Spléachadh ar GHNÍOMHAÍOCHT AN AONTAIS EORPAIGH AR SON NA mBAN
Feabhra 2020
Feabhra 2020
Luach bunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an comhionannas idir mná agus fir, prionsabal a théann siar go dtí Conradh na Róimhe 1957 inar leagadh síos prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann. Ó shin i leith, tá an tAontas ag dul i ngleic leis an idirdhealú ar bhonn gnéis agus sa lá atá inniu ann tá an Eoraip ar cheann de na háiteanna ar domhan is sábháilte agus is cothroime do mhná.
Mar sin féin, ní mór leanúint den troid ar son chearta na mban agus na cearta sin a chosaint. Cé gur cheart comhionannas, cumhachtú agus sábháilteacht a bheith ag mná san Eoraip, tá i bhfad an iomarca ban ann nach bhfuil na cearta sin acu fós. De réir na staitisticí tá tearcionadaíocht ag mná i bpoist chinnteoireachta sa pholaitíocht agus sa ghnó agus, ar an meán, tuilleann siad 16 % níos lú ná fir ar fud na hEorpa. Tá foréigean agus ciapadh ar bhonn gnéis forleathan i gcónaí.
Tá sé mar aidhm ag an Aontas na deiseanna céanna a thabhairt do mhná agus d’fhir san ionad oibre, mar shampla, pá comhionann, agus cabhrú le fir agus mná araon cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir an obair agus an saol. Príomhthosaíocht eile is ea stop a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní agus comhionannas inscne a chur chun cinn san Aontas agus ar fud an domhain. Cuireann an tAontas cothromaíocht idir fir agus mná chun cinn chomh maith i dtaca le poist chinnteoireachta. Tá obair an Choimisiúin Eorpaigh sna réimsí sin go léir bunaithe ar a rannpháirtíocht straitéiseach don chomhionannas inscne 2016-2019.
Tá go leor ban ann fós nach mbaineann spleáchas eacnamaíoch iomlán amach. Áirítear constaicí ar an margadh fostaíochta agus freagrachtaí cúramóra i measc na gcúiseanna a bhfuil an claonadh ag mná níos lú oibre a dhéanamh ná fir agus go mbíonn siad ag obair in earnálacha ina bhfuil pá níos ísle, go dtógann siad níos mó sosanna gairme agus nach dtugtar ardú céime dóibh chomh minic sin agus go ndéantar é ar luas níos moille. Mar sin féin, tá an tAontas tiomanta do chomhdheiseanna fostaíochta agus pá comhionann a chur ar fáil do mhná.
In 2017, bhí 66.5 % de na mná idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois san Aontas i bhfostaíocht, méadú ó 62.1 % in 2010. 78 % an ráta fostaíochta d’fhir in 2017 agus 75.1 % in 2010. Áirítear prionsabal an chomhionannais pá i gconarthaí an Aontais agus sna rialacha maidir le comhionannas inscne i margadh an tsaothair, ach, ina dhiaidh sin féin, is dúshlán é do na Ballstáit go léir a chinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm mar is ceart.

In 2017, chuir an tAontas plean gníomhaíochta i láthair chun an bhearna a dhúnadh idir an méid a thuilleann fir agus an méid a thuilleann mná. Téann an plean i ngleic le saincheisteanna ar nós steiréitíopaí agus cothromaíocht oibre agus saoil agus iarrtar ar rialtais, fostóirí agus ceardchumainn a bheith gníomhach chun a chinntiú go ndéanfar pá ban a shocrú mar is cóir.
Cothromaíocht oibre is saoil
Ní leis na mná amháin a bhaineann an comhionannas inscne ach leis na fir chomh maith. Tá sé i gcroílár Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud atá dírithe ar chóir chomhionann agus comhdheiseanna idir fir agus mná a bhaint amach i ngach réimse. Áirítear rannpháirtíocht sa mhargadh fostaíochta, coinníollacha fostaíochta, agus dul chun cinn sa ghairm sa mhéid sin.
Faoi threoir a ghlac an tAontas in 2014 caithfidh mórchomhlachtaí liostaithe eolas a fhoilsiú faoina mboird chuideachta i dtaca le gnéithe dá mbeartas um éagsúlacht, amhail aois, inscne agus cúlraí oideachais agus gairme.
Ach tá níos mó sa saol ná obair agus airgead. Tá sé tábhachtach d’fhir agus do mhná araon go n-aimseofar cothromaíocht cheart idir an obair, cosaint ioncaim agus am saor a bheith agat féin agus ag do theaghlach.
Déanann an tionscnamh um chothromaíocht oibre agus saoil atá ar bun ag an gCoimisiún Eorpach beart de réir briathair i dtaca le prionsabal um chóir chomhionann an Cholúin agus tugtar isteach cearta nua leis chomh maith — nó cuirtear leis na cearta atá ann cheana féin — ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le cothromaíocht a bhaint amach i dtaca le roinnt na bhfreagrachtaí cúramóra idir fir agus mná, agus ar an gcaoi sin tugtar tacaíocht d’fhostaíocht ban. Cumhdaítear leo sin saoire atharthachta, thuismitheora agus chúramóra, chomh maith le socruithe oibre solúbtha a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do chúramóirí.
Tá tacar beart sa tionscnamh chomh maith chun cuidiú a thabhairt do na Ballstáit oibrithe atá ag iompar clainne, chomh maith le daoine a ghlacann saoire theaghlaigh, a chosaint ar dhífhostú, soláthar seirbhísí cúraim a fheabhsú agus dul i ngleic le dídhreasuithe eacnamaíoch i leith beirt as an teaghlach céanna a bheith ag obair.
Féadfaidh saincheisteanna sláinte na bhfear agus na mban a bheith éagsúil ó chéile. Tá tríú Clár Sláinte an Aontais dírithe ar a chinntiú go mbeidh an deis chéanna ag gach duine ar bheith folláin agus cúram sláinte ardcháilíochta a fháil, cibé inscne é.
Tugann an tAontas aird ar shainriachtanais na mban sna cláir éagsúla maoinithe agus sna beartais éagsúla atá aige, agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa cabhraítear gach bliain leis na milliúin daoine a bhfuil raon dúshlán rompu rochtain níos fearr a fháil ar phoist.
Tá scéimeanna athoiliúna agus feabhsaithe scileanna i measc na sainghníomhaíochtaí a dhéantar chun cabhair a thabhairt do mhná fostaíocht a fháil. Chomh maith leis sin, faoin gciste tugtar deis do mhná filleadh ar an obair tar éis sos gairme, mar shampla trí chúram leanaí d’ardchaighdeán agus treoir phearsanta a chur ar fáil, agus trí fheasacht fostóirí maidir le dúshláin na mban a ardú. Tugtar tacaíocht do thionscnaimh faoi Chiste Sóisialta na hEorpa i do thír féin. Tá an iliomad tionscnamh bisiúil dá chuid ag déanamh difear mór i saol go leor daoine.
Faoi thionscadail a mhaoinítear i réigiúin an Aontais tugtar deiseanna nua do mhná ar rochtain a fháil ar mhaoiniú, ar thacaíocht phearsanta nó ar mheantóireacht i leith gnó nua a bhunú. Is féidir fáil amach faoi chláir agus tionscadail i do thír féin nó do réigiún féin.
Ionad uileghnó é an tArdán WEgate do mhná atá ag iarraidh gnó a bhunú nó a mhéadú, agus eolas maidir le hoiliúint, meantóireacht, comhairle agus líonrú ar fáil ann. Is féidir eolas a fháil ansin chomh maith ar an gcaoi ar féidir é a chur ar do chumas iasachtaí ón Aontas agus caipiteal fiontair do ghnó a bhunú nó a mhéadú.
Chomh maith leis sin, tá an tAontas ag gníomhú chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban san earnáil dhigiteach trí aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí, trí oideachas agus oiliúint i scileanna digiteacha a chur chun cinn, agus trí níos mó fiontraithe ban a spreagadh le bheith rannpháirteach san earnáil. Seoladh an Líonra Eorpach do Mhná san Earnáil Dhigiteach in 2018 ionas gur féidir le cailíní agus mná san earnáil dhigiteach líonrú le chéile agus a bheith ag obair i gcomhar le chéile i leith smaointe agus taithí sa réimse sin. Thug thart ar 20 comhlacht teicneolaíochta gealltanas go gcuirfeadh siad timpeallacht agus cultúr oibre ar fáil a bheadh cuimsitheach cothrom ó thaobh inscne de.
Tá an tAontas tiomanta chomh maith do bhearnaí inscne i réimsí an taighde agus na nuálaíochta a dhúnadh. Mar shampla, faoin gclár Fís 2020 tugtar cuidiú d’eagraíochtaí taighde agus d’ollscoileanna pleananna um chomhionannas inscne a chur chun feidhme. Gach bliain, bronntar an Duais AE do Nuálaithe Ban, duais lena dtugtar aitheantas do mhná nach taighdeoirí agus nuálaithe den scoth amháin iad, ach fiontraithe rathúla iad chomh maith. Chomh maith leis sin, tá an tAontas ag gníomhú chun feabhas a chur ar fhostaíocht na mban in earnálacha eile amhail iompar.

Tá sé de cheart ag gach duine saol saor ón bhforéigean a bheith aige. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní ar fud an domhain. I gcuid mhaith áiteanna, cuireann dearcadh an phobail i leith íospartach leis an bhfadhb: I suirbhé Eorabharaiméadair ón mbliain 2016 tugadh chun solais go nglactar le foréigean in aghaidh na mban go fóill agus go meastar in amanna go mbíonn údar leis fiú i roinnt tíortha san Aontas. Is mná agus cailíní formhór na n-íospartach gáinneála a thuairiscítear san Aontas. Faoi reachtaíocht frithgháinneála an Aontais cruthaítear ceangail dlí chun bearta inscnedhírithe a ghlacadh, agus, chomh maith leis sin, tugtar tacaíocht do na Ballstáit le bearta beartais agus cláir airgeadais.
Tá Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (tugtar Coinbhinsiún Iostanbúl air chomh maith) sínithe ag na Ballstáit go léir, agus ag an Aontas Eorpach féin. Leis an gCoinbhinsiún cuirtear iallach ar thíortha gach cineál foréigin a chosc agus coir a dhéanamh de, cosaint a thabhairt d’íospartaigh agus daoine a rinne coir den chineál sin a thabhairt os comhair na cúirte.

Tugann an feachtas NON.NO.NEIN de chuid an Aontais spreagadh d’fhir agus do mhná seasamh a ghlacadh in aghaidh an fhoréigin in aghaidh na mban. Chomh maith leis sin, tugann an tAontas maoiniú do thionscnaimh lena gcuirtear in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe faoin gClár um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht.
Ar an leibhéal domhanda, in 2017 sheol an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe an Tionscnamh Spotsolais chun deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní. Tugadh tacaíocht dó le gealltanas €500 milliún ón Aontas.
Tá cearta agat agus is féidir leat gníomhú má cheapann tú gur sáraíodh iad. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a bhfeidhmítear neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann i do thír féin, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an gcomhalta náisiúnta iomchuí de Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta, líonra a bunaíodh chun cur chun feidhme aonfhoirmeach dhlí an Aontais sna réimsí seo a chur chun cinn.
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil chuimsitheach gach bliain, maidir le staid an chomhionannais inscne san Aontas. Bíonn ról tábhachtach ag breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, agus maidir lena chinntiú go léirmhínítear dlí an Aontais agus go gcuirtear chun feidhme é ar an mbealach céanna i ngach Ballstát.
Tacaíonn an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne leis na Ballstáit agus leis an Aontas ina n-iarrachtaí ar chomhdheiseanna a chur chun cinn agus a chinntiú do mhná agus d’fhir ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Déanann Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide monatóireacht ar an dul chun cinn. Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le líonraí Eorpacha eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Brúghrúpa Mhná na hEorpa, Women Against Violence Europe, the European Network for the Work with Perpetrators of Domestic Violence, agus END FGM European Network san áireamh. Oibríonn siad i ndlúthchomhar le hinstitiúidí an Aontais ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta na mban agus le comhionannas idir fir agus mná, agus, chomh maith leis sin is féidir leo thú a chur i dteagmháil leis na heagraíochtaí ábhartha i do thír féin.
Tá an tAontas ag obair leis chun cabhrú le mná an tsíleáil ghloine nó an bac atá orthu a thógáil díobh i réimsí an ghnó agus na polaitíochta. Tá an tAontas ag obair le rialtais, comhlachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha chun gníomhaíochtaí maidir le cothromaíocht inscne ar na leibhéil is airde a cheapadh agus a chur chun feidhme ar fud an Aontais, trí eolas a bhailiú agus a scaipeadh, agus tríd an dea-chleachtas a chur chun cinn.
I mí na Nollag 2019, ceapadh Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, an chéad bhean riamh a ceapadh sa ról sin. Mí na Samhna 2019 is ea a thosaigh Christine Lagarde ag obair mar an ceannaire ar an mBanc Ceannais Eorpach, an chéad bhean a ghlac ról Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh riamh. Is í Emily O’Reilly an tOmbudsman Eorpach, ról ina ndéanann sí imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán de chuid institiúidí an Aontais.
Ní mór na rialacha a bhaineann le fostaíocht in institiúidí an Aontais a chur chun feidhme gan aon idirdhealú bunaithe ar inscne, na rialacha a bhaineann le pá san áireamh. Tá an fhoireann i dteideal saoire theaghlaigh nó saoire thuismitheora. Ní dhéanann an Coimisiún Eorpach aon idirdhealú i dtaca le hearcú nó ardú céime ball foirne, agus cuireann sé timpeallacht mheasúil sholúbtha ar fáil dá fhostaithe. Chomh maith leis sin, tá straitéis ag an gCoimisiún chun cothromaíocht oibre agus saoil agus folláine na mball foirne a chur chun cinn.

Bhí sé ina aidhm ag an iar-Uachtarán Juncker chomh maith gur mhná a bheadh i 40 % ar a laghad de mheánbhainisteoirí agus bainisteoirí sinsearacha an Choimisiúin faoi dheireadh a thréimhse oifige in 2019. Mná ab ea 41 % de líon iomlán na mbainisteoirí i mí Dheireadh Fómhair 2019, méadú ó 30 % in 2014.

Bhí méadú beag ar líon na mban a toghadh ina bhfeisirí sna toghcháin chun Parlaimint na hEorpa — mná a bhí in 39.4 % de líon iomlán na bhfeisirí - an líon ab airde riamh. Mná a ghlac 50 % nó níos mó de na suíocháin i seacht gcinn de na Ballstáit: an Danmhairg, Laitvia, Lucsamburg, Málta, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn.
Tá sé ina aidhm ag an Aontas Eorpach saol cailíní agus ban a fheabhsú ar fud an domhain lena bheartais, agus go háirithe leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú Ban. Faoin gCreat sin, tá sé mar aidhm ag an Aontas tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, tíortha is iarrthóirí, agus tíortha comharsanachta, chun fíorthorthaí a bhaint amach i réimse an chomhionannais inscne mar atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta.
Leanfaidh an tAontas den chomhionannas inscne sa chomhar um fhorbairt trína chur chun tosaigh san idirphlé polaitiúil agus beartais le tíortha comhpháirtíochta. I gcomhthéacs na hidirbheartaíochta trádála leis an tSile, mar shampla, mhol an tAontas forálacha maidir le trádáil agus comhionannas inscne den chéad uair.
Faoi chur chuige dériain an Aontais dírítear ar phríomhshruthú inscne agus gníomhaíochtaí dírithe ar inscne i réimsí éagsúla: acmhainn an phobail a fhorbairt i dtíortha i mbéal forbartha; tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí ban; agus eolas maidir le comhionannas inscne a scaipeadh le treoirlínte, dea-chleachtais agus ardú feasachta.
Ba é an tAontas a bhí chun tosaigh chomh maith agus é i mbun idirbheartaíochta chun spriocanna comhionannais inscne a chur ar Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe. Leis na spriocanna sin táthar ag díriú ar dheireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban, ar aitheantas a thabhairt do chúram gan phá agus obair thí agus ar rochtain ar shláinte atáirgthe, ar shláinte ghnéis agus ar chearta atáirgthe a thabhairt do gach duine. Ina theannta sin, tá tiomantas soiléir ann maidir le príomhshruthú inscne gach sprice, gach sprice forbartha inbhuanaithe agus gach táscaire.
Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta do ghné inscne láidir a bheith ina cuid dá mbeartais agus dá gcleachtais go léir ina gcaidreamh le tíortha i mbéal forbartha. Is tríd an gComhthoil Eorpach um Fhorbairt 2017 a dhéantar é sin. Ar na príomhspriocanna áirítear an plé a bhaineann le beartais a neartú chun mná agus cailíní a chumhachtú, agus an ról tábhachtach atá acu maidir le forbairt agus athrú a chur chun cinn, agus an ghníomhaíocht spriocdhírithe i dtreo comhionannas inscne a mhéadú.
Le 2 bhliain anuas, thacaigh an tAontas le níos mó ná 1.5 milliún cailín agus bean trí sheirbhísí cosanta agus cúraim a bhaineann le ciorrú ball giniúna ban a sholáthar. Dá thoradh sin, d’fhógair 3 000 pobal, is ionann agus a rá 8.5 milliún duine, go raibh siad chun fáil réidh leis an gcleachtas sin.
Tugann an tAontas aitheantas do mhná atá ag troid ar son a gceart ar fud an domhain chomh maith. Bronnadh Duais Sakharov Pharlaimint na hEorpa ar Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar, beirt a tháinig slán ón Stát Ioslamach, agus ar Malala Yousafzai, duine óg ón bPacastáin a bhíonn i mbun feachtais ar son oideachas do chailíní.
Chomh maith leis sin, tíortha atá ag obair ar bhallraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach, ní mór dóibh glacadh go hiomlán le bunphrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus ní mór dóibh reachtaíocht an Aontais sa réimse sin a chur i bhfeidhm laistigh dá struchtúir féin. Tá sin ina thosaíocht ag an bpróiseas méadaithe fós.