GLAC PÁIRT!

Abair
amach go
gcloisfear
thú


páirteach
i múnlú
na hEorpa
is mian
leat

LABHAIR AMACH

Bí páirteach sa díospóireacht

Tá roinnt bealaí ann chun sin a dhéanamh.

Ar bhonn randamach, roghnaítear daoine óga a léiríonn éagsúlacht an Aontais chun aon trian de na Painéil Saoránach Eorpach a chomhdhéanamh, ar painéil iad trína múnlaítear beartais agus tionscnaimh an Aontais.

Mura bhfuil tú ar phainéal? Cloisimis uait i gcónaí!
Glac páirt sa chomhrá ag am ar bith tríd an Ardán um Rannpháirtíocht Saoránach agus abair amach go gcloisfear thú.

Cuirtear tuairimí daoine óga san áireamh freisin agus beartais nua á ndearadh againn, trínár ‘seiceáil óige’.

Coimeád súil ar an tairseach Cloisimis uait, áit inar féidir leat beartais agus dlíthe nua an Aontais a mhúnlú agus do thuairimí ar na cinn atá ann cheana féin a chomhroinnt.

Comhroinn do thuairimí

Bí i bpáirt le daoine óga ó gach cearn den Eoraip chun smaointe a phlé agus a chomhroinnt. Gach 2 bhliain reáchtáiltear Seachtain Eorpach na hÓige, agus sna blianta eile reáchtáiltear an Cruinniú Eorpach um an Óige.

Bí tionscantach

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh is féidir leat pleananna móra a dhéanamh. Má bhailíonn tú milliún síniú, is féidir go gcuirfear do thogra le haghaidh dlí nua i bhfeidhm! Nó féach ar na tionscnaimh atá molta ag daoine eile agus tacaigh leis na cúiseanna a bhfuil suim agat iontu – ní thógann sé ach nóiméad nó dhó! Tá an aois íosta chun tacú le tionscnamh idir 16 agus 18 mbliana de réir na tíre.

Déan teagmháil le lucht déanta cinntí

Trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, gheobhaidh tú an deis tuairimí a mhalartú le cinnteoirí náisiúnta agus Eorpacha agus cuidiú leis an 11 sprioc don óige, spriocanna a d’fhorbair níos mó ná 50,000 duine óg, a chur i ngníomh.

Is é an bealach is fusa chun páirt a ghlacadh dul i dteagmháil le meitheal náisiúnta do thíre féin. Agus bí ag faire amach do na hIdirphléití Beartais leis an Aos Óg inar féidir leat labhairt go díreach leis na Coimisinéirí Eorpacha.

Múnlaíonn Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin todhchaí na hEorpa trí smaointe daoine óga a chur go díreach faoi bhráid Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, rud a chinntíonn go gcloistear uathu ag an leibhéal polaitiúil is airde.

VÓTÁIL

Cén fáth?

Tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh, bíodh sin i dtoghcháin áitiúla, náisiúnta nó Eorpacha, toisc gur deis é do thuairimí a chur in iúl maidir le cé a dhéanann cinntí faoi shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leat.

An raibh a fhios agat seo?

Nuair a chaitheann tú vóta in olltoghchán do thíre bíonn tionchar agat freisin ar obair an Aontais Eorpaigh. Is amhlaidh atá toisc go suíonn ceannaire do thíre agus a n-airí ar chomhlachtaí tábhachtacha de chuid an Aontais.

SEAS I dTOGHCHÁN

Más mian leat tionchar níos dírí arís a imirt ar chinntí an Aontais, cén fáth nach smaoineofá ar phost mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE)?

Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl in 2029, ach ní bhíonn sé riamh ró-luath tús a chur le do ghairmréim pholaitiúil!

An Feisire Eorpach is óige a toghadh, bhí sé 21 bhliain d’aois nuair a toghadh é.

BÍ GNÍOMHACH

Idir mhalartuithe óige do ghrúpaí agus staidéar agus intéirneachtaí thar lear, tá clár íocónach Erasmus+ an Aontais chun an daicheadú bliain dó ar an bhfód a cheiliúradh in 2027! Leis an gclár seo, cuirtear réimse leathan deiseanna ar fáil do dhaoine óga chun scileanna luachmhara agus taithí saoil a fháil.

Anuas air sin, cuireann pas saorthaistil DiscoverEU ar chumas daoine 18 mbliana d’aois dul ar thuras fionnachtana ar fud na hEorpa agus iniúchadh a dhéanamh ar an oidhreacht chultúrtha shaibhir agus ar an éagsúlacht chultúrtha shaibhir atá le fáil ann.

An bhfuil fonn ort difear a dhéanamh i do phobal áitiúil nó obair dheonach a dhéanamh le haghaidh oibríochtaí cabhrach daonnúla ar fud an domhain? Féach an maoiniú agus an tacaíocht atá ar fáil do thionscadail tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna do dhaoine óga san Aontas.

An Coimisiún Eorpach
Teagmháil: COMM-B2@ec.europa.eu
Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2026

© An tAontas Eorpach, 2026

Léaráidí: © Adobe Stock

Ráiteas inrochtaineachta
PRINT:
ISBN 978-92-68-37633-1
doi:10.2775/1174586
NA-01-26-009-GA-C
PDF:
ISBN 978-92-68-37632-4
doi:10.2775/6311783
NA-01-26-009-GA-N
HTML:
ISBN 978-92-68-39388-8
doi:10.2775/8843384
NA-01-26-009-GA-Q