Feabhra 2017

CAD Í AN FHADHB?

An tAontas Fuinnimh Eorpach

Teastaíonn fuinneamh slán inbhuanaithe ar phraghas réasúnta ó mhuintir na hEorpa. Is amhlaidh atá sé go bhfuil an fuinneamh bunriachtanach le haghaidh na mbunseirbhísí laethúla a mbraitheann ár modh maireachtála orthu agus nach féidir linne ná lenar ngnólachtaí déanamh gan iad. Teastaíonn sé uainn le haghaidh soilsiú, téamh, iompar agus tionscal. Chomh maith leis na bunriachtanais sin, teastaíonn sé uainn le haghaidh meaisíní níocháin, ríomhairí, teilifíseán agus na n-earraí eile uile ar cuid den saol againn iad. Mar sin féin, ní haon dóithín é a chinntiú go bhfuil againn agus go mbeidh againn amach anseo an fuinneamh ar fad a theastaíonn uainn, ar phraghas is acmhainn dúinn a íoc. Seo a leanas na príomhfhadhbanna.

Margaí atá idirnasctha

Táimid i dtuilleamaí na hiompórtála do bhreis agus leath dár bhfuinneamh

Tomhlaíonn an tAontas Eorpach an cúigiú cuid d’fhuinneamh an domhain, ach níl a fhoinsí fuinnimh rómhór. Is ollmhór an tionchar a imríonn sin ar ár ngeilleagar. Iompórtálann an tAontas Eorpach níos mó fuinnimh ná tír ar bith. Iompórtálann sé 53 % dá chuid fuinnimh ar thart ar €400 billiún in aghaidh na bliana.

Toisc go bhfuilimid ag brath ar dornán tíortha dár gcuid fuinnimh, bíonn baol ann go gcuirfear isteach ar an soláthar. Tharla sé cheana, nuair a gearradh an soláthar gáis do thíortha áirithe mar shampla.

Caithfimid foinsí nua fuinnimh atá in-athnuaite agus glan a fhiosrú — amhail tuirbíní gaoithe, dambaí agus painéil ghréine a úsáid chun leictreachas a ghiniúint leis an ngaoth, le huisce agus le solas na gréine.

Is mian leis an Eoraip bheith iomaíoch i gcónaí agus margaí fuinnimh an domhain ag iompú ar an gcumhacht ghlan. Ní hamháin gur mian leis an Eoraip bheith páirteach san athrú sin go fuinneamh glan, is mian léi bheith ar thús cadhnaíochta.

Níl bonneagar uile-Eorpach againn

Is chun críocha náisiúnta a tógadh go leor dár n-eangaí leictreachais agus dár bpíblínte gáis, agus dá thoradh sin is beag nasc trasteorann atá acu. Ba chóir an leictreachas agus an gás a bheith in ann gluaiseacht gan bhac trí na heagnaí atá ag dul anonn is anall ar fud na hEorpa.

Thairis sin, bíonn an fuinneamh le hiompar, feadh mór-ranna nó faoin bhfarraige ar uairibh, chuig an áit a n-úsáidfear é. Chuige sin, is gá líonra stáisiún cumhachta atá in ann soláthar fuinnimh a ghiniúint gan bhriseadh ar feadh na scórtha bliain. Fágann sin go bhfuil acmhainní ábhalmhóra teicniúla, lóistíochtúla agus airgeadais ag teastáil.

Ach cheal margadh uile-Eorpach, is leasc le hinfheisteoirí a n-airgead a chur isteach i mbonneagar fuinnimh. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar infheistiú sna stáisiúin chumhachta nua a chaithfidh teacht in áit na seanstáisiún atá as dáta.

CAD ATÁ AR SIÚL AG AN AONTAS EORPACH?

Spriocanna 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh

Ó bhí 2010 ann, tá sé de sprioc ag an Aontas Eorpach, faoi 2020, a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % ar a laghad, an sciar den fhuinneamh a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú go 20 % ar a laghad den tomhaltas, agus 20 % nó níos mó de choigilteas fuinnimh a ghnóthú.

Ach na spriocanna sin a bhaint amach, beidh an tAontas ag cuidiú leis an iarracht dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an aerthruailliú, beidh sé ag laghdú a spleáchais ar bhreoslaí iontaise ón iasacht agus beidh sé ag coinneáil an fhuinnimh a úsáideann idir chustaiméirí agus ghnólachtaí ar phraghas réasúnta.

I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, éireoidh go seoigh leis an Aontas a sprioc fuinnimh in-athnuaite don bhliain 2020 a bhaint amach. Faoi 2014 féin, bhíothas ag fáil 16 % den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

An t-aistriú chuig geilleagar glan

Ina theannta sin, tá sé comhaontaithe mar sprioc ag Cinn Stáit agus Cinn Rialtais an Aontais 27 % ar a laghad den fhuinneamh a bheith á fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030.

Tá sé comhaontaithe ag Ballstáit an Aontais 27 % ar a laghad a bhaint amach mar sprioc don éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030 agus a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % ar a laghad.

I mí Feabhra 2015, leag an Coimisiún Eorpach straitéis fuinnimh amach, straitéis arb é is aidhm di a chinntiú go mbeidh an tAontas in ann na dúshláin atá roimhe a shárú. Is ar chúig cinn de phríomhréimsí atá an straitéis sin dírithe:

  • cinnteacht an tsoláthair;
  • an margadh fuinnimh inmheánach a mhéadú;
  • an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú;
  • astaíochtaí a laghdú;
  • taighde agus nuálaíocht.

Cinnteacht an tsoláthair

Caithfidh an tAontas a spleáchas ar an bhfuinneamh ón iasacht a laghdú. Chuige sin, ní mór úsáid níos éifeachtaí a bhaint as ár bhfoinsí fuinnimh féin agus, ag an am céanna, foinsí nua agus dóigheanna nua soláthair a aimsiú.

I mí Feabhra 2016 mhol an Coimisiún pacáiste beart ar son chinnteacht an tsoláthair, bearta a laghdóidh an cur isteach ar an soláthar. Tugadh prionsabal dlúthpháirtíochta isteach den chéad uair sa straitéis sin. De réir an phrionsabail sin, le linn mórghéarchéime, agus mura bhfuil aon rogha eile ann cuideoidh na Ballstáit máguaird chun an soláthar gáis do theaghlaigh agus do na seirbhísí sóisialta bunriachtanacha a chinntiú.

An margadh fuinnimh inmheánach a mhéadú

Ba chóir an fuinneamh a bheith in ann gluaiseacht ar fud an Aontais Eorpaigh saor ó bhaic theicniúla agus rialála. Nuair a bheidh sin amhlaidh, beidh soláthróirí fuinnimh in ann bheith san iomaíocht le chéile gan chonstaic agus na praghsanna is fearr a thairiscint do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is fusa a bheidh sé freisin níos mó fuinnimh in-athnuaite a tháirgeadh.

In 2016, cuireadh €800 milliún ar fáil i gcomhair bonneagar fuinnimh trasteorann faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ar an iomlán, tá €5.35 bhilliún curtha in áirithe don tréimhse 2014–2020.

Tá an t-airgead sin á infheistiú i dtionscadal amhail idirnascaire Mhuir Bhailt (Balticconnector) — an chéad phíblíne gáis idir an Fhionlainn agus an Eastóin. Nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, faoi 2020, nascfaidh an tionscadal seo réigiún Mhuir Bhailt thoir leis an gcuid eile de mhargadh an Aontais Eorpaigh agus beidh deireadh le spleáchas na Fionlainne ar an aon soláthraí gáis amháin.

Tá airgead leithdháilte freisin do thógáil na píblíne Midcat a fheabhsóidh nascadh mhargaí gáis na Spáinne agus na Portaingéile leis an gcuid eile den Eoraip nuair a bheidh sé faoi réir.

An éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú

An tomhaltas a laghdú, sin bealach maith le caiteachas agus spleáchas na hEorpa ar iompórtáil fuinnimh a laghdú. Chuige sin, is cóir gach rud a dteastaíonn fuinneamh lena n-aghaidh — idir charranna, mheaisíní níocháin, chórais téimh agus trealamh oifige — a cheapadh sa dóigh gur lú a riachtanas fuinnimh.

I mí na Samhna 2016 mhol an Coimisiún, sa phacáiste “Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad” leasuithe ar dhlíthe áirithe chun éascaíocht a dhéanamh don aistriú chuig córas fuinnimh ghlain. Mar chuid den phacáiste sin, tá bearta a chuirfidh dlús leis an nuálaíocht i ndáil leis an bhfuinneamh glan, bearta athchóiriúcháin chun foirgnimh na hEorpa a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, agus bearta chun feidhmíocht fuinnimh táirgí a fheabhsú agus eolas níos fearr a chur ar fáil do na tomhaltóirí.

Astaíochtaí a laghdú

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach go laghdóidh sé a astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin 40 % faoi 2030, agus ag an am céanna go ndéanfar geilleagar an Aontais a nuachóiriú agus fostaíocht agus fás a spreagadh a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh uile na hEorpa.

Spriocanna nithiúla aeráide

Bhí ról príomha ag an Aontas Eorpach san idirbheartaíocht faoi shocrú le dul i ngleic leis an athrú aeráide, i mí na Nollag 2015. Ag comhdháil aeráide Pháras, chomhaontaigh 195 rialtas leis an téamh domhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C an céad seo. I mí Dheireadh Fómhair 2016, d’fhormhuinigh an tAontas go foirmiúil Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus tháinig sé i bhfeidhm i Samhain na bliana céanna. Fágann sin go gcaithfidh an tAontas Eorpach (agus an chuid eile den domhan) na bearta is gá a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú.

I mí Iúil 2016 mhol an Coimisiún spriocanna bliantúla ceangailteacha do na Ballstáit dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa idir 2021 agus 2030 in earnálacha an iompair, na bhfoirgneamh, na talmhaíochta, na dramhaíola, na talamhúsáide agus na foraoiseachta, mar aon le straitéis le haghaidh iompar ar bheagán astaíochtaí.

Taighde agus nuálaíocht

Faoi chlár taighde an Aontais, tá beagnach €6 bhilliún curtha in áirithe don taighde ar fhuinneamh neamh-núicléach le haghaidh na mblianta 2014 go 2020. I mí Mheán Fómhair 2015 ghlac an Coimisiún an Straitéiseach Fuinnimh lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin nach mór a shárú le hathrú ó bhonn a chur ar chóras fuinnimh an Aontais. Tá an plean sin dírithe ar bhearta a chuideoidh leis an Aontas Eorpach bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, agus córais a atá tíosach ar fhuinneamh a cheapadh.

Is ollmhór iad na deiseanna easpórtála agus tionsclaíochta a thiocfaidh as a bheith ar thosach an tslua maidir leis na teicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí malartacha agus le tomhaltas fuinnimh a laghdú. Cuirfear borradh faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht dá bharr freisin.

Is mór é an ról a bheidh ag na foinsí in-athnuaite fuinnimh san aistriú chuig córas fuinnimh ghlain. Tá a sprioc leagtha amach ag an Eoraip, mar atá 27 % ar a laghad den tomhaltas deiridh fuinnimh a bheith ag teacht, ar bhonn comhpháirteach, ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh faoi 2030. In 2030, is as foinsí in-athnuaite a bheidh leath den leictreachas a ghinfear san Aontas Eorpach ag teacht. Faoi 2050, ba chóir ár gcuid leictreachais a bheith go huile is go hiomlán saor ó charbóin.

Tá fáil ar an bhfoilseachán seo i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus sna formáidí seo a leanas:

PDF PRINT
  • An Coimisiún Eorpach
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Faisnéis don Saoránach
  • 1049 An Bhruiséil
  • AN BHEILG