosca seachtracha (e.g. an chaoi a n-athróidh paindéim COVID-19, athruithe a thabhairt isteach sa reachtaíocht náisiúnta). Ar deireadh, i gcás an tionscadail chun Riosca na hEitinne a Laghdú, ní raibh aon ionchas ann go leanfadh an comhar idir na comhpháirtithe (féach mír 58). Rinneamar ár measúnú sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin, rud a chaitheann amhras mór ar inbhuanaitheacht thorthaí na dtionscadal a bhfuil an Bhealarúis, an Rúis agus an Úcráin páirteach iontu.

71 Tá feidhm ag ceanglais dhlíthiúla sonracha inbhuanaitheachta maidir le tionscadail a bhfuil comhchuid bhonneagair iontu: caithfidh siad a gcuid cuspóirí bunaidh a chomhall go ceann cúig bliana tar éis a ndúnta (i.e. tar éis dóibh an íocaíocht deiridh a fháil ón MA)42. Do chineálacha eile tionscadal, áfach, níor leag an Coimisiún ceanglas comhchosúil síos á rá go gcaithfí léiriú a thabhairt ar inbhuanaitheacht a dtairbhí trasteorann nó inbhuanaitheacht na gcomhpháirtíochtaí a chruthaítear. Sa bhreis air sin, ní chuireann cláir 2014-2020 de cheangal ar na tionscadail tuairisciú ar inbhuanaitheacht a dtorthaí tar éis dhúnadh na dtionscadal. Tá sé beartaithe ag JTS na Polainne measúnú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den inbhuanaitheacht i sampla (10 % ar a laghad) de na tionscadail atá dúnta. Le linn ár n-agallaimh, mhínigh an MA do chlár MED go raibh sé ag smaoineamh ar cheanglas a thabhairt isteach a d’fhágfadh go mbeadh ar thionscadail ‘tuarascálacha inbhuanaitheachta’ a chur isteach (e.g. bliain nó dhá bhliain i ndiaidh dhúnadh an tionscadail).

Tá cláir NEXT ag tarraingt ar cheachtanna a foghlaimíodh, ach tá rioscaí breise ann agus tá tionchar suntasach ag dúshláin pholaitiúla

72 Sa roinn seo, déanaimid anailís ar an méid seo a leanas:

  1. ar chuir an Coimisiún san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chláir CBC a cuireadh chun feidhme i dtréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020 nuair a bhí an creat reachtach do thréimhse 2021-2027 á mholadh aige; agus an bhfuil na hathruithe sin ag éascú cur ar bun tráthúil chláir Interreg NEXT;
  2. an féidir le cláir CBC ENI fónamh mar bhearta a chothaíonn muinín, sa bhreis ar na haschuir atá beartaithe a sholáthar.

Léiríonn na hathruithe na ceachtanna a foghlaimíodh, ach tá laghdú tagtha ar mhaoirseacht ón gCoimisiún mar gheall ar bhearta simpliúcháin áirithe a tugadh isteach

Ceachtanna a foghlaimíodh

73 Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar chláir CBC 2007-2013, agus d’úsáid sé na torthaí sin ina thogra le haghaidh rialachán nua Interreg, a tíolacadh i mBealtaine 201843. Mar gheall ar na moilleanna fada a bhain le cláir CBC ENI a bhunú (féach mír 33), áfach, ciallaíonn sé nach raibh athbhreithniú meántéarma ar chláir 2014-2020, próiseas ROM ar chláir aonair CBC ENI, anailís chúlra ar chláir nua 2021-202744 ná páipéar comhpháirteach ar chlársceideal straitéiseach45 ar fáil in am le go mbeidís mar fhaisnéis don togra ón gCoimisiún.

74 I rialachán Interreg, a glacadh i Meitheamh 2021, tá lear mór athruithe rialála ann a léiríonn na ceachtanna a foghlaimíodh agus atá ábhartha do chláir Interreg NEXT – comharbaí na sraithe reatha de chláir CBC46. Simplíonn na bearta sin bainistiú chláir Interreg NEXT, agus d’fhéadfaidís dlús a chur le bunú na gclár (féach míreanna 82-84). Tá rioscaí breise ag gabháil leis na hathruithe sin, áfach, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúthfhaireachán ar siúl ag an gCoimisiún agus ag SEGS (féach míreanna 76-84). Baineann na hathruithe is tábhachtaí leis na nithe seo a leanas:

  1. cláir CBC ENI a ailíniú le cláir Interreg;
  2. deireadh a bheith curtha leis an nós imeachta ainmniúcháin do na húdaráis bhainistithe;
  3. an spriocdháta do shíniú na gcomhaontuithe maoinithe;
  4. freagracht as gnóthachain ó thairbhithe príobháideacha ag tíortha rannpháirteacha;
  5. nós imeachta simplithe do LIPanna;
  6. táscairí coiteanna aschuir agus toraidh.

75 Sa bhreis air sin, chun dul i ngleic le deacrachtaí atá ag tionscadail trasteorann agus chun a gcomhlíontacht le rialacha maidir le státchabhair a éascú, chinn an Coimisiún go ndéanfaí, faoi choinníollacha áirithe, cabhair le haghaidh costais a thabhaíonn tairbhithe atá páirteach i dtionscadail Interreg NEXT a mheas mar bheart atá ‘comhoiriúnach leis an margadh inmheánach’ agus go mbeidís díolmhaithe ón gceanglas fógra i dtaobh státchabhair a thabhairt47. Éascóidh sé sin dearadh agus cur chun feidhme na dtionscadal.

(a) Cláir CBC ENI a ailíniú le cláir Interreg

76 Is é an t-athrú is suntasaí ná go ndéanann rialachán Interreg48 gach clár Interreg atá á maoiniú ag an Aontas – iad sin laistigh den Aontas Eorpach agus iad sin le tíortha lasmuigh den Aontas – a thabhairt le chéile faoi shraith aonair rialacha, agus fós go gcaomhnaítear gnéithe sonracha áirithe de chláir Interreg NEXT. Go sonrach, leanfaidh na cláir sin atá á gcómhaoiniú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta de bheith ag tairbhiú de rátaí réamh-mhaoinithe agus cómhaoinithe níos airde, atá comhchosúil leo sin atá ann faoi CBC ENI. Tríd an ailíniú le rialacha Interreg, tá an fhéidearthacht ann nósanna imeachta a shimpliú agus sineirgí a fheabhsú idir cláir inmheánacha agus seachtracha CBC. Chomh maith leis sin, beidh sonraí faoi na tionscadail á bhfáil níos minice ag an gCoimisiún: beidh ar na MAnna tuairisciú ceithre huaire sa bhliain ar chur chun feidhme airgeadais agus beidh orthu tuairisciú faoi dhó sa bhliain ar na táscairí aschuir agus toraidh a bheidh bainte amach49.

(b) Deireadh a bheith curtha leis an nós imeachta ainmniúcháin do na húdaráis bhainistithe

77 Cuireann rialachán Interreg deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin do na húdaráis bhainistithe, nár tugadh i gcrích do chláir 2014-2020 go dtí 2018 nó 2019 (féach freisin mír 33). Tabharfaidh sé sin aghaidh ar cheann de na cúiseanna a bhí leis an moill ar thús a chur le cur chun feidhme na gclár reatha. I rith an nós imeachta ainmniúcháin do chlár MED do thréimhse 2014-2020, áfach, d’aimsigh an Coimisiún ‘laigí suntasacha’ i gcóras bainistithe agus rialaithe an chláir. Trí dheireadh a chur leis an nós imeachta seo, tá an baol ann nach mbeidh laigí suntasacha den sórt sin á sainaithint amach anseo.

(c) An spriocdháta do shíniú na gcomhaontuithe maoinithe

78 Don chéad thréimhse mhaoinithe eile, tá spriocdháta leagtha síos sa rialachán don uair a bheidh an comhaontú maoinithe sínithe ag tír amháin lasmuigh den Aontas ar a laghad, rud atá cosúil leis an bhforáil ghaolmhar atá i rialachán cur chun feidhme CBC ENI. Sa bhreis air sin, tá spriocdháta nua leagtha síos sa rialachán don uair a bheidh ar na tíortha rannpháirteacha eile go léir an comhaontú a shíniú50. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs chláir nua na n-imchuach farraige (thart ar an Meánmhuir agus an Muir Dhubh), rachaidh sé chun leasa na dtíortha comhpháirtíochta go léir na comhaontuithe maoinithe a shíniú in am ionas go mbeidh siad incháilithe.

(d) Freagracht as gnóthachain ó thairbhithe príobháideacha ag tíortha rannpháirteacha;

79 Le linn na gcaibidlíochtaí ar na comhaontuithe maoinithe do chláir 2014-2020, ba chnámh spairne a bhí sna forálacha a bhain le gnóthachain ó thairbhithe a bhí bunaithe i dtíortha lasmuigh den Aontas (féach freisin mír 48). Le haghaidh 2021-2027, ní dhéanann rialachán Interreg dealú ar bith idir tairbhithe a bheith ina n-eintitis phríobháideacha nó ina n-eintitis phoiblí51, rud a chiallaíonn go mbeidh an fhreagracht ar thíortha lasmuigh den Aontas freisin sa chás nach n-éiríonn le gnóthachain a fháil ó thairbhithe príobháideacha. Neartaíonn an fhoráil sin tuilleadh an chosaint a thugtar do leasanna airgeadais an Aontais ó thaobh suimeanna nach féidir a ghnóthachan. Ag an am céanna, áfach, feictear do na tíortha comhpháirtíochta gur ‘athrú an-dúshlánach’ é sin52. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh na pléití maidir le gnóthachain fad a bhaint as an gcaibidlíocht ar chomhaontuithe maoinithe nua, nó go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha (amhail tairbhithe príobháideacha a eisiamh as cláir áirithe faoi Interreg NEXT) leanúint astu.

(e) Nós imeachta simplithe do mhórthionscadail bhonneagair

80 In 2014-2020, b’éigean mórthionscadail bhonneagair (LIPanna) a chur san áireamh sna dréacht-JOPanna agus bhí siad le formheas ag an gCoimisiún i bpróiseas a raibh dhá chéim ann. Ní bheidh an scéal sin amhlaidh do chláir faoi Interreg NEXT. Ina ionad sin, caithfear liosta de na LIPanna beartaithe agus nótaí coincheapa gearra a sheoladh chuig an gCoimisiún ag céim níos déanaí sa phróiseas, agus é sin mar eolas amháin53. Tá deireadh curtha freisin leis an teorainn ar mhaoiniú do LIPanna (do thréimhse 2014-2020, ní fhéadfaidís a bheith níos mó ná 30 % den ranníocaíocht a rinne an tAontas le clár). Laghdóidh sé sin an maoirsiú a dhéanann an Coimisiún ar LIPanna, cé go bhféadfadh tábhacht straitéiseach maidir leis an gcaidreamh le tíortha comhpháirtíochta a bheith leis na tionscadail sin. Mar shampla, faoi chlár 2014-2020, i ndiaidh comhairliúchán idirsheirbhíse, d’eisigh an Coimisiún tuairim dhiúltach maidir le dhá thogra LIP mar gheall ar ‘shaincheisteanna gan réiteach’ a bhain leis an Rúis i réimse an iompair. I ndiaidh pléití leis na húdaráis san Fhionlainn, rinne an Coimisiún moladh eile; ach níor tháinig ann do na tionscadail faoi dheireadh.

(f) Táscairí coiteanna aschuir agus toraidh

81 Do thréimhse mhaoinithe 2021-2027, mhol an Coimisiún feabhsúcháin thábhachtacha a bhain leis na táscairí feidhmíochta (féach freisin míreanna 60-62). Tagraíonn Airteagal 34 de rialachán Interreg do tháscairí coiteanna aschuir agus toraidh, faoi mar atá sainmhínithe i Rialachán ERDF54. I Rialachán ERDF, tá sraith chuimsitheach de 96 tháscaire choiteanna aschuir (a bhfuil 13 díobh ceaptha go sonrach do chláir Interreg) agus 65 tháscaire choiteanna toraidh (le seacht dtáscaire toraidh le haghaidh Interreg). D’ullmhaigh an Coimisiún treoraíocht mhionsonraithe do na cláir sin chun cur i bhfeidhm ceart na dtáscairí coiteanna a áirithiú55. Ní chuireann Airteagal 34, áfach, d’oibleagáid ar na cláir gan ach na táscairí coiteanna a úsáid agus ligeann sé dóibh táscairí atá sonrach don chlár a fhorbairt sa bhreis ar na táscairí atá sainmhínithe i Rialachán ERDF. Dá bhrí sin, níl aon ráthaíocht ann go mbeidh an Coimisiún, amach anseo, in ann na torthaí go léir atá bainte amach ag cláir Interreg NEXT a chomhiomlánú go héasca.

Gníomhaíochtaí chun bunú tráthúil chláir Interreg NEXT a éascú

82 Chuir an Coimisiún tús le pléití ar an tréimhse mhaoinithe nua chomh luath le Bealtaine-Meitheamh 2018, nuair a thíolaic sé sraith tograí reachtacha lena rialaítear na hionstraimí cistithe a bheidh ann amach anseo. Rinne an Coimisiún agus SEGS treoirlínte (páipéar comhpháirteach) ar chlársceideal chláir Interreg NEXT a chur i láthair na mBallstát chomh luath le hEanáir 202056. Thóg sé go dtí mí na Nollag 2020, áfach, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an creat airgeadais foriomlán a chomhaontú, agus thóg sé go dtí Meitheamh 2021 orthu rialachán críochnaitheach Interreg a ghlacadh.

83 In Eanáir 2022, chinn an Coimisiún na leithdháiltí airgeadais agus na limistéir gheografacha do chláir aonair faoi Interreg NEXT57. Bhí an leithdháileadh foriomlán méadaithe ó €1 053 mhilliún58 do thréimhse 2014-2020 go dtí €1 125 mhilliún do thréimhse 2021-2027 (méadú de 6.9 %). Tháinig dhá thír nua – an Ailgéir agus an Tuirc – isteach sa JPC chun clár nua MED a ullmhú. In Eanáir 2022, áfach, chinn an Pholainn gan leanúint ar aghaidh le formáid PL-BY-UA, ach ina ionad sin clár nua a ullmhú leis an Úcráin aisti féin, ach an fhéidearthacht a bheith i gcónaí ann go dtiocfadh an Bhealarúis isteach sa chlár dá mba rud é go dtiocfadh athrú as cuimse ar an staid sa todhchaí59. I Lúnasa 2022, ghlac an Coimisiún an doiciméad don straitéis ilbhliantúil le haghaidh Interreg NEXT60. Amhail i nDeireadh Fómhair 2022 – ag deireadh an dara bliain den tréimhse nua maoinithe – bhí seacht gclár faoi Interreg NEXT curtha isteach go hoifigiúil chuig an gCoimisiún.

84 Fiú má shábhálann na cláir nua am trí dheireadh a chur leis an nós imeachta ainmniúcháin do na húdaráis bhainistithe (féach mír 77), beidh an tráth a chuirfear tús lena gcur chun feidhme ag brath freisin ar shíniú agus teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe maoinithe nua; agus i dtíortha áirithe beidh siad sin le daingniú. Bhí caibidlíocht agus daingniú na gcomhaontuithe maoinithe ina gcúis mhór le moilleanna do chláir reatha SEFR agus MED (féach mír 33). Don chéad tréimhse eile, tá spriocdháta leagtha síos ag Rialachán Interreg don tráth a bheidh na comhaontuithe maoinithe le síniú (féach mír 78). Is é is dóchúla, áfach, nach laghdóidh an spriocdháta nua na moilleanna i ndaingniú na gclár, rud atá ag brath ar an reachtaíocht náisiúnta sna tíortha comhpháirtíochta.

Tugann dúshláin pholaitiúla agus ionradh na Rúise ar an Úcráin chun suntais cé chomh tábhachtach atá na cláir, ach léiríonn sé freisin a theoranta atá siad ó thaobh feabhas a chur ar chomhar idir tíortha rannpháirteacha

85 Chomh maith le tairbhí a sholáthar ar an leibhéal réigiúnach, tá cuspóir tábhachtach eile ag cláir trasteorann le tíortha comharsanacha, dar leis an gCoimisiún agus le SEGS: iontaoibh idir tíortha an Aontais agus tíortha lasmuigh den Aontas a fhorbairt agus a chothabháil, agus feabhas a chur ar theagmháil ‘daoine le daoine’.

86 Go dtí Feabhra 2022, bhí comhar trasteorann ar cheann den fhíorbheagán réimsí ina raibh comhar leis an Rúis fós á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach (féach mír 03). In ainneoin teannas sa chaidreamh idir an tAontas agus an Rúis a bhí ag cur isteach ar na cláir ó am go chéile (féach mír 80), is fóram a bhí sa JMC agus sa JPC le haghaidh idirphlé leanúnach idir aireachtaí agus údaráis réigiúnacha san Fhionlainn agus sa Rúis, ina raibh ionadaí ón gCoimisiún páirteach go minic mar bhreathnóir. Is ar an 21 Feabhra 2022 a bhí an cruinniú JPC is déanaí ann.

87 Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 deireadh leis an gcomhar sin, áfach. D’fhreagair an Coimisiún go mear:

  • Mar chuid de fhreagairt níos leithne, i dtús Mhárta 2022, chinn an Coimisiún comhaontuithe airgeadais 2014-2020 agus an próiseas clársceidealaithe do chláir 2021-2027 leis an Rúis agus leis an mBealarúis (a thacaigh leis an bhfoghadh míleata) a fhionraí61;
  • An 8 Márta 2022, thíolaic an Coimisiún togra reachtach le haghaidh tionscnamh dar teideal ‘Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip’ (CARE) a cheadóidh cistiú comhtháthaithe an Aontais a athdháileadh chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin62;
  • I mí Iúil 2022, thíolaic an Coimisiún togra reachtach chun rialacha cur chun feidhme CBC ENI a oiriúnú, chun cistiú CBC ENI a chur i dtreo na tacaíochta do dhídeanaithe ón Úcráin agus chun cuidiú le tairbhithe AE de na cláir a raibh a gcomhaontuithe maoinithe curtha ar fionraí63.

88 Tharraing an t-ionradh amhras an-mhór ar 9 gcinn de na 17 gclár nua-mholta faoi Interreg NEXT a mbeadh an Rúis agus an Bhealarúis páirteach iontu (féach mír 83). Tá thart ar €304 milliún i gceist leis na naoi gclár sin le chéile, nó beagnach 30 % den leithdháileadh iomlán atá beartaithe.

89 Sa deisceart, leanann clár MED de bheith ag éascú an chomhair idir tíortha comhpháirtíochta i réigiún na Meánmhara. D’fhóin a JMC mar fhóram a thugann le chéile aireachtaí agus údaráis náisiúnta ó na seacht mBallstát rannpháirteacha den Aontas, Iosrael agus na cúig thír rannpháirteacha Arabacha64, agus ionadaí ón gCoimisiún i láthair mar bhreathnóir. Tá lear mór rannpháirtithe tionscadail ann ó gach aon tír chomhpháirtíochta i réigiún na Meánmhara, mar shampla 42 ón bPalaistín agus 11 as Iosrael. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire, áfach, nach bhfuil comhpháirtithe tionscadail ón dá thír sin páirteach ach i dtrí thionscadal chomhpháirteacha as na 80 dtionscadal atá maoinithe faoin gclár seo65, fiú más féidir a rá gur scéal rathúil ann féin é tionscadail chomhpháirteacha den sórt sin a bheith ann fiú. De réir an MA, is scéal den chineál céanna atá ann do thionscadail chomhpháirteacha idir rannpháirtithe as Iosrael agus as an Iordáin, agus sin mar gheall ar bhrú sóisialta ón dá thaobh aon chomhar den sórt sin a sheachaint. Do na tionscadail sin, ní fhoilsítear cé hiad na comhpháirtithe – rud atá i gcomhréir leis na conarthaí deontais atá acu.

Conclúidí agus moltaí

90 Tagaimid ar an gconclúid gur thug cláir thrasteorann AE-chistithe le tíortha comharsanacha 2014-2020 (CBC ENI) tacaíocht ábhartha agus luachmhar do na réigiúin ar an dá thaobh de theorainneacha seachtracha an Aontais. D’fhulaing na cláir, áfach, ó mhoilleanna suntasacha ar thosú a gcur chun feidhme agus bhí na cláir fós ar siúil le linn ár n-iniúchta. Dá bhrí sin, bhí sé róluath measúnú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht fhoriomlán a bhí acu. Sa bhreis air sin, tá laigí sna cláir ó thaobh an fhaireacháin agus an tuairiscithe a dhéantar ar thorthaí. Thairis sin, beidh tionchar ollmhór ag na dúshláin pholaitiúla reatha ar leath na gclár atá beartaithe do thréimhse 2021-2027 (ar a dtugtar ‘Interreg NEXT’).

91 Sna trí chlár a ndearnamar measúnú go mion orthu, sainaithníodh tosaíochtaí agus cuspóirí téamacha roghnaithe a bhí ailínithe le riachtanais na réigiún cois teorann. Forbraíodh iad i modh rannpháirteach a raibh comhairliúcháin le raon leathan geallsealbhóirí i gceist leo, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta. D’aithin na cláir go raibh gá le dea-chomhordú agus comhleanúnachas le beartais, cláir, straitéisí macrairéigiúnacha agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais. Tá forluí páirteach geografach agus téamach ag gach ceann de na trí chlár le cláir CBC ENI eile. Mar sin féin, bhí an comhordú i rith roghnú na dtionscadal agus chur chun feidhme na gclár sin fós á ndéanamh ar bhealach neamhchórasach (féach míreanna 13-29).

Moladh 1 – Feabhas a chur ar chomhordú idir na cláir

Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. nuair a bheidh na dréachtchláir faoi Interreg NEXT á n-athbhreithniú aige, measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil cláir a bhfuil forluí páirteach geografach acu tar éis a ghealladh go gcinnteoidh siad comhordú, comhlántachtaí agus sineirgí idir na cláir;
  2. ina ról faireacháin, a fhíorú go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach á dhéanamh ar an gcomhordú idir na cláir.

Spriocdháta cur chun feidhme do (a): 31 Nollaig 2022

Spriocdháta cur chun feidhme do (b): 30 Meitheamh 2023

92 Chuathas i gcomhairle leis na Toscaireachtaí AE ábhartha faoina mhéid a bhí tionscadail roghnaithe ag comhlánú cistiú ó fhoinsí eile (cistí ón Aontas agus cistí nár tháinig ón Aontas). Ós rud é go rannchuidíonn cláir CBC ENI le beartas seachtrach an Aontais, áfach, tá páirtíocht níos dlúithe ag Toscaireachtaí AE sa phróiseas roghnúcháin (mar shampla, mar bhreathnóirí i gcáil chomhairleach) agus i bhfaireachán ar na tionscadail bunriachtanach chun forás a chur ar na tairbhí polaitiúla atá ag comhar rathúil trasteorann (féach míreanna 30-32).

Moladh 2 – Feabhas a chur ar rannpháirtíocht Thoscaireachtaí an Aontais

Ina cháil chomhairleach, ba cheart don Choimisiún SEGS agus na Toscaireachtaí AE ábhartha a thabhairt isteach, mar bhreathnóirí, in obair chomhchoistí an chláir agus na gcomhchoistí faireacháin.

Spriocdháta cur chun feidhme: 31 Márta 2023

93 Bhí moill shuntasach ar sheoladh chláir 2014-2020, agus tharla sé sin go príomha mar gheall ar an ‘nós imeachta ainmniúcháin’ agus mar gheall ar chaibidliú na gcomhaontuithe airgeadais le tíortha comhpháirtíochta. In ainneoin go raibh ‘gníomhaíochtaí ullmhúcháin’ déanta ag na húdaráis bhainistithe, ní fhéadfadh cur chun feidhme na dtionscadal tosú go dtí an cúigiú nó an séú bliain den tréimhse mhaoinithe (féach míreanna 33-36).

94 Bhí na glaonna ar thograí do thionscadail dírithe ar a áirithiú go raibh tuairisc fhónta ar ábharthacht an tionscadail, ar an tionchar trasteorann agus ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach ag gabháil leis na hiarratais a roghnaíodh. Taobh amuigh de shamplaí d’athscóráil a tharla ó am go chéile faoin gclár maidir leis an bhFionlainn Thoir-Theas–an Rúis, a rinneadh gan réasúnú leormhaith i scríbhinn, bhí na próisis roghnúcháin do na trí chlár trédhearcach. D’éirigh leis na cláir dáileadh cothrom a bhaint amach ó thaobh na rannpháirtithe sna cláir ó thíortha an Aontais agus ó thíortha lasmuigh den Aontas. Mar sin féin, lean na tairbhithe ceannais ó thíortha an Aontais de bhuntáiste níos fearr a bheith acu ar na tairbhithe ó thíortha comhpháirtíochta (féach míreanna 37-43).

95 Bhí na comhlachtaí cláir a raibh cruinniú againn leo sásta leis an treoraíocht a fuair siad ón gCoimisiún agus leis an tionscadal tacaíochta teicniúla ar a dtugtar TESIM, lena n-áirítear maidir le bealaí chun an riosca calaoise a mhaolú. Bhí uirlis TF an Choimisiúin chun calaois fhéideartha a thuairisciú (an Córas Bainistithe Neamhrialtachtaí) teoranta ó thaobh úsáide do chláir CBC ENI, áfach, mar gheall nach raibh rochtain ag tíortha rannpháirteacha lasmuigh den Aontas uirthi. Mheas na húdaráis bhainistithe go raibh rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe de chuid na gcomhchoistí faireacháin cuiditheach. Thug gach tairbhí tionscadail a chuireamar faoi agallamh aiseolas dearfach ar a n-idirghníomhaíocht leis na comhlachtaí cláir (féach míreanna 44-49).

Moladh 3 – Uirlis TF le haghaidh tuairisciú calaoise a oiriúnú

Ba cheart don Choimisiún ligean do chomhlachtaí frithchalaoise i dtíortha lasmuigh den Aontas (atá sainaitheanta sna comhaontuithe maoinithe) aon neamhrialtacht fhéideartha a thuairisciú go díreach tríd an gCóras Bainistithe Neamhrialtachtaí.

Spriocdháta cur chun feidhme: 31 Nollaig 2023

96 Bhí formhór na dtionscadal a ndearnamar iniúchóireacht orthu i staid mhaith chun na haschuir agus forthorthaí a bhí beartaithe acu a bhaint amach; d’fhág paindéim COVID-19, áfach, go raibh ar thionscadail roinnt athchoigeartuithe a dhéanamh. Léirigh na húdaráis bhainistithe go raibh siad solúbtha ó thaobh dul i ngleic le moilleanna agus le deacrachtaí cur chun feidhme eile a bhí ann mar gheall ar an bpaindéim. Cé go raibh féidearthacht láidir ag formhór na dtionscadal tairbhí trasteorann a thabhairt i gcrích, bhí cúig cinn ann a raibh a dtionchar trasteorann níos laige, i roinnt cásanna mar gheall (go páirteach) ar shrianta taistil COVID-19. Tá tionscadal amháin ann – bóthar réigiúnach – nach bhfuil aon ghné thrasteorann ag roinnt leis ar chor ar bith go dtí seo (féach míreanna 50-59).

97 Is táscairí aschuir a bhí sonrach do chláir is mó a bhí sainithe sna trí chlár, agus níor úsáideadh ach fíor-chorrtháscaire coiteann aschuir chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Ciallaíonn sé sin go mbeidh deacrachtaí ag an gCoimisiún comhiomlánú a dhéanamh ar thorthaí chláir CBC ENI ar an leibhéal foriomlán beartais. Thugamar laigí den chineál céanna faoi deara i gcás na dtáscairí a bhí sainithe ar leibhéal an tionscadail (féach míreanna 60-63).

98 Rinne na húdaráis bhainistithe faireachán leormhaith ar gach ceann de na tionscadail inár sampla, seachas ceann amháin. Is uirlis thábhachtach le haghaidh measúnú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtionscadal ó thaobh ábharthachta, éifeachtúlachta, éifeachtachta agus inbhuanaitheachta atá i bhfaireachán atá dírithe ar thorthaí. Bhí difríochtaí, áfach, sa chur chuige a d’úsáid na húdaráis bhainistithe chun faireachán den sórt sin a dhéanamh ar na tionscadail. Thairis sin, ní bheidh faireachán dírithe ar thorthaí éigeantach a thuilleadh le haghaidh cláir 2021-2027 (féach míreanna 64-68).

99 Bhí ár measúnú ar inbhuanaitheacht dírithe isteach ar ionchas na dtionscadal torthaí inbhuanaitheacha a thabhairt i gcrích agus tharla sé sin sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin. Ba léir ónár measúnú go raibh seans maith ag formhór na dtionscadal sa sampla tairbhí inbhuanaitheacha a thabhairt i gcrích. I gcás trí cinn de na tionscadail, bhí an inbhuanaitheacht ag brath ar thosca seachtracha, amhail an éabhlóid a thiocfadh ar phaindéim COVID-19 agus, i gcás eile, ní raibh aon ionchas ann go dtiocfadh ann do chomhar leanúnach idir na comhpháirtithe sa tionscadal. Mar sin féin, níl aon cheangal ar chláir tuairisciú ar inbhuanaitheacht a dtorthaí tar éis dhúnadh na dtionscadal (féach míreanna 69-71).

Moladh 4 – Treoraíocht a thabhairt maidir le faireachán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht tar éis tionscadal a bheith dúnta

Ba cheart don Choimisiún treoraíocht, i bhfoirm comhairle agus tacaíochta, a thabhairt maidir le faireachán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na dtionscadal (arna maoiniú ag cláir CBC ENI agus Interreg NEXT), á mholadh go ndéanfadh tionscadail atá os cionn luach áirithe agus/nó ag a bhfuil comhchuid bhonneagair tuairisciú chuig na húdaráis bhainistithe ar inbhuanaitheacht a gcuid torthaí tar éis dhúnadh na dtionscadal.

Spriocdháta cur chun feidhme: 31 Nollaig 2023

100 Déanann rialachán nua Interreg gach clár Interreg trasteorann (iad sin laistigh den Aontas Eorpach agus iad sin a bhfuil tíortha lasmuigh den Aontas páirteach iontu) a thabhairt le chéile faoi shraith aonair rialacha, agus fós caomhnaítear gnéithe sonracha áirithe de chláir Interreg NEXT. Tá an rialachán ag tógáil ar cheachtanna a foghlaimíodh ó shraitheanna roimhe sin de chláir, agus tugann sé isteach athruithe a shimplíonn bainistiú na gclár nua agus a bhfuil an fhéidearthacht acu tús a gcur chun feidhme a éascú. Tá rioscaí breise ag gabháil leis na hathruithe sin, áfach, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúthfhaireachán ar siúl ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (féach míreanna 73-79).

101 Go sonrach, le haghaidh 2021-2027, ní bheidh aon teorainn ar mhórthionscadail bhonneagair a mhaoiniú mar chion de rannchuidiú an Aontais i leith buiséad iomlán cláir. Ní bheidh tionscadail den sórt sin ag brath a thuilleadh ar fhormheas ón gCoimisiún. Laghdóidh sé sin an maoirsiú a dhéanann an Coimisiún ar mhórthionscadail bhonneagair, cé go bhféadfadh tábhacht straitéiseach maidir leis an gcaidreamh le tíortha comhpháirtíochta a bheith leis na tionscadail sin (féach mír 80).

Moladh 5 – Dul i gcomhchomhairle leis na seirbhísí ábhartha go léir i dtaobh mórthionscadail bhonneagair

I bhfianaise a thábhachtaí atá mórthionscadail bhonneagair sa chaidreamh déthaobhach le tíortha comhpháirtíochta, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtéann Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) i gcomhchomhairle leis na hardstiúrthóireachtaí ábhartha, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus le Toscaireachtaí AE maidir leis an liosta de thionscadail atá beartaithe agus maidir leis na nótaí coincheapa gaolmhara.

Spriocdháta cur chun feidhme: 31 Nollaig 2022

102 Le haghaidh tréimhse mhaoinithe 2021-2027, d’fhorbair an Coimisiún sraith chuimsitheach de tháscairí coiteanna aschuir agus toraidh, lena n-áirítear táscairí a bhí beartaithe go sonrach le haghaidh cláir Interreg. Ní ráthaíocht ar bith iad na táscairí coiteanna, áfach, go mbeidh an comhiomlánú éasca le déanamh, mar gur féidir le cláir éagsúla táscairí breise atá sonrach don chlár a fhorbairt (féach mír 81).

Moladh 6 – Feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as táscairí coiteanna

Ina athbhreithniú ar an dréacht de chláir Interreg NEXT, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cé chomh comhleanúnach atá na táscairí, agus an úsáid is forleithne is féidir as na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh a chur chun cinn.

Spriocdháta cur chun feidhme: Láithreach

103 In 2018, bhí tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí le pléití faoi thréimhse mhaoinithe 2021-2027. Mar gheall ar an moill a bhain leis an gcreat dlíthiúil a ghlacadh, áfach, ní raibh ach seacht ndréacht de chlár Interreg NEXT curtha faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas i gcaitheamh 2022. Beidh tús chur chun feidhme na gclár nua ag brath freisin ar cén t-achar a thógfaidh sé na comhaontuithe nua maoinithe a chaibidliú agus, i gcásanna áirithe, beidh sé ag brath ar a ndaingniú (féach míreanna 82-84).

104 Chomh maith le tairbhí a sholáthar ar an leibhéal réigiúnach, rannchuidigh cláir thrasteorann le muinín a fhorbairt agus a chothabháil idir an tAontas Eorpach agus tíortha comharsanacha, agus i measc tíortha comharsanacha iad féin. Go dtí le déanaí, bhí cláir thrasteorann fós ar cheann de na fíor-chorr-réimse comhair agus idirphlé leanúnaigh a bhí idir an tAontas Eorpach agus an Rúis. Mar chuid de fhreagairt níos leithne i leith ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’fhionraigh an Coimisiún na comhaontuithe maoinithe le haghaidh cláir thrasteorann leis an Rúis agus leis an mBealarúis. I mí Iúil 2022, thíolaic an Coimisiún togra reachtach a dhíreodh cistiú CBC ENI i dtreo tograí atá ag tacú le teifigh ón Úcráin agus a chabhródh le tairbhithe AE a bhfuil a gcuid clár curtha ar fionraí. Tá amhras mór tarraingthe ag an ionradh, áfach, ar a bhfuil i ndán do leath na gclár atá molta faoi Interreg NEXT (féach míreanna 85-88).

105 Sa deisceart, leanann an coiste faireacháin don Chlár maidir le hImchuach na Meánmhara d’fhóram le haghaidh idirphlé agus comhair a thairiscint idir seacht mBallstát rannpháirteacha an Aontais, Iosrael agus na cúig thír rannpháirteacha Arabacha. Mar sin féin, tá an líon tionscadal comhpháirteach idir na rannpháirtithe Iosraelacha agus Arabacha fós íseal, fiú nuair is féidir a rá gur scéal rathúil ann féin é na tionscadail chomhpháirteacha sin a bheith ann ar chor ar bith (féach mír 89).

 

Ghlac Seomra III, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag cruinniú a bhí aige an 8 Samhain 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Léarscáil de chláir CBC ENI

Nóta: Tá léarscáil idirghníomhach ar fáil ar shuíomh gréasáin TESIMN.

Foinse: An Coimisiún Eorpach, © EuroGeographics – An comhlachas do na teorainneacha riaracháin.

Iarscríbhinn II – Clúdach geografach straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais agus na dtionscnamh réigiúnach le tíortha comharsanacha

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis bhallraíochta atá foilsithe ag na straitéisí agus ag na tionscnaimh.

Iarscríbhinn III – Tionscadail a roghnaíodh le haghaidh scrúdú mion a dhéanamh orthu

Ainm an tionscadail Cuspóir téamach Tréimhse cur chun feidhme Ranníocaíocht AE (euro) Clúdach geografach
Clár CBC ENI: An Fhionlainn Thoir-Theas–an Rúis
StartUp Connect – Tionscadal a thacóidh le fiontraíocht nuathionscanta agus le comhar FBManna, agus a bheidh mar phobal de cheannairí gnó atá gníomhach agus spreagtha ag a bhfuil uaillmhianta agus cumais ó thaobh rath domhanda a bheith ar a ngó.
  1. Forbairt gnó agus FBManna
    1.11.2018- 30.4.2021 387 588 An Fhionlainn, an Rúis
    Multipass Port – Mórthionscadal bonneagair é an tionscadal seo a chuirfidh feabhas ar phointí trasnaithe teorann na gcalafort mara le hacmhainneacht tréchuir mhéadaithe a bheidh ag fónamh do shreabha lastais agus paisinéirí, agus a fhorbróidh comhar gnó atá láidir, rialta agus gairmiúil idir an Calafort Mara Paisinéirí i gCathair Pheadair sa Rúis agus Calafort Hamina Kotka san Fhionlainn.
    1. Bainistiú teorainneacha, slándáil teorainneacha agus soghluaisteacht a chur chun cinn
      1.3.2019- 31.8.2021 960 000 An Fhionlainn, an Rúis
      Rothaíocht – Tionscadal a rannchuideoidh le cur chuige nua a ghlacadh chun rothaíocht agus bealaí rothaíochta a fhorbairt idir an Rúis agus an Fhionlainn trí fheabhas a chur ar an mbonneagar, ar shábháilteacht, ar shoghluaisteacht agus ar an gcomhshaol, agus trí thacú le forbairt shóisialta agus le cuir chuige inbhuanaithe.
      1. Bainistiú teorainneacha, slándáil teorainneacha agus soghluaisteacht a chur chun cinn
        1.11.2018- 31.10.2021 949 944 An Fhionlainn, an Rúis
        OneDrop – Is iad na cuspóirí atá ag an tionscadal seo ná staidéar, dearadh agus forbairt a dhéanamh ar ghaireas soghluaiste d’íonghlanadh uisce a úsáideann modheolaíocht atá bunaithe ar phlandaí chun réiteach éiceolaíoch atá sábháilte agus eacnamaíoch a fháil do chóireáil uisce.
        1. Cosaint an chomhshaoil, agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
          1.4.2019- 31.5.2022 568 388 An Fhionlainn, an Rúis
          Safecon – Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo feabhas a chur ar an tsábháilteacht ag an obair sa tionscal foirgníochta i limistéar trasteorann, chun táirgiúlacht an tionscail a mhéadú chomh maith le costais shóisialta agus díobháil do dhaoine a laghdú.
          1. Tacaíocht don oideachas, taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht
            1.11.2018- 31.10.2021 431 375 An Fhionlainn, an Rúis
            Clár CBC ENI: An Pholainn–An Bhealarúis–An Úcráin
            MichaelAndYouth – Ionaid oideachais don óige, lena n-áirítear cóiríocht, seomra comhdhála agus amharclann, a thógáil sa Pholainn agus san Úcráin chun spás le haghaidh ceardlanna cultúir agus ealaíona a sholáthar.
            1. Cur chun cinn an chultúir áitiúil agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla
              1.10.2018- 28.2.2022 2 360 080 An Pholainn, an Úcráin
              VirTour – Bealach turasóireachta fíorúil a fhorbairt, trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin agus aip mhóibíleach, atá bunaithe ar thaighde staire faoi shaol theaghlach an Phrionsa Sanguszko.
              1. Cur chun cinn an chultúir áitiúil agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla
                1.11.2019- 30.9.2020 40 271 An Pholainn, an Úcráin
                LIP885 – Beagnach 7 km de bhóthar réigiúnach Uimh. 885 a athchóiriú; tá an chuid sin den bhóthar idir Przemyśl, Hermanowice agus teorainn an Stáit.
                1. Feabhas ar inrochtaineacht chuig na réigiúin, forbairt ar ghréasáin agus córais iompair agus cumarsáide atá inbhuanaithe agus a sheasfaidh athruithe san aeráid.
                  8.10.2018- 8.10.2021 6 750 000 An Pholainn, an Úcráin
                  Riosca na hEitinne a Laghdú – Cásanna den eitinn i limistéir theorann na hÚcráine agus na Polainne a laghdú trí ospidéal eitinne ina mbeidh 100 leaba a thógáil in Oblast Zakarpattya, agus feabhas a chur ar an trealamh leighis in Ospidéal Frederic Chopin in Rzeszow.
                  1. Dúshláin choiteanna i réimse na sábháilteachta agus slándála
                    1.1.2019- 31.12.2021 5 760 000 An Pholainn, an Úcráin
                    BCPMonitoring – Córas malartaithe faisnéise a chruthú idir gníomhaireachtaí teorann na hÚcráine agus na Polainne, dróin agus trealamh eile a chur ar fáil do ghardaí teorann na hÚcráine, agus córas nua faireachais a chur i bhfeidhm ar thaobh na Polainne.
                    1. Bainistiú teorainneacha, slándáil teorainneacha agus soghluaisteacht a chur chun cinn
                      21.8.2018- 21.8.2021 2 203 607 An Pholainn, an Úcráin
                      Clár CBC ENI: Imchuach na Meánmhara
                      Medusa – Déanfaidh an tionscadal seo turasóireacht eachtraíochta a chur chun cinn agus a fhorbairt i dtíortha na Meánmhara
                      1. Forbairt gnó agus FBManna
                        1.9.2019- 31.8.2022 2 985 583 An Spáinn, an Iordáin, an Liobáin, an Iodáil, an Túinéis
                        BestMedGrape – Leis an tionscadal seo cuirtear aistriú teicneolaíoch chun cinn, méadaítear deiseanna gnó agus roinntear eolas i limistéar na Meánmhara faoi bhealaí le dramhaíl ó fhíonchaora a shaothrú.
                        1. Tacaíocht don oideachas, taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht
                          1.9.2019- 31.8.2022 2 658 892 An Iodáil, an Fhrainc, an Túinéis, an Liobáin, an Iordáin
                          Medtown – Tionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis go ndéanfar an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a threisiú, mar aon le ról na saoránach agus na n-údarás áitiúil; beartais shóisialta a chur i dtoll a chéile chun bochtaineacht, neamhionannas agus eisiamh sóisialta a chomhrac.
                          1. Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus comhrac in aghaidh na bochtaineachta
                            5.9.2019- 4.9.2022 2 979 779 An Spáinn, an Phortaingéil, an Ghréig, an Iordáin, an Phalaistín, an Túinéis
                            Berlin – Leis an tionscadal seo déanfar bearta trasteorann a chur chun feidhme, tacófar le hathshlánú fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí ar shlí atá nuálach agus costéifeachtach agus bunaithe ar choincheap na nanai-eangaí.
                            1. Cosaint an chomhshaoil, agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
                              2.9.2019- 1.9.2022 2 581 441 An Chipir, an Ghréig, Iosrael, an Iodáil
                              Aquacycle – Leis an tionscadal seo, tabharfar tacaíocht T&F do bhainistiú inbhuanaithe agus neamhthraidisiúnta ar acmhainní uisce trí theicneolaíocht éiceanuálach ar chostas íseal agus trí rialachas rannpháirteach.
                              1. Cosaint an chomhshaoil, agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
                                1.9.2019- 31.8.2022 2 554 812 An Ghréig, an Spáinn, Málta, an Liobáin, an Túinéis
                                Iomlán do na tionscadail roghnaithe     34 171 760  

                                Iarscríbhinn IV – Forléargas ar ár measúnú ar na tionscadail CBC ENI faoi iniúchóireacht

                                Nóta: Inár measúnú ar inbhuanaitheacht, dhíríomar isteach ar ionchas na dtionscadal torthaí inbhuanaithe a thabhairt i gcrích. Sin mar gheall go raibh tionscadail áirithe fós idir lámha nuair a rinneamar ár gcuairteanna.

                                Foinse: CIE.

                                Séanadh: San Iarscríbhinn seo, tugtar achoimre ar ár measúnú ar na 15 thionscadal CBC ENI amhail an 31 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, ní léirítear na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar thionscadail SEFR agus PL-BY-UA, ó thaobh aschuir a bhaint amach, agus ar inbhuanaitheacht na dtorthaí.

                                Acrainmneacha agus giorrúcháin

                                AS REGIO: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh

                                AS NEAR An Ardstiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú

                                CBC: Comhar trasteorann

                                CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

                                COI: Táscaire coiteann aschuir

                                ENI: An Ionstraim Eorpach Chomharsanachta

                                ENPI: An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht

                                Interreg NEXT: Cláir thrasteorann le tíortha comhpháirtíochta comharsanacha atá le cur chun feidhme i rith thréimhse mhaoinithe 2021-2027.

                                Interreg: Acrainm a úsáidtear chun trácht go ginearálta ar chláir maidir le comhar idir-réigiúnach san Aontas Eorpach.

                                JMC: Comhchoiste faireacháin

                                JOP: Clár chomhpháirteach oibríochtúil

                                JPC: Comhchoiste don chlár

                                JTS: Rúnaíocht chomhpháirteach theicniúil

                                LIP: Mórthionscadal bonneagair

                                MA: Údarás bainistíochta

                                MED: An Clár maidir le hImchuach na Meánmhara

                                PL-BY-UA: An Clár dar teideal ‘An Pholainn–An Bhealarúis–An Úcráin’

                                ROM: Faireachán dírithe ar thorthaí

                                SEFR: An Clár maidir leis an bhFionlainn Thoir-Theas–an Rúis

                                SEGS: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

                                TESIM: Tionscadal cúnaimh theicniúil atá á chistiú ag an Aontas Eorpach dar teideal ‘Tacaíocht Theicniúil do Chur Chun Feidhme agus Bainistiú Chláir CBC ENI’

                                UfM: An tAontas don Réigiún Meánmhuirí

                                Gluais

                                Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Ciste AE a dhéanann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas a neartú trí infheistíochtaí a mhaoiniú lena laghdaítear míchothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha idir réigiúin.

                                Clár chomhpháirteach oibríochtúil: Clár ina leagtar amach cad iad na tosaíochtaí atá ag Ballstát/Ballstáit agus ag tríú tír/tíortha, mar aon leis na cuspóirí téamacha; tugtar cuntas ann ar an gcaoi a ndéanfar cistiú (cómhaoiniú ón Aontas agus na Ballstáit agus ó thríú tíortha) a úsáid chun tionscadail a mhaoiniú. Is iad an Ballstát/na Ballstáit agus an tríú tír/na tríú tíortha a ullmhaíonn JOP agus caithfidh sé a bheith formheasta ag an gCoimisiún sular féidir aon íocaíocht a dhéanamh as buiséad an Aontais.

                                Comhar Críochach Eorpach: Creat don chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach atá mar threoir do mhalartú beartais agus do chur chun feidhme gníomhaíochta comhpháirtí; tugtar Interreg de ghnáth air.

                                Comhar trasteorann: Comhar idir Ballstát amháin nó níos mó, ar láimh amháin, agus tír nó críoch amháin nó níos mó atá lasmuigh den Aontas agus a bhfuil teorainn talún nó mara acu leis an Aontas, ar na láimh eile. Is comhar trasnáisiúnta é a chlúdaíonn críocha móra trasnáisiúnta nó a bhaineann le himchuacha farraige.

                                Comhchoiste don chlár: Comhlacht a shainaithníonn na riachtanais agus na tosaíochta do chlár oibríochtúil agus a ullmhaíonn clár oibríochtúil. Bíonn sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis sna Ballstáit, d’ionadaithe ó na húdaráis i dtríú tíortha, agus d’ionadaí ón gCoimisiún i gcáil breathnóra.

                                Comhchoiste faireacháin: Comhlacht a fhormhaoirsíonn an chaoi a ndéantar clár oibríochtúil a chur chun feidhme. Bíonn sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis sna Ballstáit, d’ionadaithe ó na húdaráis i dtríú tíortha, agus d’ionadaí ón gCoimisiún i gcáil breathnóra.

                                Mórthionscadal bonneagair: I gcás CBC ENI, tionscadal atá comhdhéanta de shraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí ina bhfuil sciar den bhuiséad is ionann le €2.5 milliún ar a laghad leithdháilte ar éadáil an bhonneagair. Roghnaítear na tionscadail sin trí dhámhachtain dhíreach.

                                Rúnaíocht chomhpháirteach theicniúil: Oifig a chuidíonn leis an Údarás Bainistíochta agus leis an gcomhchoiste faireacháin atá ar chlár trasteorann. Chomh maith leis sin, cuireann an rúnaíocht na tairbhithe ar an eolas faoi dheiseanna cistithe a d’fhéadfadh a bheith ar fáil agus tugann sí tacaíocht i gcur chun feidhme an tionscadail.

                                Tairbhí ceannais: Eintiteas atá ainmnithe ag comhpháirtithe tionscadail le bheith freagrach as bainistiú agus comhordú an tionscadail ina iomláine. Tá sé cuntasach go díreach don Údarás Bainistíochta as an dul chun cinn oibríochtúil agus airgeadais i ngníomhaíochtaí uile an tionscadail.

                                Údarás bainistíochta: An t-údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá ainmnithe ag Ballstát chun clár atá cistithe ag an Aontas a bhainistiú.

                                Freagraí ón gCoimisiún agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

                                https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=62741

                                An fhoireann iniúchóireachta

                                I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

                                Is é Seomra Iniúchóireachta III – Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas, atá faoi cheannas Bettina Jakobsen (Comhalta den Chúirt) a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Ba é Leo Brincat (Comhalta den Chúirt) a bhí i gceannas ar an iniúchadh ar dtús, le tacaíocht ó Romuald Kayibanda (Ceann na hOifige Príobháidí) agus Annette Farrugia (Ataisé na hOifige Príobháidí).

                                Tugadh an iniúchóireacht chun críche faoi stiúir Bettina Jakobsen (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Katja Mattfolk (Ceann na hOifige Príobháidí), Aino Rantanen (Ataisé na hOifige Príobháidí), Michael Bain (Príomhbhainisteoir), Jiri Lang (Ceann Cúraim), Karel Meixner agus Erika Söveges (Iniúchóirí). Chuir Michael Pyper tacaíocht teanga ar fáil. Thug Giuliana Lucchese tacaíocht ghrafach.

                                Críochnótaí

                                1 Don tuarascáil seo, ciallaíonn ‘cláir CBC ENI’ cláir CBC le tíortha comharsanacha (na tíortha atá i mBeartas Comharsanachta na hEorpa agus an Rúis) a bhí cistithe ag an Aontas Eorpach i rith thréimhse 2014-2020.

                                2 Doiciméad clársceidealaithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas do Chomhar Trasteorann ENI (2014-2020), doiciméad comhpháirteach ón gCoimisiún agus SEGS, 8.10.2014, lch. 4.

                                3 AS REGIO,Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí 2020 – Iarscríbhinní, Iarscríbhinn 7I: Dearbhú do CBC ENI (lch. 100).

                                4 Conclúidí EUCO 147/14 ón gComhairle Eorpach, 16.7.2014, pointe 6.

                                5 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún maidir le cláir chomhair trasteorann arna maoiniú faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta a chur chun feidhme.

                                6 AS REGIO,Tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí 2019, 25.6.2020, lch. 15.

                                7 Tuarascáil speisialta 14/2021: ‘Comhar Interreg – Níor baineadh leas iomlán fós as acmhainneacht réigiúin trasteorann an Aontais Eorpaigh’.

                                8 An Coimisiún Eorpach, Meastóireacht lártéarma ar chláir chomhair trasteorann idir tairbhithe IPA II, Lúnasa 2021.

                                9 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún.

                                10 Doiciméad clársceidealaithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas do Chomhar Trasteorann ENI (2014-2020), pointe. 6.3.

                                11 Páipéar Straitéise CBC ENPI 2007-2013, lgh. 25-26.

                                12 An Coimisiún Eorpach, Meastóireacht ex post ar chláir CBC ENPI 2007-2013, Eanáir 2018, Moladh 1, lch. 57.

                                13 Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1058 maidir le CFRE agus an Ciste Chomhtháthaithe. Is iad na cuspóirí sonracha do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe ná: (1) Eoraip níos iomaíche agus níos cliste; (2) Eoraip níos glaise; (3) Eoraip níos nasctha; (4) Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí; agus (5) Eoraip níos gaire do na saoránaigh.

                                14 Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/1059 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh. Is iad na cuspóirí atá sonrach do Interreg ná: (1) rialachas comhair níos fearr; agus (2) Eoraip níos sábháilte agus níos sláine.

                                15 Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 897/2014 ón gCoimisiún.

                                16 Airteagail 12 agus 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 897/2014 ón gCoimisiún.

                                17 Meastóireacht ex post ar Chláir CBC ENPI 2007-2013, Moladh 3.1, lch. 61.

                                18 An Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an Phortaingéil, an Spáinn, agus an Éigipt; Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Phalaistín agus an Túinéis. Maidir leis an ainmniú ‘an Phalaistín’ a úsáidtear sa tuarascáil seo, níl sé sin le léirthuiscint mar aitheantas do Stát na Palaistíne agus ní dochar é don seasamh aonair atá ag Ballstáit an Aontais ar an tsaincheist sin. Tháinig an Ailgéir isteach sa chlár in 2019 mar an ceathrú tír dhéag; níl an comhaontú maoinithe sínithe go fóill, áfach.

                                19 Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin ar an gcomhar réigiúnach le tíortha comharsanacha an deiscirt.

                                20 I nDeireadh Fómhair 2020, chinn an Chomhairle gearradh siar ar an gcomhar leis na húdaráis lárnacha sa Bhealarúis, agus leanúint den chomhar faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir ar leibhéal neamhpholaitiúil ach fós an comhar leis an tsochaí shibhialta a mhéadú. Amhail ón 28 Meitheamh 2021, tá a rannpháirtíocht i gComhpháirtíocht an Oirthir fionraithe ag údaráis na Bealarúise.

                                21 Meastóireacht ex post ar Chláir CBC ENPI 2007-2013, Moladh 2.1, lch. 59.

                                22 Glao ar thionscadail don chaipitliú atá foilsithe ar shuíomh gréasáin chlár MED.

                                23 Anailís chúlra ar chláir CBC NDICI don todhchaí, Dréacht-Tuarascáil Chríochnaitheach, 22 Samhain 2019, Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 5.

                                24 I gcás chlár SEFR, is teoranta do na LIPanna amháin a bhí an chomhchomhairle sin.

                                25 Toscaireachtaí AE chun na hIordáine, chun na Liobáine, chun na Rúise, agus chun an Túinéise; ba í an Toscaireacht chun na hÚcráine an t-aon eisceacht a bhí ann.

                                26 An Coimisiún agus SEGS, Páipéar comhpháirteach ar Chlársceidealú Straitéiseach Interreg NEXT do thréimhse 2021-2027, 20.1.2020.

                                27 Meastóireacht ex post ar Chláir CBC ENPI 2007-2013, Moladh 2.1, lgh. 59-60.

                                28 Bunaithe ar shonraí i mbunachar sonraí Keep.eu, arna íoslódáil an 5.4.2022.

                                29 TESIM, Rioscaí chláir CBC ENI a bhainistiú, Iúil 2019, roinn 4.4.

                                30 Nóta an 11.9.2017, Ref. Ares(2017)4429026, lch. 2.

                                31 An staid mar a bhí do chláir CBC ENI amhail Deireadh Fómhair 2021, sonraí airgeadais arna gcomhdhlúthú agus arna dtíolacadh don Choimisiún ag TESIM.

                                32 TESIM, Bearta chun an riosca de dhliteanais ag Tíortha Comhpháirtíochta a íoslaghdú, Samhain 2021, lch. 2.

                                33 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/879 ón gCoimisiún.

                                34 Téarmaí tagartha sonracha don mheastóireacht mheántéarma ar chláir um chomhar trasteorann idir tairbhithe IPA II, lch. 8.

                                35 Doiciméad clársceidealaithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas do Chomhar Trasteorann ENI (2014-2020), pointe. 6.5.

                                36 Treoraíocht chun táscairí le haghaidh torthaí a fhorbairt i gcláir CBC ENI, Interact ENPI, Nollaig 2014.

                                37 Imeachtaí ón gcruinniú a bhí ag an ngrúpa oibre le haghaidh faireacháin agus meastóireachta, arna eagrú ag TESIM, 13-14 Nollaig 2016, lch. 4.

                                38 Airteagal 78(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún.

                                39 Bileog eolais maidir leis an bhfaireachán dírithe ar thorthaí, 19.9.2019, lch. 3.

                                40 Le haghaidh mionsonraí ina thaobh seo, féach doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin dar teideal: Feidhmíocht, faireachán agus meastóireacht ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar an gCiste Comhtháthaithe agus ar an gCiste um Aistriú Cóir in 2021-2027, SWD(2021) 198 final.

                                41 Féach Airteagail 41-45 de Rialachán (AE) 2021/1060 – ‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna’.

                                42 Airteagal 39(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún.

                                43 Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán Interreg, COM(2018) 374, 29.5.2018.

                                44 Anailís chúlra ar thodhchaí chláir CBC NDICI, dréacht-tuarascáil chríochnaitheach, 22 Samhain 2019.

                                45 Páipéar comhpháirteach maidir le Clársceideal Straitéiseach Interreg NEXT do thréimhse 2021-2027.

                                46 Le haghaidh forléargas iomlán ar na 22 athrú rialála, féach TESIM, Príomhghnéithe de Interreg NEXT agus na príomhathruithe i gcomparáid le Rialacha Cur Chun Feidhme CBC ENI, nuashonraithe in Iúil 2021.

                                47 Féach Aithris 5 agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh.

                                48 Rialachán (AE) 2021/1059.

                                49 Ibid., Airteagal 32.

                                50 Ibid., Airteagal 59(2) agus (3)

                                51 Ibid., Airteagal 52(3).

                                52 TESIM, CBC NEXT: éisteadh le guthanna na dTíortha Comhpháirtíochta, 1.7.2021.

                                53 Airteagal 57(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/1059.

                                54 Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2021/1058.

                                55 Féach an ‘tuairisc mhodheolaíochta’ le haghaidh gach aon táscaire in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Doiciméad Inmheánach Oibre (SWD) 198 maidir le Feidhmíocht, faireachán agus meastóireacht, 8.7.2021.

                                56 Páipéar comhpháirteach maidir le Clársceideal Straitéiseach Interreg NEXT do thréimhse 2021-2027.

                                57 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/74 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/75 ón gCoimisiún.

                                58 Áirítear leis seo €100 milliún a leithdháileadh ar dtús don chlár don Atlantach Láir agus a cuireadh ar ceal ina dhiaidh sin.

                                59 Ní raibh an t-athrú seo léirithe fós sna cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún a eisíodh an mhí chéanna. Féach an t-alt nuachta: Modhnú ar an gClár do bhlianta 2021-2027, 11.1.2022.

                                60 Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5740 ón gCoimisiún ina leagtar amach an doiciméad straitéise ilbhliantúla i ndáil le cláir um chomhar trasteorann seachtrach, 12.8.2022.

                                61 Preaseisiúint,Comhar trasteorann agus trasnáisiúnta leis an Rúis agus leis an mBealarúis curtha ar fionraí ag an gCoimisiún, 4.3.2022.

                                62 Is éard atá sa togra ná leasuithe ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus ar an Rialachán maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí. Féach an phreaseisiúint ón gCoimisiún, 8.3.2022.

                                63 Togra le haghaidh Rialachán (COM(2022) 362) lena leagtar síos forálacha sonracha le haghaidh cláir CBC ENI i ndiaidh an chur isteach a rinneadh ar chur chun feidhme na gclár, 22.7.2022.

                                64 An Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Phalaistín agus an Túinéis.

                                65 Tionscadail ‘Artolio’, ‘Decost’ agus ‘SME4smartcities’.

                                Déan teagmháil le

                                European Court of Auditors
                                12, rue Alcide De Gasperi
                                L-1615 Luxembourg
                                LUXEMBURG

                                Teil. +352 4398-1
                                Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
                                Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
                                Twitter: @EUAuditors

                                Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

                                Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

                                PDF ISBN 978-92-847-9104-0 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/990543 QJ-AB-22-025-GA-N
                                HTML ISBN 978-92-847-9139-2 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/263933 QJ-AB-22-025-GA-Q

                                CÓIPCHEART

                                © An tAontas Eorpach, 2022

                                Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

                                Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

                                Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

                                I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

                                D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

                                Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.

                                Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

                                Úsáid Lógó CIE

                                Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

                                TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

                                Dul ann tú féin
                                Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

                                Ar an bhfón nó i scríbhinn
                                Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

                                • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
                                • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
                                • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

                                EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

                                Ar líne
                                Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

                                Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
                                Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

                                Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
                                Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

                                Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
                                Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.