Ceannródaithe an Aontais Na ceannródaithe a chuidigh le bunú na hEorpa mar atá sí inniu Ceannródaithe an Aontais Na ceannródaithe a chuidigh le bunú na hEorpa mar atá sí inniu Cruthaíodh an Eoraip mar atá sí inniu a bhuí le spreagadh na gceannairí físeacha a ndéantar cur síos orthu sa leabhrán seo, ina measc sin tá trodaithe frithbheartaíochta, marthanóirí an uileloiscthe, polaiteoirí agus réalta scannán fiú. Grúpa éagsúil a bhí i gceannródaithe an Aontais ach bhí na hidéil chéanna acu i gcoiteann: Eoraip shíochánta aontaithe rachmasach. D’oibrigh cuid mhór acu chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht san Eoraip tar éis uafáis dhá chogadh dhomhanda agus chun síocháin agus dlúthpháirtíocht idir daoine a chur chun cinn. Sheas siad an fód ar son na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe: an tsaoirse, an daonlathas agus an comhionannas; urraim do dhínit an duine, cearta an duine agus an smacht reachta; agus dlúthpháirtíocht agus cosaint do gach duine sa tsochaí. Is é is aidhm don leabhrán seo taifead a dhéanamh ar thionchar an oiread a rinne siad ar son bhunchlocha an Aontais. D’oibrigh siad ar son na síochána agus an rathúnais, agus chun an t‑eisiamh sóisialta agus an t‑idirdhealú a dhíothú. Chuidigh siad le córais a fhorbairt as ar eascair cobhsaíocht eacnamaíoch agus, sa deireadh, airgeadra aonair, agus sheas siad an fód ar son stair chultúrtha shaibhir na hEorpa. Murach a dtreallús agus a samhlaíocht, ní bheimis ag maireachtáil sa timpeallacht síochána agus cobhsaíochta mar atá inniu againn san Eoraip. Níl sna beathaisnéisí gairide seo ach blaiseadh beag ar na hailt atá ar fáil ina n‑iomláine anseo ar líne: https://european-union.europa.eu/principles-countries-history/history-eu/eu-pioneers_ga Jean Monnet 1888–1979 Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda in 1914, diúltaíodh d’iarratas Jean Monnet dul isteach san arm ar chúiseanna sláinte. Le fónamh dá thír ar shlí eile agus chun cuidiú le hiarrachtaí cogaidh na Fraince, chuir Monnet a sheirbhísí faoi bhráid an rialtais chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar sholáthairtí cogaidh a iompar. Glacadh leis an moladh sin agus rinne Uachtarán na Fraince idirghabhálaí eacnamaíoch de. Toisc gur léirigh sé an‑chumas le linn an chogaidh, ainmníodh ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Náisiún é an tráth a cruthaíodh é in 1919 agus é 31 bhliain d’aois. Nuair a d’éag a athair in 1923 d’fhill Monnet ar Cognac, a bhaile dúchais, agus d’éirigh leis gnó an teaghlaigh, a raibh dóigh anásta air, a chur ar a chosa arís. Ag tús an Dara Cogadh Domhanda, ceapadh Monnet ina Uachtarán ar Choiste Franc-Bhriotanach a bunaíodh chun acmhainneacht táirgeachta an dá thír a chomhordú. Sheol rialtas na Breataine chuig na Stáit Aontaithe é chun ceannach na soláthairtí cogaidh a mhaoirsiú. Chuaigh sé i bhfeidhm ar Uachtarán Mheiriceá, Franklin D. Roosevelt, níorbh fhada go raibh Monnet ina chomhairleoir dílis ag Roosevelt, agus spreag Monnet an tUachtarán chun acmhainneacht táirgeachta trealaimh mhíleata a mhéadú sular tháinig SAM isteach sa chogadh fiú. Ceapadh Monnet ina bhall de Choiste na Fraince don tSaoirse Náisiúnta in 1943, rialtas de facto na Fraince a bhí ar deoraíocht i gCathair na hAilgéire. Is ag an am sin a léirigh sé go hoscailte an aisling a bhí aige maidir le hEoraip Aontaithe chun an tsíocháin a dhaingniú. Ag cruinniú den choiste sin an 5 Lúnasa 1943, dhearbhaigh Monnet: “Ní bheidh aon síocháin san Eoraip má athdhéantar na stáit ar bhonn ceannasacht náisiúnta […] tá tíortha na hEorpa róbheag chun an rathúnas agus an fhorbairt shóisialta is gá a ráthú dá bpobail. Ní mór do stáit na hEorpa cónaidhm a dhéanamh díobh féin […]” Agus an teannas idirnáisiúnta ag dul i méid, shíl Monnet gur mhithid dul sa tóir ar aontacht na hEorpa agus thosaigh sé féin agus a fhoireann ag obair ar choincheap an Chomhphobail Eorpaigh. An 9 Bealtaine 1950 thug Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an rud dá ngairtear “Dearbhú Schuman” thar ceann rialtas na Fraince. Monnet a thionscain agus a d’ullmhaigh an Dearbhú sin lenar moladh táirgeadh uile guail agus cruach na Gearmáine agus na Fraince a chur faoi ard-údarás amháin. Ba é an smaoineamh go gcoiscfí aon chogadh feasta dá roinnfeadh an dá thír ba chumhachtaí san Eoraip táirgeadh na n‑acmhainní sin eatarthu. Ós rud é gur tháinig freagraí dearfacha ó rialtais na Beilge, na Gearmáine, na hIodáile, na hÍsiltíre, agus Lucsamburg, leis an dearbhú sin leagadh bonn an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, réamhtheachtaí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin. Konrad Adenauer 1876–1967 Roghnaigh comhthírigh Konrad Adenauer sa Ghearmáin é mar “An Gearmánach is tábhachtaí riamh” in 2003, d’oibrigh sé go dian dícheallach ar mhaithe le hAontacht na hEorpa agus síocháin bhuan idir náisiúin. Ní fhéadfaí an Eoraip mar atá sí inniu a chruthú gan an mhuinín a mhúscail Adenauer i dtíortha eile na hEorpa a shampla féin agus sampla na Gearmáine a leanúint. D’fhág taithí cogaidh Adenauer a lorg ar a chuid tuairimí. Bhí sé sna tríochaidí agus ina leas-mhéara ar Köln nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. In ainneoin an chruatain, d’éirigh leis an chathair a choinneáil ag feidhmiú le haghaidh a muintire agus le haghaidh an airm a d’úsáid an chathair mar phríomh-bhunáit soláthair agus iompair le haghaidh shaighdiúirí na Gearmáine. Ceapadh ina mhéara ar Köln é in 1917 ach briseadh as a phost é in 1933 tar éis easaontú leis an bpáirtí Naitsíoch i ngeall gur dhiúltaigh sé an chathair a mhaisiú le svaisticí le linn chuairt Hitler ar an gcathair. Cuireadh in iúl dó go raibh a shaol i mbaol agus mar sin, theith Adenauer agus tugadh tearmann dó i mainistir go dtí go raibh sé slán le himeacht. Cé gur mheas na Naitsithe gur bheag an baol a bhí in Adenauer ag an am sin, chuaigh siad sa tóir air ó am go ham. Chaith sé seal i bpríosún agus cuireadh a ainm ar liosta daoine a bhí le díbirt ach ar bhealach éigin, tháinig sé slán as an gcogadh. Agus na Naitsithe cloíte, thug Adenauer faoina chuspóirí a bhaint amach, is é sin athmhuintearas a dhéanamh idir an Ghearmáin agus a sean‑naimhde, go háirithe an Fhrainc, agus síocháin bhuan a chruthú san Eoraip. Toghadh ina Sheansailéir ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine (An Ghearmáin Thiar) é an 15 Meán Fómhair 1949. Le linn na mblianta ina dhiaidh sin, dhírigh sé a thír isteach i gComhairle na hEorpa (1951) agus chinntigh sé go raibh ról tábhachtach ag Iarthar na Gearmáine i mbunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (1952). Bunaíodh an eagraíocht sin chun coinbhleacht eile a sheachaint trí na hearnálacha a bhí ag croílár ghluaiseacht chogaíochta na hEorpa a rialú. Dhírigh Adenauer ar Iarthar na Gearmáine a thabhairt isteach in ECAT in 1955, agus b’fhéidir gurbh é an bhallraíocht sin an tuar ba mhó go raibh an tír ag filleadh ar an tréad idirnáisiúnta. Chreid Adenauer go bhféadfadh caidreamh láidir idir Iarthar na Gearmáine agus an Fhrainc a bheith ina bhonn don tsíocháin bhuan agus don chobhsaíocht san Eoraip, agus mar thoradh air sin síníodh Conradh Élysée in 1963, ar a dtugtar Conradh an Chairdis chomh maith. Leis an gconradh sin rinneadh an t‑athmhuintearas idir an dá thír a dhaingniú agus cuireadh bonn láidir faoin gcaidreamh lenar cuireadh deireadh leis an ngéarchoimhlint eatarthu a mhair na céadta bliain. A bhuí le fís Adenauer maidir le ról a thíre le haghaidh Eoraip Aontaithe, cinntíodh de go ndearnadh sochaí oscailte agus dhaonlathach den Ghearmáin mar atá sí sa lá atá inniu ann. Louise Weiss 1893–1983 Bhí Louise Weiss ina hiriseoir agus ina polaiteoir agus bhí tionchar mór aici ar chúrsaí na Fraince agus ar chúrsaí idirnáisiúnta ó na 1920í go dtí go bhfuair sí bás in 1983. Na nithe a chonaic sí in ospidéil mhachaire le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, chuaigh siad i gcion go mór uirthi. Chaith sí a saol ag obair ar son na síochána trína cuid oibre le nuachtáin éagsúla ar dtús agus ina dhiaidh sin trína dúthracht ar son chearta vótála na mban. Le linn an Dara Cogadh Domhanda chuidigh sí chun na mílte páistí Giúdacha a shábháil ó na Naitsithe agus chuaigh sí isteach i bhFrithbheartaíocht na Fraince. Tar éis an chogaidh chuaigh Weiss ag taisteal timpeall an domhain, agus is iomaí alt a scríobh sí d’irisí móra agus nuachtáin mhóra na Fraince faoin ról lárnach a d’fhéadfadh an tIarthar, agus an Eoraip go háirithe, a ghlacadh chun luachanna daonlathacha a chur chun cinn ar fud an domhain. A bhuí leis an gcreideamh sin aici, chuir sí an Eoraip chun cinn ina rogha mhalartach ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas Sóivéadach le linn an Chogaidh Fhuair. Bhunaigh sí Fondúireacht Louise Weiss in 1971 chun duais bhliantúil a bhronnadh ar an duine nó ar an institiúid is mó a chuir le dul chun cinn “eolaíocht na síochána”. Ar bhuaiteoirí na duaise sin tá Václav Havel, Helmut Schmidt agus Simone Veil. Agus a haird dírithe ar an Eoraip ansin, sheas Weiss le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus toghadh í in 1979. Le linn a céad óráide uaithi i bParlaimint na hEorpa, d’iarr sí ar mhuintir uile na hEorpa a aontú ar bhonn cultúr coiteann in áit leasanna eacnamaíocha coiteanna amháin. Ba í Louise Weiss an feisire ba shine den Pharlaimint nuair a fuair sí bás in 1983 agus í 90 bliain d’aois. Tar éis a báis, d’ainmnigh an Pharlaimint a príomhfhoirgneamh in Strasbourg aisti in ómós don tacaíocht a thug sí ar feadh a saoil do luachanna na hEorpa. Alcide De Gasperi 1881–1954 Ba pholaiteoir Iodálach é Alcide De Gasperi agus ba é an Príomh-Aire deiridh ar Ríocht na hIodáile agus an chéad Phríomh-Aire ar Phoblacht na hIodáile. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, rinne sé maoirseacht ar dhaonlathas nua na hIodáile a thógáil, geilleagar na tíre a atógáil agus athiontráil na hIodáile sa spás polaitiúil idirnáisiúnta. D’oibrigh De Gasperi chun cuidiú leis an nGearmáin agus an Fhrainc a thabhairt le chéile tar éis coinbhleacht a mhair ar feadh beagnach céad bliain. Tar éis do dheireadh teacht leis an gcogadh, chuaigh De Gasperi i mbun feachtais go gníomhach chun an Eoraip a aontú i ngeall gur chreid sé gurbh é sin an t‑aon bhealach chun coinbhleacht eile a sheachaint. Ba í an fhís shoiléir a bhí ag De Gasperi a spreag é aontas Eorpach nach nglacfadh ionad na stát ach a d’fhágfadh go bhféadfaidís a bheith ag obair as lámh a chéile. “Ní le lámh láidir a thógfar an todhchaí, ná le dúil concas a dhéanamh, ach tríd an modh daonlathach a chur i bhfeidhm go foighneach, de mheon cuiditheach an chomhaontaithe agus tríd an tsaoirse a urramú,” a dúirt sé nuair a ghlac sé le duais Charlemagne in 1952 as an obair a rinne sé ar son Eoraip aontaithe. Tríd agus tríd, ba é seo an teachtaireacht a thug sé do cheannairí na Gearmáine agus na Fraince agus tús á chur aige lena chuid iarrachtaí idirghabhála chun tacú le glao Robert Schuman an 9 Bealtaine 1950 ar son Eoraip chomhtháite. Chuidigh obair De Gasperi le bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, eagraíocht a rinne deimhin de, go bunúsach, nach raibh sé de chumas náisiúin na hEorpa cogadh a chur ar a chéile. Ainmníodh é ina chéad uachtarán ar Thionól Parlaiminteach an Chomhphobail in 1954 mar chúiteamh ar a chuid iarrachtaí. Sa bhreis ar an obair a rinne sé chun Comhairle na hEorpa a chur ar bun, d’éirigh le De Gasperi cuspóir eile dá chuid a bhaint amach, is é sin an Iodáil a chur i lár an aonaigh an athuair ar bhonn idirnáisiúnta nuair a chuaigh a thír isteach sa Chomhphobal leis na cúig Bhallstát bhunaidh eile. Bhí fís níos forleithne ag De Gasperi chomh maith – an comhar idirnáisiúnta a bheith mar bhonn don tsíocháin. Ba é an fear ba chúis leis an Iodáil dul isteach i bPlean Meiriceánach Marshall agus in ECAT. Robert Schuman 1886–1963 Scaoileadh é ó sheirbhís mhíleata mar gheall ar a shláinte le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, throid Robert Schuman sa Dara Cogadh Domhanda agus é ina bhall de Fhrithbheartaíocht na Fraince, ghabh na Naitsithe é ar deireadh agus cuireadh i bpríosún é. Ba bheag nár díbríodh é go sluachampa géibhinn Dachau, theith sé chuig limistéar “saor” na Fraince, agus d’imigh sé i bhfolach ann nuair a rinne na Naitsithe ionradh ar an limistéar sin. Fad agus a bhí sé i bhfolach agus airgead á thairiscint chun é a ghabháil, thug sé dúshlán na nGearmánach ar feadh na 3 bliana ina dhiaidh sin. D’éirigh Schuman gníomhach i saol na polaitíochta idir an dá chogadh, tráth a thosaigh sé a sheirbhís phoiblí agus é ina fheisire de Pharlaimint na Fraince le haghaidh réigiún Moselle. Rugadh ina shaoránach den Ghearmáin i Lucsamburg é Robert Schuman, tugadh réigiún Alsace-Lorraine ar ais don Fhrainc in 1919 agus ba shaoránach den Fhrainc ansin é. Tar éis an chogaidh d’fhill sé ar an bpolaitíocht náisiúnta agus bhí go leor poist ardleibhéil aige i ndiaidh a chéile, poist an Phríomh-Aire agus an Aire Gnóthaí Eachtracha ina measc. Rinneadh príomh-idirbheartaí de maidir le príomhchonarthaí agus tionscnaimh ar nós Chomhairle na hEorpa, Phlean Marshall agus ECAT – iad uile dírithe ar chomhar a mhéadú laistigh de chomhghuaillíocht an iarthair, agus ar an Eoraip a aontú. Is é an cháil is mó atá air Dearbhú Schuman lenar mhol sé leasanna eacnamaíocha a chónascadh. Bhí sé deimhin de go mbeadh an chogaíocht “doshamhlaithe agus dodhéanta ó thaobh ábhair de” dá ndéanfaí leasanna náisiúin na hEorpa a chónascadh ar an dóigh sin. I gcomhar le Jean Monnet, tharraing sé suas Plean Schuman a d’fhoilsigh sé an 9 Bealtaine 1950, dáta a aithnítear anois mar dháta breithe an Aontais Eorpaigh agus ar a ndéantar ceiliúradh gach bliain mar Lá na hEorpa. Thug sé óráid uaidh in éineacht leis an dearbhú ina dúirt sé go gcuirfí táirgeadh guail agus cruach faoi chomhrialú, is iad sin na bunábhair is tábhachtaí don tionscal armála. Ní lú ná 1 bhliain amháin ina dhiaidh sin, an 18 Aibreán 1951, shínigh na sé Bhallstát bhunaidh (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír) Conradh Pháras. Cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, céad Chomhphobal fornáisiúnta na hEorpa. Réitigh an eagraíocht cheannródaíoch sin an bealach do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus don Aontas Eorpach ina dhiaidh sin. Simone Veil 1927–2017 Ba mharthanóir ó shluachampaí géibhinn Naitsíocha í Simone Veil. Na heachtraí trámacha a bhain di le linn a hóige agus an Dara Cogadh Domhanda a ghríosaigh í chun a bheith tiomanta don Eoraip Aontaithe, cúis a bhí ina gáir chatha aici ar feadh a saoil. Thosaigh saol polaitiúil Veil nuair a chuaigh sí leis an dlí mar ghairm. In 1974, chuaigh sí isteach i rialtas na Fraince faoin Uachtarán Giscard d’Estaing mar Aire Sláinte. Go luath i ndiaidh a ceapacháin, throid sí chun an ginmhilleadh a dhéanamh dleathach sa Fhrainc agus níor éirigh léi go dtí gur thaobhaigh an freasúra sa chomhthionól náisiúnta léi chun an dlí a ghlacadh in 1975. Measadh gur chéim mhór chun tosaigh a bhí ann agus mar gheall air sin, is é “la loi Veil” a tugadh ar an dlí go forleathan ina dhiaidh sin. De réir mar a d’éirigh léi ina gairm bheatha pholaitiúil sa Fhrainc, ba mhó a ghabh sí uirthi féin ar son Eoraip saor ó choinbhleacht agus ansmacht. D’iarr Giscard d’Estaing ar Veil a bheith in airde liosta iarrthóirí a pháirtí sa chéad toghchán díreach do Pharlaimint na hEorpa in 1979. Toghadh Veil chun Pharlaimint na hEorpa agus roghnaigh an Pharlaimint mar Uachtarán í, agus ar an gcaoi sin ba í an chéad bhean a bhí ina ceannaire ar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. Bronnadh duais Charlemagne uirthi 2 bhliain ina dhiaidh sin, duais lena ndéantar iarrachtaí ar son aontacht na hEorpa a cheiliúradh. In 1993, tar éis di 14 bliana a thabhairt i bParlaimint na hEorpa, d’fhill Veil ar shaol polaitiúil na Fraince agus bhí sí ina hAire Stáit agus ina hAire um Shláinte agus Ghnóthaí Sóisialta go dtí 1995. In 1998, ceapadh í ina comhalta de Chomhairle Bhunreachtúil na Fraince. In 2008, tráth a toghadh í ar an Académie Française, agus í ar an dornán ban ar bronnadh an onóir sin orthu, greanadh, arna iarraidh sin di, trí ráiteas ar an gclaíomh searmanais a dhéantar go speisialta do gach comhalta den acadamh. An uimhir a cuireadh ina tatú uirthi in Auschwitz, 78651; mana Phoblacht na Fraince, “Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas”; agus mana an Aontais Eorpaigh, “Aontaithe san Éagsúlacht”. Fuair sí bás in 2017, cuireadh a taisí i Másailéam Panthéon i bPáras in 2018. Ba í an cúigiú bean í ar ar bronnadh an onóir sin. Joseph Bech 1887–1975 In 1950, nuair a mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, eagraíocht a bhunú arbh é ab aidhm di, go bunúsach, cosc a chur ar thíortha na hEorpa cogadh a fhearadh ar a chéile, bhí Aire Eachtrach Lucsamburg go mór i bhfách leis. Chreid Bech go láidir in Eoraip chobhsaí rathúil a bhaint amach trí chomhar eacnamaíoch níos dlúithe. Chomh maith le cosc a chur ar choinbhleacht thubaisteach ar nós an Dara Cogadh Domhanda, chonacthas do Bech – a bhí tar éis teitheadh ó Lucsamburg, a bhí faoi réimeas na Naitsithe, chun seirbhís a dhéanamh i rialtas a thíre a bhí ar deoraíocht i Londain – gur dheis é bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach dá thír bheag a rian féin a fhágáil ar Eoraip nua. Bhí ról tábhachtach aige cheana féin in Aontas Custaim Benelux a chruthú idir rialtais na Beilge agus na hÍsiltíre agus Lucsamburg, agus iad ar deoraíocht in 1944. Sna 1950í, bhí sé ar na daoine is mó a raibh lámh acu i dtaca le lánpháirtíocht na hEorpa. I mí an Mheithimh 1955 rinne Bech cathaoirleacht ar Chomhdháil Messina, as ar tháinig Conradh na Róimhe lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an eagraíocht a bhí ann roimh an Aontas Eorpach. Díríodh sa chomhdháil sin ar mheamram a fuarthas ó na trí thír Benelux, agus bhí Joseph Bech ina ionadaí thar ceann Lucsamburg don mheamram sin. Is meascán a bhí sa doiciméad sin idir pleananna na Fraince agus na hÍsiltíre chun gníomhaíochtaí nua a dhéanamh sna réimsí iompair agus fuinnimh, go háirithe fuinneamh núicléach, agus cómhargadh, agus fócas ar an ngá le comhúdarás ag a mbeadh cumhachtaí dáiríre. In 1959, d’éirigh Bech as mar Aire Eachtrach agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht in 1964. Marga Klompé 1912–1986 Ba eolaí agus múinteoir í Marga Klompé, agus bhí sí gníomhach i bhFrithbheartaíocht na hÍsiltíre le linn an Dara Cogadh Domhanda. Toghadh ina feisire Parlaiminte san Ísiltír í in 1948, agus bhí sí ar dhuine de chaibidleoirí Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe. Ba í Marga Klompé an chéad chomhalta mná i gComhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, an eagraíocht ba réamhtheachtaí do Pharlaimint na hEorpa ar reáchtáladh an chéad seisiún dá chuid in 1952. In 1955, ceapadh Klompé ar mheitheal oibre a bhunaigh an Comhthionól chun díriú ar chur chun feidhme chumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach a fheabhsú, na cumhachtaí sin a leathnú, agus margadh aonair a chruthú a chumhdódh níos mó réimsí ná an earnáil guail agus cruach amháin. In 1956, d’fhág sí an Comhthionól le dul isteach i gcomhrialtas na hÍsiltíre, comhrialtas a bhí ar chlé ón lár, faoi cheannas an Phríomh-Aire Willem Drees. Ba í an chéad aire mná de chuid na hÍsiltíre í. I measc a héachtaí mar Aire Oibre Sóisialta bhí tabhairt isteach Acht an Chúnaimh Ghinearálta, a tháinig in ionad dhlí na mbocht. A bhuí leis an reachtaíocht sin, a tháinig i bhfeidhm in 1965, tugadh ceart ar chosaint shóisialta do chách. Bhí sí ina hAire Cultúir, Áineasa agus Oibre Sóisialta ó 1966 go dtí 1971 i gcomh-aireacht an Phríomh-Aire Piet de Jong. Sa bhliain 1971, bronnadh an teideal “Aire Stáit” ar Klompé, onóir a thugtar san Ísiltír do pholaiteoirí sinsearacha ardmholta ag deireadh a ngairmréime. Tar éis di éirí as saol na polaitíochta, lean Klompé uirthi i mbun feachtais ar son an cheartais idirnáisiúnta agus na freagrachta sóisialta, agus cháin sí córas na cinedheighilte san Afraic Theas mar chuid den obair sin. Ba láidir an creideamh Caitliceach a bhí ag Klompé. Cheap an Pápa Pól VI ina cathaoirleach í ar Choimisiún Náisiúnta na hÍsiltíre um Cheartas agus Síocháin, agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Aontas na mBanchéimithe Caitliceacha agus Sheirbhís Oibre Deonaí na mBan Caitliceach. Winston Churchill 1874–1965 Nuair a smaoiníonn tú ar Winston Churchill, seans gurb é an chéad íomhá a rithfeadh leat figiúr ceannasach ag tabhairt comhartha an bhua agus é ag baint smailc as todóg. Níl sa léiriú coiteann sin ach gné amháin den iar-oifigeach airm, tuairisceoir cogaidh agus Príomh-Aire na Breataine a thug misneach do náisiún a bhí faoi ionsaí. Déantar dearmad go minic go raibh Winston Churchill tiomanta do choincheap na lánpháirtíochta Eorpaí agus go raibh sé ar na chéad daoine a mhol “Stáit Aontaithe na hEorpa” a chruthú. Bhí sé ar dhuine den iliomad ceannairí a chreid go daingean, i ngeall ar an taithí a bhí aige ar an gcogadh, nach bhféadfaí síocháin a chinntiú ach le hEoraip aontaithe. An rosc catha a thug sé uaidh an 4 Meitheamh 1940, “Rachaimid chun catha ar na tránna”, áirítear é ar cheann de na dearbhuithe is cáiliúla dá chuid. Óráid eile a dtugtar neamhaird uirthi uaireanta, áfach, is ea an chaint a thug Churchill ag Ollscoil Zurich in 1946. Sa chaint sin, thug sé ar Eorpaigh a gcúl a thabhairt le huafáis an ama a chuaigh thart agus breathnú rompu. Dhearbhaigh sé gurbh é an chéad chéim chun “mórtheaghlach Eorpach” an cheartais, na trócaire agus na saoirse a athchruthú ná “Stáit Aontaithe na hEorpa de chineál éigin a thógáil. Is é sin an t‑aon bhealach amháin atá ann chun go mbeidh suáilceas le baint as an saol arís ag na milliúin díobh siúd atá ag sracadh leo agus chun go mbeidh siad faoi dhóchas an athuair, nó sin na nithe a chuireann craiceann ar an saol”. Leis an iarraidh sin, bhí Churchill ar dhuine de na chéad daoine leis an lánpháirtíocht Eorpach a mholadh ionas nach dtarlódh ainghníomhartha an dá chogadh dhomhanda arís go deo agus é ag iarraidh go mbunófaí Comhairle na hEorpa mar chéad chéim. In 1948, tháinig 800 toscaire ó gach cearn den Eoraip le chéile ag Comhdháil Mhór na hEorpa sa Háig agus bhí Churchill ina uachtarán onórach uirthi. Bunaíodh Comhairle na hEorpa mar thoradh air sin an 5 Bealtaine 1949 agus d’fhreastail Churchill é féin ar an gcéad chruinniú den Chomhairle. Helmut Kohl 1930–2017 agus François Mitterrand 1916–1996 Beirt de na ceannairí polaitiúla is aitheanta ón 20ú haois san Eoraip, agus ina theannta sin, beirt de na polaiteoirí is lú, b’fhéidir, a mbeifí ag súil leis go n‑oibreoidís chomh dlúth sin le chéile. Is le linn dá dhá náisiún a bheith ag troid in dhá chogadh ollmhóra a rugadh agus a tógadh Helmut Kohl, Seansailéir na Gearmáine, agus François Mitterrand, Uachtarán na Fraince. D’oibrigh Kohl agus Mitterand go dian chun an caidreamh a bhí ann tar éis an chogaidh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin a threisiú, agus leag siad béim ar a thábhachtaí a bhí sé síocháin a bheith ann idir an dá náisiún chun lánpháirtíocht na hEorpa a shaothrú. Íomhá iomráiteach chorraitheach a bhí i mbéal na meán ar fud an domhain is ea an íomhá den bheirt cheannairí agus iad i ngreim láimhe ina chéile ag searmanas an 22 Meán Fómhair 1984 chun comóradh a dhéanamh ar thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda 70 bliain roimhe sin. Helmut Kohl Is in Ludwigshafen na Gearmáine in 1930 a rugadh Helmut Kohl, agus is i saol na hacadúlachta a chuir sé tús lena shaol oibre, go dtí go ndeachaigh sé bealach an ghnó ina dhiaidh sin agus bealach na polaitíochta sa deireadh thiar. In 1959, toghadh ina cheannaire é ar chraobh a bhaile dúchais den Aontas Daonlathach Críostaí (CDU), agus ba ghearr gur shaothraigh sé a bhealach aníos tríd an bpolaitíocht áitiúil agus réigiúnach. Tar éis dó a bheith ina Aire-Uachtarán ar Dhúiche na Réine agus an Phalaitíneacht (rud a d’fhág gurbh é an ceann rialtais tofa is óige sa Ghearmáin é), agus ina chathaoirleach ar CDU, thug sé na chéad chéimeanna chun Seansailéireacht Iarthar na Gearmáine a bhaint amach. In 1982, briseadh an rialtas mar gheall ar vóta mímhuiníne a thionscain CDU. Thogh an Bundestag Kohl ina Sheansailéir ina dhiaidh sin, agus bliain ina dhiaidh sin arís, fuair sé greim níos doichte ar an gcumhacht trí thoghcháin chónaidhme 1983 a bhaint le farasbarr suntasach. Is as a thiomantas chun aon stát amháin a dhéanamh den Ghearmáin is fearr atá cuimhne air. Ba é an chéad Seansailéir a chuir fáilte roimh cheann stáit Oirthear na Gearmáine i gcáil taidhleoireachta, agus tar éis thitim Bhalla Bheirlín, ba go diongbháilte a shaothraigh sé athaontú Oirthear agus Iarthar na Gearmáine. In 1990, shínigh agus dhaingnigh an dá pharlaimint conradh, conradh lenar athaontaíodh an Ghearmáin tar éis 45 bliana, agus conradh a d’fhág go rabhthas níos cóngaraí d’fhíorú na físe a bhí ag Kohl den Eoraip a bheith aontaithe. François Mitterrand Rugadh François Mitterrand in Charente na Fraince in 1916 agus dhaingnigh sé a sheasamh polaitiúil ar eite dheis náisiúnach na Fraince. Coinscríobhadh sna línte tosaigh é ag tús an Dara Cogadh Domhanda, gabhadh in 1940 é agus coimeádadh mar phríosúnach cogaidh de chuid na Gearmáine é. Tar éis dó éalú, d’oibrigh sé seal faoi réimeas Vichy na Fraince sular chlaon sé leis an eite chlé agus go ndeachaigh sé le Frithbheartaíocht na Fraince. Chuir sé le chéile gréasán de phríosúnaigh chogaidh eile agus de ghrúpaí frithbheartaíochta armtha de chuid na Fraince sular éalaigh sé go Londain. Tar éis an chogaidh, threisigh sé a sheasamh ar an eite chlé trí dhul i gcoinne Charles de Gaulle, agus toghadh ina cheannaire ar Pháirtí Sóisialach na Fraince ar deireadh é. Toghadh ina Uachtarán é in 1981, agus é ina cheannaire ar an gcéad rialtas de chuid na heite clé sa tír le 23 bliana. Agus é ina Uachtarán, thacaigh Mitterrand le méadú an Aontais trí aontachas na Spáinne agus na Portaingéile leis an Aontas a spreagadh. Chomh maith leis sin, chreid sé in Aontas níos comhtháite agus rinne sé a chion chun an Ionstraim Eorpach Aonair a rith in 1986, ionstraim lenar bunaíodh na chéad bhunchlocha dlíthiúla le haghaidh an mhargaidh aonair Eorpaigh. An grianghraf clúiteach de Kohl agus Mitterrand agus iad ag freastal ar shearmanas cuimhneacháin in Verdun, an áit ar troideadh ceann de na cathanna is faide sa Chéad Chogadh Domhanda, léirigh sé an oiread dul chun cinn a rinne an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Eoraip ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda. Mar aitheantas ar an méid ollmhór a rinne siad le linn a saoil ar son an chaidrimh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, bronnadh duais Charlemagne orthu in 1988, duais a bhronntar as obair a dhéantar ar son aontú na hEorpa. Bhí Kohl ina Sheansailéir ar feadh 16 bliana, an seansailéir is faide téarma oifige san 20ú haois. Ar an gcaoi chéanna, bhí Mitterrand ina Uachtarán ar Phoblacht na Fraince ar feadh 14 bliana, an tréimhse uachtaránachta is faide i stair na Fraince. Chuaigh Kohl agus Mitterand ar shlí na fírinne in 2017 agus 1996 faoi seach, tar éis na blianta fada seirbhíse a thabhairt dá dtíortha féin agus don Eoraip. Johan Willem Beyen 1897–1976 Chuir an polaiteoir Ísiltíreach Johan Willem Beyen ina luí ar a chomhcheannairí Eorpacha glacadh lena phlean le haghaidh lánchomhar eacnamaíoch. I lár na 1950í nuair a bhí Beyen ag forbairt a thogra le haghaidh aontas custaim, thuig sé a dheacra a bheadh sé a áitiú ar fhórsaí drogallacha san Ollainn, a thír dhúchais, agus sa chuid eile den Eoraip, glacadh le tuilleadh lánpháirtíocht Eorpach. Dhá eachtra chinniúnacha a bhí i nDearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 agus i gcruthú Comhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach ina dhiaidh sin in 1952 i dtaca le téarnamh na hEorpa tar éis an chogaidh, ach bhí go leor ceannairí sa Chomhphobal amhrasach faoina mbeadh i gceist le tuilleadh lánpháirtíochta, go háirithe ó thaobh an gheilleagair de. Ach chreid Beyen gur mhithid níos mó comhair fós a éileamh idir náisiúin na hEorpa. Bhain a phlean leis an gcoincheap gur ghá lánpháirtíocht iomlán, ach ní i réimse an ghuail agus na cruach amháin. An réiteach a bhí ann cómhargadh le haghaidh gach ruda, cómhargadh a bhí ar aon dul le comhaontú “Benelux” a síníodh idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír in 1944. Agus Plean Beyen á chur i láthair ag Comhdháil Messina in 1955 aige, is é an mana a bhí ag Beyen nach bhféadfaí an aontacht pholaitiúil a raibh formhór na rannpháirtithe (nó na rannpháirtithe uile) ag súil léi a bhaint amach gan cómhargadh a bheith ann ina mbeadh freagracht chomhchoiteann éigin le haghaidh beartas eacnamaíoch agus sóisialta. Ar deireadh, toisc gur glacadh le “Plean Beyen”, shínigh sé thír Conarthaí na Róimhe i mí an Mhárta 1957 agus chruthaigh siad Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Is deacair a shamhlú conas a rachadh an lánpháirtíocht Eorpach chun cinn murach an ról a bhí ag Willem Beyen. An tslí ar chuir sé an plean i láthair, sin a chuir beocht úr i dtionscadal na hEorpa nuair is mó a bhí gá leis, agus réitíodh an bealach chun an tAontas Eorpach atá againn inniu a chruthú. Ursula Hirschmann 1913–1991 I dteaghlach Giúdach meánaicmeach i mBeirlín a rugadh Ursula Hirschmann agus in 1932 chuaigh sí i bpáirt le heagraíocht na n‑óg sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach chun an fód a sheasamh in aghaidh rabharta na Naitsithe. Bhuail sí le Eugenio Colorni, fealsamh agus sóisialach óg Iodálach, agus phós siad. Ina dhiaidh sin, ghlac sí páirt ghníomhach sa fhreasúra frith-fhaisisteach a bhí ag feidhmiú faoi rún san Iodáil, tír dhúchais a céile. Nuair a gabhadh Colorni gur cuireadh i bpríosún é ar oileán Ventotene, chuaigh sise ann freisin chun bheith ina theannta. Ansiúd a chuir siad aithne ar Ernesto Rossi agus Altiero Spinelli, comhúdair Fhorógra Ventotene “ar son Eoraip shaor agus aontaithe”, a scríobhadh in 1941 agus a meastar go forleathan gurb é an túsphointe don chónaidhmeacht Eorpach é. Is éard a bhí san fhorógra, treoirphlean le haghaidh Aontas Eorpach daonlathach a d’fhéadfaí a chur ar bun tar éis an chogaidh. Éilíodh ann briseadh le stair na hEorpa le go gcuirfí córas polaitiúil nua ar bun trí athstruchtúrú polaitíochta agus athchóiriú sóisialta suntasach a dhéanamh. Rinne Hirschmann an forógra a smuigleáil go mórthír na hIodáile agus chuidigh sí lena scaipeadh. Ní fada go raibh an forógra léite ag mórán de lucht frithbheartaíochta na hIodáile a bhí ag troid in aghaidh na Naitsithe. Tar éis dóibh Ventotene a fhágáil, tháinig Hirschmann go dtí Milano, áit ar chuir sí Movimento Federalista Europeo (Gluaiseacht Chónaidhmeach na hEorpa) ar bun in 1943 in éineacht le Spinelli agus gníomhaithe eile. In Milano a tionóladh an chéad chruinniú i dtaca le bunreacht na gluaiseachta cónaidhmí i mí Lúnasa na bliana sin, agus is ansin a faomhadh sé bhunchloch na smaointeoireachta cónaidhmí a ceapadh in Ventotene. In 1944, dhúnmharaigh na faisistigh Eugenio Colorni sa Róimh. Phós Hirschmann Altiero Spinelli an bhliain dár gcionn. D’imigh siad ar a dteitheadh go dtí an Eilvéis, áit inar oibrigh siad le chéile chun Gluaiseacht Chónaidhmeach na hEorpa a idirnáisiúnú. Dá dhroim sin, chuidigh Hirschmann leis an gcéad chomhdháil cónaidhmeachta idirnáisiúnta a eagrú i bPáras in 1945. Ní hamhlaidh a chuir Hirschmann a tiomantas polaitiúil i leataobh nuair a tháinig an Dara Cogadh Domhanda chun deiridh. In 1975, bhunaigh sí an comhlachas Femmes pour l’Europe (Mná ar son na hEorpa) sa Bhruiséil. Paul-Henri Spaak 1899–1972 Duine eile de cheannródaithe móra an Aontais Eorpaigh a chonaic uafáis an chéid is fuiltí i stair na hEorpa a bhí i Paul-Henri Spaak, fear ar choimeád na Gearmánaigh mar phríosúnach é le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus a bhí ag feidhmiú mar Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge agus é ar deoraíocht le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tar éis an léirscrios a rinneadh san Eoraip le linn an Dara Cogadh Domhanda, thuig Spaak go raibh deis ann an Eoraip a atógáil trí chomhar eacnamaíoch agus polaitiúil. Nuair a bhí sé ar deoraíocht i Londain le linn an chogaidh, bhí Spaak agus a chomhghleacaithe ón Ísiltír agus ó Lucsamburg ag obair ar thionscadal an‑uaillmhianach: aontas custaim idir an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg. In 1944, tugadh an plean chun críche agus bunaíodh Aontas Custaim Benelux. Ráthófaí saorghluaiseacht airgid, daoine, seirbhísí agus earraí idir na trí thír. Spreag sin tuilleadh lánpháirtíochta san Eoraip ina dhiaidh sin. Mheas Spaak gur aontú tíortha trí oibleagáidí ceangailteacha conarthacha an bealach ba éifeachtaí chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a ráthú. Chuidigh sé na haidhmeanna sin a bhaint amach agus é ina uachtarán ar an gcéad lánchruinniú de na Náisiúin Aontaithe (1946) agus mar Ard-Rúnaí ECAT (1957-1961). Le linn Chomhdháil Messina in 1955 inar tháinig Ceannródaithe an Aontais Eorpaigh le chéile, chuir na trí thír Benelux togra síos chun cómhargadh a chruthú agus an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh adamhaigh a chomhtháthú. Bhí “Tuarascáil Spaak” mar bhunús leis an gComhdháil Idir-rialtasach ar an gCómhargadh agus Euratom in 1956, agus le Conarthaí na Róimhe ina dhiaidh sin, a síníodh an 25 Márta 1957 lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach in 1958. Ba é Spaak a shínigh an Conradh thar ceann na Beilge. Melina Mercouri 1920–1994 Ba aisteoir agus polaiteoir í Melina Mercouri agus bhain díocas agus paisean le gach rud a rinne sí riamh; an chomaoin a chuir sí ar an stáitse agus ar an scáileán nuair a bhí sí óg, an uair a chuir sí in aghaidh an junta faisisteach a rug smacht ar an nGréig in 1967, agus an uair a thug sí faoi fheachtas i gcomhair chosaint agus chur chun cinn an chultúir ina polaiteoir di. Aisteoir mór le rá de chuid na hamharclainne sa Ghréig a bhí i Mercouri sular bhain sí cáil mhór idirnáisiúnta amach ar an scáileán mór. Chuaigh sí leis an bpolaitíocht in 1967 nuair a chuir baicle d’oifigigh airm ón eite dheis an Ghréig faoi smacht. Ní fada go raibh Mercouri ar dhuine de na ceannairí ab iomráití i measc na nGréagach san iasacht a bhí ag iarraidh an junta a chur de dhroim seoil, agus rinne an Briogáidire-Ghinearál Stylianos Pattakos saoránacht na Gréige a bhaint di dá dheasca sin. Tá cáil ar an bhfreagra a thug sí air: “Is i mo Ghréagach a rugadh mise, agus is i mo Ghréagach a chaillfear mé. Is faisisteach a bhí i Pattakos an lá a rugadh é, agus is faisisteach a bheidh ann lá a bháis”. Shiúil sí cuid mhór tíortha san fheachtas in aghaidh na deachtóireachta chun cás na Gréige a chur ar a súile don saol, agus é de ghairm aici tacaíocht a bhaint de na coirnéil agus deireadh a chur lena riail. Ó tharla chomh glórach sin i mbun freasúra di, féachadh lena feallmharú san Iodáil, ach níor leor sin le lagmhisneach a chur ar Mercouri, agus lean sí den fheachtas go dtí gur cloíodh an junta in 1974. Nuair a bhí an daonlathas i réim athuair, d’fhill Mercouri ar an nGréig, bhí lámh aici i mbunú Ghluaiseacht Shóisialta na Gréige (PASOK), agus bhí sí an‑ghníomhach i ngluaiseacht na mban sa tír. Toghadh í chuig Parlaimint na Gréige in 1977. In 1981, bhí bua ag a páirtí féin sna toghcháin, ceapadh Mercouri ina hAire Cultúir, post a bhí aici go ceann 8 mbliana, agus is le linn an ama sin a chuir sí cúrsaí cultúir i gcroílár an dioscúrsa i saol na polaitíochta sa Ghréig. Is beag rud a rinne sí ba mhó tábhacht ná togra “Príomhchathracha Cultúir na hEorpa” a bhunú, agus in 1985 ba í an Aithin an chéad phríomhchathair a roghnaíodh. Tharla sin de thoradh ar chruinniú a d’eagraigh sí le hAirí Cultúir na 10 mBallstát san Aontas Eorpach in 1983 le linn na chéad tréimhse uachtaránachta a bhí ag an nGréig ar an gComhairle. In 1988, le linn an dara tréimhse uachtaránachta a bhí ag an nGréig ar an gComhairle nuair a bhí oirthear na hEorpa ina chíor thuathail, thosaigh sí feachtas le caidreamh agus comhar oibre a chur chun cinn le tíortha an réigiúin sin. De réir mar a bhí deireadh ag teacht leis an gCogadh Fuar, agus an Cuirtín Iarainn á bhrú go leataobh, bhí Mercouri ar thús cadhnaíochta sa togra “Mí an Chultúir san Eoraip” a bhí dírithe go háirithe ar thíortha i lár na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa. Walter Hallstein 1901–1982 Is é Walter Hallstein an chéad Uachtarán a bhí ar an gCoimisiún Eorpach (1958-1967), agus le linn a sheala ar an bpost sin, chuir sé an cómhargadh á fhorbairt agus an Eoraip á lánpháirtiú go tréan tapa. Ba é tiomantas Hallstein i dtaca le haontú na hEorpa, an t‑eolas agus an taithí speisialaithe a bhí aige a spreag an Seansailéir Konrad Adenauer chun é a cheapadh mar cheann thoscaireacht Iarthar na Gearmáine ag Comhdháil Schuman maidir leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bhunú in 1950. Nuair a bhí sé ina Rúnaí Stáit in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, bhain sé clú idirnáisiúnta amach le “Hallstein Doctrine” sna 1950í, rud a mhúnlaigh beartas eachtrach Iarthar an Gearmáine ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Ach ba é an obair a rinne sé i ndáil le lánpháirtíocht eacnamaíoch na hEorpa a chinnteodh an oidhreacht a bhaineann leis mar cheannródaí de chuid an Aontais Eorpaigh. Thacaigh Hallstein go láidir le haontú na hEorpa trí chomhphobal eacnamaíochta coiteann a bhunú. Is ag Comhdháil Messina in 1955 a glacadh na chéad chéimeanna i dtreo an lánpháirtithe eacnamaíochta sin. Bíodh gur lánpháirtiú uilechuimsitheach, a bhainfí amach a luaithe ab fhéidir, a theastaigh ó Hallstein ar dtús, ba léir dó ó pholaitíocht a linne gur thairbhí do chách margaí na mBallstát a chomhtháthú de réir a chéile. In 1958, roghnaíodh Hallstein ina chéad Uachtarán ar Choimisiún Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Chuaigh sé i mbun oifige agus an t‑aon sprioc amháin aige: aisling na hEorpa aontaithe mar a leagadh síos i nDearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950. Altiero Spinelli 1907–1986 Bhí Altiero Spinelli ar dhuine d’údair Fhorógra Ventotene, ceann de na chéad doiciméad lenar tacaíodh le hEoraip aontaithe a chruthú agus bunreacht na hEorpa a dhréachtú. In éineacht le príosúnaigh pholaitíochta eile, scríobh sé an forógra ar pháipéir toitíní nuair a bhí sé i bpríosún faoi chóras faisisteach na hIodáile ar oileán Ventotene idir 1927 agus 1943. Is i ngeall ar a ghníomhaíochtaí i bPáirtí Cumannach na hIodáile a chuir Binse Speisialta Benito Mussolini maidir le faisistigh i bpríosún é. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhunaigh Spinelli Movimento Federalista Europeo (Gluaiseacht Fheidearálach na hEorpa) san Iodáil agus trí na 1940í agus na 1950í, bhí Spinelli go mór chun cinn ag tacú leis an aidhm fheidearálach – Eoraip aontaithe. Sna 1960í, bhunaigh Spinelli an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta sa Róimh, agus ba bhall den Choimisiún Eorpach é idir 1970 agus 1976. Toghadh ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa é in 1979. In 1980, in éineacht le Feisirí eile a thacaigh leis an aidhm fheidearálach, bhunaigh sé “Club na gCrogall” a fuair a ainm ón mbialann in Strasbourg ina mbíodh siad ag teacht le chéile. Bhí conradh nua Eorpach á éileamh ag Club na gCrogall. Chuir na baill rún síos go mbunódh an Pharlaimint coiste speisialta le togra a dhréachtú le haghaidh conradh nua a bheadh ina bhunreacht don Eoraip cé nach dtabharfaí an teideal sin air. An 14 Feabhra 1984, ghlac tromlach na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa an togra agus cheadaigh siad an ”Dréacht‑Chonradh ag bunú an Aontais Eorpaigh”, dá ngairtear “Plean Spinelli”. Cé gur theip ar na parlaimintí náisiúnta an conradh a fhormhuiniú, úsáideadh an doiciméad mar bhunús le hIonstraim Eorpach Aonair 1986 lenar leagadh amach an aidhm chun cómhargadh a bhunú, agus le Conradh Maastricht 1992 lenar bunaíodh an tAontas Eorpach. Nilde Iotti 1920–1999 Ba throdaí frithbheartaíochta le linn an Dara Cogadh Domhanda í Leonilde “Nilde” Iotti agus nuair a bhí an trodaíocht ar fad thart, d’éirigh sí ina duine mór le rá i bPáirtí Cumannach na hIodáile (PCI) agus ina heagraí ceannródaíoch ar Aontas na nIodálach mná. I ngeall gur bhain na mná an ceart iomlán vótála amach sa bhliain 1945, ní beag an tacaíocht a fuair Iotti uathu agus, in 1946, toghadh í chun an Tionóil Bunreachta, teach parlaiminte a raibh sé de fhreagracht air bunreacht poblachtach nua a dhréachtú. Faoi Iotti a bhí sé beartas teaghlaigh an bhunreachta a ullmhú. Is in 1948 a chuaigh sí isteach i dTeach na dTeachtaí i bparlaimint na hIodáile. Ba í an chéad bhean agus an chéad chumannach í a bhí in ard-oifig san Iodáil nuair a toghadh ina hUachtarán ar an Teach in 1979 í, post a bhí aici go dtí 1992. Is mór a throid lotti ar son chearta na mban le linn a gairme sa pholaitíocht. Thacaigh sí le dlíthe a thabhairt isteach maidir leis an gcolscaradh agus leis an nginmhilleadh, dhá thosaíocht mhóra de chuid bhaill ghluaiseacht na mban, agus d’éirigh lena cuid feachtasaíochta ina leith. Bean eadrána í freisin, a d’iarr ar a cuid comrádaithe óga sa Pháirtí Cumannach gan droim láimhe a thabhairt le tuairimí na mban Caitliceach ar cheisteanna dá leithéid. Ba pholaiteoir í Iotti a bhí tiomanta do choincheap an chothromais agus an chomhionannais san Eoraip, agus bhí sí meáite ar an troid ar son vótáil chomhchoiteann a chur ar ardán na hEorpa. Toghadh í ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 1969, agus is é an chloch is mó a bhí ar a paidrín a bheith ag troid ar son toghcháin oscailte chuig Parlaimint na hEorpa, toghcháin ina ndéanfadh saoránaigh na hEorpa a gcuid ionadaithe a thoghadh go díreach. Chreid Iotti go mbeadh sainordú daingean ag an bParlaimint dá mba é an pobal féin a thoghfadh na Feisirí, agus dá réir sin go mbeadh de chreidiúnacht acu gníomhú thar ceann na saoránach. In 1979, tháinig rath ar obair Iotti, agus ar obair a comhghleacaithe, nuair a reáchtáladh toghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa den chéad uair riamh. Is gairid ina dhiaidh sin a tháinig deireadh leis an gceangal a bhí aici leis an bParlaimint ar feadh leathscór bliain, agus bhí sí ar choiste na Parlaiminte um Ghnóthaí Eachtracha le linn an ama sin chomh maith. Ní ansin a tháinig deireadh le ceangal Iotti leis an Eoraip, ná baol air. In 1997, toghadh ina Leas-Uachtarán ar Chomhairle na hEorpa í. Is eagraíocht um chearta an duine í Comhairle na hEorpa, a bhfuil 47 mBallstát inti. Nicole Fontaine 1942–2018 Ón gcéad lá riamh ina gairm mar pharlaiminteoir sa Fhrainc, a tír dhúchais, d’oibrigh Nicole Fontaine chun Eoraip ar son na saoránach a bhaint amach agus í ag díriú ar thionscnaimh a bhain le hoideachas don aos óg agus aitheantas frithpháirteach i gcás cáilíochtaí acadúla. Ina theannta sin, d’oibrigh sí ar son chearta na mban agus comhionannas inscne. Ba í Nicole Fontaine an dara hUachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa (1999-2002). Ba pholaiteoir í a bhí in ann dul i gcion ar dhaoine agus sheas sí an fód ar son na hEorpa. Chuaigh sí i mbun oibre chun athchóiriú a dhéanamh ar mhodhanna oibre na Parlaiminte chun go mbeadh ceangal níos dlúithe idir í agus na saoránaigh. I mí Dheireadh Fómhair 1999, ag labhairt di leis an gComhairle Eorpach ina céad óráid in Tampere na Fionlainne ina cáil mar Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa, chuir sí i dtábhacht aird a thabhairt ar ghnáthbhuarthaí an phobail. Mhol sí go láidir gur cheart “cur chuige uaillmhianach a ghlacadh, arb é is aidhm dó cairt um chearta bunúsacha a sholáthair don Aontas”. I mí na Nollag 2000, shínigh sí an Chairt um Chearta Bunúsacha thar ceann Pharlaimint na hEorpa. Bhí clú agus cáil uirthi as a scileanna taidhleoireachta. In 1999, is mar seo a cuireadh síos uirthi san Economist: “bean mhór aimsithe comhdhearcaidh, bean mhór tógála comhghuaillíochta, bean mhór déanta síochána […] is í atá ar a suaimhneas i gcathair ghríobháin an mhaorlathais san Eoraip, agus í ag stocaireacht léi le haghaidh tacaíocht thraspháirteach, aoibh an gháire uirthi le daoine agus í á mealladh chun comhréitigh”. Agus í ag obair léi gan stad gan staonadh ar son an idirphlé agus na síochána, tharraing Fontaine clú ar leith uirthi féin tráth a thug sí le chéile Uachtarán Pharlaimint Iosrael agus Uachtarán Pharlaimint na Palaistíne in 2000 in Strasbourg. Ócáid stairiúil a bhí ann ar an ábhar gur chroith an bheirt sin lámh le chéile. I mí Aibreáin 2001, d’iarr sí ar an gCeannfort Ahmad Shah Massoud, Leas-Uachtarán na hAfganastáine, cuairt a thabhairt ar Strasbourg chun tuairisc a thabhairt ar staid a thíre féin. Ba mhór a bhí cruachás na mban san Afganastáin ag dó na geirbe aici. An mhí ina dhiaidh sin d’iarr sí ar thriúr ban a d’éalaigh as Cabúl faoi rún fianaise a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa. D’áirigh sí an cruinniú “ar na hócáidí is mó a chuir tocht orm” le linn a hUachtaránachta. Bronnadh roinnt duaiseanna uirthi i ngeall ar a dúthracht i leith idéil Eorpacha, mar atá an Bonn Robert Schuman agus Commandeur dans l’Ordre National du Mérite (Ceannfort san Ord Náisiúnta Fiúntais). Sicco Mansholt 1908–1995 Mar bhall de Fhrithbheartaíocht na hÍsiltíre le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Sicco Mansholt ina fhinné ar uafás an ghorta a bhuail an Ísiltír i dtreo dheireadh na coinbhleachta. Feirmeoir a bhí i Mansholt roimh an gcogadh agus bhain sé leas as an taithí uile a bhí aige agus é ag feidhmiú sa ról nua a bhí aige mar Aire Talmhaíochta i rialtas na hÍsiltíre tar éis an chogaidh. Ó tharla easpa mhór bia ann agus géarchéim ar na bacáin, rinne Mansholt roinnt beart chun na soláthairtí bia a athbhunú go tapa, ach thuig sé mar sin féin an gá an talmhaíocht a nuachóiriú go mór le nach mbeadh easpaí bia ann arís. Shocraigh sé íosphraghsanna ar na táirgí talmhaíochta ba thábhachtaí agus thug sé isteach cánacha ar allmhairí agus tacaíocht d’easpórtálacha. Chomh fada agus a bhain sé le cúrsaí ar scála is mó, bhí sé diongbháilte de go raibh gá le hEoraip a sholáthródh a dóthain féin agus gur cheart soláthar seasta bia inacmhainne a chinntiú do chách. In 1950, d’fhorbair sé plean do chómhargadh táirgí talmhaíochta san Eoraip a bheadh faoi struchtúr rialaithe fornáisiúnta. Ba é an plean sin a bhí mar inspioráid le beartas talmhaíochta Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Chuir Mansholt a phleananna don chomhbheartas i gcleachtas nuair a rinneadh Coimisinéir Talmhaíochta de sa chéad Choimisiún Eorpach in 1958. Bhí roinnt mhaith daoine i gcoinne a phleananna i dtosach, idir fheirmeoirí agus a n‑ionadaithe polaitiúla, daoine a chreid go gcuirfeadh an cur chuige coiteann seo a slí bheatha i mbaol agus nach n‑éireodh ach leis na feirmeacha móra. Bhí go leor bacainní le sárú sular comhaontaíodh comhbheartas Eorpach, ach choinnigh Mansholt air agus in 1968, d’fhoilsigh an Coimisiún an “Meamram maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta”, ar tugadh “Plean Mansholt” air go neamhoifigiúil. Is é a dearbhaíodh sa Phlean go raibh gá ag feirmeoirí le nuachóiriú a dhéanamh chun go dtiocfadh borradh faoin talmhaíocht. Chinnteodh sé sin an táirgiúlacht agus bheadh feirmeoirí na hEorpa in ann a ndóthain féin a tháirgeadh. Anna Lindh 1957–2003 Bhí Ylva Anna Maria Lindh gníomhach i saol na polaitíochta óna hóige, agus bhí sí ar dhuine de mhórphearsana na polaitíochta comhaimseartha sa tSualainn. Rugadh í in 1957, chuaigh sí le léann an dlí in Ollscoil Uppsala, agus in 1982, d’éirigh léi suíochán a fháil sa Pharlaimint. Fuair sí a céad phost mar aire 12 bhliain níos moille, nuair a ceapadh ina hAire Comhshaoil í. Ceapadh Lindh ina hAire Gnóthaí Eachtracha in 1998 faoin bPríomh-Aire Göran Persson. Thug na meáin “banphrionsa Persson” uirthi mar ceapadh san am go raibh ceannaire na Sualainne á hullmhú le teacht i gcomharbacht airsean mar cheannaire ar an bpáirtí ar dtús agus mar cheannaire ar an tír freisin dá éis sin. Bhí cáil ar Anna as a neamhbhailbhe a labhair sí agus as nithe eile a cháineadh gan fiacail a chur ann, go háirithe a mhéid a bhain le cearta an duine. I Moscó, cháin sí go láidir gníomhaíochtaí na Rúiseach i Seisnia; thacaigh sí go hoscailte le réiteach an dá stát sa Mheánoirthear agus bhí sí glan i gcoinne bheartas Phríomh-Aire Iosrael san am, Ariel Sharon, i leith na bPalaistíneach. Chuir sí i gcoinne an chogaidh leis an Iaráic ar an ábhar nár cheadaigh na Náisiúin Aontaithe é, agus chaith sí anuas ar na Stáit Aontaithe freisin mar gheall ar an gcaoi a rabhthas ag caitheamh leis na príosúnaigh i mBá Guantanamo. Ba mhór an ról a bhí ag Anna Lindh i dtaca le láithreacht na Sualainne san Aontas Eorpach a chur chun cinn agus í mar chathaoirleach ar chruinnithe le hairí gnóthaí eachtracha le linn na hUachtaránachta Sualannaí ar an gComhairle in 2001. Nuair ba chosúil go raibh an choinbhleacht i ndán do mhuintir Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (a dtugtar an Mhacadóin Thuaidh anois air) in 2001, bhí ról ríthábhachtach le himirt ag Lindh, príomhthoscaire na hEorpa, nuair a tharraing sí gnéithe éagsúla bheartas slándála an Aontais le chéile in aon mhóréacht amháin, rud a d’fhág gur seachnaíodh an choinbhleacht sa deireadh. Bhí Lindh i gcónaí go mór ar son na hEorpa le linn a gairme beatha. Ba cheannródaí feachtasaíochta í i reifreann na Sualainne in 2003 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa tír. An 10 Meán Fómhair 2003 ionsaíodh le scian í agus í ag siopadóireacht i siopa mór i lár Stócólm an lá sula raibh sí ceaptha páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ar an teilifís maidir leis an reifreann, b’in díreach 3 lá sula raibh an reifreann féin ann. Fuair sí bás an lá dár gcionn. © An tAontas Eorpach