Bí ag
ullmhú!

Tá toghcháin Eorpacha 2024 ag drannadh linn

Is féidir LEATSA
a bheith páirteach
i múnlú na hEorpa is mian leat!

Cuir do thuairim in iúl

VÓTÁIL

Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar bun ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024.
Cuir an dáta sa dialann!

Cén fáth a vótálfá?

Mar gur féidir leat rogha a dhéanamh faoi cé a dhéanfaidh cinntí ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann leat, mar shampla an t-athrú aeráide, jabanna agus cosaint do cheart agus do shaoirsí.

An mór leat an daonlathas? Cláraigh le lecheile.eu!

Cé ar féidir leis vótáil?

Sa chuid is mó de thíortha an Aontais Eorpaigh ní mór na 18 mbliana a bheith slán agat chun vótáil, ach má tá tú i do chónaí san Ostair, sa Bheilg, sa Ghearmáin nó i Málta, is é 16 bliana an aois vótála agus is é 17 mbliana an aois vótála sa Ghréig.

Tá an vótáil éigeantach sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa Ghréig agus i Lucsamburg má tá tú cláraithe le vótáil.

Má tá tú i do chónaí i dtír de chuid an Aontais seachas an tír arb as duit, is féidir leat a thogradh sa chuid is mó de na cásanna cé acu ceann den dá thír ina vótálfaidh tú.

Foghlaim faoi do chearta vótála ar elections.europa.eu/ga.

Cé ar a shon a bhfuil tú ag vótáil?

An t-iarrthóir is mian leat ionadaíocht a dhéanamh duit i bParlaimint na hEorpa.

Déanann Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa (na Feisirí Eorpacha) do leasanna a chosaint agus iad ag leagan síos dlíthe AE i gcomhar leis na hinstitiúidí AE eile.

LABHAIR AMACH!

Is iomaí caoi eile ar ar féidir LEATSA difear a dhéanamh

Páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí

Is daoine óga iad trian de na Painéil Saoránach Eorpach, painéil a fhéadfaidh moltaí a chur faoi bhráid an Aontais maidir le bearta a bhaineann le saincheisteanna tábhachtacha.

Chomh maith leis sin, féadfaidh tú do thuairim agus do smaointe a thabhairt uait faoi dhlíthe nua a imreoidh tionchar ar dhaoine óga agus dlíthe atá ann cheana féin a fheabhsú ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’.

Ná caill Seachtain Eorpach na hÓige an chéad uair eile a bheidh sí ann in earrach 2024, agus faigh amach faoi na himeachtaí óige san áit ina bhfuil tú.

Déan teagmháil le lucht déanta cinntí

Trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh is féidir leat dlús a chur leis na 11 Sprioc Eorpacha don Óige, spriocanna a ndearna os cionn 50 000 duine óg iad a fhorbairt. Ar cheann de na caíonna is fusa chun páirt a ghlacadh tá dul i dteagmháil le meitheal náisiúnta dó thíre féin.

Bí tionscantach

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh is féidir leat pleananna móra a dhéanamh. Má bhailíonn tú milliún síniú, is féidir go gcuirfear do thogra le haghaidh dlí nua i bhfeidhm! Mura sroichfidh tú an sprioclíon féin, is féidir go n⁃imreoidh do smaoineamh tionchar ar lucht déanta beartas. Tá an aois íosta chun tacú le tionscnamh idir 16 agus 18 mbliana de réir na tíre.

Éirigh i d’Fheisire Eorpach tú féin

Más mian leat tionchar níos dírí arís a imirt ar chinntí an Aontais, cén fáth nach seasfá sna toghcháin tú féin?

Tá an aois íosta chun seasamh sna toghcháin idir 18 agus 25 bliana de réir na tíre faoi láthair.

An Feisire Eorpach is óige a toghadh, bhí sé 21 nuair a toghadh é.

An Coimisiún Eorpach
Teagmháil: COMM-A2@ec.europa.eu
Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024

© An tAontas Eorpach, 2024 (CC-BY 4.0)
Léaráidí: ©Adobe Stock

Ráiteas inrochtaineachta
PDF:
ISBN 978-92-68-16001-5
doi:10.2775/286460
NA-09-24-323-GA-N
HTML:
ISBN 978-92-68-15998-9
doi:10.2775/143310
NA-09-24-323-GA-Q