
le Pascal Fontaine
Cad is cuspóir don Aontas Eorpach? Cén fáth ar bunaíodh é agus conas a bunaíodh é? Conas a fheidhmíonn sé? Cad atá bainte amach aige cheana féin dá shaoránaigh, agus cad iad na dúshláin nua atá le sárú aige anois?
Sa saol domhanda seo, an éireoidh leis an Aontas agus é san iomaíocht le mórgheilleagair eile, gan dochar a dhéanamh dá chaighdeáin shóisialta? Conas is féidir an inimirce a bhainistiú? Cén ról a bheidh ag an Eoraip ar ardán an domhain sna blianta atá romhainn? Cá dtarraingeofar teorainneacha an Aontais? Agus cad atá i ndán don euro?
Níl iontu sin ach cuid de na ceisteanna a bhfuil iniúchadh déanta orthu ag Pascal Fontaine, saineolaí ar an Aontas Eorpach, in eagrán seo na bliana 2017 den leabhrán móréilimh, 12 Cheacht faoin Eoraip. Iarchúntóir ag Jean Monnet is ea Pascal Fontaine agus is iar-Ollamh é de chuid an Institut d’Études Politiques, Páras.
Is leis an údar na tuairimí atá leagtha amach san fhoilseachán seo agus ní gá gur léiriú ar thuairim oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh iad.

Sular tháinig sé chun cinn mar fhíorchuspóir polaitiúil, ní raibh san idé faoi Eoraip aontaithe ach aisling ag fealsúna agus ag físithe. Shamhlaigh Victor Hugo, mar shampla, “Stáit Aontaithe na hEorpa” — áit shíochánta a mbeadh idéil na daonnachta mar inspioráid aige. Scriosadh an aisling sin de dheasca na gcogaí uafásacha a réab an mhór-roinn sa chéad leath den 20ú céad, ámh.
Mar sin féin, tháinig cineál nua dóchais chun cinn as smionagar an Dara Cogadh Domhanda. Daoine a bhí tar éis cur i gcoinne an ollsmachtachais le linn an chogaidh, bhí siad meáite ar dheireadh a chur le fuath agus iomaíocht idir tíortha san Eoraip agus na dálaí a chothú as a dtiocfadh síocháin bhuan. Idir 1945 agus 1950, thug dornán státairí cróga — Robert Schuman, Konrad Adenauer, Alcide De Gasperi agus Winston Churchill ina measc — faoina chur i luí ar mhuintir a dtíortha tús a chur le ré nua. Bhí fúthu struchtúir nua a chruthú in iarthar na hEorpa, struchtúir a bheadh bunaithe ar an leas coiteann agus ar chonarthaí d’fhonn an smacht reachta agus comhionannas idir na tíortha go léir a chinntiú.
Ghlac Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince an tráth sin, chuige smaoineamh a bhí ag Jean Monnet an chéad lá riamh agus, an 9 Bealtaine 1950, mhol sé Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bhunú. I dtíortha a bhíodh ag troid le chéile tráth, dhéanfaí táirgeadh guail agus cruach a chomhthiomsú faoi Ard-Údarás comhchoiteann. Ar bhealach praiticiúil, ach ar bhealach a bhí thar a bheith siombalach freisin, bhí amhábhar an chogaidh á iompú anois ina ghléas athmhuintearais agus síochána.
Tá an tsíocháin i réim i dtíortha an Aontais Eorpaigh anois, agus tá daoine ag maireachtáil go daonlathach iontu agus meas acu ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha. Ina theannta sin, tá tíortha na hiar-Iúgslaive, tíortha a raibh sé ina chogadh eatarthu chomh gairid ó shin leis na 1990í, tá siad tagtha isteach san Aontas Eorpach anois nó tá siad ag ullmhú chuige sin.
Níor cheart talamh slán a dhéanamh den tsíocháin choíche, áfach. Le linn na géarchéime geilleagraí agus sóisialta a d’éirigh le déanaí, tháinig claonadh chun cinn san Eoraip i dtreo meon de chineál pobalach, antoisceach agus náisiúnach agus tá sin ina bhagairt ar an daonlathas agus ar phróiseas lánpháirtiú na hEorpa. Tá drochamhras ar a lán gluaiseachtaí faoi na hinstitiúidí atá ann cheana, ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach araon. Feicfimid amach anseo an féidir le fás eacnamaíoch úr, agus é bunaithe ar réitigh chomhchoiteanna, an teannas sin a mhaolú.
Chothaigh an tAontas Eorpach aontú na Gearmáine tar éis thitim Bhalla Bheirlín in 1989. Nuair a thit an impireacht Shóivéadach as a chéile in 1991, fuair na tíortha i lár agus in oirthear na hEorpa, a raibh an saol thaobh thiar den Chuirtín Iarainn fulaingthe acu le blianta fada, saoirse arís a gcinniúint a cheapadh dóibh féin. Chinn a lán acu gur le teaghlach na náisiún daonlathach Eorpach a bheidís feasta. Chuaigh ocht dtír díobh isteach san Aontas Eorpach in 2004, lean dhá thír eile iad in 2007 agus tháinig an Chróit isteach in 2013. Tháinig dhá thír sa Mheánmhuir isteach san Aontas in 2004 freisin, mar atá an Chipir agus Málta.
Tá an tAontas fós ag méadú. Tá seacht dtír ann atá ag céimeanna éagsúla den ullmhúchán le haghaidh ballraíocht fhéideartha. Mar sin féin, fágann an bhail atá ar chúrsaí eacnamaíocha san Eoraip nach dócha go mbeidh aon tíortha nua ag teacht isteach san Aontas Eorpach sna blianta beaga atá amach romhainn.
San am céanna, thionóil an Ríocht Aontaithe reifreann i mí an Mheithimh 2016, inar léirigh tromlach na vótálaithe gur mhian leo an tAontas Eorpach a fhágáil.
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach faoina rún imeacht as an Aontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. An 19 Meitheamh 2017, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht ar Airteagal 50 idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
Tá neart ceisteanna slándála ann atá fós ag déanamh scime don Eoraip san 21ú céad.
Ó dheas, tá borradh faoin bhfanaiceacht reiligiúnach, rud a n-eascraíonn an sceimhlitheoireacht aisti go minic. De bharr ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip a rinne an dream ar a dtugtar an Stát Ioslamach nó Daech, tá na Ballstáit tar éis dlús a chur leis an malartú eolais agus faisnéise a dhéanann siad le chéile.
Ar an taobh thoir den Eoraip, faoi cheannaireacht Vladimir Putin, tá an Rúis ag saothrú straitéis atá aici chun a cumhacht a mhéadú. Léiriú drámatúil ar a bhfuil ag titim amach ar leac an dorais ag an Aontas Eorpach is ea ionghabháil na Crimé ag an Rúis in 2014 agus na cogaí in oirthear na hÚcráine. Na Ballstáit a bhí faoi chuing an Aontais Shóivéidigh, bíonn súil acu siúd go háirithe go seasfaidh an tAontas leis an Úcráin.
Bíonn saoránaigh ag súil leis go ndéanfaidh an tAontas gníomh éifeachtach chun féachaint chuige go mbeidh na Ballstáit slán. Ní mór dó a bheith ag obair ar dhóigh dhearfach leis na réigiúin taobh thall dá theorainneacha: na Balcáin, an Afraic Thuaidh, an Chugais agus an Meánoirthear. Ina theannta sin, ní mór dó a leas míleata agus a leas straitéiseach a chosaint trína bheith ag obair i gcomhar lena chomhghuaillithe, go háirithe laistigh de NATO, agus trí fhíor-chomhbheartas Eorpach slándála agus cosanta a shaothrú.
Dhá thaobh an aon ruda amháin is ea an tslándáil inmheánach agus an tslándáil sheachtrach. Fágann an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe nach mór do na fórsaí póilíneachta sna Ballstáit go léir a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile. Tá tosaíocht ard ar chlár oibre an Aontais tugtha don chuardach i gcomhair comhréitigh Eorpacha i réimse an tearmainn agus réimse na himirce ó 2015 i leith, agus an Eoraip ag dul i ngleic le sreafaí dídeanaithe ar scála nach bhfacthas roimhe seo atá ar a dteitheadh ó chogaí, ó dheachtóireachtaí agus ón ocras.
Dúshlán nua a theastaíonn dlúthchomhar lena aghaidh idir rialtais is ea é “limistéar saoirse, slándála agus ceartais” a dhéanamh den Aontas, limistéar ina mbeidh an fháil chéanna ag gach duine ar cheartas agus ina mbeidh an chosaint chéanna le fáil ag cách faoin dlí. Is féidir ról gníomhach a bheith ag comhlachtaí ar nós Europol (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar agus Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí) agus Eurojust (a chuireann chun cinn an comhar idir ionchúisitheoirí, breithiúna agus oifigigh phóilíneachta i mBallstáit éagsúla) i sárú an dúshláin sin.
Chun spriocanna polaitiúla a bhaint amach a bunaíodh an tAontas Eorpach, agus thug sé faoi sin trí chomhoibriú eacnamaíoch.
Tá laghdú seasta ag teacht ar an gcéatadán de dhaonra an domhain atá i dtíortha na hEorpa. Dá bhrí sin, ní mór do na tíortha sin leanúint de bheith ag obair as lámha a chéile chun fás eacnamaíoch a chinntiú agus chun bheith in ann dul san iomaíocht ar bhonn domhanda le mórgheilleagair eile. Níl aon tír ar leith san Aontas Eorpach atá sách láidir chun tionchar a imirt ar chinntí polaitiúla a bhaineann le geilleagar an domhain. Chun barainneacht scála a bhaint amach agus teacht ar chustaiméirí nua, teastaíonn bonn níos leithne ó chuideachtaí Eorpacha ná díreach a margadh baile féin, agus is é an margadh aonair Eorpach an bonn sin. Lena chinntiú go mbainfidh an oiread daoine agus is féidir tairbhe as an margadh uile-Eorpach sin ina bhfuil breis is 510 milliún tomhaltóir, tá an tAontas Eorpach ag déanamh a dhíchill fáil réidh le constaicí trádála agus tá sé ag obair chun gnólachtaí a shaoradh ó ualach an rómhaorlathais.
Ach ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir an tsaoriomaíocht ar fud na hEorpa agus an dlúthpháirtíocht ar fud na hEorpa. Tagann den chothromaíocht sin fíorbhuntáistí do shaoránaigh na hEorpa: nuair a bhuaileann tuilte nó tubaistí nádúrtha eile iad, mar shampla, tugtar cúnamh dóibh ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Leis na “Cistí Struchtúracha”, atá á mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach, cothaítear agus neartaítear iarrachtaí na n-údarás náisiúnta agus na n-údarás réigiúnach san Aontas Eorpach chun an neamhionannas idir áiteanna éagsúla san Eoraip a laghdú. Baintear leas as airgead ó bhuiséad an Aontais agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta chun bonneagar iompair na hEorpa a fheabhsú (mar shampla, tríd an ngréasán mótarbhealaí agus iarnród ardluais a leathnú), rud a thugann rochtain níos fearr ar réigiúin fhorimeallacha agus a chuireann borradh faoin trádáil thras-Eorpach.
An ghéarchéim airgeadais dhomhanda a thosaigh in 2008, tháinig aisti an géarchor eacnamaíoch ba mheasa riamh ó bunaíodh an tAontas Eorpach. B’éigean do rialtais agus d’institiúidí an Aontais gníomhú go tapa chun na bainc a tharrtháil, agus sholáthair an tAontas cúnamh airgeadais do na tíortha ba mheasa a bhí buailte. D’éirigh go geal leis na cláir chúnaimh d’Éirinn, don Phortaingéil, don Spáinn agus don Chipir, agus, tar éis athchóirithe náisiúnta ar bhain dúshlán leo go minic, bhí na tíortha sin in ann a gclár a thabhairt chun críche, a bhformhór in 2014. Bhí deacrachtaí ní ba mhó ag an nGréig maidir leis na leasuithe struchtúracha a dhéanamh a theastaigh ina hearnáil phoiblí agus, tar éis caibidlíocht chasta ar fhiachas poiblí na Gréige, thángthas ar chomhaontuithe nua i samhradh na bliana 2015 ar bhearta athchóirithe a dhéanamh sa Ghréig.
In ainneoin chás eisceachtúil na Gréige, toisc go raibh airgeadra aonair i bhfeidhm, b’fhearr an chosaint a bhí ag an limistéar euro ar amhantraíocht agus díluacháil le linn na géarchéime. Rinne an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit tréaniarracht a bhfiachas poiblí a laghdú. Is é an dúshlán is mó atá le sárú ag tíortha na hEorpa sna blianta atá romhainn ná teacht as an gcúlú eacnamaíochta agus san am céanna poist nua inbhuanaithe a chruthú, go háirithe i réimsí na teicneolaíochta digití agus na teicneolaíochta glaise.
© An tAontas Eorpach
Tá an dlúthpháirtíocht gheilleagrach agus shóisialta ar cheann d’aidhmeanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Choimisiúin, faoi cheannas Jean-Claude Juncker.
Is ag dul i gcastacht atá sochaithe iarthionsclaíocha na hEorpa. Tá ardú seasta ag teacht ar chaighdeáin mhaireachtála, ach tá bearnaí móra fós le sonrú idir saibhir agus daibhir. Is mó fós a bhíonn na bearnaí sin uaireanta mar gheall ar nithe amhail cúlú eacnamaíochta, athshuíomh tionscail, an daonra a bheith ag dul in aois agus fadhbanna a bhaineann le hairgeadas poiblí. Tá sé tábhachtach na Ballstáit a bheith ag obair le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Ach ní fhágann an comhar sin gur gá fáil réidh le féiniúlacht chultúrtha agus teanga gach tír ar leith. A mhalairt ar fad atá fíor: a lán de na bearta a dhéanann an tAontas Eorpach, cothaíonn siad fás eacnamaíoch atá bunaithe ar shaintréithe réigiúnacha agus ar an éagsúlacht shaibhir atá ag traidisiúin agus cultúir na hEorpa — nithe amhail an gastranómachas réigiúnach, an turasóireacht agus na healaíona. Éireoidh an éagsúlacht chultúrtha níos treise fós de bharr na dteicneolaíochtaí digiteacha arae is fusa ó thaobh na teicneolaíochta táirgí cultúrtha áitiúla a dháileadh.
© Highwaystarz/Adobe Stock
Aontaithe san éagsúlacht: is fearr na torthaí a bhainfear amach ach a bheith ag obair le chéile.
Tá sé léirithe ag 65 bliana de lánpháirtiú na hEorpa gur fearr a fheidhmíonn Ballstáit an Aontais i gcomhar le chéile ná ina n-aonair. Is mó i bhfad an neart eacnamaíoch, sóisialta, teicneolaíoch, tráchtála agus polaitiúil atá aige ná mar a bheadh ag a chuid Ballstát ag gníomhú astu féin dóibh. Eascraíonn breisluach as a bheith ag gníomhú le chéile agus ag labhairt d’aon ghuth amháin.
Bíonn tíortha ceannasacha eile ar domhan, an tSín agus na Stáit Aontaithe mar shampla, ag iarraidh tionchar a imirt ar rialacha eacnamaíocha domhanda. Is tábhachtaí ná riamh é dá bhrí sin go dtiocfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh le chéile agus “tairseach chriticiúil” a bhaint amach ionas go gcoinneoidh siad a dtionchar ar ardán an domhain. I measc na samplaí den chaoi a bhfuil sé sin ag tarlú tá ról an Aontais sa chaibidlíocht dhomhanda ar rialacha trádála. Tá tíortha an Aontais tar éis a lán prionsabal agus rialacha teicniúla a bhaineann leis an saol laethúil a chomhaontú eatarthu féin, ar eiseamláir iad ag a lán áiteanna eile ar domhan. Samplaí díobh sin is ea caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, cur chun cinn acmhainní fuinnimh in-athnuaite, “prionsabal an réamhchúraim” i dtaobh sábháilteacht bia, gnéithe eiticiúla den teicneolaíocht nua. Ina theannta sin, tá an tAontas Eorpach fós ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí domhanda chun dul i ngleic leis an téamh domhanda.
Tá luachanna Eorpacha le sonrú ar fud an domhain freisin sa chomhar um fhorbairt agus sa chabhair dhaonnúil atá á mbainistiú ag an Aontas Eorpach.
“Ní neart go cur le chéile”, a deir an seanrá, agus tá sé sin chomh fíor inniu is a bhí sé riamh do mhuintir na hEorpa.
Cuireann an tAontas Eorpach chun cinn luachanna daonnúla agus luachanna forásacha, agus cinntíonn sé gur leas agus ní hé aimhleas an chine dhaonna a dhéanann na hathruithe móra a tharlaíonn ar domhan. Ní leor fórsaí an mhargaidh ná Ballstát aonair agus iad ag gníomhú ar a gconlán féin chun riar ar riachtanais daoine.
Mar sin, seasann an tAontas Eorpach ar son dearcadh ar an gcine daonna agus samhail den tsochaí lena dtacaíonn formhór a chuid saoránach. Is mór ag muintir na hEorpa a n-oidhreacht shaibhir luachanna, lena n-áirítear creideamh i gcearta an duine, sa dlúthpháirtíocht shóisialta, san shaorfhiontraíocht, i ndáileadh cothrom an rachmais, sa cheart chun timpeallacht chosanta, sa mheas ar an éagsúlacht chultúrtha, an éagsúlacht teanga agus an ilchineálacht reiligiúnach, agus sa chothromaíocht chomhchuí idir an traidisiún agus an dul chun cinn.
I mí na Nollag 2000, in Nice, fógraíodh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá an chairt sin ina cheangal de réir dlí agus leagtar amach inti na cearta go léir a aithníonn gach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus a gcuid saoránach. Cothaíonn cearta agus luachanna comhroinnte meon an mhuintearais i measc mhuintir na hEorpa. Sampla amháin de sin is ea deireadh a bheith curtha leis na Ballstáit ar fad le pionós an bháis.

© An tAontas Eorpach
An 9 Bealtaine 1950, mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, go poiblí den chéad uair na smaointe as ar eascair an tAontas Eorpach. Dá bhrí sin déantar an 9 Bealtaine a cheiliúradh mar lá breithe an Aontais Eorpaigh.
Tháinig athrú ollmhór ar chruth polaitiúil na hEorpa nuair a thit Balla Bheirlín in 1989. Mar thoradh air sin, athaontaíodh an Ghearmáin i mí Dheireadh Fómhair 1990 agus tháinig an daonlathas i réim i dtíortha na hEorpa láir agus na hEorpa thoir nuair a thug siad droim láimhe don smacht Sóivéadach. Tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach féin i mí na Nollag 1991.
San am céanna, bhí na Ballstáit i mbun caibidlíocht ar chonradh nua, a ghlac ceannairí stáit nó rialtais in Maastricht i mí na Nollag 1991. Tríd an gcomhar idir-rialtasach (i réimsí amhail an beartas eachtrach, ceartas agus gnóthaí baile) a chur leis an gcóras a bhí ag an gComhphobal roimhe sin, cruthaíodh an tAontas Eorpach (AE) le Conradh Maastricht. An 1 Samhain 1993 a tháinig sé i bhfeidhm.
Tháinig trí thír eile — an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn — isteach san Aontas Eorpach in 1995, rud a mhéadaigh líon na Ballstát go 15 cinn. Faoin am sin, bhí dúshláin an domhandaithe ag teacht chun cinn agus iad ag bagairt ar an Eoraip. Bhí geilleagair á nuachóiriú a bhuí le teicneolaíochtaí nua agus méadú seasta ag teach ar úsáid an idirlín ach bhí teannas sóisialta agus teannas cultúrtha á gcothú dá ndeasca freisin.
Idir an dá linn, bhí an tAontas Eorpach ag obair ar an tionscadal b’uaillmhianaí dár thug sé faoi go dtí sin — airgeadra aonair a chruthú chun éascaíocht a dhéanamh do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do thaistealaithe. An 1 Eanáir 2002, tháinig an euro in ionad na an tseanairgeadra in 12 Bhallstát, ar tugadh “an limistéar euro” orthu le chéile. Tá an euro ina mhórairgeadra domhanda ó shin i leith.
I lár na 1990í, tosaíodh ag ullmhú i gcomhair mhéadú an Aontais Eorpaigh, an méadú ba mhó fós. Fuarthas iarratais ar bhallraíocht ó sé thír a bhí sa bhloc Sóivéadach (an Bhulgáir, an Pholainn, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Ungáir), ó na trí stát Bhaltacha a bhí ina gcuid den Aontas Sóivéadach (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin), ó cheann de phoblachtaí na hiar-Iúgslaive (an tSlóivéin) agus ó dhá thír i réigiún na Meánmhara (an Chipir agus Málta).
Chuir an tAontas Eorpach fáilte roimh an deis sin chun cabhrú le mór-roinn na hEorpa a chobhsú agus na buntáistí a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa a leathnú go dtí na tíortha sin nach raibh córas daonlathach acu ach le tamall gairid an uair sin. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí na Nollag 1997 agus tháinig 10 gcinn de na tíortha a bhí ina n-iarrthóirí isteach san Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004. Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach ina ndiaidh in 2007. Tháinig an Chróit isteach in 2013, rud a mhéadaigh líon na Ballstát go 28 gcinn.
Ionas go bhféadfadh sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta an 21ú céad, theastaigh modh cinnteoireachta ní ba shimplí agus ní b’éifeachtaí ón Aontas méadaithe. Moladh rialacha nua i ndréacht-Bhunreacht an Aontais Eorpaigh, a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2004, agus bhí sé beartaithe na rialacha sin a chur in ionad na gconarthaí go léir a bhí ann cheana féin. Is é an chaoi, ámh, ar diúltaíodh don bhunreacht sin in 2 reifreann in 2005, sa Fhrainc agus san Ísiltír. Dá bhrí sin, cuireadh Conradh Liospóin, a síníodh ar an 13 Nollaig 2007 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, cuireadh sin in áit an Bhunreachta. Leasaíodh le Conradh Liospóin na conarthaí a bhí ann roimhe sin ach níor cuireadh é ina n-ionad, agus tá formhór na n-athruithe a bhí beartaithe sa Bhunreacht ina gcuid de. Mar shampla, tugadh Uachtarán buan don Chomhairle Eorpach agus cruthaíodh post Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
© Robert Maass/Corbis
Le titim Bhalla Bheirlín in 1989, tháinig meath de réir a chéile ar na seandeighiltí ar fud mhór-roinn na hEorpa.
Rinneadh athrú ar chleachtais institiúideacha an Aontais Eorpaigh sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2014 sa mhéid is gur mhol na páirtithe iarrthóirí do phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Ansin d’ainmnigh an Chomhairle Eorpach an t-iarrthóir ón bpáirtí a fuair an líon ba mhó suíochán, faoi mar a foráladh i gConradh Liospóin. Ba é an Lucsamburgach Jean-Claude Juncker, ball de Pháirtí an Phobail Eorpaigh, an duine sin. Thug comhghuaillíocht mhór de ghrúpaí i bParlaimint na hEorpa atá ar son na hEorpa, an grúpa sóisialach agus an grúpa liobrálach san áireamh, thug an comhghuaillíocht sin a beannacht do cheapachán an Junckeraigh.
Léiríodh i dtoghcháin na bliana 2014 freisin go raibh dul chun cinn déanta ag páirtithe na nEoraisceipteach, a bhuaigh thart ar 100 suíochán as 751. Is minic a chaitheann siadsan vóta atá glan i gcoinne phríomhthreocht pholaitiúil institiúidí an Aontais Eorpaigh agus is iondúil go mbíonn drochamhras orthu faoi lánpháirtiú an Aontais agus go mbíonn tuairimí láidre acu faoin inimirce.
In 2008 d’éirigh géarchéim airgeadais agus eacnamaíoch ar fud an domhain. Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin bhunaigh an tAontas meicníochtaí nua chun féachaint chuige go mbeadh na bainc cobhsaí, chun an fiachas poiblí a laghdú agus chun comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát, go háirithe iad siúd arbh é an euro a n-airgeadra. Na hiarrachtaí atá déanta ó shin i leith athchóiriú struchtúrach agus feabhas a dhéanamh ar na cuntais phoiblí, tá siad ag tabhairt toraidh i bhfoirm cineálacha nua fáis eacnamaíoch.
Tá beartais eacnamaíocha sa limistéar euro á neartú faoi cheannaireacht an Choimisiúin agus na Comhairle, a bhfuil ionstraimí dlí nua acu anois chun na comhaontuithe a dhéanann na Ballstáit a chur i bhfeidhm agus amhlaidh sin cuntais phoiblí fhónta a bhaint amach. Tá an leachtacht á méadú ag an mBanc Ceannais Eorpach agus tá sé ag coinneáil rátaí úis an-íseal. Ina theannta sin, tá infheistíochtaí nua á gcur chun cinn ag an Aontas Eorpach trína Chiste Infheistíochta Straitéisí, go háirithe i gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha.

Is próiseas polaitiúil agus eacnamaíoch a bhí i gceist le lánpháirtiú na hEorpa tríd síos, agus é ar oscailt do gach tír Eorpach atá toilteanach na Conarthaí a shíniú agus corpas dlí iomlán an Aontais Eorpaigh a ghlacadh. De réir Chonradh Liospóin (Airteagal 49), féadfaidh aon stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas ar choinníoll go gcloífidh sé le prionsabail na saoirse, an daonlathais, an mheasa ar chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, agus le prionsabal an smachta reachta.
In 1993, tar éis di iarrataí a fháil ó na tíortha iarchumannacha ar theacht isteach san Aontas, leag an Chomhairle Eorpach síos trí chritéar ba cheart do gach tír a chomhlíonadh d’fhonn a bheith ina ball. Faoin am a thiocfaidh siad isteach san Aontas, ní mór do bhaill nua na critéir seo a chomhlíonadh:
Cuirtear cainteanna ballraíochta (“caibidlíocht aontachais”) ar bun idir an tír is iarrthóir agus an Coimisiún Eorpach, a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas Eorpach. Nuair a bhíonn na cainteanna sin curtha i gcrích, ní mór do na Ballstáit atá ann cheana, i dtionól na Comhairle, cead a thabhairt don tír sin a bheith ina ball den Aontas. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa an cinneadh a fhormheas freisin le vóta tromlaigh ghlain. Ní mór do na Ballstáit agus don tír is iarrthóir an conradh aontachais a dhaingniú ansin, gach ceann acu de réir a nós imeachta bhunreachtúil féin.
Le linn na tréimhse caibidlíochta, is iondúil go bhfaigheann na tíortha is iarrthóirí cabhair airgeadais “réamhaontachais” ón Aontas chun cuidiú leo teacht suas leis na Ballstáit eile i dtéarmaí eacnamaíocha. Is iondúil freisin go ndéanann siad “comhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais” leis an Aontas Eorpach. De réir na gcomhaontuithe sin, déanann an tAontas Eorpach monatóireacht dhíreach ar an athchóiriú eacnamaíoch agus riaracháin nach mór do na tíortha is iarrthóirí a chur i gcrích d’fhonn na coinníollacha ballraíochta a chomhlíonadh.
Nuair a tionóladh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí na Nollag 2002, thug sí ceann de na céimeanna ba chinniúnaí i stair lánpháirtiú na hEorpa. Trí chuireadh a thabhairt do 12 thír eile a bheith páirteach ann, ní hamháin go raibh an tAontas Eorpach ag cur lena mhéid geografach agus lena dhaonra, bhí sé ag cur deireadh leis an deighilt a raibh an mhór-roinn deighilte ina dhá chuid dá toradh ó bhí 1945 ann. I gcás tíortha Eorpacha nach raibh saoirse dhaonlathach acu le blianta fada anuas, bhí siad in ann a theacht isteach arís sa deireadh le teaghlach na náisiún daonlathach Eorpach. Dá bhrí sin, rinneadh baill den Aontas Eorpach den Eastóin, den Laitvia, den Liotuáin, den Pholainn, de Phoblacht na Seice, den tSlóivéin, den tSlóvaic agus den Ungáir in 2004, mar aon leis an gCipir agus Málta, oileáin sa Mheánmhuir. Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach ina ndiaidh in 2007. Ghlac an Chróit páirt i bpróiseas an lánpháirtithe trí iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht in 2003, agus rinneadh Ballstát di in 2013.
© Craig Campbell/Moodboard/Corbis
“Péarla Mhuir Aidriad” — Dubrovnik na Cróite, Ballstát is nuaí an Aontais.
In 1987 rinne an Tuirc, ball de NATO a bhfuil comhaontú comhlachais idir í agus an tAontas Eorpach le fada, iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Mar gheall ar shuíomh geografach agus stair pholaitiúil na tíre sin, bhí an tAontas Eorpach idir dhá chomhairle ar feadh i bhfad sular ghlac sé leis an iarratas uaithi. Mar sin féin, cuireadh tús faoi dheireadh leis an gcaibidlíocht aontachais i mí Dheireadh Fómhair 2005. Tá sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát go bhfuil amhras orthu faoina indéanta atá sé ballstát a dhéanamh den Tuirc agus go deimhin, faoi chirte na ballraíochta sin. Tá socrú malartach curtha i láthair acu — “comhpháirtíocht faoi phribhléid”. Cuireadh dlús leis an gcaibidlíocht in 2015 nuair a chomhaontaigh an Tuirc leis an Aontas Eorpach go gcabhródh sí laghdú agus rialú a dhéanamh ar líon na n-iarrthóirí tearmainn a bhí ag teacht isteach san Aontas tríd an tír sin. Tá sé beartaithe ag an Aontas Eorpach leanúint de bheith ina phointe tagartha don Tuirc maidir le leasuithe polaitiúla agus cearta bunúsacha agus is é tuairim dhocht dhaingean an Aontais go gcaithfidh an Tuirc aird a thabhairt ar na cearta sin más mian léi teacht isteach san Aontas.
Tá tíortha na mBalcán Thiar, a raibh a bhformhór ina gcuid den Iúgslaiv tráth, ag dul i muinín an Aontais Eorpaigh freisin chun dlús a chur le hatógáil a ngeilleagar, feabhas a chur ar an gcaidreamh eatarthu (tá an caidreamh sin faoi chrann smola ag cogaí eitneacha agus creidimh) agus a gcuid institiúidí daonlathacha a chomhdhlúthú. Tá stádas “tír is iarrthóir” tugtha ag an Aontas Eorpach don Albáin, do Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, do Mhontainéagró agus don tSeirbia. Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar bhallraíocht in 2016. Dhearbhaigh an Chosaiv (tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive) a saoirse in 2008 agus d’fhéadfadh sí a bheith ina tír is iarrthóir nuair a bheidh an chaibidlíocht thart atá ar siúl faoi láthair maidir lena todhchaí.
Tá tús curtha leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil le Montainéagró agus leis an tSeirbia faoin aontachas leis an Aontas Eorpach.
Chuir an Íoslainn, ar bhuail géarchéim airgeadais 2008 go dona í, isteach iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach in 2009. Éiríodh as an gcaibidlíocht aontachais in 2013 ar iarratas na hÍoslainne. Ba lú an fonn a bhí ar mhuintir na hÍoslainne dul isteach san Aontas Eorpach tar éis cor chun feabhais a theacht ar gheilleagar na tíre.
Le linn óráid a insealbhaithe i bParlaimint na hEorpa in 2014, d’fhógair Jean-Claude Juncker nach mbeadh aontachas nua ar bith ann le linn théarma a Uachtaránachta, a chríochnóidh in 2019.
Léirítear sa díospóireacht phoiblí ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh go bhfuil go leor de mhuintir na hEorpa buartha faoi cén áit is ceart teorainneacha an Aontais a tharraingt. Cuirtear ceisteanna freisin maidir le brí na féiniúlachta Eorpaí. Níl aon fhreagraí simplí ar na ceisteanna sin, go háirithe ós rud é go bhfuil a dearcadh féin ag gach tír ar a leasa geopholaitiúl agus eacnamaíoch féin. Bhí na tíortha Baltacha agus an Pholainn i bhfabhar an Úcráin a bheith ina ball den Aontas, ach i ndiaidh na coimhlinte idir an Úcráin agus an Rúis, as ar tháinig ionghabháil mhídhleathach na Crimé, d’éirigh teannas geopholaitiúil agus is rogha gan dealramh an rogha sin anois. Ina theannta sin, fágann suíomh straitéiseach na Moldóive go bhfuil aird á díriú ar an teannas idir tíortha an Iarthair agus an Rúis, tír a bhfuil díocas uirthi a cuid uaillmhianta réigiúnacha a chomhlíonadh.
In ainneoin go gcomhlíonann siad na coinníollacha aontachais, níl an Iorua, an Eilvéis ná Lichtinstéin ina mbaill den Aontas Eorpach, rud atá ag teacht le tuairim an phobail sna tíortha sin.
I mBallstáit éagsúla, tá tuairim an phobail deighilte a bheag nó a mhór maidir le ceist theorainneacha deiridh an Aontais Eorpaigh. Dá gcuirfí critéir gheografacha i bhfeidhm astu féin, gan aon aird a thabhairt ar luachanna daonlathacha, d’fhéadfadh 47 mBallstát a bheith san Aontas Eorpach ar deireadh thiar, ar nós Chomhairle na hEorpa (nach ceann d’institiúidí an Aontais í).
Is é rud is ciallmhaire a rá go bhfuil aon tír Eorpach i dteideal cur isteach ar bhallraíocht san Aontas Eorpach más féidir léi corpas dlí iomlán an Aontais a ghlacadh chuici féin agus má tá sí sásta an euro a ghlacadh. Próiseas is ea lánpháirtiú na hEorpa atá ar bun gan stad ó 1950 i leith, agus bheifí ag teacht salach ar an bpróiseas sin dá ndéanfaí iarracht ar bith teorainneacha an Aontais Eorpaigh a leagan síos go buan docht.
D’fhág na méaduithe in 2004 agus in 2007 gur brúdh teorainneacha an Aontais Eorpaigh níos faide soir agus ó dheas, rud as ar éirigh ceist faoin dóigh ar chóir don Aontas an caidreamh lena chomharsana nua a láimhseáil. Tá an chobhsaíocht agus an tslándáil i gceist sna réigiúin taobh thall dá theorainneacha, agus bhí an tAontas ag iarraidh a sheachaint go dtiocfadh línte deighilte nua chun cinn idir é féin agus na réigiúin máguaird sin. Bhí bagairtí don tslándáil ag teacht chun cinn, e.g. an inimirce neamhdhleathach, cur isteach ar sholáthairtí fuinnimh, meath an chomhshaoil, an choireacht eagraithe trasteorann agus an sceimhlitheoireacht, agus b’éigean don Aontas Eorpach dul i ngleic leo le breis nirt. Ar an gcúis sin, cheap an tAontas Eorpach beartas comharsanachta Eorpach nua, lena rialaítear an caidreamh lena chomharsana ar an taobh thoir agus an taobh thoir-theas (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin), agus ar an taobh ó dheas (an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, an tSiria agus an Túinéis).
Ó bhí 2004 ann, tá comhaontuithe déthaobhacha “comhpháirtíochta agus comhair” nó comhaontuithe comhlachais sínithe ag beagnach gach ceann de na tíortha sin leis an Aontas Eorpach, lena dtugann siad gealltanas aird a thabhairt ar chomhluachanna (e.g. an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta) agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo geilleagar margaidh, forbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta. Maidir leis an Aontas Eorpach, tairgeann sé cúnamh airgeadais, cúnamh teicniúil agus cúnamh maicreacnamaíoch, fáil níos éasca ar víosaí agus bearta de shaghsanna éagsúla chun cabhrú leis na tíortha sin iad féin a fhorbairt.
Tá an scéal athraithe ó bhonn de bharr nithe a tharla ar an leibhéal geopholaitiúil le déanaí, áfach.
Ar an taobh thoir, tar éis do rialtas forlámhach na hÚcráine titim, toghadh Uachtarán nua — Petro Poroschenko — i mí na Bealtaine 2014, uachtarán a raibh luí ní b’fhearr aige le luachanna an Iarthair. Dá bharr sin, síníodh comhaontú comhlachais idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach i mí Mheán Fómhair 2014. De dheasca dhrochstaid an gheilleagair agus an achrainn mhíleata idir fórsaí de chuid na hÚcráine agus grúpaí scarúnaíocha a dtacaíonn an Rúis leo, tá an tír i gcás nach furasta teacht as. Mar sin féin, ní hé nach féidir an ceangal leis an Aontas Eorpach a neartú. Idir 2014 agus 2015, dheonaigh an tAontas Eorpach breis agus €7 mbilliún de chúnamh airgeadais don Úcráin, agus coinníollacha maidir le leasuithe polaitiúla agus leasuithe daonlathacha a dhéanamh ag gabháil leis.
Le linn “Earrach na nArabach” in 2011 tháinig athruithe móra ar an staid pholaitiúil ar chósta theas na Meánmhara agus sa Mheánoirthear. A leithéidí seo: athruithe réimis sa Túinéis agus san Éigipt, cogadh cathartha sa tSiria, anord sa Libia tar éis threascairt réimeas Gaddafi agus bunú an ghrúpa ar a dtugtar “an Stát Ioslamach”, nó Daech, a ghlac seilbh ar cuid mhaith den tSiria agus den Iaráic le gníomhartha sceimhlitheoireachta.
Tá roinnt Ballstát páirteach sa chomhghuaillíocht mhíleata atá ag troid in aghaidh “an Stáit Ioslamaigh” nó Daech, agus san am céanna tá ar an tAontas Eorpach déileáil leis na sluaite dídeanaithe a thagann ón tSiria, ó Chorn na hAfraice agus ón Afraic fho-Shahárach, agus iad go léir ar a dteitheadh ó chogadh, ó ghéarleanúint reiligiúnach agus ó anró eacnamaíoch. In 2015 rinne thart ar 1 mhilliún duine iarracht ar dhul trasna na Meánmhara ó chósta na Libia agus na Tuirce i mbáid a sholáthair coirpigh a bhí i mbun gáinneáil ar dhaoine. Chun dul i ngleic leis an tubaiste dhaonnúil sin, tá an tAontas Eorpach ag déanamh athbhreithniú ar a chomhbheartas tearmainn agus inimirce (féach Caibidil 10).
© josef/kubes/Adobe Stock
Tugann an tAontas Eorpach cabhair airgeadais chun cabhrú leis an ngeilleagar a chothú i dtíortha comharsanacha.

Is mó ná cónaidhm tíortha é an tAontas Eorpach, ach ní stát cónaidhme é ach oiread. Is amhlaidh nach féidir é a aicmiú in aon cheann de na catagóirí traidisiúnta arae ní raibh a leithéid ann roimhe seo, agus tá a chóras cinnteoireachta ag forás gan stad le 60 éigin bliain.
Tá na Conarthaí (ar a dtugtar an reachtaíocht “phríomha”) mar bhonn ag corpas mór de reachtaíocht “thánaisteach” a mbíonn tionchar díreach aici ar ghnáthshaol shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Is éard atá sa reachtaíocht thánaisteach, tríd is tríd, ná na rialacháin, na treoracha agus na moltaí atá glactha ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tá na dlíthe sin, mar aon le beartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne, ina dtoradh ar chinntí ó Parlaimint na hEorpa (a dhéanann ionadaíocht ar na daoine), ón gComhairle (a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais náisiúnta) agus ón gCoimisiún Eorpach (an comhlacht feidhmiúcháin atá neamhspleách ó rialtais na mBallstát agus a sheasann le leas comhchoiteann na hEorpa). Bíonn ról ag institiúidí agus comhlachtaí eile freisin, mar atá leagtha amach thíos.
Is í Parlaimint na hEorpa an comhlacht tofa a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Déanann sí maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus, ag obair di leis an gComhairle, achtaíonn sí reachtaíocht an Aontais. Déantar feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghadh ar bhonn díreach, le vótáil chomhchoiteann, gach 5 bliana, agus tá sin amhlaidh ó bhí 1979 ann.
In 2017, toghadh an tIodálach Antonio Tajani (Páirtí an Phobail Eorpaigh — Na Daonlaithe Críostaí) ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Dhá bhliain go leith an téarma oifige.
© An tAontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa — is anseo is féidir leat éisteacht a fháil.
| An Ostair | 18 |
| An Bheilg | 21 |
| An Bhulgáir | 17 |
| An Chróit | 11 |
| An Chipir | 6 |
| Poblacht na Seice | 21 |
| An Danmhairg | 13 |
| An Eastóin | 6 |
| An Fhionlainn | 13 |
| An Fhrainc | 74 |
| An Ghearmáin | 96 |
| An Ghréig | 21 |
| An Ungáir | 21 |
| Éire | 11 |
| An Iodáil | 73 |
| An Laitvia | 8 |
| An Liotuáin | 11 |
| Lucsamburg | 6 |
| Málta | 6 |
| An Ísiltír | 26 |
| An Pholainn | 51 |
| An Phortaingéil | 21 |
| An Rómáin | 32 |
| An tSlóvaic | 13 |
| An tSlóivéin | 8 |
| An Spáinn | 54 |
| An tSualainn | 20 |
| An Ríocht Aontaithe | 73 |
| Iomlán | 751 |
Bíonn príomhdhíospóireachtaí na Parlaiminte ar siúl ag cruinnithe míosúla (ar a dtugtar “seisiúin iomlánacha”) a bhfreastalaíonn gach feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa orthu, i bprionsabal. Is iondúil gur in Strasbourg na Fraince a bhíonn na seisiúin iomlánacha sin ar siúl, agus is sa Bhruiséil a thionóltar aon seisiún breise. Is sa Bhruiséil a dhéantar an obair ullmhúcháin de ghnáth freisin: déanann “Comhdháil na nUachtarán” — i.e. cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla mar aon le hUachtarán na Parlaiminte — an clár oibre a leagan síos i gcomhair na seisiún iomlánach agus dréachtaíonn 20 coiste parlaiminteach na leasuithe reachtaíochta atá le plé. Is í Ardrúnaíocht na Parlaiminte, atá lonnaithe i Lucsamburg agus sa Bhruiséil, a fhéachann i ndiaidh obair riaracháin laethúil na Parlaiminte. Tá a rúnaíocht féin ag gach grúpa polaitiúil freisin.
Glacann an Pharlaimint páirt in obair reachtach an Aontais Eorpaigh ar dhá bhealach.
Tá an fhreagracht chomhroinnte chéanna ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle freisin as buiséad an Aontais Eorpaigh (arna mholadh ag an gCoimisiún Eorpach) a ghlacadh. Is féidir leis an bParlaimint diúltú don bhuiséad atá molta, agus tá sé sin déanta aici cheana féin roinnt uaireanta. Ina leithéid de chás, ní mór an nós imeachta buiséid ina iomláine a atosú. Trí úsáid a bhaint as a cumhachtaí buiséadacha bíonn tionchar nach beag ag an bParlaimint ar cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh.
Ar an bhfeidhm is tábhachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa tá go ndéanann sí maoirseacht dhaonlathach ar an Aontas, ar an gCoimisiún Eorpach go háirithe.
Déantar Parlaimint na hEorpa a thoghadh gach 5 bliana. I mBealtaine 2014 a bhí an t-ochtú toghchán díreach ann, agus ghlac 42.5 % de na vótálaithe páirt ann as an 380 milliún duine a bhí incháilithe chun vóta a chaitheamh. Bhí an ráta rannpháirtíochta mórán mar an gcéanna le ráta rannpháirtíochta thoghchán 2009.
In 2014, i ndiaidh Chonradh Liospóin, agus den chéad uair riamh, d’ainmnigh na páirtithe ar fud na hEorpa a rogha iarrthóra, a bhí ina iarrthóir ar phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh freisin. Is é Páirtí an Phobail Eorpaigh a fuair an líon ba mhó suíochán, agus chinn an Chomhairle Eorpach le tromlach cáilithe iarrthóir an pháirtí sin a ainmniú don phost. Ba eisean Jean-Claude Juncker, iar-Phríomhaire de chuid Lucsamburg. Vótáil tromlach mór sa Pharlaimint ar a shon (422 vóta ar a shon, 250 vóta ina aghaidh, agus 47 staonadh).
Ina dhiaidh sin, chuir an Pharlaimint “éisteachtaí” ar bun i ndáil leis na 27 n-iarrthóir mholta ó gach Ballstát chun a n-oiriúnacht a mheas do phoist mar chomhaltaí den Choimisiún, roimh an gCoimisiún ina iomláine a fhormheas.
Tráth ar bith, is féidir leis an bParlaimint an Coimisiún ar fad a dhíbhe ach rún cáinte a ghlacadh. Tá gá le tromlach dhá thrian chuige sin. Ina theannta sin, déanann an Pharlaimint maoirseacht ar bhainistiú laethúil bheartais an Aontais Eorpaigh trí cheisteanna ó bhéal agus i scríbhinn a chur ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle.
Is minic a bhíonn feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus feisirí ó pharlaimintí náisiúnta na mBallstát ag obair i ndlúthchomhar le chéile. Tarlaíonn sé sin laistigh de na páirtithe polaitíochta agus i sainchomhlachtaí arb ann dóibh chun na críche sin. Ó bhí 2009 ann, tá ról an atá ag na parlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is féidir leo a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi na dlíthe nua go léir a mholann an Coimisiún agus a chinntiú ar an gcaoi sin go bhfuil prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh. Sonraítear sa phrionsabal sin nár cheart don Aontas Eorpach plé le hábhar ach amháin dá mbeadh beart ar an leibhéal Eorpach níos éifeachtaí ná beart ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.
Na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa
Is í an Chomhairle Eorpach príomhinstitiúid pholaitiúil an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear inti Ceannairí Stáit nó Ceannairí Rialtais — uachtaráin agus/nó príomhairí — gach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Tagann sí le chéile 4 huaire in aghaidh na bliana de ghnáth, sa Bhruiséil. Tá Uachtarán buan uirthi, a bhfuil sé de chúram air nó uirthi comhordú a dhéanamh ar obair na Comhairle Eorpaí agus a chinntiú go bhfuil an obair sin comhleanúnach. Déantar an tUachtarán buan a thoghadh (le vótáil trí thromlach cáilithe dá baill) ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith agus féadfar an té sin a atoghadh uair amháin. Is é iar-Phríomhaire na Polainne, Donald Tusk, atá sa phost sin ón 1 Nollaig 2014.
Leagann an Chomhairle Eorpach síos spriocanna an Aontais Eorpaigh agus an chaoi a mbainfear amach iad. Is í a thugann an spreagadh i leith phríomhthionscnaimh beartais an Aontais Eorpaigh agus a ghlacann cinntí maidir le ceisteanna cigilteacha nach bhfuil Comhairle na nAirí in ann teacht ar chomhaontú ina dtaobh. Ina theannta sin, téann an Chomhairle Eorpach i ngleic le fadhbanna idirnáisiúnta reatha le meicníocht ar a dtugtar an “comhbheartas eachtrach agus slándála”, lena ndéantar comhordú ar bheartais eachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Tá an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle na nAirí freisin) comhdhéanta d’airí ó rialtais náisiúnta an Aontais Eorpaigh. Bíonn na Ballstáit i seilbh Uachtaránacht na Comhairle ar a seal ar feadh tréimhse 6 mhí. Freastalaíonn aire amháin ó gach Ballstát ar gach cruinniú den Chomhairle. Maidir le cén aire a fhreastalaíonn ar an gcruinniú, braitheann sin ar an ábhar atá ar an gclár oibre: gnóthaí eachtracha, talmhaíocht, tionsclaíocht, iompar, an comhshaol, etc.
| Bliain | Eanáir–Meitheamh | Iúil–Nollaig |
|---|---|---|
| 2017 | Málta | An Eastóin |
| 2018 | An Bhulgáir | An Ostair |
| 2019 | An Rómáin | An Fhionlainn |
| 2020 | An Chróit | An Ghearmáin |
| 2021 | an Phortaingéil | an tSlóivéin |
Bíonn cruinnithe Chomhairle na nAirí faoi chathaoirleacht Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus bíonn an té sin ina Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún freisin. Is í Federica Mogherini, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha na hIodáile, atá sa phost sin ó mhí na Samhna 2014 i leith.
Is é is príomhchúram don Chomhairle dlíthe an Aontais Eorpaigh a rith. Is iondúil go gcomhroinneann sí an fhreagracht sin le Parlaimint na hEorpa. Tá an fhreagracht chomhroinnte chéanna ar an gComhairle agus ar an bParlaimint freisin as buiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacadh. Lena chois sin, síníonn an Chomhairle comhaontuithe idirnáisiúnta atá caibidlithe ag an gCoimisiún.
Ní mór don Chomhairle a cuid cinntí a ghlacadh le vótáil trí thromlach simplí, trí thromlach cáilithe nó d’aon toil, de réir an ábhair atá idir chamáin.
Ní mór don Chomhairle teacht ar chomhaontú d’aon toil maidir le ceisteanna tábhachtacha amhail cánachas, leasuithe ar na Conarthaí, seoladh comhbheartais nua nó aontachas nua leis an Aontas Eorpach.
I bhformhór na gcásanna eile, baintear leas as vótáil trí thromlach cáilithe. Ciallaíonn sé sin nach féidir cinneadh ón gComhairle a ghlacadh gan an “tromlach dúbailte”, mar a thugtar air. Déantar cinneadh a ghlacadh má tá 55 % de na Ballstáit ina fhabhar (16 thír as na 28 dtír) agus más 65 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh (thart ar 332 mhilliún saoránach den 510 milliún atá ann san iomlán) daonra na mBallstát sin.
Nuair a seoladh an euro, bunaíodh comhlacht nua laistigh den Chomhairle — an “Grúpa Euro” — a bhfreastalaíonn gach duine d’airí eacnamaíochta agus airgeadais as na 19 dtír sa limistéar euro ar a chuid cruinnithe.
Príomhinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Coimisiún. Is aige sin amháin atá an ceart chun tograí a dhréachtú le haghaidh reachtaíocht nua AE, agus cuireann sé na tograí sin faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte lena bplé agus lena nglacadh.
Ceaptar a chomhaltaí ar feadh téarma 5 bliana trí chomhaontú idir na Ballstáit, faoi réir fhormheas Pharlaimint na hEorpa (mar a mhínítear thuas). Ní mór don Choimisiún ar fad éirí as oifig má ritheann an Pharlaimint rún cáinte ina choinne.
© An tAontas Eorpach
Is é an Coimisiún Eorpach foras feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh agus ní mór dá chomhaltaí a bheith seasta ag éisteacht le mianta na ndaoine, mar a thaispeántar anseo, mar shampla, ag ceann de na “Comhphléite Saoránach” dá chuid.
Bíonn duine amháin (“Coimisinéir”) as gach Ballstát ina bhall den Choimisiún, lena n-áirítear Uachtarán an Choimisiúin agus Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin. An Coimisiún atá ann faoi láthair agus a bhfuil Jean-Claude Juncker ina Uachtarán air, is an 1 Samhain 2014 a thosaigh a théarma oifige. Cheap an tUachtarán Juncker seachtar Leas-Uachtarán chun comhordú a dhéanamh ar obair na gCoimisinéirí agus chun a chinntiú go ndíreofaí ar a chuid réimsí tosaíochta amhail poist agus fás, an margadh aonair digiteach, fuinneamh agus an t-athrú aeráide agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. D’fhonn deimhin a dhéanamh de go ndíreodh an Coimisiún ar na tosaíochtaí is tábhachtaí agus go n-urramódh sé prionsabail na coimhdeachta, ceapadh Frans Timmermans mar Chéad-Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún agus rialáil níos fearr agus an caidreamh institiúideach de chúram air.
Tá neamhspleáchas nach beag ag an gCoimisiún agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige. Is é an cúram atá air seasamh leis an leas coiteann, rud a chiallaíonn gur mór dó gan treoracha a ghlacadh ó aon rialtas náisiúnta. Is é “Caomhnóir na gConarthaí” é, agus dá bhrí sin ní mór dó a chinntiú go bhfuil na rialacháin agus na treoracha atá glactha ag an gComhairle agus ag an bParlaimint á gcur chun feidhme sna Ballstáit. Más rud é nach bhfuil siad á gcur chun feidhme, is féidir leis an gCoimisiún an páirtí ciontach a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun iallach a chur air cloí le dlí an Aontais Eorpaigh.
Ina cháil mar fhoras feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh, cuireann an Coimisiún chun feidhme na cinntí a ghlacann an Chomhairle i réimsí ar nós an chomhbheartais talmhaíochta. Tá cumhachtaí leathana aige i dtaobh bainistiú a dhéanamh ar chomhbheartais an Aontais, ar nós taighde agus teicneolaíocht, cúnamh thar lear agus forbairt réigiúnach. Bainistíonn sé an buiséad i leith na mbeartas sin freisin.
Faigheann na Coimisinéirí cúnamh ó sheirbhís shibhialta an Aontais, atá lonnaithe go príomha sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá roinnt gníomhaireachtaí eile ann a bunaíodh chun cúraimí sonracha a chur i gcrích don Choimisiún, agus is i gcathracha eile san Eoraip atá siadsan den chuid is mó.
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá lonnaithe i Lucsamburg, comhdhéanta de bhreitheamh amháin as gach Ballstát, a dtugann aon duine dhéag d’ard-abhcóidí cúnamh dóibh. Déantar iad a cheapadh trí chomhaontú comhpháirteach de chuid rialtais na mBallstát ar feadh tréimhse in-athnuaite 6 bliana. Ráthaítear a neamhspleáchas. Is é ról na Cúirte é a chinntiú go bhfuil dlí an Aontais Eorpaigh á chomhlíonadh, agus go bhfuil na Conarthaí á léirmhíniú i gceart agus á gcur i bhfeidhm i gceart.
Is é an Banc Ceannais Eorpach in Frankfurt atá freagrach as an euro agus beartas airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a bhainistiú (féach Caibidil 7 “An euro”). Seisear stiúrthóirí atá ar a bhord rialaithe, mar aon le gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na 19 dtír atá sa limistéar euro. Is iad na príomhchúraimí atá ar an mBanc Ceannais praghsanna a choinneáil cobhsaí agus maoirseacht a dhéanamh ar bhainc sa limistéar euro. Is é iar-Ghobharnóir Bhanc na hIodáile, Mario Draghi, atá ina Uachtarán ar an mBanc Ceannais ó 2011 i leith.
In 1975 a bunaíodh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus i Lucsamburg atá sí lonnaithe. Bíonn comhalta amháin aici ó gach Ballstát, a cheaptar ar feadh téarma 6 bliana trí chomhaontú idir na Ballstáit tar éis dóibh dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Déanann sí deimhin de go bhfuarthas ioncam go léir an Aontais Eorpaigh agus gur tabhaíodh a chaiteachas go léir ar mhodh dleathach rialta, agus go ndearnadh buiséad an Aontais Eorpaigh a bhainistiú go fónta.
Tá réimsí beartais áirithe ann, agus nuair atá cinntí le glacadh a bhaineann leis na réimsí sin, téann an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina dtaobh. Déanann a chuid comhaltaí ionadaíocht ar na grúpaí eacnamaíocha agus sainleasa shóisialta éagsúla a bhaineann leis “an tsochaí shibhialta eagraithe”, agus ceapann an Chomhairle iad ar feadh téarma 5 bliana.
Cuimsítear i gCoiste na Réigiún ionadaithe de chuid na rialtas réigiúnach agus na rialtas áitiúil. Is iad na Ballstáit a mholann iad agus ceapann an Chomhairle iad ar feadh téarma 5 bliana. Ní mór don Chomhairle agus don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste maidir le nithe a bhaineann leis na réigiúin, agus féadfaidh sé tuairimí a eisiúint ar a thionscnamh féin freisin.
Soláthraíonn an Banc Eorpach Infheistíochta, atá lonnaithe i Lucsamburg, iasachtaí agus ráthaíochtaí chun cabhrú le réigiúin lagfhorbartha an Aontais Eorpaigh agus chun cabhrú le gnólachtaí a bheith níos iomaíche.
Toghann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman ar feadh tréimhse in-athnuaite 5 bliana. Is é is ról don Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi dhrochriarachán in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is féidir le saoránaigh, cuideachtaí agus daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach gearáin a chur faoi bhráid an Ombudsman. Is í iar-Ombudsman na hÉireann, Emily O’Reilly, atá ina hOmbudsman Eorpach ó 2013.
© belahoche/Adobe Stock
Cinntíonn an Chúirt Bhreithiúnais go ndéantar lán-urramú ar dhlí na hEorpa. Tá sé deimhnithe aici, mar shampla, go bhfuil cosc ar idirdhealú in aghaidh oibrithe atá faoi mhíchumas.

Bíonn tionchar ag gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ar ghnáthshaol a chuid saoránach sa mhéid is go dtéann na gníomhaíochtaí sin i ngleic lena lán de na fíordhúshláin atá le sárú ag an tsochaí: cosaint an chomhshaoil, sláinte, nuálaíocht teicneolaíochta, fuinneamh, etc.
Ó na 1960í ar aghaidh, tá rabhadh á thabhairt ag eolaithe go bhfuil teocht an domhain ag ardú. Ba mhall í an fhreagairt a thug na ceannairí polaitiúla ar dtús ach in 1988 bhunaigh na Náisiúin Aontaithe an “Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide”. D’éirigh leis an bpainéal saineolaithe sin aird an domhain a dhíriú ar na hiarmhairtí tubaisteacha a d’fhéadfadh a bheith ag an téamh domhanda, arb iad astaíochtaí gás díobhálach is cúis leis — go háirithe gáis ó dhó breoslaí iontaise ina bhfuil hidreacarbóin.
© Westend61/gettyimages
Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sa chomhrac chun an t-athrú aeráide a chosc agus forbairt inbhuanaithe a spreagadh.
In 2008, rinne an tAontas Eorpach beart substainteach sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. Thug an Chomhairle Eorpach gealltanas go ndéanfadh an tAontas Eorpach laghdú 20 % ar a laghad ar a chuid astaíochtaí (i gcomparáid le leibhéal 1990), go méadódh sé sciar an fhuinnimh in-athnuaite den mhargadh go dtí 20 % agus go ndéanfadh sé laghdú 20 % ar an tomhaltas fuinnimh foriomlán. In 2014, shocraigh ceannairí an Aontais Eorpaigh ar sprioc níos uaillmhianaí fós, mar atá laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh faoi 2030, i gcomparáid le leibhéal 1990. Ina theannta sin, ghníomhaigh na Ballstáit go cinntitheach le chéile chun cuidiú le féachaint chuige go mbeadh sé ina thoradh ar chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide i bPáras i mí na Nollag 2015 go ndéanfaí comhaontú ceangailteach idir 195 thír i leith uasteorainn 2 °C ar an téamh domhanda. Tá cúnamh airgeadais ag teastáil ó na tíortha is boichte ar domhan chun a gcuid astaíochtaí a laghdú agus chun dul in oiriúint don athrú aeráide. Chuige sin, idir 2014 agus 2020, beidh an tAontas Eorpach ag tabhairt €14 bhilliún ar a laghad uaidh ón gCiste Eorpach Forbraíochta. Cuireadh i gcrích an próiseas polaitiúil i ndáil le daingniú Chomhaontú Pháras ag an Aontas Eorpach an 4 Deireadh Fómhair 2016 nuair a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an daingniú, rud a d’fhág go bhféadfadh an comhaontú teacht i bhfeidhm.
Tá na Ballstáit tagtha ar chomhaontú i ndáil le reachtaíocht cheangailteach a thabhairt isteach chun astaíochtaí díobhálacha a laghdú san Aontas Eorpach. Baineann cuid mhór den iarracht le hinfheistíocht a dhéanamh sa nuatheicneolaíocht, rud a chruthaíonn poist agus a chothaíonn an fás eacnamaíoch freisin. Le “scéim trádála astaíochtaí” ar fud an Aontais Eorpaigh, tá sé ina chuspóir a chinntiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil na laghduithe atá de dhíth i dtaobh astú gás díobhálach.
Tá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic freisin le mórchuid cineálacha fadhbanna comhshaoil eile, cuir i gcás torann, dramhaíl, cosaint gnáthóg nádúrtha, gáis sceite, ceimiceáin, tionóiscí tionsclaíocha agus glaineacht an uisce snámha. Ina theannta sin, bíonn sé ag obair chun cosc a chur ar thubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine ar nós doirteadh ola agus loscadh sléibhe.
Bíonn an tAontas Eorpach seasta ag feabhsú a chuid reachtaíochta chun cosaint níos fearr a thabhairt don tsláinte phoiblí. Mar shampla, tá leasú déanta ar reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin, agus cuireadh córas aonair ar a dtugtar REACH — a bhaineann le clárú, meastóireacht, údarú agus srian ar cheimiceáin — in ionad na rialacha ar fad a bhí ann roimhe sin agus a tugadh isteach ceann i ndiaidh a chéile ar leithligh. Baineann an córas sin leas as bunachar sonraí lárnach atá faoi bhainistiú na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, atá lonnaithe i Heilsincí. An aidhm atá ann cosc a chur ar éilliú an aeir, éilliú an uisce, éilliú na hithreach agus éilliú foirgneamh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus, san am céanna, earnáil tionsclaíochta na hEorpa a choinneáil iomaíoch.
Chonacthas do bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh go mbeadh rath na hEorpa san am a bhí le teacht ag brath ar a cumas leanúint de bheith ina cheannaire domhanda sa teicneolaíocht, agus bhí an ceart acu sa mhéid sin. Thuig siad na buntáistí ollmhóra a bhí le baint as comhthaighde Eorpach. Mar sin, in 1958, taobh le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, bhunaigh siad Euratom, is é sin an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. An aidhm a bhí ann na Ballstáit a thabhairt le chéile d’fhonn leas a bhaint as fuinneamh núicléach chun críocha síochánta, le cabhair ó Ionad Comhpháirteach Taighde, atá comhdhéanta de 7 n-institiúid taighde.
Chun cos a choinneáil lena iomaitheoirí, áfach, b’éigean don Eoraip an taighde a bhí sí a dhéanamh a éagsúlú, agus na bacainní idir cláir thaighde náisiúnta a bhaint, chun éagsúlacht mhór eolaithe a thabhairt le chéile agus cabhrú leo teacht ar fheidhmeanna tionsclaíochta dá gcuid fionnachtana.
Tá an comhthaighde atá ar bun ar leibhéal an Aontais anois ceaptha chun cláir taighde náisiúnta a chomhlánú. Dírítear é ar thionscadail lena dtugtar le chéile roinnt saotharlann i mBallstáit éagsúla. Tacaíonn sé freisin le taighde bunúsach i réimsí eile amhail comhleá núicléach rialaithe — a d’fhéadfadh a bheith ina fhoinse dho-ídithe fuinnimh don 21ú céad. Ina theannta sin, spreagann sé taighde agus forbairt theicneolaíoch i dtionscail thábhachtacha amhail an leictreonaic agus an ríomhtheicneolaíocht, ina mbítear in iomaíocht ghéar le dreamanna lasmuigh den Eoraip.
Tá sé ina sprioc ag an Aontas Eorpach 3 % dá olltáirgeacht intíre (OTI) a chaitheamh ar thaighde. Is é an príomhshásra i ndáil le taighde AE a chistiú ná sraith “creatchlár”. Is é “Fís 2020” an t-ochtú creatchlár um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch agus clúdaíonn sé an tréimhse 2014–2020. Tá an chuid is mó den bhuiséad breis is €80 billiún á chaitheamh ar thaighde i réimsí amhail sláinte, bia agus talmhaíocht, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide, naineolaíochtaí, fuinneamh, an comhshaol, iompar, slándáil agus an spás agus eolaíochtaí socheacnamaíocha. Faoi chláir eile, cuirtear chun cinn an comhar idirnáisiúnta ar thionscadail taighde cheannródaíocha agus tugtar tacaíocht do thaighdeoirí agus dá bhforbairt gairme.
I láthair na huaire is fuinnimh iompórtáilte breis agus leath an fhuinnimh a ídíonn an tAontas, rud a fhágann gurb é an tAontas Eorpach an t-iompórtálaí fuinnimh is mó ar domhan. Tá muintir na hEorpa i mbaol gearradh soláthair nó ardú praghsanna de bharr géarchéimeanna idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas Eorpach ag obair chun an tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú agus próiseas an téimh dhomhanda a aisiompú.
Tá céimeanna éagsúla á nglacadh, mar shampla, chun fuinneamh a spáráil trí úsáid níos cliste a bhaint as, chun foinsí fuinnimh malartacha a fhorbairt (foinsí fuinnimh in-athnuaite go háirithe), agus chun cur leis an gcomhar idirnáisiúnta. Príomhréimse amháin is ea insliú níos fearr a dhéanamh ar fhoirgnimh, ós rud é gur leis sin a úsáideann an tAontas Eorpach 40 % dá chuid fuinnimh agus a gcruthaíonn sé 36 % de na hastaíochtaí díobhálacha, ar nós gáis cheaptha teasa. Is ar fhuinneamh gréine, fuinneamh gaoithe, fuinneamh bithmhais agus fuinneamh núicléach atá an taighde agus forbairt dírithe i réimse an fhuinnimh san Eoraip.
Tosaíocht thábhachtach maidir leis an mbeartas fuinnimh is ea a chinntiú go mbeidh nascacht níos fearr idir na greillí fuinnimh agus na greillí iompair ar fud na hEorpa. Is féidir le húsáid níos éifeachtaí fuinnimh a bheith ina thoradh air sin, ar chúiseanna teicniúla agus mar gheall ar na cómhargaí. I gcás fhormhór na dtionscadal a bhaineann leas as an bPlean Infheistíochta don Eoraip, a sheol an tUachtarán Juncker in 2014, cuirtear fuinneamh atá éifeachtúil, glan agus in-athnuaite chun cinn leo. Ina measc siúd tá nascadh ghreillí fuinnimh na Spáinne agus na Portaingéile le greille fuinnimh na Fraince, agus nascadh na ngreillí i réigiún Mhuir Bhailt.
Bíonn an Eoraip ag gníomhú ar an ardán idirnáisiúnta freisin, go háirithe leis an Rúis agus an Meánoirthear, chun leanúnachas na soláthairtí fuinnimh a ráthú.
© sergbob/fotolia
Ní mór ceangal níos fearr a bheith idir greillí fuinnimh ar fud na hEorpa chun fuinneamh níos sábháilte agus níos éifeachtaí a sholáthar.
Lena chinntiú go bhfeidhmeoidh an margadh aonair (féach Caibidil 6) i gceart, ní mór míchothromaíochtaí sa mhargadh sin a cheartú. Is é sin an cuspóir atá le “beartais dlúthpháirtíochta” an Aontais Eorpaigh, a ceapadh chun cabhrú le réigiúin thearcfhorbartha agus le hearnálacha den gheilleagar nach bhfuil ag éirí go geal leo. Déanann an tAontas Eorpach cion freisin chun cabhrú le hathstruchtúrú a dhéanamh ar thionscail atá buailte go dona ag an tréaniomaíocht idirnáisiúnta.
Faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh i gcomhair na tréimhse 2014–2020, ag teacht le beartas comhtháthaithe an Aontais, táthar ag infheistiú €325 bhilliún, nó 34 % de bhuiséad an Aontais, sna Ballstáit, ina gcuid réigiún agus cathracha, d’fhonn na spriocanna ar fud an Aontais a chur chun cinn i dtaobh fás agus poist a chruthú, chomh maith le dul i ngleic leis an athrú aeráide, le spleáchas fuinnimh agus leis an eisiamh sóisialta.
Tá na cuspóirí sin á maoiniú ag cistí sonracha AE, lena ndéantar forlíonadh nó spreagadh ar an infheistíocht ón earnáil phríobháideach agus ó rialtais náisiúnta agus rialtais réigiúnacha:
Ba iad na haidhmeanna a bhí le comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, mar a leagadh amach iad sa leagan bunaidh de Chonradh na Róimhe ó 1957, ná a chinntiú go mbeadh caighdeán cóir maireachtála ag feirmeoirí, margaí a chobhsú, a chinntiú go mbeidh fáil ag tomhaltóirí ar sholáthairtí ar phraghsanna réasúnta agus an bonneagar feirmeoireachta a nuachóiriú. Tá na spriocanna sin bainte amach den chuid is mó. Ina theannta sin, bíonn slándáil soláthair ag tomhaltóirí an lae inniu agus coinnítear praghsanna na dtáirgí talmhaíochta ar leibhéal cobhsaí, agus iad faoi chosaint ar luaineachtaí ar an margadh domhanda. Tá an comhbheartas talmhaíochta á mhaoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
© An tAontas Eorpach
Tá a naíonra féin á rith ag Anna ó Lublin na Polainne, a bhuí, cuid de, le tionscadal atá dírithe ar fhiontraithe ban a dtacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa leis.
Mar sin féin, baineadh tuisle as beartas talmhaíochta an Aontais toisc go raibh ag éirí chomh maith leis. Táirgeadh ní ba mhó barr ná mar a caitheadh, rud a chuir ualach trom ar bhuiséad an Aontais. Chun an fhadhb sin a réiteach, b’éigean athshainiú a dhéanamh ar an mbeartas talmhaíochta. Tá toradh na leasuithe sin le sonrú: cuireadh srian leis an táirgeadh.
Is é an ról nua atá ag an bpobal feirmeoireachta ná a chinntiú go bhfuil méid áirithe gníomhaíochta eacnamaíche ar bun i ngach ceantar tuaithe agus éagsúlacht agus inbhuanaitheacht cheantair thuaithe na hEorpa a chosaint. Is cuid thábhachtach d’fhéiniúlacht na hEorpa iad an éagsúlacht sin agus aitheantas i leith “modh maireachtála faoin tuath” — na daoine agus an talamh a bheith i bhfreagairt dá chéile. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag talmhaíocht na hEorpa i dtaobh cur i gcoinne an athraithe aeráide, an fiadhúlra a chosaint agus an domhan a chothú.
Thairis sin, tá scéimeanna i bhfeidhm a ceapadh chun ainmneacha táirgí talmhaíochta agus bianna ardchaighdeáin áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach a chur chun cinn agus a chosaint.
Tá comhbheartas iascaigh ag an Aontas Eorpach freisin. Leagtar síos ar leibhéal na hEorpa rialacha maidir le conas na cabhlaigh iascaigh a bhainistiú agus na stoic éisc a chaomhnú.
Is é is aidhm le beartas sóisialta an Aontais Eorpaigh roinnt de na gnéithe is measa den neamhionannas i sochaí na hEorpa a cheartú. Bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa in 1961 chun cruthú post a chur chun cinn agus cabhrú le fostaithe bogadh ó chineál amháin oibre agus/nó limistéir gheografaigh amháin go ceann eile.
Ní hé an chabhair airgeadais an t-aon bhealach amháin ina bhféachann an tAontas Eorpach le dálaí sóisialta a fheabhsú. Ní fhéadfadh sé choíche go mbeadh an chabhair sin aisti féin ina leigheas ar na fadhbanna go léir a thagann chun cinn de bharr cúlú eacnamaíochta nó tearcfhorbairt réigiúnach. Ní mór d’iarmhairtí dinimiciúla an fháis, thar aon rud eile, an dul chun cinn sóisialta a spreagadh. Téann sé sin lámh ar lámh le reachtaíocht lena ráthaítear sraith dhaingean bunchearta. Tá cuid de na cearta sin cumhdaithe sna conarthaí, mar shampla, an ceart atá ag mná agus fir pá comhionann a fháil as ucht obair chomhionann. Tá cearta eile leagtha amach i dtreoracha a bhaineann le cosaint oibrithe (sláinte agus sábháilteacht ag an obair) agus caighdeáin riachtanacha sábháilteachta.
I gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe, a ndearnadh cuid dhílis den Chonradh ar an Aontas Eorpach di in 1997, leagtar amach na cearta is cóir a bheith ag gach oibrí san Aontas Eorpach: saorghluaiseacht; pá cóir; dálaí oibre níos fearr; cosaint shóisialta; an ceart chun comhlachais a chur ar bun agus chun tabhairt faoi chómhargáil; an ceart chun gairmoiliúna; caitheamh go cothrom le mná agus fir; faisnéis d’oibrithe, comhairliúchán leo agus rannpháirtíocht leo; cosaint sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre; cosaint do leanaí, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá plé ar siúl ar an gcaoi is féidir coimirce shóisialta Eorpach a eagrú i margadh saothair na todhchaí a bheidh níos mó agus níos mó faoi thionchar na dteicneolaíochtaí nua agus an domhandaithe.
Chun a chuid beartas a chistiú, tá buiséad bliantúil ag an Aontas Eorpach, ar fiú níos mó ná €157 mbilliún é in 2017. Is ionann an méid sin agus thart ar 1 % d’ollioncam náisiúnta na mBallstát go léir le chéile.
Déantar an buiséad a mhaoiniú ó “acmhainní dílse” an Aontais, mar a thugtar orthu. Is ó na foinsí seo a leanas a thagann na hacmhainní sin den chuid is mó:
Is féidir miondealú an chaiteachais a léiriú le buiséad na bliana 2017:
Tá gach buiséad bliantúil ina chuid de thimthriall buiséid 7 mbliana ar a dtugtar an “creat airgeadais ilbhliantúil”. Dréachtaíonn an Coimisiún Eorpach é sin agus ní mór do na Ballstáit é a formheas d’aon toil agus ní mór é a chaibidliú agus a chomhaontú le Parlaimint na hEorpa. Socraíodh an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014–2020 in 2013. Laghdaíodh an teorainn caiteachais fhoriomlán thart ar 3 % i dtéarmaí réadacha i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, 2007 go 2013.
Tá sé ina chuspóir leis an bplean caiteachais sin borradh a chur faoi fhás agus poist san Eoraip, rud a spreagfaidh an talmhaíocht inbhuanaithe agus a fhágfaidh an Eoraip níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Rinneadh méadú ar an maoiniú le haghaidh taighde agus nuálaíochta, oideachais agus oiliúna agus an chaidrimh sheachtraigh. Úsáidfear cistí sonracha chun cur in éadan na coireachta agus na sceimhlitheoireachta, agus i gcomhair beartais imirce agus beartais tearmainn. Meastar gur ar an aeráid a rachaidh ar a laghad 20 % de chaiteachas an Aontais Eorpaigh sa tréimhse 2014–2020.
Deich dtosaíocht don Eoraip
Ó mhí na Samhna 2014 tá na 10 dtosaíocht seo a leanas leagtha síos dó féin ag an gCoimisiún Eorpach, faoi cheannas Jean-Claude Juncker.
Borradh úr faoi phoist, fás agus infheistíocht
Margadh aonair digiteach atá nasctha
Aontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach um an athrú aeráide
Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre aige
Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime
Comhaontú saorthrádála cothrom réasúnta le Stáit Aontaithe Mheiriceá
Limistéar de cheartas agus de chearta bunúsacha atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach
Beartas nua maidir leis an imirce
Gníomhaí domhanda níos láidre
Aontas ina bhfuil athrú daonlathach ar siúlCad iad na cúraimí atá ar na páirtithe éagsúla? Comhroinnt na bhfreagrachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

Faoi Chonradh na Róimhe 1957 lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, bhí sé indéanta deireadh a chur le bacainní custaim idir na Ballstáit agus comhtharaif chustaim a chur i bhfeidhm ar iompórtálacha ó thíortha lasmuigh den Chomhphobal. Baineadh an cuspóir sin amach an 1 Iúil 1968.
Níl sna dleachtanna custaim ach gné amháin den chaomhnaitheacht, áfach. Sna 1970í, níorbh fhéidir cuspóir iomlán an chómhargaidh a bhaint amach mar gheall ar bhacainní trádála eile. Bhí srian ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus caipitil de bharr noirm theicniúla, caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, rialuithe malairte agus rialacháin náisiúnta maidir leis an gceart chun gairmeacha áirithe a chleachtadh.
I mí an Mheithimh 1985, d’fhoilsigh an Coimisiún, faoin Uachtarán Jacques Delors, Páipéar Bán inar leagadh amach pleananna chun deireadh a chur, laistigh de 7 mbliana, leis na bacainní fisiceacha, teicniúla agus cánach go léir ar an tsaorghluaiseacht laistigh de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. An aidhm a bhí ann borradh a chur faoin trádáil agus faoin ngníomhaíocht thionsclaíoch laistigh de “mhargadh aonair”, is é sin mórlimistéar eacnamaíoch aontaithe a bheadh inchurtha le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Mar thoradh ar an gcaibidlíocht idir rialtais na mBallstát, tháinig conradh nua — an Ionstraim Eorpach Aonair — i bhfeidhm i mí Iúil 1987. Ar fhorálacha an chonartha sin tá:
Tá deireadh curtha laistigh den Aontas Eorpach leis na rialuithe teorann ar fad ar earraí agus le rialuithe custaim ar dhaoine, ach déanann na póilíní spotseiceálacha randamacha ar an láthair go fóill mar chuid den chomhrac in aghaidh na coireachta agus drugaí.
I mí an Mheithimh 1985, shínigh cúig cinn de na 10 mBallstát Comhaontú Schengen, lenar gheall a gcuid fórsaí póilíneachta náisiúnta a bheith ag obair le chéile, agus lenar bunaíodh comhbheartas tearmainn agus víosaí. D’fhág sé sin go bhféadfaí deireadh iomlán a chur le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha idir tíortha Schengen (féach Caibidil 10: “Eoraip na saoirse, na slándála agus an cheartais”). Sé thír Eorpacha is fiche atá i limistéar Schengen anois, lena n-áirítear ceithre thír nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad (an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin).
Tá sé comhaontaithe ag na Ballstáit aitheantas a thabhairt do rialacha a chéile maidir le díol formhór na n-earraí. Ón uair a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an rialú cinniúnach Cassis de Dijon uaithi in 1979, aon táirge a mhonaraítear agus a dhíoltar go dlíthiúil i mBallstát amháin, ní mór cead a thabhairt é a chur ar an margadh i ngach ceann eile de na Ballstáit.
Ó thaobh seirbhísí, tugann tíortha an Aontais Eorpaigh aitheantas frithpháirteach dá gcuid rialacha náisiúnta faoinar féidir le daoine gairmeacha cosúil leis an dlí, leigheas, turasóireacht, baincéireacht agus árachas a chleachtadh, nó déanann siad comhordú ar na rialacha sin. Mar sin féin, tá go leor le déanamh go fóill i dtaobh saorghluaiseacht daoine. In ainneoin threoir na bliana 2005 maidir le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, tá bacainní ar dhaoine go fóill i dtaobh bogadh go Ballstáit eile nó cineálacha áirithe oibre a dhéanamh iontu. Ina ainneoin sin, is mó an tsaoirse anois atá ag daoine cáilithe (cibé acu dlíodóirí nó dochtúirí, tógálaithe nó pluiméirí) chun gabháil dá ngairm in áit ar bith san Aontas Eorpach.
Tá beart déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht oibrithe, agus go háirithe chun a chinntiú go dtabharfar aitheantas i dtíortha eile an Aontais do dhioplómaí oideachais agus do cháilíochtaí poist a baineadh amach i dtír amháin.
Bíonn roinnt daoine ag obair go sealadach i mBallstát eile, mar shampla, má tá tionscadal ar bun ag cuideachta tógála i mBallstát eile seachas an tír ina bhfuil sí féin bunaithe. Sonraítear i rialacha an Aontais Eorpaigh nach mór do na dálaí oibre dóibh siúd ar a dtugtar “oibrithe eachtrannach ar phostú” a bheith ar chomhleibhéal le dálaí oibre na n-oibrithe eile sa tír ina bhfuil an obair ar bun.
Laghdaíodh bacainní cánach trí ailíniú éigin a dhéanamh ar rátaí náisiúnta CBL. Tá rialacha comhchoiteanna agus rátaí íosta comhaontaithe ag na Ballstáit ionas nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh thar theorainneacha laistigh den Aontas.
Cuid mhór den gheilleagar is ea na conarthaí le haghaidh obair san earnáil phoiblí, agus cuimsítear 19 % den OTI leo. Tá conarthaí in aon Bhallstát ar oscailt anois do tháirgeoirí ó áit ar bith eile san Aontas Eorpach. Sin a bhuí le treoracha ón Aontas Eorpach lena gclúdaítear seirbhísí, soláthairtí agus oibreacha in a lán earnálacha, uisce, fuinneamh agus teileachumarsáid ina measc.
Téann an margadh aonair chun tairbhe na dtomhaltóirí go léir. Mar shampla, de bharr oscailt na margaí náisiúnta seirbhísí, is lú i bhfad anois an costas atá ar glaonna teileafóin ná an costas a bhí orthu 10–15 mbliana ó shin. Tá laghdú nach beag tagtha ar tháillí aeir san Eoraip freisin de bharr brú iomaíoch.
Sa bhliain 2008, i ndiaidh ghéarchéim na morgáistí “fo-príomha” sna Stáit Aontaithe, bhain géarchéim airgeadais ollmhór croitheadh as córais bhaincéireachta agus geilleagair an domhain, rud a d’fhág gur tháinig cúlú eacnamaíochta sa mhullach ar an Aontas Eorpach in 2009. Mar chuid den fhreagairt air sin, rinneadh athchóiriú ar an gcaoi a n-oibríonn bainc agus institiúidí airgeadais ionas go mbeidís ní b’fhollasaí agus ní ba chuntasaí. Ionas go bhféadfaí an méid sin a bhaint amach, cruthaíodh “an tAontas Baincéireachta”. Faoi rialacha nua AE, tugtar cosaint níos fearr do thaiscí bainc, tá méadú ar an méid caipitil nach mór do na bainc a bheith ar a seilbh ionas go mbeidís ní ba chobhsaí, déantar táirgí airgeadais casta a rialú agus cuirtear srianta ar bhónais na bhfeidhmeannach bainc. Bíonn na bainc sa limistéar euro faoi mhaoirseacht córais uile-Eorpaigh faoi stiúir an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Tá rialacha nua i bhfeidhm freisin maidir le conas bainc anásta a dhúnadh. Cinntítear le ciste speisialta anois gurb iad na bainc féin a iompróidh na costais a bhaineann le dúnadh sa chás sin, agus nach iad na cáiníocóirí.
Tá ceannairí na hEorpa ag obair chun tuilleadh neartú a dhéanamh ar na margaí aonair i dtaobh caipitil. Is é an aidhm atá ann é a fhágáil níos éasca ag gnólachtaí beaga a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú agus é a fhágáil níos tarraingtí infheistíocht a dhéanamh san Eoraip.
Tá leasuithe ar chánachas corparáideach á bplé freisin. Is éard atá i gceist ná gur chóir do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh comhrialacha a chomhaontú i ndáil leis an mbonn ar a ngearrfaidh siad cáin ar ghnólachtaí. Bheadh rátaí cánach éagsúla sna tíortha éagsúla go fóill, ach d’fhágfadh rialacha comhchoiteanna gur shaoire i bhfad a bheadh sé ag gnólachtaí feidhmiú thar theorainneacha agus go laghdófaí seachaint cánach. D’fhágfadh sé freisin nárbh indéanta ag tíortha é bearta cánach fabhracha a thairiscint do ghnólachtaí d’fhonn infheistíochtaí a mhealladh ó thar lear.
© Rolf Bruderer/Corbis
Tríd an margadh teileachumarsáide a oscailt i gcomhair iomaíochta, tá mórlaghduithe costais bainte amach ag an Aontas Eorpach.
Ní mór táirgí AE a chosaint ó phíoráideacht agus ó ghóchumadh. Tá sé measta ag an gCoimisiún Eorpach go mbíonn an tAontas Eorpach thíos na mílte post gach bliain leis na coireanna sin. Sin é an fáth a bhfuil an Coimisiún agus rialtais náisiúnta ag obair le chéile chun leathnú a dhéanamh ar chosaint cóipchirt agus paitinne.
Díríodh gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ar a fhéachaint chuige go mbeadh saoirse ann chun seirbhísí iompair talún a sholáthar. Go háirithe, tá i gceist leis sin saor-rochtain a thabhairt do chuideachtaí iompair ar an margadh iompair idirnáisiúnta agus ligean do ghnólachtaí iompair ó aon Bhallstát feidhmiú i ngach Ballstát eile. Tá an tAontas Eorpach ag obair freisin chun féachaint chuige go mbeidh iomaíocht chothrom ann i ndáil le hiompar ar bhóthar. Sampla de sin is é ea comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cáilíochtaí oibrithe agus rochtain ar an margadh, ar an tsaoirse chun gnó a bhunú agus seirbhísí a sholáthar, agus ar uaireanta tiomána agus sábháilteacht ar bhóithre.
Bhíodh forlámhas ar an margadh aeriompair san Eoraip ag iompróirí a raibh bratach náisiúnta acu agus ag aerfoirt faoi úinéireacht stáit. Tá sé sin athraithe ó bhonn de bharr an mhargaidh aonair. Is féidir le gach aerlíne de chuid an Aontais Eorpaigh aersheirbhísí a oibriú anois ar aerbhealach ar bith laistigh den Aontas agus táillí a shocrú ag cibé leibhéal is mian leo féin. Mar thoradh air sin, tá a lán aerbhealaí nua oscailte suas agus tá laghdú mór tagtha ar phraghsanna. Bhain paisinéirí, aerlínte, aerfoirt agus fostaithe tairbhe as sin.
Ar an gcaoi chéanna, tá paisinéirí ag baint tairbhe as an iomaíocht mhéadaithe idir na cuideachtaí iarnróid.
Tá an loingseoireacht — is cuma cé acu cuideachtaí Eorpacha nó soithí a bhfuil bratach tíre nach Ballstát í ar foluain acu atá ina bun — faoi réir rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh. Ceapadh na rialacha sin chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha i dtaobh praghsála (bratacha áise) agus freisin chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá le sárú ag an tionscal longthógála san Eoraip.
Rinne an tAontas Eorpach maoiniú ar thionscadail teicneolaíochta uaillmhianacha nua ar nós an chórais loingseoireachta satailíte Galileo, an chórais Eorpaigh um bainistíocht tráchta iarnróid agus SESAR — clár chun nuachóiriú a dhéanamh ar chórais aerloingseoireachta. Cuireadh go mór le déine na rialacha sábháilteachta i ndáil le trácht ar bhóithre (i réimsí cosúil le cothabháil feithiclí, iompar earraí contúirteacha agus sábháilteacht ar bhóithre). Is fearr an chosaint a thugtar do chearta paisinéirí freisin toisc gur cuireadh chun feidhme sraith chuimsitheach de chearta i ndáil le gach cóir iompair: iompar ar bhóithre, aeriompar, iompar ar iarnród agus iompar ar uisce. Tá sé de cheart ag paisinéirí san Aontas Eorpach, lena n-áirítear paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, faisnéis chruinn, thráthúil, inrochtana a fháil, mar aon le cúnamh agus, in imthosca áirithe, cúiteamh, i gcás cealú nó moilleanna fada. Tá an infheistíocht sa bhonneagar iompair ina príomhthosaíocht i bplean infheistíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhair na hEorpa a seoladh in 2014.
© Image Broker/Belga
Leis an “Aontas Baincéireachta” tá rialacha níos doichte curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach lena chinntiú go bhfeidhmeoidh na bainc ar shlí sheasmhach.
Is ríthábhachtach é beartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh lena chinntiú go mbeidh saoriomaíocht i gceist i margadh aonair na hEorpa agus go mbeidh an iomaíocht sin cothrom. Cuireann an Coimisiún Eorpach an beartas sin chun feidhme, agus, i gcomhar leis an gCúirt Bhreithiúnais, cinntíonn sé go ndéantar é a chomhlíonadh.
An aidhm atá aige sin deimhin a dhéanamh de go bhfuil cothroime iomaíochta ann idir gach gnólacht sa Mhargadh Aonair, agus dá bharr sin leas tomhaltóirí, gnólachtaí agus an geilleagar Eorpach trí chéile a dhéanamh.
Ní mór do na cuideachtaí nó na comhlachtaí lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon chomhaontú a thagann faoi rialacha an Chonartha. Ina theannta sin, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon chumasc nó táthcheangal a bhféadfadh a bheith mar thoradh air cuideachta ceannasacht a fháil i margadh ar leith. Féadfaidh an Coimisiún fíneáil dhíreach a ghearradh ar aon chuideachta a bhrisfidh na rialacha iomaíochta nó nach dtabharfaidh an fógra atá leagtha síos — mar a tharla i gcás Microsoft, ar gearradh fíneáil €900 milliún air in 2008. In 2017, ghearr an Coimisiún fíneáil €2.42 bhilliún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh trí thús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus céim síos a thabhairt do sheirbhísí a iomaitheoirí.
Má dheonaíonn Ballstát den Aontas Eorpach cabhair go neamhdhleathach, nó mura dtugann sé fógra faoi chabhair den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go n-aisíocfar í. Ina theannta sin, is féidir an dearcadh a ghlacadh gur cúnamh stáit neamhdhleathach atá i gceist le buntáistí cánach a thugann rialtais do chuideachtaí aonair. Mar shampla, i mí Lúnasa 2016, chinn an Coimisiún Eorpach gur dheonaigh Éire buntáistí cánach míchuí dar luach €13 bhilliún don chuideachta Apple.
Tá sé ina aidhm le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse seo an chosaint airgeadais agus an chosaint sláinte chéanna a thabhairt do na tomhaltóirí go léir, beag beann ar an áit san Aontas Eorpach a bhfuil cónaí orthu, chuig a dtaistealaíonn siad nó ina mbíonn siad ag siopadóireacht. Díríodh aird mhór ar an ngá atá le cosaint ar fud an Aontais amach sna 1990í nuair a bhí daoine buartha faoi shaincheisteanna sábháilteachta bia cosúil le “galar na bó buile” (BSE). Chun bonn eolaíochta iontaofa a chur faoin reachtaíocht um shábháilteacht bia, bunaíodh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia in 2002.
Tá gá le cosaint tomhaltóirí ar fud na hEorpa ina lán réimsí eile freisin. Sin é an fáth go mbaineann a lán treoracha AE le sábháilteacht cosmaidí, bréagán agus tinte ealaíne, gan ach cúpla sampla a lua. In 1993 bunaíodh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun láimhseáil a dhéanamh ar iarratais ar údaruithe margaíochta Eorpacha le haghaidh táirgí míochaine. Ní féidir aon táirge míochaine a chur ar an margadh san Aontas Eorpach gan údarú.
Glacann an tAontas Eorpach gníomh freisin chun tomhaltóirí a chosaint ó fhógraíocht bhréagach nó fógraíocht mhíthreorach, táirgí lochtacha agus mí-úsáid i réimsí ar nós creidmheas do thomhaltóirí agus siopadóireacht phostdíola nó siopadóireacht ar líne.

In 1971, chinn Stáit Aontaithe Mheiriceá deireadh a chur leis an nasc seasta idir an dollar agus praghas oifigiúil an óir, an rud ba chúis le cobhsaíocht airgeadaíocht dhomhanda ó bhí deireadh an Dara Cogadh Domhanda ann. Chuir an cinneadh sin deireadh le córas na rátaí malairte seasta. Chinn gobharnóirí na mbanc ceannais i dtíortha Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa luaineachtaí sa ráta malairte idir a gcuid airgeadraí a theorannú go dtí 2.25 % ar a mhéad, agus leis sin cruthaíodh an “Córas Eorpach Airgeadaíochta”, a tháinig i bhfeidhm i Márta na bliana 1979.
Ag an gComhairle Eorpach i Maidrid i mí an Mheithimh 1989, ghlac ceannairí an Aontais Eorpaigh plean trí chéim don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA). Áiríodh an plean sin mar chuid de Chonradh Maastricht ar an Aontas Eorpach a ghlac an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 1991.
Is éard a bhí sa chéad chéim, a thosaigh an 1 Iúil 1990:
Is éard a bhí sa dara céim, a thosaigh an 1 Eanáir 1994:
Is éard a bhí sa tríú céim próiseas tionscnamh an euro. Ón 1 Eanáir 1999 go dtí an 1 Eanáir 2002, tugadh an euro isteach de réir a chéile mar airgeadra comhchoiteann na mBallstát rannpháirteach (an Bheilg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil agus an Spáinn). Ghabh an Banc Ceannais Eorpach ionad na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta agus cuireadh an beartas airgeadaíochta de chúram air, beartas a bhí le ceapadh agus le cur chun feidhme san airgeadra nua feasta.
Chinn trí thír (an Danmhairg, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe), ar chúiseanna polaitiúla agus teicniúla, gan an euro a ghlacadh tráth a sheolta. Tháinig an tSlóivéin isteach sa limistéar euro in 2007, agus tháinig an Chipir agus Málta isteach in 2008, an tSlóvaic in 2009, an Eastóin in 2011, an Laitvia in 2014 agus an Liotuáin in 2015.
Tá 19 mBallstát sa limistéar euro, mar sin, agus bítear ag súil leis go dtiocfaidh gach ceann de na Ballstáit eile isteach ann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha riachtanacha dóibh, seachas iad siúd ar deonaíodh eisceacht dóibh agus conradh á chaibidliú.
Chun dul isteach sa limistéar euro, ní mór do Bhallstát na cúig chritéar seo maidir le cóineasú a chomhlíonadh:
© mastermilmar/Shutterstock
Ó 1999 i leith, toisc airgeadra comhchoiteann, an euro, a bheith ann, is fusa ag tomhaltóirí agus gnólachtaí é praghsanna a chur i gcomparáid le chéile.
I mí an Mheithimh 1997, ghlac an Chomhairle Eorpach in Amstardam Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Tiomantas buan a bhí ann sin don chobhsaíocht bhuiséadach, agus is féidir dá bharr pionóis a ghearradh ar aon Bhallstát sa limistéar euro a raibh a easnamh buiséid os cionn 3 % dá OTI. Neartaíodh sin in 2012 nuair a shínigh rialtais 25 Bhallstát comhaontú idirnáisiúnta dar teideal “An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta”. Tugtar an “comhshocrú fioscach” air sin freisin agus cuireann sé oibleagáid ar na tíortha rannpháirteacha rialacha i dtaobh buiséad comhardaithe a leagan síos sa dlí náisiúnta.
Tar éis blianta ina raibh géarchéim eacnamaíoch i réim ar domhan, tá bóthar fada le taisteal fós ag roinnt tíortha sa limistéar euro sula gcomhlíonfaidh siad na critéir atá sna comhaontuithe sin. Bíonn an Coimisiún agus an Grúpa Euro fós ag áitiú orthu é sin a dhéanamh, go háirithe i dtaobh a bhfiachas poiblí a laghdú.
Is éard atá sa Ghrúpa Euro airí airgeadais thíortha an limistéir euro. Tagann siad le chéile lena gcuid beartas eacnamaíoch a chomhordú agus chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid beartas buiséadach agus airgeadais. Ina theannta sin, déanann an Grúpa Euro ionadaíocht ar leasanna an euro i bhfóraim idirnáisiúnta. I mí Eanáir 2013, toghadh aire airgeadais na hÍsiltíre, Jeroen Dijsselbloem, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro agus atoghadh i mí Iúil 2015 é don dara téarma oifige.
Tháinig méadú mór ar an bhfiachas poiblí i bhformhór na mBallstát de bharr ghéarchéim airgeadais na bliana 2008. Chosain an euro na geilleagair ba leochailí ó bhaol na díluachála agus iad ag dul tríd an ngéarchéim agus ag dul i ngleic le hionsaithe a rinne amhantraithe ar na margaí domhanda airgeadais.
© Danita Delimont/gettyimages
Chuidigh an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht leis na Ballstáit ba mheasa a bhí buailte ag an ngéarchéim eacnamaíoch, ar nós na Gréige.
I dtosach na géarchéime, bhuail deacrachtaí a lán banc agus dá bhrí sin tharrtháil na rialtais náisiúnta iad, rud a chuir leis an bhfiachas poiblí. Díríodh aird ina dhiaidh sin ar fhiachas rialtais, agus díríodh go háirithe le linn gheimhreadh na tréimhse 2009–2010 ar roinnt tíortha a raibh fiachas mór orthu agus a raibh an t-easnamh ina mbuiséid ag dul chun donais. Ba é sin an fáth ar bhunaigh ceannairí an Aontais an “Sásra Eorpach um Chobhsaíocht”. Tá acmhainn iasachtaithe €500 billiún ag an sásra sin, atá mar a bheadh “balla dóiteáin airgeadais” ann, i gcistí atá á ráthú ag tíortha an euro, agus baintear úsáid as chun an chobhsaíocht airgeadais an limistéar euro a chosaint. Idir 2010 agus 2013, rinne cúig thír (an Chipir, Éire, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn) comhaontuithe ar chúnamh airgeadais leis na comhlachtaí éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Cuireadh na comhaontuithe in oiriúint do chúrsaí i ngach tír, ach go hiondúil áiríodh leo athchóirithe chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hearnála poiblí sna tíortha faoi seach. Faoi dheireadh na bliana 2013 ba í Éire an chéad tír ar éirigh léi an clár coigeartaithe eacnamaíoch a comhaontaíodh a chur i gcrích agus tosú arís ag fáil airgead ar iasacht ar bhonn díreach ar na margaí caipitil. D’fheabhsaigh an Phortaingéil agus an Spáinn an cás ina raibh siad chomh maith agus tháinig deireadh leis an gcúnamh ón Aontas Eorpach dóibh in 2014. Ba é an scéal céanna é leis an gCipir in 2016.
Ar an lámh eile, ba mhó an deacracht a bhí ag an nGréig i dtaobh athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar a geilleagar — athchóirithe ar nós an earnáil phoiblí a chuíchóiriú, seirbhísí a phríobháidiú agus córais pinsean inbhuanaithe a bhunú. Comhaontaíodh na hathchóirithe sin i gcomhthéacs dhá chlár cúnaimh in 2010 agus in 2014. Chuir an tAontas Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maoiniú dar luach iomlán €226 bhilliún ar fáil dóibh. Bhí gá le caibidlíocht fhada chasta sular thángthas ar an tríú comhaontú i mí Iúil 2015, a bhí bunaithe ar thiomantas daingean ó rialtas na Gréige do bheartais a chur chun feidhme d’fhonn feabhas a chur ar a cuid airgeadais phoiblí agus ar a geilleagar a athchóiriú.
Mar chuid den fhreagra ar an ngéarchéim, bhain Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh leas as forálacha atá i gConradh Liospóin, forálacha a ceapadh chun neartú a dhéanamh ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. I bpróiseas dar teideal an “Seimeastar Eorpach”, bíonn ar na Ballstáit, i mí Dheireadh Fómhair gach bliain, a ndréachtbhuiséid i leith na bliana dar gcionn a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Más gá, ní mór dóibh iad a choigeartú ansin i bhfianaise barúlacha ón gCoimisiún maidir le gníomh ar bith eile atá de dhíth chun na comhspriocanna a aontaíodh roimhe sin a bhaint amach. Is é an bonn atá ag teacht chun cinn de réir a chéile maidir le rialachas eacnamaíoch agus airgeadaíochta ar an limistéar euro ná go ndéantar plé roimh ré ar phleananna i dtaobh buiséid náisiúnta, go ndéantar monatóireacht ar gheilleagair náisiúnta, go ndéantar géarú ar na rialacha maidir le hiomaíochas, agus go gcuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm más rud é go sáraíonn tíortha na rialacha airgeadais.
Dá bhrí sin, mar fhreagra ar athrú airgeadais agus athrú eacnamaíoch ar domhan, ní mór don Aontas Eorpach gníomh níos láidre a ghlacadh lena chinntiú go mbainisteoidh na Ballstáit a mbuiséid go freagrach agus go dtacóidh siad le chéile ó thaobh cúrsaí airgeadais. Is é sin an t-aon bhealach amháin lena chinntiú go mbeidh an euro fós inchreidte mar airgeadra aonair agus gur féidir leis na Ballstáit, le chéile, dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha an domhandaithe. Leagann an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa araon béim ar an tábhacht a bhaineann le comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus shóisialta náisiúnta, ós rud é — san fhadtréimhse — nach mbeidh airgeadra comhchoiteann na hEorpa inmharthana gan cineál éigin comhrialachais eacnamaíoch.
I mí Mheán Fómhair 2015, chuir Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, i láthair a chuid moltaí i dtaobh conas an limistéar euro a neartú. Bhí siad bunaithe ar thuarascáil a d’ullmhaigh an cúigear atá ina nUachtaráin ar institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag déileáil leis an euro. Cuimsítear sa phlean comhchóras chun taiscí bainc a rathú; ionadaí amháin thar ceann an limistéir euro in institiúidí airgeadais domhanda ar nós an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda; córas níos daonlathaí agus níos éifeachtaí chun monatóireacht a dhéanamh ar bhuiséid náisiúnta; an beartas fioscach a chomhordú agus bonn le haghaidh rialacha coimirce sóisialta agus rialacha an mhargaidh saothair. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin sa deireadh go mbunófaí comhchisteán don limistéar euro.
Measann an Banc Ceannais Eorpach anois go bhfuil sé ina chuid dá shainordú cuidiú le hathbheochan an gheilleagair. In 2015 sheol an Banc an rud ar a dtugtar “éascú cainníochtúil”, trína gceannaíonn an Banc fiachas, fiachas poiblí den chuid is mó, d’fhonn an geilleagar a spreagadh. Laghdaíonn an beart sin an ráta úis, rud a théann chun tairbhe na hinfheistíochta agus a dhéanann maolú ar an bhfiachas poiblí. Ina theannta sin, laghdaíonn sé ráta malairte an euro i gcoibhneas le hairgeadraí eile, rud a chuidíonn le heaspórtálacha Eorpacha.

I dtosach na 1990í, thosaigh an domhandú ag cur athrú ó bhonn ar an ngeilleagar agus ar shaol laethúil daoine ar fud an domhain, agus thosaigh geilleagair uile an domhan ag éirí níos spleáiche ar a chéile. Bhí táirgí Eorpacha in iomaíocht ghéar le táirgí as tíortha a bhí ag teacht chun cinn, go háirithe an tSín agus tíortha eile san Áise, ina raibh leibhéil tuarastail ní b’ísle, rud a chuir lena gcumas iomaíochta. Bhain sé sin croitheadh ó bhonn as samhail Eorpach na sochaí atá bunaithe ar sheirbhísí sóisialta poiblí agus ar ardchaighdeáin mhaireachtála.
Ach san an am céanna, a bhuí leis an réabhlóid teicneolaíochta, an t-idirlíon agus na teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide go háirithe, tháinig deiseanna nua fáis agus fostaíochta chun cinn.
Níl ach achar gairid ann ó bhain géarchéimeanna móra airgeadais agus eacnamaíocha suaitheadh as an domhan. Thosaigh an ghéarchéim in earnáil airgeadais Mheiriceá leis na hiasachtaí “fophríomha”, mar a thugtar orthu, agus chuaigh an scéal in olcas de dheasca an ardleibhéil fiachais san Eoraip. Dá thoradh sin, tharla géarchor chun donais eacnamaíoch agus tháinig méadú ar an dífhostaíocht san Eoraip, rud ba chúis leis an gcúlú ba mheasa dá raibh ann ó bhí géarchéim 1929 ann, géarchéim as ar eascair, i ndeireadh báire, an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig iarmhairtí sóisialta an chúlaithe — a shroich barr an donais in 2010 agus a thosaigh ag laghdú tar éis fás measartha ó 2014 i leith — le sonrú go soiléir sa mhéadú nach beag a tháinig ar an dífhostaíocht, go háirithe i ndeisceart na hEorpa agus i measc daoine óga.
Ba ar an leibhéal náisiúnta ba mhó a theastaigh iarrachtaí a dhéanamh an geilleagar a athmhúscailt. Ba é an príomhthosaíocht a bhí ag na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar a bhfiachas poiblí, a d’ardaigh go mór de dheasca an chaiteachais mhéadaithe ar sheirbhísí sóisialta tar éis na géarchéime. Rinne roinnt tíortha dianiarracht an cuspóir sin a bhaint amach agus b’éigean do thíortha eile tuilleadh ama a iarraidh chun an cuspóir comhaontaithe a chomhlíonadh i dtaobh céatadán fiachais uasta 3 %. Ní gá a rá go ndeachaigh na roghanna polaitiúla a rinne gach rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, go ndeachaigh siad i bhfeidhm go díreach ar a gcuid saoránach: an nglacfaidís le méadú ar an aois scoir, le laghdú ar aisíocaíochtaí cúraim sláinte agus ar chaighdeán a gcuid seirbhísí sóisialta nó le nuachóiriú ar na forais riaracháin phoiblí? Nó conas a théann an caiteachas míleata i bhfeidhm ar a sábháilteacht, agus ar chóir é a laghdú, é a choinneáil ar leibhéal áirithe nó cur leis tráth a bhfuil corraíl idirnáisiúnta i réim?
Rinne an tAontas Eorpach agus a chuid institiúidí iarracht ghníomhach an geilleagar a athmhúscailt i rith na tréimhse sin freisin. An tráth céanna ar ghlacadh roinnt beart chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (féach Caibidil 7) a chomhdhlúthú, sheol an Coimisiún roinnt tionscnamh chun cur leis an táirgiúlacht agus leis an gcomhtháthú sóisialta.
© shock/Adobe Stock
Is féidir le daoine óga níos mó cuideachtaí nua a bhunú ach a bheith in ann infheistíocht a fháil trí mhargadh caipitil éifeachtach san Eoraip.
Mar chuid den straitéis sin, tá sé comhaontaithe ag 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh:
Thosaigh Jean-Claude Juncker i mbun oifige mar Uachtarán an Choimisiúin in 2014 agus clár uaillmhianach aige chun fás, fostaíocht agus infheistíocht a spreagadh. Sheol sé an “Plean Infheistíochta don Eoraip” atá dírithe ar €315 bhilliún a chur leis an infheistíocht idir 2015 agus 2017. Beidh sé sin indéanta a bhuí leis an gCiste Eorpach nua um Infheistíocht Straitéiseach i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. Mar gheall gur éirigh chomh geal leis an gCiste sin an chéad bhliain, san aitheasc faoi “Staid an Aontais” a thug sé i mí Mheán Fómhair 2016 mhol an tUachtarán Juncker ré an Chiste a dhúbailt agus infheistíochtaí dar luach €500 billiún a chur ar fáil faoi 2020 agus suas go dtí €630 billiún faoi 2022. Ráthaíonn an Ciste iasachtaí d’infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha, a bhféadfadh sé nach ndéanfaí iad murach é. Tá teacht ag an gCiste ar roinnt airgid phoiblí mar phointe tosaigh, rud a fhágann go mbíonn éifeacht ghiarála aige maidir le hinfheistíocht phríobháideach a mhealladh chuig na tionscadail chéanna. Dírítear an Ciste ar infheistíocht i mbonneagar, go háirithe líonraí sonraí ardluais agus greillí fuinnimh, bonneagar iompair, oideachas, taighde agus nuálaíocht, fuinneamh in-athnuaite agus gnólachtaí beaga. In 2016, bheartaigh an Coimisiún Eorpach freisin úsáid a bhaint as an gcóras céanna chun cur chun cinn a dhéanamh ar an infheistíocht san Afraic agus i dtíortha comharsanachta na hEorpa.
Tá ról tábhachtach ag an idirlíon agus ag teicneolaíochtaí digiteacha maidir le poist na todhchaí a chruthú. Cé go bhfuil na hEorpaigh ar thús cadhnaíochta i roinnt réimsí, níl na deiseanna digiteacha go léir do dhaoine agus do ghnólachtaí á dtapú. Ní bhíonn ach 15 % de shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ag ceannach earraí ar líne ó Bhallstáit eile. Ní bhaineann cuideachtaí idirlín agus gnólachtaí nuathionscanta tairbhe iomlán as deiseanna fáis ar líne agus ní bhíonn ach 7 % de ghnólachtaí beaga ag díol ar bhonn trasteorann.
© lmgorthand/iStock
Rochtain ar scannáin, ar cheol agus ar sheirbhísí teicneolaíochta faisnéise ó Bhallstáit eile — sin é an rud ar a dtugaimid an “margadh aonair digiteach”.
In 2015, dá bhrí sin, sheol an Coimisiún plean gníomhaíochta chun féachaint chuige go mbeadh margadh aonair digiteach iomlán ann. Áirítear leis sin comhordú a dhéanamh ar dhlíthe conarthaí i leith ceannacháin ar líne ionas go mbeidh cosaint níos fearr ag tomhaltóirí, go mbeidh sé níos saoire beartáin a sheachadadh trasteorann, go gcuirfear deireadh le “blocáil gheoghrafach” a fhágann nach ndíoltar roinnt seirbhísí ar líne i ngach tír, go ndéanfar nuachóiriú ar dhlíthe cóipchirt agus go ndéanfar athchóiriú ar na rialacha maidir le cuideachtaí teileachumarsáide. De réir an Choimisiúin, d’fhéadfadh na bearta sin fás breise dar luach €415 bhilliún a chothú i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh agus 3.8 milliún post nua a chruthú.

Tá saoránacht an Aontais Eorpaigh leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach: “Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad” (Airteagal 20(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Ach cad a chiallaíonn saoránacht an Aontais go praiticiúil?
Más saoránach den Aontas Eorpach thú tá sé de cheart agat taisteal, cónaí agus obair a dhéanamh áit ar bith san Aontas.
Má tá cúrsa ollscoile a mhair 3 bliana nó níos mó curtha i gcrích agat, aithneofar do cháilíocht i ngach Ballstát arae tá muinín ag na Ballstáit as cáilíocht chórais oideachais agus oiliúna a chéile.
© germanacom/fotolia
Tá saoirse ag muintir na hEorpa cónaí agus obair a dhéanamh ina rogha Ballstát.
Is féidir leat obair leis na seirbhísí sláinte, na seirbhísí oideachas agus seirbhísí poiblí eile (seachas na póilíní, na fórsaí armtha, etc.) in aon cheann de na Ballstáit. Go deimhin, cad chuige nach ndéanfaí oide ón nGearmáin a fhostú chun an Ghearmáinis a mhúineadh sa Róimh, nó céimí óg ón mBeilg a spreagadh chun dul san iomaíocht i scrúdú státseirbhíse sa Fhrainc?
Roimh thaisteal duit laistigh den Aontas Eorpach, is féidir leat cárta Eorpach um árachas sláinte a fháil ó d’údaráis náisiúnta, chun cabhrú leat do chuid costas leighis a chlúdach má bhuailtear tinn thú agus tú thar lear.
Mar shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh, ní díreach oibrí nó tomhaltóir thú: tá cearta polaitiúla sonracha agat freisin. Ó tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm, beag beann ar cén náisiúntacht atá agat, tá sé de cheart agat vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla i do thír chónaithe agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
Ó 2012 i leith tá sé de cheart agat freisin achainí a dhéanamh chuig an gCoimisiún i dtaobh togra reachtach a chur ar aghaidh — ach a bheith in ann milliún duine ó sheacht mBallstát ar a laghad a aimsiú chun d’achainí a shíniú.
Tugadh léargas soiléir ar thiomantas an Aontais Eorpaigh do chearta saoránach in Nice i mí na Nollag 2000 nuair a d’fhógair an Chomhairle Eorpach go sollúnta an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. An Coinbhinsiún a dhréachtaigh an Chairt, bhí sé comhdhéanta de chomhaltaí de chuid na bparlaimintí náisiúnta, feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, ionadaithe ó rialtais náisiúnta agus ball den Choimisiún Eorpach. Faoi 6 cheannteideal — Dínit, Saoirsí, Comhionannas, Dlúthpháirtíocht, Cearta saoránach agus Ceartas — leagtar amach sna 54 airteagal atá inti luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus na cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta atá ag saoránaigh an Aontais.
Clúdaítear sna hairteagail tosaigh dínit an duine, an ceart chun na beatha, an ceart chun “iomláine an duine” agus an ceart chun saoirse nochta tuairime agus saoirse coinsiasa. Sa chaibidil faoin dlúthpháirtíocht, tugtar le chéile ar shlí nuálach cearta sóisialta agus eacnamaíocha, mar shampla:
Ina theannta sin, cuirtear chun cinn sa Chairt an comhionannas idir fir agus mná agus tugtar isteach cearta amhail cosaint sonraí, cosc ar chleachtais eoiginice agus ar chlónáil atáirgeach daoine, an ceart chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol, cearta leanaí agus daoine scothaosta agus an ceart chun dea-riaracháin.
Le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, tugtar an chumhacht dhlíthiúil chéanna don Chairt is atá ag na Conarthaí — dá bhrí sin, is féidir í a úsáid mar bhunús chun cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá prótacal ann faoina sonraítear feidhmiú na Cairte sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe, áfach.
Déantar foráil in Airteagal 6 de Chonradh Liospóin maidir le bunús dlí don Aontas Eorpach chun an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a ghlacadh. Dá ndéanfaí amhlaidh, ní bheadh sé díreach i gceist a thuilleadh go ndéanfaí tagairt don Choinbhinsiún sin i gConarthaí an Aontais Eorpaigh, ach is é an chaoi go mbeadh feidhm dlí aige sna Ballstáit, rud a thabharfadh cosaint ní b’fhearr do chearta an duine san Aontas.
Ní rudaí iad meon an chomhuintearais agus an tuiscint go bhfuilimid le chéile ar roth mór an tsaoil ar féidir iad a chruthú lom díreach. Ní eascraíonn siad ach ón bhfeasacht chultúrtha chomhroinnte, agus sin é an fáth nach mór don Eoraip díriú, ní hamháin ar an eacnamaíocht, ach ar oideachas, saoránacht agus cultúr freisin.
Ní leagann an tAontas Eorpach síos conas is ceart scoileanna agus an t-oideachas a eagrú ná cad is cóir a bheith sa churaclam: is ar an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal áitiúil a dhéantar na cinntí sin. Ach reáchtálann an tAontas Eorpach cláir faoin ainm Erasmus+ chun malairtartaithe oideachais a chur chun cinn ionas gur féidir le daoine óga dul thar lear chun dul i mbun oiliúna nó i mbun staidéir, teangacha nua a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha le scoileanna nó coláistí i dtíortha eile. Meastar go bhfaighidh níos mó ná 4 mhilliún duine tacaíocht dá leithéid sa tréimhse 2014–2020, tar éis méadú 40 % a bheith déanta ar an mbuiséad i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, ionas gur €16 bhilliún atá ann san iomlán.
Tá tíortha Eorpacha ag obair le chéile — le “próiseas Bologna” — chun limistéar Eorpach ardoideachais a chur ar bun. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbronnfar céimeanna (céim bhaitsiléara, céim mháistreachta agus céim dhochtúireachta) atá inchomparáide agus a dtugtar aitheantas frithpháirteach dóibh i leith cúrsaí ollscoile sna tíortha go léir atá páirteach sa phróiseas.
I réimse an chultúir, cothaíonn an clár AE “An Eoraip Chruthaitheach” comhar idir lucht déanta clár teilifíse agus scannán, tionscnóirí, craoltóirí agus comhlachtaí cultúrtha ó thíortha éagsúla. Spreagtar leis sin go bhfuil tuilleadh táirgí closamhairc Eorpacha á dtáirgeadh, rud a chuidíonn le cothromaíocht a bhaint amach idir aschur na hEorpa agus aschur Mheiriceá.
Ceann de bhuntréithe na hEorpa is ea an éagsúlacht teangacha atá inti — agus tá sé ina chuspóir tábhachtach de chuid an Aontais Eorpaigh an éagsúlacht sin a chaomhnú. Go deimhin, tá an t-ilteangachas ina ghné bhunúsach den chaoi a bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach. Ní mór reachtaíocht an Aontais a bheith ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga oifigiúla, agus tá an ceart ag gach feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa ceann ar bith de na teangacha sin a úsáid i ndíospóireachtaí parlaiminteacha.
Ar mhaithe leis an Aontas Eorpach a thabhairt níos giorra dá shaoránaigh, cruthaíodh post an Ombudsman faoin gConradh ar an Aontas Eorpach. Toghann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman, a bhíonn in oifig ar feadh ré na Parlaiminte. Is é ról an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin in aghaidh institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais. Is féidir le saoránach ar bith den Aontas, duine ar bith a bhfuil cónaí air in aon Bhallstát nó eagraíocht ar bith atá lonnaithe in aon Bhallstát gearáin a dhéanamh.
Is féidir le duine ar bith a bhfuil cónaí air nó uirthi i gceann de na Ballstáit achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa freisin. Tá sé sin ina nasc tábhachtach eile idir institiúidí an Aontais agus an pobal.
Is smaoineamh an-nua é “Eoraip na saoránach”. Is ann cheana féin do roinnt siombailí den fhéiniúlacht Eorpach chomhroinnte, ar nós an phas Eorpaigh, atá in úsáid ó 1985. Tá mana ag an Aontas Eorpach, “Aontaithe san éagsúlacht”, agus déantar an 9 Bealtaine a cheiliúradh mar “Lá na hEorpa”.
Glacadh aintiún Eorpach (ón bpíosa ceoil “Óid don Aoibhneas” le Beethoven) agus bratach na hEorpa (12 réalta órga i bhfoirm chiorcail ar chúlra gorm) in 1985 mar phríomhshiombailí an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, údaráis áitiúla agus saoránaigh aonair iad a úsáid más mian leo.
Ach ní féidir le daoine a bhrath go bhfuil siad “ina gcuid” den Aontas Eorpach mura bhfuil siad ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an Aontais agus mura dtuigeann siad na cúiseanna is bonn leis na gníomhaíochtaí sin. D’fhéadfadh sé gur gá d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit i bhfad níos mó a dhéanamh chun caidreamh a chothú le saoránaigh, a bhraitheann go minic go bhfuil an tAontas Eorpach i bhfad i gcéin agus nach bhfuil fáil éasca air.
Ina theannta sin, ní mór do dhaoine a fheiceáil go bhfuil an tAontas Eorpach ag déanamh difríocht cheart dá saol. Ina thaobh sin, is mór an tionchar a bhí ag úsáid laethúil nótaí agus bonn euro ó 2002 ar aghaidh. De bharr earraí agus seirbhísí a bheith á bpraghsáil in euro, is féidir le tomhaltóirí comparáid dhíreach a dhéanamh idir praghsanna i dtíortha éagsúla.
Cuireadh deireadh le seiceálacha teorann idir formhór na mBallstát faoi Chomhaontú Schengen, agus fágann sé sin go mbraitheann daoine go mbaineann siad le limistéar geografach aontaithe amháin.
Eascraíonn meon an chomhuintearais, thar aon rud eile, as an mbraistint go bhfuil baint ag an duine féin le cinnteoireacht an Aontais Eorpaigh. Na daoine fásta go léir atá ina saoránaigh den Aontas, tá sé de cheart acu seasamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus vótáil iontu, agus tá sé sin ina bhunús tábhachtach le dlisteanacht dhaonlathach an Aontais. Le toghadh neamhdhíreach Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le linn an toghcháin Eorpaigh i mBealtaine 2014, tráth a chuir na páirtithe polaitíochta a n-iarrthóirí féin ar an bpost i láthair mar chuid den fheachtas toghchánaíochta, tógadh céim a mbeidh mar thoradh air, is dócha, laghdú a dhéanamh ar an rud ar a dtugtar “an t-easnamh daonlathach”. San am céanna, bhí an méadú ar líon na vótaí le haghaidh pobalóirí agus páirtithe na Eoraisceipteach ina rabhadh d’institiúidí an Aontais.
© germanacom/fotolia
Ceann de na cearta bunúsacha atá leagtha síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh is ea an ceart chun cothromaíocht a bhaint amach idir saol an teaghlaigh agus gairm bheatha.
Bunaíodh an tAontas Eorpach chun freastal ar mhuintir na hEorpa, agus ní mór a thodhchaí a mhúnlú trí rannpháirtíocht ghníomhach daoine as gach cúlra. Ba mhaith mar a thuig bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh an méid sin. “Ní hé go bhfuil stáit á dtabhairt le chéile againn, tá daoine á dtabhairt le chéile againn”, a dúirt Jean Monnet thiar in 1952. Ceann de na dúshláin is mó atá le sárú go fóill, ní hamháin ag institiúidí an Aontais Eorpaigh, ach ag údaráis náisiúnta agus ag an tsochaí shibhialta chomh maith, is ea cur le feasacht an phobail ar an Aontas Eorpach agus saoránaigh a bheith rannpháirteach ina chuid gníomhaíochtaí.

Tá saoránaigh Eorpacha i dteideal maireachtáil faoi shaoirse, agus gan eagla orthu roimh ghéarleanúint ná foréigean, áit ar bith san Aontas Eorpach. Ach tá an choireacht agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta i measc phríomhábhair imní mhuintir na hEorpa sa lá atá inniu ann.
Mar thoradh ar na leasuithe atá déanta i gcaitheamh na mblianta ar na Conarthaí, tá an tAontas Eorpach éirithe níos gníomhaí sa réimse seo agus é d’aidhm aige “limistéar aonair saoirse, slándála agus ceartais” a chruthú.
Le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm in 2009, a rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí ar an bpróiseas cinnteoireachta sna réimsí seo. Go dtí sin, is ar na Ballstáit féin a bhíodh an fhreagracht go léir as an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú agus a bhainistiú. Is í an Chomhairle, go príomha, a rinne an obair (trí phlé agus comhaontú idir airí rialtais), agus ní raibh ach ról beag ag an gCoimisiún agus ag an bParlaimint. Tá athrú tagtha air sin de bharr Chonradh Liospóin: is amhlaidh an scéal anois gur le vótáil trí thromlach cáilithe a ghlacann an Chomhairle formhór a cinntí, go bhfuil an Pharlaimint ina comhpháirtí comhionann sa phróiseas cinnteoireachta agus go bhfuil ceart áirithe tionscnaimh ag an gCoimisiún.
Fágann saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach nach mór do na Ballstáit dul i ngleic le saincheisteanna slándála, toisc nach bhfuil teorainneacha inmheánacha an Aontais faoi rialú acu a thuilleadh. Mar chúiteamh air sin, ní mór bearta slándála breise a chur i bhfeidhm ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, toisc gur féidir le coirpigh leas a bhaint as an tsaoirse gluaiseachta laistigh den Aontas freisin, ní mór do na fórsaí póilíneachta agus na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta a bheith ag obair as lámha a chéile chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann.
In 1985, cuireadh i gcrích ceann de na bearta ba thábhachtaí chun an saol a fhágáil níos éasca ag taistealaithe san Aontas Eorpach, nuair a shínigh rialtais na Beilge, na Fraince, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, na hÍsiltíre agus Lucsamburg comhaontú i mbaile teorann beag i Lucsamburg, baile darb ainm Schengen. D’aontaigh siad deireadh a chur le gach seiceáil ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht, ag a gcomhtheorainneacha, comhchuibhiú a dhéanamh ar rialuithe ag a dteorainneacha le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach agus comhbheartas maidir le víosaí a thabhairt isteach. Ar an gcaoi sin, bhunaigh siad limistéar gan teorainneacha inmheánacha ar a dtugtar limistéar Schengen. Ní i gcónaí a bhíonn oibleagáid ar dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad víosa a bheith acu chun dul isteach i limistéar Schengen. Tá comhaontuithe sínithe ag an Aontas Eorpach le roinnt tíortha chun a gcuid saoránach a dhíolmhú ó cheanglais víosa. I gcásanna éigeandála, is féidir le Ballstát rialuithe teorann a dhéanamh arís ar feadh tréimhse theoranta. In 2015 agus 2016, nuair a tháinig rabharta iarrthóirí tearmainn a fhad lena dteorainneacha gan choinne, chinn roinnt Ballstát ar sin a dhéanamh.
Ó shin i leith, rinneadh cuid dhílis de Chonarthaí an Aontais Eorpaigh de shocruithe Schengen, agus tá méadú tagtha ar limistéar Schengen de réir a chéile. Ó bhí 2017 ann, tá rialacha Schengen curtha chun feidhme ag gach Ballstát seachas an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Rómáin. Tá ceithre thír nach bhfuil san Aontas Eorpach — an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin — i limistéar Schengen freisin.
© Associated Press
De bharr méadú mór a bheith tagtha ar líon na n-iarrthóirí tearmainn a tháinig chun na hEorpa in 2015, bunaíodh a lán tionscnamh AE nua.
Tá sé ina thosaíocht anois seiceálacha níos déine a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Bunaíodh an ghníomhaireacht AE ar a dtugtar Frontex in 2014 agus is i Vársá atá sé lonnaithe. Tá sé freagrach as bainistiú a dhéanamh ar chomhar an Aontais Eorpaigh ar shlándáil na dteorainneacha seachtracha. Is féidir leis na Ballstáit báid, héileacaptair agus eitleáin a thabhairt ar iasacht dó chun patróil chomhpháirteacha a chur ar bun — i gceantair íogaire den Mheánmhuir, mar shampla. I gcásanna éigeandála, is féidir leis an ngníomhaireacht “Foirne Mear-Idirghabhála Teorann” a sheoladh amach, a bhíonn comhdhéanta de ghardaí teorann náisiúnta ó Bhallstáit. Chinn ceannairí an Aontais Eorpaigh in 2016 cur le hacmhainní na gníomhaireachta chun mear-idirghabhálacha a dhéanamh ag na teorainneacha. Athraíodh a ainm go dtí “An Garda Teorann agus Cósta Eorpach” agus cuireadh tús leis go hoifigiúil i mí Dheireadh Fómhair 2016.
Tá an Eoraip bródúil as an traidisiún daonchairdiúil atá aici i dtaobh fáilte a chur roimh eachtrannaigh agus tearmann a thairiscint do dhídeanaithe atá ar a dteitheadh ón gcontúirt agus ón ngéarleanúint. Is amhlaidh anois, áfach, nach mór do rialtais an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar an gceist phráinneach i dtaobh conas déileáil le líon inimirceach atá ag dul i méid, idir inimircigh dhleathacha agus inimircigh neamhdhleathacha, i limistéar nach bhfuil teorainneacha inmheánacha inti.
Tá sé comhaontaithe ag rialtais an Aontais Eorpaigh comhchuibhiú a dhéanamh ar a gcuid rialacha ionas gur féidir iarratais ar thearmann a phróiseáil i gcomhréir le sraith prionsabal bunúsach a aithnítear go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, glacadh comhchaighdeáin íosta i dtaobh iarrthóirí tearmainn a ligean isteach agus stádas dídeanaí a dheonú.
Le blianta beaga anuas, tá líon mór inimirceach neamhdhleathach ag teacht chomh fada le bruacha na hEorpa, agus tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais déileáil leis an bhfadhb sin. Tá rialtais na mBallstát ag obair le chéile chun dul i ngleic le smuigleáil daoine agus chun socruithe comhchoiteanna a aontú maidir le hinimircigh neamhdhleathacha a chur ar ais chun a dtíortha féin. San am céanna, tá comhordú níos fearr á dhéanamh ar an inimirce dhleathach faoi rialacha AE ar athaontú teaghlaigh, ar stádas cónaitheoirí fadtéarmacha agus ar ligean isteach náisiúnach neamh-AE ar mian leo teacht go dtí an Eoraip chun dul i mbun staidéir nó i mbun taighde.
Mar sin féin, bhí dúshláin mhóra le sárú nuair a tháinig méadú ollmhór ar líon na n-iarrthóirí tearmainn a tháinig chun na hEorpa ón Meánoirthear agus ón Afraic in 2015 agus 2016, a bhfuair roinnt mílte daoine díobh bás go tragóideach agus an Mheánmhuir á trasnú acu. Thairis sin, chuir sé gné úr le ceist an tearmainn sa chás nach furasta na difríochtaí idir dídeanaithe polaitiúla agus dídeanaithe eacnamaíocha a aithint. I gcás na mBallstát ba mheasa a bhí buailte ag líon ollmhór iarrthóirí tearmainn ag teacht chuig a gcóstaí agus a n-uiscí teorann, ar nós na Gréige agus na hIodáile, bhíodar ag súil le léiriú dlúthpháirtíochta ní ba mhó ó Bhallstáit eile i dtaobh cabhrú leo déileáil leis an bhfadhb sin. In 2015, ba í an Ghearmáin an tír ba thoilteanaí tearmann a thabhairt do dhídeanaithe polaitiúla.
D’aontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh roinnt beart éagsúil chun déileáil leis an gcor nua sin. Ina measc siúd, cinneadh iarrthóirí tearmainn a bhí ag teacht ón nGréig agus ón Iodáil a athlonnú chuig Ballstáit eile agus dlús a chur leis an bpróiseas faoinar cuireadh daoine ar ais chuig a dtíortha féin mura bhféadfaí tearmann a thabhairt dóibh. Rinne an tAontas Eorpach comhaontú speisialta leis an Tuirc ar na nithe sin, ós rud é gur tríd an tír sin a bhí a lán iarrthóirí tearmainn ag teacht chun na hEorpa. Sheol an tAontas Eorpach saineolaithe ó thíortha eile chun cabhrú le déileáil leis na sluaite móra inimirceach san áit ina dtagann siad, chuir sé le hacmhainn an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chun oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a chur i gcrích agus dul i ngleic le líonraí coiriúla, agus sheol sé misean míleata sa Mheánmhuir.
Caitheadh os cionn €10 billiún ó bhuiséad an Aontais in 2015, 2016 agus 2017 go sonrach ar chabhair dhaonnúil do dhídeanaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de.
Tá iarracht chomhordaithe ag teastáil chun dul i ngleic le dronganna coirpeach atá i mbun líonraí a dhéanann gáinneáil ar dhaoine agus a dhéanann dúshaothrú ar dhaoine leochaileacha, go háirithe mná agus leanaí.
Tá an choireacht eagraithe seasta ag éirí níos sofaisticiúla agus is minic go n-úsáidtear líonraí Eorpacha nó líonraí idirnáisiúnta dá cuid gníomhaíochtaí. Is ríléir gur féidir leis an sceimhlitheoireacht aon áit ar domhan a bhualadh le brúidiúlacht mhillteanach.
Sin é an fáth ar bunaíodh córas faisnéise Schengen. Bunachar sonraí casta is ea é sin, a chuireann ar a gcumas d’fhórsaí póilíneachta agus d’údaráis bhreithiúnacha faisnéis a mhalartú faoi dhaoine ar eisíodh barántas gabhála nó iarraidh ar eiseachadadh ina leith, agus faoi mhaoin ghoidte, ar nós feithiclí nó saothair ealaíne.
Ceann de na bealaí is éifeachtaí chun greim a fháil ar choirpigh is ea rianú a dhéanamh ar a bhfoghail agus a gcreach. Ar an gcúis sin, agus chun stop a chur le maoiniú eagraíochtaí coiriúla agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, tá reachtaíocht tugtha isteach ag an Aontas Eorpach chun cosc a chur ar sciúradh airgid.
Ba é an dul chun cinn ba mhó a rinneadh le blianta beaga anuas i réimse an chomhair idir údaráis um fhorghníomhú an dlí ná bunú Europol, comhlacht AE atá bunaithe sa Háig agus ina bhfuil foireann póilíní agus oifigeach custaim ag obair. Téann sé i ngleic lena lán gnéithe den choireacht idirnáisiúnta: gáinneáil ar dhrugaí, trádáil feithiclí goidte, gáinneáil ar dhaoine, líonraí a bhíonn i mbun smuigleáil inimirceach neamhdhleathach, teacht i dtír gnéasach ar mhná agus leanaí, pornagrafaíocht leanaí, brionnú, gáinneáil ábhair radaighníomhaigh agus ábhair núicléigh, sceimhlitheoireacht, sciúradh airgid agus góchumadh an euro.
Tá ionsaithe sceimhlitheoireachta faoi anáil an Ioslamachais déanta ar an Eoraip ag grúpaí a bhaineann le Al Qaida agus leis an “Stát Ioslamach”, mar a thugtar air, nó Daech. Chuir siadsan scáth ar an domhan trí ionsaí a dhéanamh ar shiombailí na mbunluachanna Eorpacha ar nós na saoirse reiligiúin agus na saoirse cainte. I measc na ngníomhartha sceimhlitheoireachta sin tá an t-ionsaí a rinneadh ar bhaill foirne in oifigí irise aoraí i bPáras i mí Eanáir 2015 agus dúnmharú na gcéadta daoine i roinnt ionsaithe ar fud na hEorpa. Tá namhaid a thagann aniar aduaidh orthu ag bagairt ar mhuintir na hEorpa, namhaid ar minic leis tacaíocht airgid agus bunáiteanna míleata a bheith aige sa Mheán-Oirthear agus an Afraic, agus dá bhrí sin tá siad ag smaoineamh ar chomhar méadaithe idir seirbhísí faisnéise Eorpacha agus ar ghníomhaíocht pholaitiúil agus gníomhaíocht mhíleata lasmuigh den Eoraip.
Céim amháin a mhol an Coimisiún chun gníomhú in aghaidh na bagartha sin is ea lárionad Eorpach den scoth a chruthú chun cur in éadan an radacaithe, deireadh a chur leis an bhfáil atá ag sceimhlitheoirí ar mhaoiniú trí chomhar idir seirbhísí faisnéise airgeadais, agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na cíbearchoiriúlachta agus i gcoinne scaipeadh bolscaireachta ar líne ag antoiscigh.
I measc na mbeart eile a rinneadh chun cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta san Eoraip, tá rialú níos fearr a bheith á dhéanamh ag na haerlínte ar dhaoine agus iad ag teacht isteach san Aontas Eorpach agus iad ag imeacht amach as. Is éigeantach anois d’aerlínte é a gcuid sonraí a chlárú i dTaifid Ainmneacha Paisinéirí, ar féidir le póilíní ar fud na hEorpa iad a úsáid chun cur in éadan sceimhlitheoirí faoi rialacha áirithe.
I láthair na huaire, oibríonn go leor córais bhreithiúnacha éagsúla taobh le taobh san Aontas Eorpach, agus iad go léir laistigh dá dteorainneacha náisiúnta. Ach bíonn an choireacht agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta beag beann ar theorainneacha náisiúnta. Sin é an fáth a dteastaíonn creat comhchoiteann ón Aontas Eorpach chun cur in éadan na sceimhlitheoireachta, na gáinneála ar dhrugaí agus an ghóchumtha, chun a dheimhniú dá shaoránaigh go mbeidh ardleibhéal cosanta acu agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Tá comhbheartas ceartais choiriúil ag teastáil ón Aontas freisin, chun féachaint chuige nach mbeidh bac ar an gcomhar idir na cúirteanna i dtíortha éagsúla de bharr sainmhínithe éagsúla a bheith acu ar ghníomhartha coiriúla áirithe.
© An tAontas Eorpach
Tá breis acmhainní tugtha ag ceannairí AE don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach chun cuidiú le teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a chosaint.
Is é an príomhshampla den chomhar praiticiúil sa réimse sin ná Eurojust, struchtúr comhordaithe lárnach a bunaíodh sa Háig in 2003. Is é an aidhm atá leis a chur ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta fiosraithe agus ionchúisimh a bheith ag obair le chéile ar imscrúduithe coiriúla a bhfuil baint acu le roinnt Ballstát. Ar bhonn na taithí atá ag Eurojust sa réimse sin, tá cinneadh déanta ag an gComhairle ionchúisitheoir poiblí Eorpach a cheapadh ar a mbeidh sé de chúram dul i ngleic le cionta in aghaidh leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.
Uirlis eile le haghaidh comhar praiticiúil trasteorann is ea an barántas gabhála Eorpach, atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2004. Tagann sé in ionad nósanna imeachta eiseachadta fada.
I réimse an dlí shibhialta, tá reachtaíocht glactha ag an Aontas Eorpach chun cuidiú rialuithe cúirte a chur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann a bhaineann le colscaradh, idirscaradh, coimeád leanaí agus le hiarratais ar ordú cothabhála. Is é is aidhm léi a chinntiú go mbeidh breithiúnais a tugadh i dtír amháin infheidhme i dtír eile. Tá nósanna imeachta comhchoiteanna bunaithe ag an Aontas Eorpach chun simpliú agus brostú a dhéanamh ar shocrú cásanna trasteorann a bhaineann le mionéilimh shibhialta neamhchonspóidithe, ar nós aisghabháil féich agus féimheachta.

I dtéarmaí eacnamaíocha, trádála agus airgeadaíochta, tá an tAontas Eorpach éirithe ina mhórchumhacht dhomhanda. Deirtear uaireanta gur fathach eacnamaíoch é an tAontas Eorpach ach gur abhac polaitíochta é. Tá áibhéil sa ráiteas sin. Imríonn an tAontas Eorpach tionchar nach beag laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na hEagraíochta Domhanda Trádála agus chomhlachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe, agus ag cruinnithe mullaigh domhanda ar an gcomhshaol agus ar fhorbairt.
Mar sin féin, tá bóthar fada le taisteal go fóill ag an Aontas Eorpach agus ag a Bhallstáit i réimsí na taidhleoireachta agus na polaitíochta, sula bhféadfaidh siad labhairt d’aon ghuth faoi mhórcheisteanna domhanda. Tá an chosaint mhíleata (arb í bunchloch na ceannasachta náisiúnta í) fós faoi chúram na rialtas náisiúnta, rialtais a bhfuil ceangal snaidhmthe eatarthu gcomhghuaillíochtaí ar nós NATO.
An comhbheartas eachtrach agus slándála agus an comhbheartas slándála agus cosanta, sin iad na gnéithe is tábhachtaí de bheartais eachtraigh an Aontais Eorpaigh. Le Conradh Maastricht (1992), Conradh Amstardam (1997) agus Conradh Nice (2001) a tugadh isteach na beartais sin. Ba trí mheán na gconarthaí sin a bunaíodh “dara colún” an Aontais Eorpaigh — réimse beartais ina ndéantar cinntí faoi ghníomhaíocht trí chomhaontú idir-rialtasach agus nach bhfuil ach ról beag ag an gCoimisiún agus ag an bParlaimint ann. Is ar bhonn comhthola a ghlactar cinntí sa réimse sin, cé gur féidir le stáit aonair staonadh ó chinneadh a dhéanamh. Cé gur chuir Conradh Liospóin deireadh le roinnt de “cholúin” an Aontais Eorpaigh, ní dhearna sé aon athrú ar an gcaoi a ndéantar cinntí i réimse na slándála agus na cosanta, agus is amhlaidh a treisíodh próifíl an réimse nuair a cruthaíodh post Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Ó 2014 i leith, is ar Federica Mogherini atá an cúram sin, agus tá sí ina Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach freisin. Is é a ról é ionadaíocht a dhéanamh ar dhearcadh comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus gníomhú thar ceann an Aontais laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Faigheann sí cúnamh ó oifigigh AE agus oifigigh náisiúnta lena gcomhdhéantar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí — a bhféadfaí seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh a thabhairt uirthi.
Is é is aidhm le beartas eachtrach an Aontais Eorpaigh, go bunúsach, slándáil, cobhsaíocht, daonlathas agus meas ar chearta an duine a chinntiú — ní hamháin ina gharchomharsanacht (sna Balcáin, mar shampla) ach freisin i láithreacha achrainn eile ar fud an domhain, ar nós na hAfraice, an Mheánoirthir agus réigiún Cugais. Is é an phríomhuirlis atá aige ná “cumhacht lách”, a chlúdaíonn réimsí ar nós misin breathnóireachta toghcháin, cabhair dhaonnúil agus cúnamh forbartha. In 2015, dheonaigh an tAontas Eorpach cabhair dhaonnúil dar luach breis is €1.5 billiún, agus tugadh €5 bhilliún eile chun cabhrú le daoine easáitithe ó thosaigh an cogadh sa tSiria. Is ón Aontas Eorpach a thagann 60 % de chúnamh forbartha an domhain agus cabhraíonn sé leis na tíortha is mó atá i ngátar cur i gcoinne na bochtaineachta, a bpobail a chothú, tubaistí nádúrtha a sheachaint, uisce óil a chur ar fáil agus troid in aghaidh galair. San am céanna, bíonn an tAontas Eorpach gníomhach maidir leis na tíortha sin a spreagadh chun urramú a dhéanamh ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar an tacaíocht don tsochaí shibhialta, chomh maith lena gcuid margaí a oscailt don trádáil idirnáisiúnta. Bíonn an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa cúramach i dtaobh a chinntiú go dtugtar an chabhair ar bhealach cuntasach agus go ndéantar í a bhainistiú agus a úsáid go cuí.
An bhfuil an tAontas Eorpach in ann dul níos faide ná an taidhleoireacht sin ar bhonn “cumhacht lách” agus an bhfuil sé toilteanach dul níos faide? Is é sin an dúshlán is mó atá le sárú sna blianta atá romhainn. Ba mhór-éacht nithiúil i dtaobh na taidhleoireachta é an ról cinntitheach a bhí ag an Aontas Eorpach maidir lena chinntiú go gcuirfí i gcrích comhaontú idir an Iaráin agus mórchumhachtaí domhanda in 2015, a bhain le clár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíocha a bhí forchurtha ar an tír le fada.
Ina theannta sin, bhí an tAontas Eorpach an-ghníomhach sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an gcogadh cathartha sa tSiria.
Mar sin féin, is iomaí duine a bhfeictear dó gur minic nach mbíonn i gcomhráitis agus i gcomhsheasaimh na Comhairle Eorpaí ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta ach an chomhthuiscint is caoile dá bhfuil ann ionas nach gcuirfidh duine ar bith ina choinne. Idir an dá linn, bíonn na Ballstáit mhóra fós ag gabháil dá róil taidhleoireachta aonair féin. Ach is nuair a labhraíonn an tAontas Eorpach d’aon ghuth a mbreathnaítear air mar imreoir domhanda i ndáiríre. Cuirtear le hinchreidteacht agus tionchar na hEorpa nuair a chuireann an tAontas Eorpach chun feidhme de réir a chéile a bheartas slándála agus cosanta anuas ar a neart eacnamaíoch agus a chumhacht trádála.
Ó 2003 i leith, tá sé d’acmhainn ag an Aontas Eorpach oibríochtaí bainistíochta géarchéime a chur i gcrích, agus cuireann na Ballstáit roinnt dá gcuid fórsaí féin ar fáil don Aontas ar bhonn deonach chun dul i mbun oibríochtaí den sórt sin.
Is ar chomhlachtaí polaitiúla-míleata éagsúla atá an fhreagracht as na hoibríochtaí a reáchtáil: an Coiste Polaitiúil agus Slándála, Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh, an Coiste um Ghnéithe Sibhialtacha den Bhainistíocht Ghéarchéime agus Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh. Tá na comhlachtaí sin freagrach don Chomhairle agus is sa Bhruiséil atá a gcuid oifigí.
Is leis an tsraith uirlisí sin a thugtar substaint don chomhbheartas slándála agus cosanta. Cuireann sé ar a chumas don Aontas Eorpach na cúraimí atá leagtha aige air féin a chomhlíonadh — misin dhaonnúla agus síochánaíochta nó misin síochánaíochta. I dtaobh na misean sin, ní mór a sheachaint nach ndéanfaí dúbailt ar an obair atá á déanamh ag NATO, agus déantar an méid sin a rathú trí na socraíochtaí ar a dtugtar “Beirlín Plus” atá comhaontaithe idir NATO agus an tAontas Eorpach. Fágann siadsan go mbíonn rochtain ag an Aontas Eorpach ar acmhainní lóistíocha NATO (maidir le brath, cumarsáid, ceannas agus iompar).
Ó 2003, tá breis is 30 oibríocht mhíleata agus misean sibhialta curtha ar bun ag an Aontas Eorpach. Is sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a bhí an chéad cheann díobh sin, nuair a thóg trúpaí AE áit fórsaí de chuid NATO. Tá na misin agus na hoibríochtaí sin, faoi bhratach na hEorpa, á n-imlonnú — nó imlonnaíodh iad cheana féin — ar thrí mhór-roinn. Ina measc tá oibríocht Atalanta chun cur in éadan phíoráideacht na Somálach i Murascaill Áidin, an misean chun cabhrú leis an gCosaiv an smacht reachta a bhunú go daingean, an misean traenála míleata i Mailí, an misean cosanta sibhialta san Úcráin agus SOPHIA, an beart cabhlaigh chun cur i gcoinne smuigléirí daoine sa Mheánmhuir.
De réir mar atá an teicneolaíocht mhíleata ag éirí níos sofaisticiúla agus níos costasaí, is ea is mó is gá do rialtais na mBallstát a bheith ag obair le chéile ar mhonarú arm — go háirithe tráth a bhfuil tíortha ar a ndícheall ag iarraidh an caiteachas poiblí a laghdú chun cuidiú leo an ghéarchéim airgeadais a chur díobh. Thairis sin, má tá a gcuid fórsaí armtha chun misin chomhpháirteacha a chur i gcrích lasmuigh den Eoraip, ní mór a gcórais a bheith idir-inoibritheach agus a dtrealamh a bheith caighdeánaithe go leor. Sin é an fáth ar chinn an Chomhairle Eorpach in 2003 Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint a chur ar bun ar mhaithe le cumas míleata an Aontais Eorpaigh a fhorbairt.
Tá sé luaite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, gur gá san fhadtéarma fíor-chomhbheartas cosanta Eorpach a bhunú. Is dearcadh é sin a d’fhéadfadh dul i neart le himeacht ama de réir mar a thuigfidh tuilleadh de mhuintir na hEorpa gur chóir nasc a bheith idir a gcomhleasanna slándála agus cosaint a luachanna agus a leasanna straitéiseacha. Níl cumhacht ar bith ann faoi láthair, bíodh sí mór nó beag, ar féidir léi a dheimhniú go bhfuil an chumhacht mhíleata aici aisti féin chun a pobal a choinneáil slán sa domhan éagobhsaí.
Tá an inniúlacht ag an Aontas Eorpach chun déileáil le cúrsaí trádála thar ceann a Bhallstát. Fágann tábhacht na hEorpa mar chumhacht trádála go mbíonn tionchar nach beag aige ar bhonn idirnáisiúnta. Tacaíonn an tAontas Eorpach le córas riailbhunaithe na hEagraíochta Domhanda Trádála, a bhfuil 164 thír ina mbaill di. Tugann an córas méid áirithe deimhneachta dlíthiúla agus follasachta maidir le seoladh na trádála idirnáisiúnta. Leagann an Eagraíocht Dhomhanda Trádála síos coinníollacha faoinar féidir lena baill iad féin a chosaint i gcoinne cleachtais éagóracha ar nós dumpála (díol faoi chostas) trína mbíonn easpórtálaithe san iomaíocht le chéile. Ina theannta sin, tá nós imeachta bunaithe aici maidir le díospóidí a réiteach idir 2 chomhpháirtí trádála nó níos mó.
Tá dlúthnasc idir beartas trádála an Aontais Eorpaigh agus a bheartas forbartha. Faoin “scéim ghinearálaithe fabhar” dá chuid, dheonaigh an tAontas Eorpach rochtain fhabhrach shaor ó dhleacht nó ar ráta laghdaithe ar a mhargadh i gcás fhormhór na n-iompórtálacha ó thíortha atá i mbéal forbartha agus ó thíortha a bhfuil a ngeilleagair ag athrú. Is faide fós a théann sé i gcás na 49 dtír is boichte ar domhan. Ní ghearrtar dleacht ar bith ar a gcuid easpórtálacha, amach ó airm, agus iad ag teacht isteach chuig margadh an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, níl comhaontuithe trádála sonracha ag an Aontas Eorpach lena phríomh-chomhpháirtithe trádála i measc na dtíortha forbartha ar nós na Stát Aontaithe agus na Seapáine. Ina gcás siúd, láimhseáladh an caidreamh trádála trí shásraí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ach tá comhaontuithe déthaobhacha á gcaibidliú. Cuireadh comhaontú eacnamaíoch agus trádála i gcrích idir Ceanada agus an tAontas Eorpach in 2014 agus shínigh an dá pháirtí é i mí Dheireadh Fómhair 2016.
In 2013, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le mór-chomhaontú saorthrádála ar a dtugtar “An Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí”. Áirítear ansin saincheisteanna ar nós bacainní custaim, comhchuibhiú caighdeán, rochtain ar mhargaí poiblí, aitheantas do shonrúchán tionscnaimh agus conas díospóidí a réiteach. Le chéile, is iad an dá chomhpháirtí sin is bonn le 40 % den trádáil dhomhanda, agus freastalaíonn siad ar 800 milliún tomhaltóir. Le príomhghné eile den chomhaontú, ba cheart go gcinnteofaí nach iad iomaitheoirí eile, ar nós na Síne, a chinnfidh cé na caighdeáin a úsáidfear ar fud an domhain amach anseo. Áitíonn an tAontas Eorpach nach mór cloí le caighdeáin arda ó thaobh sábháilteacht bia, cosaint shóisialta, slándáil sonraí agus éagsúlacht chultúrtha. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, meastar go gcuirfidh sé borradh faoin bhfás eacnamaíoch sna Ballstáit.
Tá an tAontas Eorpach ag cur dlús leis an trádáil idir é féin agus na cumhachtaí atá ag teacht chun cinn i gcodanna eile den domhan, ón tSín agus an India go dtí Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas. Bíonn comhar teicniúil agus comhar cultúrtha i gceist sna comhaontuithe trádála leis na tíortha sin freisin. Tá an tSín tagtha chun a bheith ar an dara comhpháirtí trádála is mó dá bhfuil ag an Aontas (tar éis na Stát Aontaithe) agus is ón tSín is mó a iompórtálann sé nithe. Is é an tAontas Eorpach príomh-chomhpháirtí trádála na Rúise agus an fhoinse óna dtagann an méid is mó infheistíochta coigríche chuici. Mar sin féin, chuir an tAontas Eorpach smachtbhannaí trádála ar an Rúis mar agóid i gcoinne ionghabháil na Crimé in 2014, agus tá an-dochar déanta do shreafaí trádála agus do shreafaí infheistíochta dá mbarr.
© Andy Aitchison/In Pictures/Corbis
Cuireann an tAontas Eorpach chun cinn oscailt margaí agus forbairt trádála ar fud an domhain.
Tá caidreamh idir an Eoraip agus an Afraic fho-Shahárach leis na blianta fada. Faoin Chonradh na Róimhe in 1957, rinneadh comhlaigh de chuid an Chomhphobail de na coilíneachtaí agus na críocha thar lear a bhí ag na Ballstáit an tráth sin. Leis an díchoilíniú, a thosaigh i luathbhlianta na 1960í, d’athraigh an nasc sin ina chineál difriúil comhlachais, comhlachas idir tíortha ceannasacha.
Le Comhaontú Cotonou, a síníodh in 2000 in Cotonou, príomhchathair Bheinin, cuireadh tús le céim nua i mbeartas forbartha an Aontais Eorpaigh. Tá an comhaontú sin idir an tAontas Eorpach agus tíortha san Afraic, i réigiún Mhuir Chairib agus i réigiún an Aigéin Chiúin ar an gcomhaontú trádála agus cúnaimh is uaillmhianaí agus is forleithne a cuireadh i gcrích riamh idir tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha. Is céim chun cinn é ó Choinbhinsiún Lomé, a síníodh in 1975 in Lomé, príomhchathair Thóga, agus a ndearnadh nuashonrú rialta air ina dhiaidh sin.
Déantar dul chun cinn cuid mhaith níos mó sa chomhaontú sin ná mar a rinneadh i gcinn roimhe sin, ós rud é nach caidreamh trádála atá bunaithe ar rochtain ar an margadh atá i gceist leis a thuilleadh, ach caidreamh trádála sa chiall níos leithne. Tugadh isteach nósanna imeachta leis freisin chun déileáil le sáruithe ar chearta an duine.
© Tim Freccia/Associated Press
Reáchtálann an tAontas Eorpach oibríochtaí síochánaíochta sibhialta nó míleata cosúil leis an bhfórsa frithphíoráideachta seo amach ó chósta na Somáile.
Dheonaigh an tAontas Eorpach lamháltais trádála ar leith do na tíortha is lú forbairt, a bhfuil 39 dtír acu i measc shínitheoirí Chomhaontú Cotonou. Ó 2005 ar aghaidh, d’fhéad siad beagnach cineál ar bith táirge a easpórtáil chuig an Aontas Eorpach, agus é saor ó dhleacht.
Fiú má imríodh tionchar dearfach ar an Afraic de bharr an bheartais thraidisiúnta sin de chuid an Aontais Eorpaigh, ní fhreastalaíonn sé ar na riachtanais atá ann anois. Tharla fás eacnamaíoch i gcodanna móra den Afraic, ó dheas ón Sahára, agus d’éirigh leo leas a bhaint as a gcuid acmhainní nádúrtha flúirseacha chun a mbonneagar agus a gcaighdeáin mhaireachtála a fheabhsú. Ach tá réigiúin eile ann atá buailte go dona ag cogadh, ag corraíl agus ag deachtóireachtaí. Tá díchobhsú déanta ar an réigiún ar fad den tSaiheil atá díreach ó dheas ón Sahára: tá fanaicigh reiligiúnacha ar nós an ghrúpa Boko Haram fós i mbun sceimhle a leathadh agus d’fhulaing Corn na hAfraice cogadh cathartha agus deachtóireachtaí.
Cruthaítear dídeanaithe polaitiúla dá bharr sin. Tá an triomach, arb é an t-athrú aeráide agus an méadú ar an daonra is cúis leis, ag cur iallach ar dhaoine iarracht a dhéanamh dul ar imirce go dtí an Eoraip. Dá bhrí sin, chomh maith le cabhair dhaonnúil a thabhairt, tá cúiseanna ag an Aontas Eorpach chun dul i mbun mórstraitéise atá ceaptha chun fás eacnamaíoch a chothú ar mhór-roinn na hAfraice agus cobhsú a dhéanamh ar ghluaiseachtaí daonra. Chomh maith leis sin, rachadh comhbheartas inimirce Eorpach i ngleic leis an ngá atá ann san fhadtréimhse fórsa saothair nua a chruthú san Eoraip, áit a bhfuil an pobal ag dul in aois.

“Ní in aon iarracht amháin a chruthófar an Eoraip, ná de réir plean amháin. Is amhlaidh a thógfar í le héachtaí nithiúla lena gcruthófar dlúthpháirtíocht a bhfuil bonn fírinne léi ar dtús.” Dúirt Robert Schuman an méid sin sa dearbhú cáiliúil a rinne sé agus an tionscadal maidir le lánpháirtiú na hEorpa á sheoladh aige an 9 Bealtaine 1950. Anois agus beagnach 70 bliain imithe tharainn, tá an ráiteas sin chomh fíor céanna is a bhí riamh. Ní mór an dlúthpháirtíocht idir muintir agus náisiúin na hEorpa a chur in oiriúint go seasta chun déileáil leis na dúshláin nua a bhaineann le saol atá ag athrú.
Sin mar a bhí amhlaidh riamh anall i stair an Aontais Eorpaigh. Sna luathbhlianta tar éis an Dara Cogadh Domhanda, leagadh béim ar an táirgeacht a mhéadú agus a chinntiú go raibh leordhóthain bia ann do chách. Ba mhór an éacht é an margadh aonair a chur i gcrích i dtosach na 1990í. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, bunaíodh an euro agus an Banc Ceannais Eorpach ionas go bhféadfadh an margadh feidhmiú níos éifeachtaí. San am céanna, rinneadh iarracht mhór réiteach a fháil ar an deighilt a chruthaigh na réimis Chumannacha le linn an Chogaidh Fhuair. Léirigh an ghéarchéim eacnamaíoch a d’éirigh in 2008 go raibh an euro i mbaol a ionsaithe ag amhantraithe domhanda. Chun gníomhú ina aghaidh sin, chinn Ballstáit an Aontais Eorpaigh comhordú níos dlúithe a dhéanamh ar a mbeartais eacnamaíocha náisiúnta agus rinne siad bearta chun Aontas Baincéireachta a bhunú. Le blianta beaga anuas, tá dúshláin a bhaineann slándála agus inimirce go mór chun tosaigh ar an gclár oibre Eorpach.
Is iad seo na focail lenar chríochnaigh Jean Monnet, an té ba bhun le lánpháirtiú na hEorpa, a chuid cuimhní cinn, a foilsíodh in 1976: “Ní féidir le náisiúin cheannasacha na seanré réiteach a fháil a thuilleadh ar fhadhbanna an lae inniu: ní féidir leo féachaint chuige go rachaidh siad féin chun cinn ná a dtodhchaí féin a rialú. Agus níl sa Chomhphobal féin ach céim ar an mbóthar chuig domhan eagraithe an lae amárach.” I bhfianaise an domhandaithe, ar cheart dúinn glacadh leis in 2017 nach bhfuil an tAontas Eorpach ábhartha a thuilleadh ó thaobh na polaitíochta de? Nó, ar cheart dúinn a bheith ag fiafraí conas an deis a thapú atá againn de bharr na luachanna agus na leasanna céanna a bheith ag breis is leath billiún de mhuintir na hEorpa?
Cuimsítear san Aontas Eorpach beagnach 30 Ballstát atá an-éagsúil ó thaobh staire, teangacha agus cultúir, agus a bhfuil difríochtaí nach beag idir a gcaighdeáin mhaireachtála. An féidir lena leithéid de theaghlach éagsúil náisiún “comhréimse poiblí” polaitiúil a bhunú? An féidir lena chuid saoránach tuiscint chomhroinnte a bheith acu ar “a bheith ina nEorpaigh” ach dlúthcheangal a bheith acu go fóill lena dtír, lena réigiún agus lena bpobal áitiúil féin? Seans gur féidir, más rud é go leanfaidh Ballstáit an lae inniu sampla an chéad Chomhphobail Eorpaigh, a d’fhás as smionagar an Dara Cogadh Domhanda. Ar an athmhuintearas agus ar dhaingniú na síochána idir tíortha a bhí ina naimhde ag a chéile tráth, is air sin a bhí a dhlisteanacht mhorálta siúd bunaithe. Ba mhór ag an gcéad Chomhphobal an prionsabal go raibh cearta comhionanna ag na Ballstáit go léir, bídís mór nó beag, agus léirigh sé meas ar mhionlaigh.
An mbeifear in ann leanúint ar aghaidh ag brú chun cinn le lánpháirtiú na hEorpa, agus é á mhaíomh gurb é an rud céanna atá ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus a gcuid pobal? Nó an mbainfidh ceannairí an Aontais leas níos mó as socruithe den saghas “comhar treisithe”, lenar féidir le grúpaí ad hoc Ballstát dul chun cinn gan na Ballstáit eile i dtreo amháin nó i dtreo eile? Dá dtosófaí ar níos mó úsáide a bhaint as an saghas sin socruithe, is féidir gurb é a tharlódh i ndeireadh báire go mbeadh cead a chinn ag gach Ballstát glacadh le beartas nó diúltú dó nó a bheith páirteach in institiúid áirithe nó gan a bheith páirteach inti, dá réir mar ab áil leis. Tá cuma tharraingteach na simplíochta ar an réiteach sin, ach riamh anall tá an dlúthpháirtíocht ina dúshraith faoin Aontas Eorpach, agus ciallaíonn sin glacadh leis an mín agus an garbh araon. Bíonn rialacha comhchoiteanna agus comhbheartais i bhfeidhm faoin gcur chuige sin.
© FatCamera/iStock
Ní mór do mhuintir na hEorpa a bheith ag obair le chéile anois ar mhaithe leis an saol atá rompu.
San am céanna, tá sé léirithe ag an ngéarchéim eacnamaíoch le déanaí go bhfuil na tíortha arb é an euro a n-airgeadra i staid ar leith ó thaobh spleáchais, rud a chuir orthu feidhmiú mar ghrúpa lárnach tíortha laistigh den Aontas. Mhol an Coimisiún Eorpach lánpháirtiú níos mó a dhéanamh ar an limistéar euro trí bheartais threisithe maidir le réimsí airgeadais, réimsí buiséid agus réimsí eacnamaíocha, ach, ina theannta sin, cur le dlisteanacht na mbeartas sin agus leis an bhfreagracht dhaonlathach ina leith. Is é an smaoineamh atá leis sin go dtabharfar dinimiceas nua don Aontas ina iomláine má ghlactar beart cáilíochtúil atá dírithe ar an limistéar euro a athrú ina limistéar a bheidh faoi rialachas eacnamaíoch aontaithe, agus dá bhrí sin go rachaidh an beart sin chun tairbhe na mór-roinne ar fad.
Leag imeachtaí le déanaí béim ar an ngá atá le comhar Eorpach níos mó i réimsí a meastar de ghnáth a thagann faoin gceannasacht náisiúnta: slándáil agus cosaint, chomh maith le ceartas agus gnóthaí baile — agus go háirithe ceist na ndídeanaithe. Is dócha gur sna réimsí sin a bheidh na dúshláin is mó le sárú ag an Aontas Eorpach agus gur iontu nach mór dó comhréitigh a aimsiú a fhágfaidh gur mó a mhothóidh a chuid saoránach go bhfuil siad slán sábháilte agus go mbeidh muinín úr acu as an Aontas Eorpach.
Mar gheall ar an domhandú, ní mór don Eoraip dul san iomaíocht, ní hamháin leis an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe, céilí iomaíochta seanbhunaithe dá cuid, ach freisin le cumhachtaí eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn faoi lánluas, ar nós na Brasaíle, na Síne agus na hIndia. An féidir leis an Eoraip a caighdeáin shóisialta agus a caighdeáin chomhshaoil a chosaint go fóill trí shrian a chur leis an rochtain ar mhargaí na hEorpa? Fiú amháin dá ndéanfadh sí amhlaidh, ní fhéadfaí éalú ó fhírinne ghéar na hiomaíochta idirnáisiúnta. Mar sin, is dócha go mbeidh a lán fórsaí fós meáite ar an Eoraip a bheith ina himreoir domhanda ceart, ag gníomhú mar aonad ar ardán an domhain agus ag dearbhú a leasanna go héifeachtach trí labhairt d’aon ghuth.
San am céanna, deir a lán de mhuintir na hEorpa nach mór don Aontas Eorpach a bheith níos gaire do na saoránaigh. Déantar Parlaimint na hEorpa — ar cuireadh lena cumhachtaí le gach conradh nua — a thoghadh ar bhonn díreach trí vótáil chomhchoiteann gach 5 bliana. Ach ní hionann ó thír go tír an céatadán den phobal a chaitheann vóta i ndáiríre sna toghcháin sin, agus is minic líon íseal daoine a bheith ag vótáil. Is é an dúshlán atá le sárú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag na rialtais náisiúnta ná bealaí níos fearr a aimsiú chun an pobal a chur ar an eolas agus cumarsáid a dhéanamh leis (trí oideachas, líonraí eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.), rud a chuideoidh le comhréimse poiblí Eorpach a chothú inar féidir le saoránaigh an Aontais dul i bhfeidhm ar an gclár oibre polaitiúil. Tá sé sin ar cheann de na príomhdhúshláin a bheidh ar na Ballstáit agus institiúidí an Aontais araon dul i ngleic leo chun aghaidh a thabhairt ar an eoraisceipteachas lena spreagtar an borradh faoin bpobalachas agus lena gcuirtear an daonlathas i laige.
I measc láidreachtaí móra an Aontais Eorpaigh tá an cumas atá aige luachanna Eorpacha a leathadh taobh amuigh dá chuid teorainneacha: luachanna ar nós cearta an duine a urramú, seasamh leis an smacht reachta, cosaint a thabhairt don chomhshaol agus do shaorgheilleagar laistigh de chreat cobhsaí eagraithe agus caighdeáin shóisialta a chothabháil. Dá mhéad a bheidh an Eoraip in ann a cuid luachanna a dhearbhú, is ea is mó a mheasfaidh réigiúin eile an domhain gur dea-shampla atá á tabhairt aici.
Ionas gur féidir linn a mheas ar bhain an tAontas Eorpach amach an méid a bhí leagtha síos aige dó féin agus an bhfuil torthaí inláimhsithe aige ar a chuid iarrachtaí, ní mór dúinn ceisteanna mar seo a fhreagairt:
Ach a bheith in ann an méid sin go léir a bhaint, beidh meas ar an Eoraip go fóill agus beidh sí fós ina spreagadh don chuid eile den domhan.

AR LÍNE
Tá faisnéis i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa:
https://europa.eu/european-union/index_gaAG IONAD FAISNÉISE
Tá na céadta ionad faisnéise ag an Aontas ar fud na hEorpa. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ag:
https://europa.eu/european-union/contact_gaAR AN bhFÓN NÓ TRÍ RÍOMHPHOST
Seirbhís lena dtugtar freagra ar do cheisteanna faoin Aontas Eorpach is ea Europe Direct.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sin trí shaorghlao: 00 80067891011 (ní thugann oibreoirí áirithe fóin póca rochtain ar uimhreacha 00 800 nó d’fhéadfaidís táillí a ghearradh i leith na nglaonna sin), nó ar ghnáththaraifí teileafóin ó áiteanna lasmuigh den Aontas: +32 22999696, nó trí ríomhphost chuig https://europa.eu/european-union/contact_ga
FOILSEACHÁIN FAOIN EORAIP
Is féidir teacht go héasca ar fhoilseacháin faoin Aontas Eorpach ar shuíomh gréasáin EU Bookshop:
https://op.europa.eu/ga/web/general-publications/publicationsIONADAÍOCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH
OIFIGÍ FAISNÉISE PHARLAIMINT NA HEORPA
TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
12 Cheacht faoin Eoraip
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Faisnéis do Shaoránaigh
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG
I Lúnasa 2017 a nuashonraíodh an téacs
© An tAontas Eorpach, 2017
Is ceadmhach athúsáid ach an fhoinse a admháil. Tá an beartas athúsáide i leith dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh á rialú le Cinneadh 2011/833/AE (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Chun aon úsáid a bhaint as grianghraif nó ábhair eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais Eorpaigh, nó chun iad a mhacasamhlú, ní mór cead a fháil go díreach ó na sealbhóirí cóipchirt.
| ISBN 978-92-79-71589-1 | doi:10.2775/207492 | NA-04-17-736-GA-N | |
| ISBN 978-92-79-71578-5 | doi:10.2775/22869 | NA-04-17-736-GA-C | |
| HTML | ISBN 978-92-79-71548-8 | doi:10.2775/37607 | NA-04-17-736-GA-Q |
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/web/general-publications/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d’ionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.