GLAC PÁIRT!

Abair
amach go
gcloisfear
thú


páirteach
i múnlú
na hEorpa
is mian
leat

LABHAIR AMACH

Bí páirteach sa díospóireacht

Tá roinnt bealaí ann chun sin a dhéanamh, mar shampla:

Is daoine óga iad trian de na Painéil Saoránach Eorpach, painéil a fhéadfaidh moltaí a dhéanamh maidir le dlíthe agus tionscnaimh an Aontais amach anseo.

Mura bhfuil tú ar an bpainéal, is féidir leat páirt a ghlacadh fós trí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.

Cuirfear tuairimí daoine óga san áireamh freisin agus beartais nua á ndearadh againn, trínár ‘seiceáil óige’ nua. Coinnigh súil ar an tairseach Cloisimis Uait, áit ar féidir leat cabhrú le feabhas a chur ar na dlíthe atá ann cheana trí aiseolas a thabhairt dúinn.

Is féidir le daoine óga cuidiú le gníomhaíocht an Aontais a mhúnlú ar fud an domhain tríd an mBonn Braite Óige.

Déan teagmháil le lucht déanta cinntí

Trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, gheobhaidh tú an deis tuairimí a mhalartú le cinnteoirí náisiúnta agus Eorpacha agus cuidiú leis a 11 sprioc don óige, spriocanna a d’fhorbair níos mó ná 50,000 duine óg, a chur i ngníomh. Is é an bealach is fusa chun páirt a ghlacadh dul i dteagmháil le meitheal náisiúnta do thíre féin.

Agus bí ag faire amach d’Idirphléití Beartais leis an Aos Óg inar féidir leat labhairt go díreach leis na Coimisinéirí Eorpacha.

... agus le do phiaraí

Bí i bpáirt le daoine óga ó gach cearn den Eoraip chun smaointe a phlé agus a roinnt. Gach 2 bhliain reáchtáiltear Seachtain Eorpach na hÓige, ag malartú leis an gCruinniú Eorpach um an Óige.

Bí tionscantach

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh is féidir leat pleananna móra a dhéanamh. Má bhailíonn tú milliún síniú, is féidir go gcuirfear do thogra le haghaidh dlí nua i bhfeidhm! Nó féach ar na tionscnaimh atá molta ag daoine eile agus tacaigh leis na cúiseanna a bhfuil suim agat iontu – ní thógann sé ach nóiméad nó dhó! Tá an aois íosta chun tacú le tionscnamh idir 16 agus 18 mbliana de réir na tíre.

VÓTÁIL

Cén fáth?

Tá sé tábhachtach vóta a chaitheamh, bíodh sin i dtoghcháin áitiúla, náisiúnta nó Eorpacha, toisc gur deis é do thuairimí a chur in iúl maidir le cé a dhéanann cinntí faoi shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leat.

An raibh a fhios agat seo?

Nuair a chaitheann tú vóta in olltoghchán do thíre bíonn tionchar agat freisin ar obair an Aontais Eorpaigh. Is amhlaidh atá toisc go suíonn ceannaire do thíre agus a n-airí ar chomhlachtaí tábhachtacha de chuid an Aontais.

SEAS I dTOGHCHÁN

Más mian leat tionchar níos dírí arís a imirt ar chinntí an Aontais, cén fáth nach smaoineofá ar phost mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa?

Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl in 2029, ach ní bhíonn sé riamh ró-luath tús a chur le do ghairmréim pholaitiúil!

An Feisire Eorpach is óige a toghadh, bhí sé 21 bhliain d’aois nuair a toghadh é.

BÍ GNÍOMHACH

Idir mhalartuithe óige do ghrúpaí agus staidéar agus intéirneachtaí thar lear, cuireann clár íocónach Erasmus+ an Aontais réimse leathan deiseanna ar fáil do dhaoine óga chun scileanna luachmhara agus taithí saoil a fháil.

Anuas air sin, cuireann pas saorthaistil DiscoverEU ar chumas daoine 18 mbliana d’aois dul ar thuras fionnachtana ar fud na hEorpa agus iniúchadh a dhéanamh ar an oidhreacht chultúrtha shaibhir agus ar an éagsúlacht chultúrtha shaibhir atá le fáil ann.

An bhfuil fonn ort difear a dhéanamh i do phobal áitiúil nó obair dheonach a dhéanamh le haghaidh oibríochtaí cabhrach daonnúla ar fud an domhain? Féach an maoiniú agus an tacaíocht atá ar fáil do thionscadail tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna do dhaoine óga san Aontas.

An Coimisiún Eorpach
Teagmháil: COMM-A2@ec.europa.eu
Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024

© An tAontas Eorpach, 2024

Léaráidí: © Adobe Stock

Ráiteas inrochtaineachta
PRINT:
ISBN 978-92-68-12618-9
doi:10.2775/995198
NA-09-24-064-GA-C
PDF:
ISBN 978-92-68-12647-9
doi:10.2775/650130
NA-09-24-064-GA-N
HTML:
ISBN 978-92-68-12675-2
doi:10.2775/39930
NA-09-24-064-GA-Q