Faigh amach an bunús lena ndéanann an institiúid airgeadais iltaobhach is mó dá bhfuil ann. Tugtar eolas i dTuarascáil Ghníomhaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, 2018 ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an mBanc chun poist agus fás, inbhuanaitheacht agus comhionannas inscne a chur chun cinn, iarrachtaí a bhfaighidh tú léargas orthu trí shúile daoine a oibríonn don bhanc, daoine a cheannaíonn bannaí dá chuid, agus daoine a bhaineann leas as na tionscadail a gcuirtear airgead ar fáil dóibh.