Tharla athruithe móra domhanda sa bhliain 2025. Bhí cogaíocht ar leac an dorais againn, agus d’éirigh an iomaíocht eatarthu siúd atá i gcumhacht ní ba dhéine. Mar sin féin, tháinig athrú ó bhonn ar an Eoraip in 2025 chomh maith – bliain soiléireachta, bliain diongbháilteachta. I ndomhan scoilte atá anois níos míshocra, d’aithin an Eoraip nach mór di níos mó freagrachta a ghlacadh as a todhchaí féin. Ba é 2025 tráth neamhspleáchais na hEorpa. – Ursula von der Leyen

